Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 3 - Comhairle Contae Mhaigh Eo - Oibleagáidí faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Oibleagáidí faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995
De bharr dearmaid, ghearr Gníomhaire Dlí Chomhairle Contae Mhaigh Eo táille ar chliant de chuid na Comhairle, seachas ar an gComhairle féin, as obair dhlíthiúil a rinneadh chun teideal chun maoine a dheimhniú a bhain le hiarratas ar iasacht ón gComhairle. Is é a bhí sa mhéid iomchuí ná �153.67. Fuair m'Oifig amach go raibh an cleachtas sin contrártha d'Alt 125 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995, faoina bhforáiltear, i ndiaidh an 1 Meán Fómhair 1997, nach mór don Chomhairle agus ní an t-iasachtaí aon chostais imscrúdaithe dhlíthiúil ar theideal a íoc.

Nuair a chuir m'Oifig an gnó seo ar aird na Comhairle, shocraigh sí go n-aisíocfaí an méid i gceist leis an ngearánaí agus ghabh leithscéal leis faoin dearmad. Sa mhéid go bhféadfadh sé nach teagmhas aonrach é seo, áfach, d'iarramar ar an gComhairle a shoiléiriú an raibh cásanna comhchosúla ann agus, i ndiaidh scrúdaithe, dheimhnigh an Chomhairle go raibh, i dteannta leis an gcás bunaidh, 16 chás bhreise aimsithe aici inar tharla earráid chomhchosúil. Gearradh rótháillí ar chliaint na Comhairle i suimeanna sa raon ó �122.94 go �153.67. Is é a bhí san iomlán, agus an cás bunaidh san áireamh, ná �2,397.25. A luaithe a sainaithníodh na cásanna seo, rinne an Chomhairle na socruithe chun na haisíocaíohtaí riachtanacha a dhéanamh lena cliaint.

D'éirigh saincheist eile as an ngearán seo. Áiríodh air fógra a thabhairt d'iarratasóirí faoi aon táillí a d'fhéadfadh an Chomhairle a ghearradh i ndáil le hiasachtaí tithíochta. Sa chás áirithe seo d'inis Comhairle Contae Mhaigh Eo do m'Oifig gurb é an nós imeachta tosaigh a bhí aici ná iarratasóirí a chur ar an eolas ag agallamh faoi aon táillí dlíthiúla a d'fhéadfadh a bheith ann a ghearrfaí ar an iarratasóir. Nuair a scrúdaigh m'Oifig an reachtaíocht iomchuí, ba léir go gceanglaíonn Alt 132 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995, ar údarás áitiúil aird an iarratasóra a dhíriú i scríbhinn ar a d(h)liteanas agus ar an gcaoi a bhfuil an táille le cinneadh. Is é an cuspóir leis sin ná a chinntiú go mbeidh an t-iarratasóir ar an eolas faoin méid a bheidh air nó uirthi a íoc sula dtoilíonn sé nó sí glacadh leis an iasacht. Trí dhaoine a chur ar an eolas ó bhéal seachas i scríbhinn, níor chomhlíon an Chomhairle a cuid oibleagáidí faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí. D'iarr mé ar an gComhairle ansin athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta ina leith sin agus rinne an Chomhairle amhlaidh. Ag cuimhneamh ar scála na faidhbe a sainaithníodh i Maigh Eo, thuairiscigh m'Oifig an gnó don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus d'iarr uirthi a mheabhrú do gach údarás áitiúil faoina n-oibleagáidí dá gcustaiméirí faoi Alt 125 agus Alt 132 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995. Go gairid ina dhiaidh sin, d'eisigh an Roinn an Ciorclán riachtanach chuig na húdaráis go léir.

Back to contents