- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - Tuarascáil Dul Chun Cinn ar ár Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna (BAD)
Tuarascáil Dul Chun Cinn ar ár Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna (BAD)
I dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite leagadh amach an cúlra
lenár Straitéis BAD a bhí ag teacht chun cinn agus an réasúnaíocht
laistiar di. I ndiaidh comhairliúcháin fhairsing leis an bhfoireann ba
mhór agam maoirseacht a dhéanamh ar chríochnú agus ar sheoladh
Straitéis BAD 2003-2005 i mí Iúil 2003.
Cé go bhfuil an clár oibre BAD an-leathan is é an cur chuige a
glacadh ná raon teoranta saincheisteanna a shainaithint a d'fhéadfaí a
fhoirmiú mar thionscadail a bhí le cur chun feidhme go hiomlán thar
thrí bliana na straitéise. Bhí na tionscadail sin le cur chun feidhme
ag baint úsáide as obair fhoireann-bhunaithe le cúnamh ball foirne
tarraingthe ó réimsí uile na hOifige. D'fholaigh an straitéis
fhoilsithe Pleananna Gníomhaíochta do na ceithre réimse tosaíochta
roghnaithe seo a leanas: Ionduchtúchán, Luachanna Saothair agus
Spreagadh, an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF)
(lena n-áirítear monatóireacht ar an bpróiseas, próifílí róil agus
inniúlachtaí a chaighdeánú, agus oiliúint agus forbairt a sheachadadh)
agus Comhionannas Inscní.
Ionduchtúchán
Ba é an aidhm ná clár oiliúna ionduchtúcháin cuimsitheach foirmiúil a
tháirgeadh d'iontrálaithe nua san Oifig. Bunaíodh Grúpa Oibre a
d'fhoirmigh Frámaíocht d'Oiliúint Ionduchtúcháin. Ina thuarascáil don
bhainistíocht shainaithin an Grúpa raon cuimsitheach modúl oiliúna
ionduchtúcháin ar leibhéal cineálach agus rannógach agus rinne moltaí
faoin gcaoi inar ceart iad a dhréachtú agus a sheachadadh. Sannadh
freagracht ansin do na baill foirne aonair agus thosaigh foirne ag
dréachtú ábhar mhodúil na Frámaíochta d'Oiliúint Ionduchtúcháin.
Déanann an Coiste Comhpháirtíochta monatóireacht ar dhul chun cinn agus
seiceáil ar na modúil aonair de réir mar a tháirgtear iad. Tá sé
beartaithe go mbeidh clár iomlán oiliúna ionduchtúcháin comhaontaithe
agus i bhfeidhm faoi shamhradh 2004.
Luachanna Saothair agus Spreagadh
Bunaíodh Grúpa Bainistíochta Láir um Luachanna Saothair agus Spreagadh
i 2003. Is é an sainchúram atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar bhealaí
leis an bhfoireann a spreagadh agus conas inspreagadh agus tiomantas a
chothabháil d'fhonn polasaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme
maidir leis sin i 2004. Mar chuid den chlár oibre d'eisigh an Grúpa
ceistneoir chuig gach ball foirne ag féachaint lena dtuairimí faoi
shaincheisteanna atá bainteach le hobair a fháil a d'fhéadfaí a
fheiceáil mar inspreagthach nó díspreagthach. Fiafraíodh díobh freisin
ar mheas siad go raibh na scéimeanna agus na teidlíochtaí ina luachanna
saothair e.g. incrimintí srl. Gné spéisiúil de na torthaí is ea gurb é
an fachtóir inspreagthach is airde a shainaithin an fhoireann ná cineál
na hoibre a bhí siad a dhéanamh laistigh den eagraíocht. Ag baint
úsáide as torthaí an tsuirbhé beidh an Grúpa ag rith sraith cruinnithe
le pearsana aonair agus grúpaí foirne chun tuiscint níos doimhne a
fháil ar an rud a spreagann iad agus bainfear úsáid as sin sa phróiseas
foirmithe polasaí ansin.
CBFF
Tá an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) ina
bhunchuid anois den chaoi ina bhfeidhmíonn an Oifig. D'fholaigh
mórfhorbairtí i 2003 suirbhé atmaisféir eagraíochtúil a dhéanamh mar
ullmhúchán don chéad chéim eile de CBFF lena spreagfar sealbhóirí
poist, le linn a n-athbhreithnithe feidhmíochta bhliantúil, le
haiseolas aníos a thabhairt ar fheidhmíocht a maoirseora. Bhí torthaí
an tsuirbhé atmaisféir an-dearfach. Thaispeáin sé gur aontaigh 90% den
fhoireann go raibh siad soiléir maidir lena róil laistigh den
eagraíocht ina hiomláine; tá an tsoiléireacht sin go mór i ngeall ar
oibriú an CBFF. Ar an dul céanna, d'aontaigh 83% gur chuir an
bhainistíocht treorú, pleananna agus dul chun cinn in iúl don fhoireann.
Ullmhaíodh sraith iomlán inniúlachtaí le haghaidh gach gráid san
eagraíocht i 2003 agus bhain baill foirne agus bainisteoirí úsáid aisti
chun riachtanais a chinneadh le haghaidh feidhmíochta éifeachtaí agus
le haghaidh oiliúna agus forbartha éifeachtaí.
Comhionannas Inscní
Déanann Grúpa Comhionannais Inscní monatóireacht ar spriocanna
cothromaíochta inscní na hOifige agus ar na fachtóirí a d'fhéadfadh dul
i gcion ar ghnóthachtáil na spriocanna sin mar:
- páirtíocht foirne i gcomórtais ardaithe céime;
- tionscnaimh oiliúna agus fhorbartha;
- comhdhéanamh inscne na mbord agallaimh le haghaidh comórtas inmheánach/idir-rannach;
- glacadh le tionscnaimh theaghlach-chairdiúil (fleisc-am, postroinnt, am téarma, sosanna gairme);
- an dáileadh fear agus ban ar fud rannóga na hOifige.
Tuairiscíonn sé ar na saincheisteanna seo don Choiste
Comhairleach Bainistíochta ar bhonn ráithiúil. Déanann an Grúpa
promhadh inscne ar pholasaí iomchuí nua na hOifige agus le linn 2003
d'fhorbair sé treoirlínte maidir le comhionannas inscní le haghaidh
agallóirí agus measúnóirí.
Tá feidhm ag spriocanna inscne na hOifige le gráid ar leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin agus os a chionn sin in Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Is é cúig bliana an fráma ama chun na spriocanna a bhaint amach. Faoi láthair tá an céatadán ban i ngráid Oifigigh Feidhmiúcháin, Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus Phríomh-Oifigh Chúnta (Imscrúdaitheoir) beagán faoi bhun nó os cionn na spriocanna comhaontaithe. Táthar ag súil go mbainfear an ráta spriocpháirtíochta ar leibhéal Príomh-Oifigigh (Imscrúdaitheoir Sinsearach) amach laistigh den fhráma ama le cúnamh gníomhach polasaithe comhionannais inscní.
