Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Seirbhís dár gCliaint

Seirbhís dár gCliaint

Scagadh Cásanna
Rinneadh na nósanna imeachta um scagadh cásanna a tugadh isteach den chéad uair i 2001 a mhionchoigeartú ar roinnt bealaí i 2003 agus tá na nósanna imeachta ionchorpraithe go mór anois. Tugann siad fócas breise don mheasúnacht tosaigh ar ghearáin nua ionas gur léir cé na saincheisteanna is gá a shaothrú leis an gcomhlacht poiblí. Ina theannta sin, cabhraíonn siad chun a shoiléiriú má tá gnéithe den ghearán ann a d'fhéadfadh a bheith lasmuigh den sainchúram. Cumasaíonn na nósanna imeachta do bhainisteoirí freisin treorú mionsonraithe a thabhairt do chásoibrithe ar an gcaoi le tabhairt faoin gcás ón tús.

Cásobair Cháilíochta
Le linn 2003 shampláil roinnt grúpaí oibre den Oifig comhaid ghearáin aonair trí thagairt do shraith caighdeán agus táscairí cáilíochta comhaontaithe agus cuireadh tuarascálacha ar a dtorthaí faoi bhráid an Choiste Chomhairligh Bainistíochta ar bhonn gach dhá mhí. Rinneadh amach tuarascáil achomair a chlúdaigh an bhliain ina hiomláine inar áiríodh moltaí ar an gcaoi le cásobair cháilíochta a chothabháil agus a fheabhsú agus ar an gcaoi leis an bpróiseas samplála a fheabhsú, rud a leanfar de feadh 2004. Tá beartú tosaíochta tugtha do chur chun feidhme na moltaí le haghaidh gníomhaíochta i bPleananna Gnó 2004 na hOifige.

Cásuimhreacha
Rinneadh dul chun cinn maith sa réimse seo i 2003. Socraíodh sprioc de 865 chás idir lámha ag deireadh 2003 agus bhí 814 chás idir lámha ag deireadh na bliana. D'fhéachamar le líon na gcásanna a bhíonn oscailte níos mó ná 52 sheachtain a laghdú go 173 faoi dheireadh 2003 agus is 167 a bhí sa líon cásanna dá leithéid sin ag deireadh na bliana.

Caidreamh le Comhlachtaí Poiblí faoi Shainchúram
Le linn na bliana lean m'Oifig dá clár seimineár réigiúnach, mar a comhaontaíodh idir m'Oifig agus ionadaithe an Chumainn Bainisteoirí Contae agus Cathrach. Is é cuspóir na seimineár ná caidreamh oibre níos fearr a chothú idir m'Oifig agus údaráis áitiúla ionas gur féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar ár róil féin agus bealaí a scrúdú inar féidir linn seirbhís cháilíochta níos fearr a chur ar fáil dár gcliaint féin. Bhuail m'fhoireann le triúr Bainisteoirí Contae anuraidh agus tionóladh dhá sheimineár in dhá shuíomh: Comhairle Contae Chill Mhantáin agus Comhairle Contae Chorcaí. Ag leanúint den téama: Cad is féidir le húdaráis áitiúla a dhéanamh chun seirbhís don Ombudsman a fheabhsú agus conas is féidir leis an Ombudsman cabhrú le húdaráis áitiúla, is spéis leis an Oifig cultúr cabhrachta seachas cáinte (cairéad in áit na cleithe) a chur chun cinn agus aon bhac ar chumarsáid éifeachtach a d'fhéadfadh a bheith ann idir m'Oifig agus údaráis áitiúla a shárú. Táim buíoch de na húdaráis ósta a d'eagraigh na seimineáir agus as an modh cúirtéiseach agus fáilteach inar glacadh le m'fhoireann. Leanfaimid den phróiseas a fhorbairt agus glacfaidh ar bord tuairimí ó údaráis áitiúla d'fhonn a chinntiú go mbíonn deis ag gach údarás áitiúil páirt a ghlacadh i seimineár sa gharthodhchaí.

Tionóladh tionscnaimh oiliúna le Bord Sláinte an Lár-Réigiúin agus leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Rinneadh dul chun cinn mór leis an Roinn Sláinte agus Leanaí, a ghlac le prionsabail an Ombudsman i ndáil le cúiteamh agus a chuaigh i mbun plé réamhghníomhaigh faoi dheacrachtaí i léirmhíniú na dtreoirlínte faoin ndéantar cinntí ar Liúntas Cúraim Baile. Cé nach bhfuil reachtaíocht foilsithe go nuige seo lena gcuirtear nós imeachta maidir le gearáin reachtúla ar bun, sainaithníodh i bhfrámaíocht ar láimhsiú gearán i réigiún an oirthir, arna forbairt ag Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir, an tOmbudsman mar bhealach oiriúnach deiridh chun gearán a dhéanamh. Ghlac baill foirne ó m'Oifig ról suntasach freisin i dtionscnamh a bhain le táscairí sástachta othair a d'fhorbair Feidhmeannas na mBord Sláinte ag éirí as an straitéis náisiúnta sláinte.

Le linn na bliana chuaigh roinnt Rann, lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, i gcomhairle le m'Oifig maidir le nósanna imeachta um ghearáin agus achomhairc inmheánacha a fhorbairt.

Back to contents