- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - Ráiteas Straitéise 2004-2006 na hOifige
Caibidil 4 - An Bhliain faoi Athbhreithniú
......Gníomhaíocht Pleanála Gnó i 2003
......Seirbhís dár gCliaint
......Tuarascáil Dul Chun Cinn ar ár Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna (BAD)
......Ráiteas Straitéise 2004-2006 na hOifige
......Gníomhaíocht Bainistíochta Eile
......Cúiteamh d'Íocóirí Cánach - Moltaí a Chur Chun Feidhme
......Feidhmíocht Údaráis Áitiúil ar Phleanáil
......Sainchúram an Ombudsman
......Comhlachtaí Poiblí agus Rochtain ar Fhaisnéis
......An tOmbudsman agus Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil
......Cúiteamh i leith Caillteanais Cumhachta Ceannaigh do Phinsinéirí i Scéimeanna Aoisliúntais
......Rochtain agus Feasacht Phoiblí
......Cuairteoirí ar m'Oifig
......Fógraí arna n-eisiúint faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980
Gníomhaíocht Pleanála Gnó i 2003
Leanadh de ghníomhaíochtaí pleanála gnó le linn 2003 ar fad ag
féachaint le cáilíocht na seirbhíse a chuirimid ar fáil dár gcliaint a
fheabhsú agus tacú le forbairt phearsanta ár bhfoirne chun an tseirbhís
sin a chur ar fáil.
Seirbhís dár gCliaint
Scagadh Cásanna
Rinneadh na nósanna imeachta um scagadh cásanna a tugadh isteach den
chéad uair i 2001 a mhionchoigeartú ar roinnt bealaí i 2003 agus tá na
nósanna imeachta ionchorpraithe go mór anois. Tugann siad fócas breise
don mheasúnacht tosaigh ar ghearáin nua ionas gur léir cé na
saincheisteanna is gá a shaothrú leis an gcomhlacht poiblí. Ina
theannta sin, cabhraíonn siad chun a shoiléiriú má tá gnéithe den
ghearán ann a d'fhéadfadh a bheith lasmuigh den sainchúram. Cumasaíonn
na nósanna imeachta do bhainisteoirí freisin treorú mionsonraithe a
thabhairt do chásoibrithe ar an gcaoi le tabhairt faoin gcás ón tús.
Cásobair Cháilíochta
Le linn 2003 shampláil roinnt grúpaí oibre den Oifig comhaid ghearáin
aonair trí thagairt do shraith caighdeán agus táscairí cáilíochta
comhaontaithe agus cuireadh tuarascálacha ar a dtorthaí faoi bhráid an
Choiste Chomhairligh Bainistíochta ar bhonn gach dhá mhí. Rinneadh
amach tuarascáil achomair a chlúdaigh an bhliain ina hiomláine inar
áiríodh moltaí ar an gcaoi le cásobair cháilíochta a chothabháil agus a
fheabhsú agus ar an gcaoi leis an bpróiseas samplála a fheabhsú, rud a
leanfar de feadh 2004. Tá beartú tosaíochta tugtha do chur chun feidhme
na moltaí le haghaidh gníomhaíochta i bPleananna Gnó 2004 na hOifige.
Cásuimhreacha
Rinneadh dul chun cinn maith sa réimse seo i 2003. Socraíodh sprioc de
865 chás idir lámha ag deireadh 2003 agus bhí 814 chás idir lámha ag
deireadh na bliana. D'fhéachamar le líon na gcásanna a bhíonn oscailte
níos mó ná 52 sheachtain a laghdú go 173 faoi dheireadh 2003 agus is
167 a bhí sa líon cásanna dá leithéid sin ag deireadh na bliana.
Caidreamh le Comhlachtaí Poiblí faoi Shainchúram
Le linn na bliana lean m'Oifig dá clár seimineár réigiúnach, mar a
comhaontaíodh idir m'Oifig agus ionadaithe an Chumainn Bainisteoirí
Contae agus Cathrach. Is é cuspóir na seimineár ná caidreamh oibre níos
fearr a chothú idir m'Oifig agus údaráis áitiúla ionas gur féidir linn
tuiscint níos fearr a fháil ar ár róil féin agus bealaí a scrúdú inar
féidir linn seirbhís cháilíochta níos fearr a chur ar fáil dár gcliaint
féin. Bhuail m'fhoireann le triúr Bainisteoirí Contae anuraidh agus
tionóladh dhá sheimineár in dhá shuíomh: Comhairle Contae Chill
Mhantáin agus Comhairle Contae Chorcaí. Ag leanúint den téama: Cad is
féidir le húdaráis áitiúla a dhéanamh chun seirbhís don Ombudsman a
fheabhsú agus conas is féidir leis an Ombudsman cabhrú le húdaráis
áitiúla, is spéis leis an Oifig cultúr cabhrachta seachas cáinte
(cairéad in áit na cleithe) a chur chun cinn agus aon bhac ar
chumarsáid éifeachtach a d'fhéadfadh a bheith ann idir m'Oifig agus
údaráis áitiúla a shárú. Táim buíoch de na húdaráis ósta a d'eagraigh
na seimineáir agus as an modh cúirtéiseach agus fáilteach inar glacadh
le m'fhoireann. Leanfaimid den phróiseas a fhorbairt agus glacfaidh ar
bord tuairimí ó údaráis áitiúla d'fhonn a chinntiú go mbíonn deis ag
gach údarás áitiúil páirt a ghlacadh i seimineár sa gharthodhchaí.
Tionóladh tionscnaimh oiliúna le Bord Sláinte an Lár-Réigiúin
agus leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Rinneadh dul
chun cinn mór leis an Roinn Sláinte agus Leanaí, a ghlac le prionsabail
an Ombudsman i ndáil le cúiteamh agus a chuaigh i mbun plé
réamhghníomhaigh faoi dheacrachtaí i léirmhíniú na dtreoirlínte faoin
ndéantar cinntí ar Liúntas Cúraim Baile. Cé nach bhfuil reachtaíocht
foilsithe go nuige seo lena gcuirtear nós imeachta maidir le gearáin
reachtúla ar bun, sainaithníodh i bhfrámaíocht ar láimhsiú gearán i
réigiún an oirthir, arna forbairt ag Údarás Sláinte Réigiúnach an
Oirthir, an tOmbudsman mar bhealach oiriúnach deiridh chun gearán a
dhéanamh. Ghlac baill foirne ó m'Oifig ról suntasach freisin i
dtionscnamh a bhain le táscairí sástachta othair a d'fhorbair
Feidhmeannas na mBord Sláinte ag éirí as an straitéis náisiúnta sláinte.
Le linn na bliana chuaigh roinnt Rann, lena n-áirítear an Roinn
Oideachais agus Eolaíochta, i gcomhairle le m'Oifig maidir le nósanna
imeachta um ghearáin agus achomhairc inmheánacha a fhorbairt.
Tuarascáil Dul Chun Cinn ar ár Straitéis Bainistíochta Acmhainní Daonna (BAD)
I dTuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite leagadh amach an cúlra
lenár Straitéis BAD a bhí ag teacht chun cinn agus an réasúnaíocht
laistiar di. I ndiaidh comhairliúcháin fhairsing leis an bhfoireann ba
mhór agam maoirseacht a dhéanamh ar chríochnú agus ar sheoladh
Straitéis BAD 2003-2005 i mí Iúil 2003.
Cé go bhfuil an clár oibre BAD an-leathan is é an cur chuige a
glacadh ná raon teoranta saincheisteanna a shainaithint a d'fhéadfaí a
fhoirmiú mar thionscadail a bhí le cur chun feidhme go hiomlán thar
thrí bliana na straitéise. Bhí na tionscadail sin le cur chun feidhme
ag baint úsáide as obair fhoireann-bhunaithe le cúnamh ball foirne
tarraingthe ó réimsí uile na hOifige. D'fholaigh an straitéis
fhoilsithe Pleananna Gníomhaíochta do na ceithre réimse tosaíochta
roghnaithe seo a leanas: Ionduchtúchán, Luachanna Saothair agus
Spreagadh, an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF)
(lena n-áirítear monatóireacht ar an bpróiseas, próifílí róil agus
inniúlachtaí a chaighdeánú, agus oiliúint agus forbairt a sheachadadh)
agus Comhionannas Inscní.
Ionduchtúchán
Ba é an aidhm ná clár oiliúna ionduchtúcháin cuimsitheach foirmiúil a
tháirgeadh d'iontrálaithe nua san Oifig. Bunaíodh Grúpa Oibre a
d'fhoirmigh Frámaíocht d'Oiliúint Ionduchtúcháin. Ina thuarascáil don
bhainistíocht shainaithin an Grúpa raon cuimsitheach modúl oiliúna
ionduchtúcháin ar leibhéal cineálach agus rannógach agus rinne moltaí
faoin gcaoi inar ceart iad a dhréachtú agus a sheachadadh. Sannadh
freagracht ansin do na baill foirne aonair agus thosaigh foirne ag
dréachtú ábhar mhodúil na Frámaíochta d'Oiliúint Ionduchtúcháin.
Déanann an Coiste Comhpháirtíochta monatóireacht ar dhul chun cinn agus
seiceáil ar na modúil aonair de réir mar a tháirgtear iad. Tá sé
beartaithe go mbeidh clár iomlán oiliúna ionduchtúcháin comhaontaithe
agus i bhfeidhm faoi shamhradh 2004.
Luachanna Saothair agus Spreagadh
Bunaíodh Grúpa Bainistíochta Láir um Luachanna Saothair agus Spreagadh
i 2003. Is é an sainchúram atá aige ná scrúdú a dhéanamh ar bhealaí
leis an bhfoireann a spreagadh agus conas inspreagadh agus tiomantas a
chothabháil d'fhonn polasaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme
maidir leis sin i 2004. Mar chuid den chlár oibre d'eisigh an Grúpa
ceistneoir chuig gach ball foirne ag féachaint lena dtuairimí faoi
shaincheisteanna atá bainteach le hobair a fháil a d'fhéadfaí a
fheiceáil mar inspreagthach nó díspreagthach. Fiafraíodh díobh freisin
ar mheas siad go raibh na scéimeanna agus na teidlíochtaí ina luachanna
saothair e.g. incrimintí srl. Gné spéisiúil de na torthaí is ea gurb é
an fachtóir inspreagthach is airde a shainaithin an fhoireann ná cineál
na hoibre a bhí siad a dhéanamh laistigh den eagraíocht. Ag baint
úsáide as torthaí an tsuirbhé beidh an Grúpa ag rith sraith cruinnithe
le pearsana aonair agus grúpaí foirne chun tuiscint níos doimhne a
fháil ar an rud a spreagann iad agus bainfear úsáid as sin sa phróiseas
foirmithe polasaí ansin.
CBFF
Tá an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) ina
bhunchuid anois den chaoi ina bhfeidhmíonn an Oifig. D'fholaigh
mórfhorbairtí i 2003 suirbhé atmaisféir eagraíochtúil a dhéanamh mar
ullmhúchán don chéad chéim eile de CBFF lena spreagfar sealbhóirí
poist, le linn a n-athbhreithnithe feidhmíochta bhliantúil, le
haiseolas aníos a thabhairt ar fheidhmíocht a maoirseora. Bhí torthaí
an tsuirbhé atmaisféir an-dearfach. Thaispeáin sé gur aontaigh 90% den
fhoireann go raibh siad soiléir maidir lena róil laistigh den
eagraíocht ina hiomláine; tá an tsoiléireacht sin go mór i ngeall ar
oibriú an CBFF. Ar an dul céanna, d'aontaigh 83% gur chuir an
bhainistíocht treorú, pleananna agus dul chun cinn in iúl don fhoireann.
Ullmhaíodh sraith iomlán inniúlachtaí le haghaidh gach gráid san
eagraíocht i 2003 agus bhain baill foirne agus bainisteoirí úsáid aisti
chun riachtanais a chinneadh le haghaidh feidhmíochta éifeachtaí agus
le haghaidh oiliúna agus forbartha éifeachtaí.
Comhionannas Inscní
Déanann Grúpa Comhionannais Inscní monatóireacht ar spriocanna
cothromaíochta inscní na hOifige agus ar na fachtóirí a d'fhéadfadh dul
i gcion ar ghnóthachtáil na spriocanna sin mar:
� páirtíocht foirne i gcomórtais ardaithe céime;
� tionscnaimh oiliúna agus fhorbartha;
� comhdhéanamh inscne na mbord agallaimh le haghaidh comórtas inmheánach/idir-rannach;
� glacadh le tionscnaimh theaghlach-chairdiúil (fleisc-am, postroinnt, am téarma, sosanna gairme);
� an dáileadh fear agus ban ar fud rannóga na hOifige.
Tuairiscíonn sé ar na saincheisteanna seo don Choiste
Comhairleach Bainistíochta ar bhonn ráithiúil. Déanann an Grúpa
promhadh inscne ar pholasaí iomchuí nua na hOifige agus le linn 2003
d'fhorbair sé treoirlínte maidir le comhionannas inscní le haghaidh
agallóirí agus measúnóirí.
Tá feidhm ag spriocanna inscne na hOifige le gráid ar leibhéal
Oifigeach Feidhmiúcháin agus os a chionn sin in Oifig an Ombudsman,
Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig Rúnaíocht an Choimisiúin um
Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Is é cúig bliana an fráma ama chun na
spriocanna a bhaint amach. Faoi láthair tá an céatadán ban i ngráid
Oifigigh Feidhmiúcháin, Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus Phríomh-Oifigh
Chúnta (Imscrúdaitheoir) beagán faoi bhun nó os cionn na spriocanna
comhaontaithe. Táthar ag súil go mbainfear an ráta spriocpháirtíochta
ar leibhéal Príomh-Oifigigh (Imscrúdaitheoir Sinsearach) amach laistigh
den fhráma ama le cúnamh gníomhach polasaithe comhionannais inscní.
Ráiteas Straitéise 2004-2006 na hOifige
Le cúnamh éascaitheoirí seachtracha dhréachtaigh an
tOmbudsman/Coimisnéir Faisnéise agus an Bhainistíocht Shinsearach
moltaí le haghaidh Ráiteas Straitéise a chlúdaíonn an tréimhse
2004-2006. Cuimsíonn an Straitéis Oifig an Ombudsman, Oifig an
Choimisinéara Faisnéise agus an Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin
in Oifigí Poiblí. I ndiaidh próisis comhairliúcháin fhorleathain leis
an bhfoireann ar fud na heagraíochta agus leis an gCoiste
Comhpháirtíochta tugadh Straitéis chomhaontaithe chun críche inar
sainaithníodh na ceithre Sprioc Ardleibhéil atá againn chun obair na
heagraíochta a threorú thar na trí bliana romhainn. Is iad sin:
Sprioc Ardleibhéil 1
Tabharfaimid seirbhís ardcháilíochta dár gcliaint, seirbhís atá
éifeachtúil, so-inrochtana, agus a tháirgeann cinntí soiléire agus
cothroma.
Sprioc Ardleibhéil 2
Oibreoimid leis na comhlachtaí poiblí agus na hinstitiúidí faoinár
sainchúram chun tacú leo chun na caighdeáin is airde a bhaint amach
agus a chothabháil ina n-idirghníomhaíochtaí le húsáideoirí aonair
seirbhíse.
Sprioc Ardleibhéil 3
Tiomnóimid taithí agus údarás na hOifige do shochaí na státseirbhíse
agus, ag obair le chéile leis na hinstiúidí agus comhlachtaí poiblí
faoinár sainchúram, féachfaimid lena chinntiú go bhfóntar go cuí do
leas an phobail.
Sprioc Ardleibhéil 4
Forbróimid mar eagraíocht barrchleachtais ag oibriú na gcaighdeán is airde i seachadadh ár seirbhísí.
Ag sreabhadh ó na Spriocanna Ardleibhéil tá raon gníomhaíochtaí tacaíochta sainaitheanta, gníomhaíochtaí a chuirfidh leis an mbabhta nua pleananna gnó bliantúla do na trí chomh-Oifig thar thréimhse na Straitéise. Déanfar cuspóirí a sheachadadh trí mheán gníomhaíochtaí ar leibhéal Corparáideach, ar leibhéal Aonaid Gnó agus trí spriocanna agus trí ghníomhaíochtaí comhaontaithe idir bainisteoirí agus gach ball foirne a bheidh leagtha amach i spriocanna agus i gcuspóirí bainistíochta feidhmíochta aonair.
