Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Cúiteamh d'Íocóirí Cánach - Moltaí a Chur Chun Feidhme

Cúiteamh d'Íocóirí Cánach - Moltaí a Chur Chun Feidhme
I ndiaidh Thuarascáil Speisialta mo réamhtheachtaí, Caoimhín Ó Murchú, don Oireachtas - �Cúiteamh d'Íocóirí Cánach� - bhí mar thoradh ar idirghabháil an Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí gur cuireadh chun feidhme a chuid moltaí go hiomlán (is féidir sonraí iomlána na moltaí a fháil ar leathanach 36 de Thuarascáil Bhliantúil an Ombudsman do 2002).

Bhí dhá ábhar imní sa scrúdú:

(1) teorainneacha ama ar aisíocaíochtaí cúlghabhálacha cánach a bailíodh go héagórach, agus

(2) cúiteamh i leith caillteanais luacha sa chás go ndéantar aisíocaíochtaí cánach i gcásanna ina raibh na ró-íocaíochtaí cánach mar thoradh ar mhíriaradh.

Tuigim go bhfuil aisíocaíochtaí cánach, chomh maith le híocaíochtaí cúitimh i leith caillteanais cumhachta ceannaigh, déanta ag na Coimsinéirí Ioncaim leis na baintreacha a raibh a ngearáin i gcroílár an imscrúdaithe. Tar éis gur ghlac na Coimsinéirí Ioncaim leis na moltaí ina n-iomláine, ghlac siad raon tionscnamh orthu féin chun a chinntiú go sainaithneofaí aon bhaintreacha eile a raibh dulta i gcion orthu ar an dul céanna. Go nuige seo, tá aisíocaíochtaí cánach déanta i 131 chás, tá íocaíochtaí cúitimh déanta i 185 chás, agus tá 49 gcás bhreise á n-athbhreithniú fós.

Is é beagán os cionn �900,000 an costas iomlán le forfheidhmiú na moltaí go nuige seo. Mheas na Coimsinéirí Ioncaim ag an gcruinniú faisnéise leis an gComhchoiste Oireachtais go mbeadh an costas féideartha chun na moltaí a chur chun feidhme suas le �3.8 milliún. Bhí braite ar an meastachán sin mar chosaint in aghaidh cur chun feidhme. Nuair a chuimhnítear ar an gcostas i bhfad níos ísle a ghabhann le cur chun feidhme is trua nár ullmhaíodh meastacháin níos réalaíche agus níos cruinne ag céim níos túisce a d'éascódh, b'fhéidir, réiteach níos túisce ar an tsaincheist ina hiomláine.

Tugadh isteach le héifeacht ón 1 Samhain 2003 scéim ghinearálta cúitimh le haghaidh caillteanais luacha i leith aisíocaíochtaí cánacha - moladh a cúig den Tuarascáil Speisialta. Faoin scéim déantar socrú i dtaobh cheart ginearálta aisíoca cánacha agus dleachtanna, chomh maith le híoc úis ar gach aisíocaíocht dá leithéid faoi réir coinníollacha áirithe. Leis an scéim, atá faoi réir socruithe idirthréimhseacha, tugtar isteach teorainn nua, agus níos sriantaí, ceithre bliana chun éilimh a dhéanamh, teorainn a ionadaíonn an teorainn láithreach 10 mbliana.

Déanfaidh na Coimsinéirí Ioncaim ús a íoc ón dáta a íocadh cáin go dáta an aisíoca, i gcásanna ina bhfuil earráid déanta ag na Coimsinéirí Ioncaim i bhfeidhmiú an dlí. I ngach cás eile, lena n-áirítear aisíocaíochtaí réamhchánach, beidh ús iníoctha ón tréimhse dar tús sé mhí i ndiaidh an éilimh bhailí ar aisíoc a bheith déanta, i gcás nach bhfuil an aisíocaíocht déanta ag na Coimsinéirí Ioncaim faoin tráth sin.

Fáiltím roimh fhreagairt na gCoimisinéirí Ioncaim i gcur chun feidhme mholtaí na Tuarascála Speisialta. Tá mé an-sásta an cur chuige solúbtha a fheiceáil atá glactha ag na Coimsinéirí Ioncaim i gcás baintreach áirithe nach mbeadh i dteideal aisíocaíochtaí agus cúitimh ar mhodh eile. Mar a tharlaíonn, níor éiligh an grúpa éilitheoirí seo na haisíocaíochtaí dlite dóibh faoi bhreithiúnas Uí Chearúil laistigh den fhráma ama riachtanach agus d'fhéadfaí, de réir teoirice, iad a eisiamh ó fheidhmiú mholtaí an Ombudsman. Tá cur chuige pragmatach agus solúbtha glactha ag na Coimsinéirí Ioncaim sna cásanna seo agus tá íocaíochtaí iomlána déanta.

Bhí scrúdú agus imscrúdú na saincheisteanna as ar éirigh ullmhú na Tuarascála Speisialta sa chás seo fada, casta agus fadálach do m'Oifig agus d'Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim araon. Is mór agam - mar ba mhór ag Caoimhín Ó Murchú freisin - go raibh mar thoradh ar réiteach deiridh an cháis gur glacadh agus gur cuireadh chun feidhme na moltaí go léir agus gur dearbhaíodh údarás Oifig an Ombudsman. Táim féin agus é féin an-bhuíoch den ról ríthábhachtach a ghlac an tOireachtas agus, go háirithe, an Comhchoiste um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí.

Back to contents