Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Comhairle Contae Cheatharlach - Earráid Riaracháin i bPróiseas Pleanála

Comhairle Contae Cheatharlach

Earráid Riaracháin i bPróiseas Pleanála
Tá cuid mhaith feidhmeanna casta agus éagsúla ag Údaráis Áitiúla agus ar uairibh féadfaidh siad botúin nó earráidí a dhéanamh le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh. Nuair a fhaighim gearán faoi earráid dá leithéid, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an ngníomh bunaidh, déanaim scrúdú freisin ar an gcaoi a ndéileálann an t-údarás áitiúil leis an toradh a luaithe atá an earráid tugtha faoi deara aige. I roinnt cásanna, nuair nach ngníomhaíonn an t-údarás áitiúil nó nuair nach ngabhann sé leithscéal, géaraítear an scéal leis an easpa gníomhaíochta iardain sin. I gcásanna eile, níos mó ná riamh, féachann údaráis áitiúla le hiarmhairtí díobhálacha a ngníomhartha féin a mhaolú agus is forbraíocht í sin atá spreagtha agam agus tá mé an-sásta a fheiceáil go bhfuil sí ag éirí coitianta anois.

I sampla amháin de sin bhí Comhairle Contae Cheatharlach agus an chaoi inar ghlac sí go héagórach le hagóid i gcoinne iarratais pleanála lasmuigh den teorainn ama. Fuair mé gearán ó fhear ar cuireadh moill ar dheonú a cheada pleanála mar gur ghlac an Chomhairle le hagóid neamhbhailí i gcoinne a iarratais ar chead pleanála. Fuarthas an cead pleanála ar an 16 Eanáir 2003. D'éag an tréimhse reachtúil ina nglactar le hagóidí ar an 19 Feabhra 2003 (5 seachtaine ina dhiaidh sin). Ghlac an Chomhairle le hagóid i gcoinne na forbraíochta ar an 19 Feabhra 2003 ach ní raibh aon táille faoi iamh, rud a d'fhág go raibh sé neamhbhailí. Scríobh an Chomhairle chuig an agóideoir, áfach, ag lorg na táille a íocadh ina dhiaidh sin ar an 27 Feabhra 2003. Eisíodh an cinneadh chun cead a dheonú chuig an iarratasóir ar an 11 Márta 2003 agus cuireadh an t-agóideoir ar an eolas an lá céanna. Rinne an t-agóideoir achomharc leis an mBord Pleanála ansin.

Nuair a cuireadh ar shúile na Comhairle go raibh glactha aici le hagóid neamhbhailí, rinne sí teagmháil leis an mBord Pleanála chun an seasamh dlíthiúil a fháil amach. Chuir an Bord Pleanála in iúl don Chomhairle mar go raibh glactha ag an gComhairle leis an agóid go raibh ceangal anois air déileáil leis an achomharc. Mhínigh an Chomhairle an scéal don Bhord agus d'iarr go neamhfhoirmiúil air déileáil leis an gcás a luaithe is féidir. Rinne an Bord Pleanála a chinneadh ansin ar an 16 Bealtaine 2003. San iomlán, níor cothaíodh ach moill míosa don iarratasóir le hearráid na Comhairle maidir le glacadh le hagóid a bhí neamhbhailí, agus í a choinneáil agus a éascú tríd an iarraidh iardain ar an táille. Ghabh an Chomhairle leithscéal leis an ngearánaí agus rinne a dícheall an mhoill a cothaíodh lena hearráid a íoslaghdú. Ábhar misnigh a bhí ann a fheiceáil gur ghlac an Chomhairle go pras lena hearráid agus an chaoi inar fhéach sí lena tionchar a mhaolú ina dhiaidh sin.

Back to contents