Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Comhairle Contae Mhaigh Eo - Deontas Deisiúchán Riachtanach Diúltaithe

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Deontas Deisiúchán Riachtanach Diúltaithe
Chuir bean scothaosta iarratas isteach chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo ar Dheontas Deisiúchán Riachtanach (DDR) i bhFeabhra 1996. Cheadaigh an Chomhairle sainoibreacha áirithe, ar chostas measta de �5,000 (�6,350) agus ceadaíodh deontas, sa tsuim �1,800 (�2,285), i leith na n-oibreacha comhaontaithe. Nuair a scrúdaigh Innealtóir na Comhairle an obair ar a críochnú, áfach, thuairiscigh sé go raibh athchóiriú fairsing déanta ar an maoin, lena n-áirítear suiteáil fuinneog dormánta. Is é a bhí i gcostas measta na n-oibreacha críochnaithe ná �24,000 (�30,500). Thuairiscigh Innealtóir na Comhairle go raibh sé sin i bhfad de bhreis ar na hoibreacha ceadaithe bunaidh agus, ag féachaint do théarmaí Scéim DDR na Comhairle, nach raibh an Chomhairle toilteanach an deontas ceadaithe bunaidh, sa tsuim �2,285, a íoc.

Faoi Airteagal 5(1) de na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh Daoine faoi Chumas agus Deisiúchán Riachtanach), 2001, foráiltear:


�gur féidir le húdarás tithíochta deontas a íoc le duine atá ag déanamh deisiúcháin bhreise ar theach i gcás gurb ionann, i dtuairim an údaráis, na deisiúcháin, cé gur lú iad ná na deisiúcháin sin a bheadh oiriúnach chun go mbeadh an teach cuí ar gach bealach, agus deisiúcháin a measann sé iad a bheith riachtanach go réasúnach chun ré úsáideach an tí a fhadú.�

Bhí luí ag m'Oifig leis an tuairim go raibh, ag cuimhneamh ar imthosca ar leith an ghearánaí, cúiseanna maithe leis na deisiúcháin fhairsinge a rinneadh anuas ar na hoibreacha a ceadaíodh ó thús. Agus sin á rá, bhí ar m'Oifig glacadh leis nár cháiligh na hoibreacha breise sin, sa mhéid go ndearnadh iad gan réamhchead nó réamhscrúdú na Comhairle, le haghaidh cúnaimh deontais faoi théarmaí na scéime deontais áirithe seo.

Ba é tuairim m'Oifige ná, má cuireadh na hoibreacha a ceadaíodh i dtosach i gcrích, gur ceart go mbeadh an gearánaí i dteideal an deontais bhunaidh, mar a ceadaíodh, i leith na sainoibreacha ceadaithe. Dá réir sin, d'iarr m'Oifig ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar láimhsiú an cháis. D'athbhreithnigh an Chomhairle an cás ach, ar an drochuair, dhiúltaigh sí aon íocaíocht deontais a dhéanamh leis an ngearánaí i leith na n-oibreacha ceadaithe a bhí déanta aici.

Míshásta leis an bhfreagairt sin, labhair m'Oifig leis an gComhairle arís agus dhírigh a haird ar an gcaoi a raibh stoirm ann, go gairid tar éis don ghearánaí tús a chur leis na hoibreacha ceadaithe, fad nach raibh an teach faoi dhíon agus, mar thoradh air sin, gur bhraith sí gur ghá di deisiúcháin fhairsinge a dhéanamh ar an teach. D'fhiafraigh m'Oifig den Chomhairle an raibh breithniú déanta aici ar phrionsabal an force majeure, ag féachaint d'imthosca sainiúla an cháis, is é sin teacht na stoirme nuair nach raibh an teach faoi dhíon.

Baineann an prionsabal sin, atá ina ghné de dhlí na hEorpa, le himthosca nach bhfuil neart ag pearsa aonair orthu agus nach féidir na hiarmhairtí a sheachaint. Cumasaíonn an prionsabal solúbthacht i bhfeidhmiú rialacha d'fhonn cruthú éagóra a sheachaint. Ghlac m'Oifig an tuairim go raibh, sa chás áirithe seo, feidhm ag prionsabal an force majeure agus dhealraigh sé gur rud é sin nár chuir an Chomhairle san áireamh le linn di teacht ar a cinneadh bunaidh. Arís, d'iarr m'Oifig ar an gComhairle athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh ag féachaint do shonraí sainiúla an cháis seo agus, arís, dhiúltaigh an Chomhairle athmhachnamh a dhéanamh ar an gcás.

Ag an gcéim seo, ag cuimhneamh ar an taithí leis an gcás áirithe seo agus le cásanna eile, d'iarr m'Oifig ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a Scéim DDR ag féachaint do na Rialacháin rialaithe reatha. Mar fhreagairt, thoiligh an Chomhairle dul i mbun athbhreithnithe chuimsithigh agus tá an t-athbhreithniú sin faoi sheol anois. Mhol m'Oifig freisin go dtabharfaí athfhéachaint ar an gcás arís i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh. Mar thoradh air sin, thoiligh an Chomhairle ar deireadh deontas sa tsuim �2,285 a íoc i leith na n-oibreacha ceadaithe a bhí déanta ag an ngearánaí.

Back to contents