Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt - Riaráiste Fóirdheontais Tí Altranais Diúltaithe

Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt

Riaráiste Fóirdheontais Tí Altranais Diúltaithe
Fuair mé gearán ó fhear a raibh a máthair nach maireann ina hothar faoi chúram tí altranais phríobháidigh ó 1987 go 2000. Bhí an bhean seo ag fáil cúnamh airgeadais i leith chostas a cúraim bealach fóirdheontais ó Bhord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt faoi théarmaí Alt 54 den Acht Sláinte, 1970, ó thráth a hiontrála. Athraíodh an reachtaíocht i 1993 le tabhairt isteach na Rialachán um Fhóirdheontais Tí Altranais lenar ceadaíodh imthosca iarratasóra, lena n-áirítear imthosca a t(h)eaghlaigh, a chur san áireamh le linn a (h)incháilitheacht le haghaidh fóirdheontais a chinneadh.

I ndiaidh Thuarascáil an Ombudsman ar Fhóirdheontais Tí Altranais i 2001, labhair an gearánaí leis an mBord Sláinte chun a fháil amach an mbeadh a máthair nach maireann i dteideal cúitimh mar thoradh ar imthosca teaghlaigh a mheas. Ag an gcéim sin, cuireadh in iúl don ghearánaí go bhfuair a mháthair nach maireann teidlíocht fóirdheontais iomlán agus, mar sin, nach raibh aon riaráiste dlite. Ní raibh sé ar an eolas faoin mbealach achomhairc le Stiúrthóir Seirbhísí agus Achomharc Custaiméara an Bhoird maidir leis an ngnó. Rinne an gearánaí teagmháil le m'Oifig, agus ar scrúdú na saincheiste, bhraith mé gur ceart go ndéanfaí a mháthair nach maireann a athmheas i 1993 i ndiaidh thabhairt isteacht na reachtaíochta nua. Mhol mé dó go rachadh sé chun cainte leis an Stiúrthóir Seirbhísí Custaiméara laistigh den Bhord Sláinte d'fhonn an gnó a athbhreithniú sa tslí sin.

I ndiaidh an athbhreithnithe seo, chinn an Stiúrthóir nach raibh a teidlíocht iomlán d'fhóirdheontas faighte ag máthair an ghearánaí agus rinneadh íocaíocht riaráiste de �34,604 san iomlán lena heastát.

Back to contents