Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Comhairle Contae Chill Dara - Díospóid faoi Scéim Tosaíochtaí Ligin

Comhairle Contae Chill Dara

Díospóid faoi Scéim Tosaíochtaí Ligin
I dTuarascáil Bhliantúil mo réamhtheachtaí do 1999 áiríodh cás faoi bhean a ghearán gur dhiúltaigh Comhairle Contae Chill Dara sonraí a sholáthar di i dtaobh a suímh ar an liosta feithimh tithíochta. Dúirt sé an méid seo a leanas:

�Bhraith mé go bhfuil iarratasóirí ar thithíocht i dteideal a fháil amach cé na critéir a úsáidtear chun leithdháiltí tithíochta a chinneadh agus, ina theannta sin, cén chaoi a dtéann na critéir sin i gcion ar a n-iarratais féin i.e. cá seasann siad ar an liosta feithimh. I ndiaidh roinnt teagmhálacha ó m'Oifig, thoiligh an Chomhairle córas a thabhairt isteach a chuirfeadh ar a cumas iarratasóirí a chur ar an eolas faoina neas-suíomh ar an liosta tithíochta.�

Ba dhíomách, mar sin, gearán comhchosúil a fháil in aghaidh Chomhairle Contae Chill Dara i 2002. Bhí cónaí ar an ngearánaí i gcóiríocht cíosa phríobháidigh, agus bhí a léas le hathnuachan. Bhí sí buartha dá síneodh sí léas nua, agus dá bhfógrófaí teach Comhairle ar fáil di, go bhféadfadh sé go mbeadh an cíos dlite uaithi do théarma an léasa. D'iarr sí sonraí ar an gComhairle faoina suíomh ar an liosta feithimh ionas go bhféadfadh sí insint dá tiarna talún dá bhféadfadh sí léas dhá mhí dhéag a ghlacadh.

Le linn comhfhreagrais le m'Oifig, agus cruinniú iardain leis an mBainisteoir Contae, mhínigh an Chomhairle go raibh Scéim Tosaíochtaí Ligin bunaithe ar phointí curtha aici faoi bhráid na gcomhaltaí tofa. Faoin scéim bheartaithe d'iarrfaí ar iarratasóirí a dtosaíochtaí a léiriú maidir leis na limistéir ina raibh tithíocht le cur ar fáil. Nuair a bheadh tithíocht ar fáil ansin, dhéanfaí na daoine sin a léirigh tosaíocht don limistéar áirithe sin a mheas agus a rangú. Ní raibh sé i gceist ag an gComhairle, áfach, sonraí faoina gcuid pointí, nó faoina neas-suímh ar an liosta feithimh, a chur ar fáil d'iarratasóirí. I measc na gcúiseanna a thug an Chomhairle gan déanamh amhlaidh áiríodh go n-ídeofaí acmhainní foirne leis an déanamh measúnachtaí agus go mb'fhéidir go ndéanfaí an Chomhairle a cháineadh faoi fhaisnéis a chur ar fáil nach raibh cruinn.

Thug mo chuid oifigeach le fios go mbeadh teip maidir le faisnéis faoina suíomh ar na liostaí feithimh éagsúla tithíochta a chur ar fáil d'iarratasóirí bunoscionn leis an tiomantas a tugadh do m'Oifig roimhe seo. Cé gur glacadh leis gurb é a bhí sa scéim bheartaithe le déanaí ná modh chun tosaíocht le haghaidh tithíochta a chinneadh, chiallaigh an tslí ina raibh sí le cur chun feidhme nach gcuirfí iarratasóirí ar an eolas faoina suíomh ar an liosta tithíochta go dtí an tráth sin go raibh tithe ullamh le leithdháileadh. I mo thuairim, bhí easpa trédhearcachta sa scéim nua ar bhealach a chothódh easpa muiníne ina riaradh, agus d'éireodh tuilleadh gearán aisti.

D'fhonn an deacracht a shárú mhol m'Oifig don Chomhairle go bhféadfadh sí foirm iarratais, a d'aimseodh na sonraí riachtanacha go léir, a sholáthar agus, tar éis go ndéanfadh gach iarratasóir ar thithíocht í a chomhlánú go gcumasófaí don Chomhairle measúnacht shealadach ar phointí a dhéanamh i leith gach iarratasóra. Ag an gcéim sin, d'fhéadfaí iarratasóirí a chur ar an eolas faoi na limistéir nach raibh aon phleananna le haghaidh tithíochta iontu. In áiteanna a mbeadh tithíocht beartaithe, áfach, d'fhéadfaí a insint d'iarratasóirí cén líon aonad a bhí á soláthar, cé na pointí a bhí leithdháilte go sealadach dóibh bunaithe ar ábhar na foirme iarratais, agus cén líon íosta pointí a theastódh chun tairiscint ar chóiríocht in aon limistéar ar leith a fháil. Bheadh figiúr na bpointí íosta bunaithe ar an éileamh foriomlán ar an líon aonad ar fáil. Bheadh na pointí sealadacha arna dtabhairt ag céim an iarratais faoi réir fíoraithe i gcás dóthain pointí a bheith ag an duine sin le haghaidh breithnithe le haghaidh tairisceana ag an gcéim leithdháilte. Dhéanfaí tairiscintí ar thithíocht ansin de réir na scéime.

Bhraith mé go sárádh an cur chuige seo cúiseanna imní na Comhairle maidir le hacmhainní agus cáilíochta na faisnéise á cur ar fáil d'iarratasóirí, mar nach mbeadh gá le measúnacht iomlán anois ach d'fhonn na sonraí arna soláthar ag céim an iarratais a dheimhniú nó a athbhreithniú. Bheadh a fhios ag iarratasóirí anois an líon pointí a bhí leithdháilte dóibh, an bunús le leithdháileadh na bpointí sin, agus an líon íosta pointí a theastódh d'fhonn tairiscint ar thithíocht a fháil. Chuir an Chomhairle in iúl do m'Oifig ina dhiaidh sin go raibh Scéim Tosaíochtaí Ligin glactha aici a chuimsigh córas measúnachta pointí sealadach ag céim an iarratais, agus go raibh an scéim ar feitheamh ceadaithe ón Aire.

Back to contents