Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Feidhmíocht Údaráis Áitiúil ar Phleanáil

Feidhmíocht Údaráis Áitiúil ar Phleanáil

Comhfhreagras ó Ionadaithe Poiblí
Tá ról tábhachtach ag m'Oifig maidir le muinín an phobail as an bpróiseas pleanála a chothabháil agus maidir lena chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin dea-chleachtais lena riaradh ar leibhéal áitiúil. Mar sin, nuair a dhéantar gearán a thugann le fios go bhféadfadh sé nár dhéileáil údarás áitiúil go cuí le gnó pleanála, déanfar é a scrúdú go mion ag m'Oifig. Sin a tharla nuair a rinneadh gearán maidir le fionnachtain comhfhreagrais ó ionadaí poiblí i gcomhad pleanála nuair a scrúdaigh iarratasóir ar chead pleanála é in oifig phleanála Chomhairle Contae na hIarmhí.

Tháinig an gearánaí, ar diúltaíodh cead pleanála dó, ar litir sa chomhad ó ionadaí poiblí a scríobh chuig an gComhairle mar a leanas: �Le do thoil, coinnigh ar an eolas mé faoi aon fhorbairtí iomchuí maidir le p.p. uimh. thagartha ...�. Ní raibh aon teagmháil ag an ngearánaí leis an ionadaí poiblí iomchuí agus líomhain sé go raibh an ról a ghlac a chomhfhreagras san iarratas pleanála doiléir, nach raibh aon lorg iniúchóireachta air agus nár láimhsigh an t-údarás áitiúil go cuí é. Bhí dearbhuithe tugtha ag an údarás áitiúil don ghearánaí, agus do m'Oifig, nach raibh an t-iarratas pléite ag foireann an údaráis áitiúil leis an ionadaí poiblí. Chreid an gearánaí, áfach, go raibh an cás pléite aige le hoifigigh an údaráis áitiúil, lena n-áirítear an pleanálaí iomchuí, agus bhí sé cinnte go raibh tionchar aige sin ar an toradh.

I ndiaidh scrúdaithe iomláin, lena n-áirítear agallaimh leis an ngearánaí, le hoifigigh iomchuí an údaráis áitiúil agus leis an ionadaí poiblí, bhí m'Oifig sásta nár ghlac an t-ionadaí poiblí aon ról sa chinneadh cead pleanála a dhiúltú. D'fhéadfadh sé nach raibh sé sin soiléir, áfach, do dhuine den phobal a léifeadh an comhad pleanála. Tá ionadaithe poiblí, gan dabht, i dteideal uiríll a dhéanamh thar ceann daoine den phobal ach ní mór d'údaráis áitiúla a chinntiú, go háirithe i ngnóthaí pleanála, go soláthraíonn a nósanna imeachta chun déileáil le hionadaithe poiblí an trédhearcacht uasta ionas nach mbíonn aon amhras ar an bpobal faoina ról.

Rinne m'fhoireann plé ina dhiaidh sin ar nósanna imeachta leis an mBainisteoir Contae iomchuí a d'aithin go fonnmhar argóint na trédhearcachta agus atá tar éis nósanna imeachta feabhsaithe a thabhairt isteach chun déileáil le hionadaithe poiblí, agus don choinneáil taifead, i ndáil le gnóthaí pleanála. Go pointe áirithe tá ceanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 2002, tar éis soiléireacht níos mó a thabhairt don ghnó sa mhéid nár mhór táille a íoc má bhíothas le déileáil leis na huiríll mar aighneacht i ndáil le hiarratas ar leith. Cé nach bhfuil aon ghearán sainiúil faighte agam i dtaobh an ghnó seo in aghaidh aon údaráis áitiúil eile, thug mé faoi deara ráiteas imní le déanaí i bplé sna meáin ar phleanáil i ndáil le litreacha ó ionadaithe poiblí faoi chásanna pleanála. Tá sé i gceist agam tuilleadh fiosruithe a dhéanamh le húdaráis áitiúla faoin gcaoi a bhfuil siad ag déileáil le litreacha ó ionadaithe poiblí faoi ghnóthaí pleanála.

Cúiteamh i leith Caillteanais Deise chun Agóid/Achomharc a Thaisceadh
Is cúis díomá dom a thabhairt do m'aire, i gcás go bhfuil ceart chun cinneadh pleanála a achomharc leis an mBord Pleanála séanta ar dhuine ag údaráis áitiúla i ngeall ar earráid dá gcuid féin, nach dtugann siad go leor airde ar chúiteamh ar a n-earráidí a sholáthar. Taobh amuigh de thrua a léiriú, dealraíonn sé go measann siad nach bhfuil gá le haon ní eile a dhéanamh agus, tríd is tríd, ní ofrálann siad aon chúiteamh substainteach, as a gconlán féin. Le cuid mhaith blianta tá tuairisc tugtha ag an Oifig ar chásanna inar mhol an tOmbudsman cúiteamh airgid agus inar íocadh sin. Glacaim an tuairim freisin, i gcás go séantar ceart reachtúil trí earráid de chuid an údaráis áitiúil, gurb ionann an earráid sin agus míriaradh agus gur ceart gur eisceacht seachas riail é gan cúiteamh a íoc. Bíonn na méideanna i gceist réasúnta beag, méideanna nach mór ná �1,000 de ghnáth, agus ba mhaith liom a fheiceáil go gcuirfeadh údaráis áitiúla tús le cúiteamh a thairiscint in áit feitheamh go dtí go spreagann m'Oifig iad.

Rochtain ar Chomhaid Phleanála
Leanann m'Oifig de ghearáin a fháil nach mbíonn comhaid phleanála ar fáil i gcónaí nuair is mian le duine den phobal iad a amharc nó, nach mbíonn na páipéir ar comhad i gcónaí, má theastaíonn cóip de dhoiciméad ó chomhad pleanála ó dhuine, go ngearrtar táille iomarcach orthu, i gcomparáid leis na táillí le haghaidh doiciméad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Mar a tharlaíonn, tá m'Oifig ag féachaint ar tháillí iomarcacha le tamall maith anois agus tá scríofa aici faoin ngnó chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Saincheisteanna Forfheidhmithe
Tá dlínse agam freisin sa réimse forfheidhmithe pleanála. Ciallaíonn sé sin, i gcás go dteipeann ar údarás áitiúil beart cuí a dhéanamh i ndáil le gearán a dhéantar leis nach bhfuil forbraíocht shainiúil curtha i gcrích de réir an cheada a deonaíodh, gur féidir liom é sin a scrúdú. Bhain 27% de na gearáin go léir a rinneadh le m'Oifig anuraidh le gearáin faoi ghnóthaí pleanála agus bhain formhór na gcásanna sin le forfheidhmiú pleanála.

Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, tá sainghníomhartha leagtha síos atá le déanamh ag údaráis áitiúla mar fhreagairt ar shárú pleanála agus tá sé i gceist ag m'Oifig leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar an gceist an bhfuil úsáid chuí agus iomlán á húsáid as an Acht d'fhonn comhlíonadh a chinntiú. Sna gearáin a rinneadh le m'Oifig anuraidh tá tugtha le fios go bhfuil feabhsú éigin ar fheidhmíocht údaráis áitiúil i ndáil le forfheidhmiú, tríd is tríd, ach tá sé róluath le measúnacht chruinn a dhéanamh bunaithe ar fheidhmíocht thar thréimhse nach mó ná dhá bhliain ó thabhairt isteach an Achta.

Tá dearcadh poiblí ann go bhfuil forfheidhmiú pleanála, mar a luadh sna meáin le déanaí, �ina ghné den réimse pleanála nach dtugtar mórán airde uirthi le fíorbheagán údarás áitiúil sásta na hacmhainní a leithdháileadh a theastaíonn chun forbraíocht neamhúdaraithe a shrianadh ...�. Tá fianaise agam a thugann le fios cé go bhféadfadh sé go bhfuil údaráis áitiúla ag féachaint le spiorad an Achta nua um Pleanáil agus Forbairt a chomhlíonadh, tá roinnt díobh ag tabhairt aird neamhleor ar fhuarlitir na bhforálacha ann.

Cumasaíonn an reachtaíocht reatha d'údaráis áitiúla ról níos réamhghníomhaí a ghlacadh, má tá siad toilteanach déanamh amhlaidh, chun a chinntiú, a mhéid is féidir, agus gan ghá le dul chun na gcúirteanna, go gcloíonn gach duine cibé acu forbróir mórscála nó mionscála é/í leis an gcód pleanála. Faoin Acht tugtar raon cumhachtaí d'údarás áitiúil is féidir a úsáid chun comhlíonadh a thabhairt i gcrích gan dul i muinín na gcúirteanna agus, le linn gearáin a scrúdú, is é an polasaí a bheidh agam ná a bhreithniú an bhfuil an t-údarás áitiúil tar éis na cumhachtaí a úsáid go hiomlán. Thairis sin, ní leor a insint do m'Oifig nach bhfuil beart á dhéanamh mar gurb é tuairim an údaráis áitiúil é nach mbuafadh sé i gcúirt. Beidh ar an údarás áitiúil mé a shásamh go raibh cúis mhaith aige gan beart a dhéanamh in aon chás ar leith. Tá roinnt céimeanna ann is féidir a ghlacadh sula dtagann caingean cúirte i gceist agus, i ngach cás gearáin liom, beidh mé ag féachaint lena chinntiú go bhfuil forálacha na reachtaíochta á n-úsáid go cuí agus go héifeachtach.

Ábhar mór leasa phoiblí í an phleanáil mar is léir ó ghearáin próiseáilte ag m'Oifig thar na blianta, le méadú ó 64 ghearán i 1993 go 185 ghearán i 2003. Laistigh de theorainneacha mo dhlínse, tá sé i gceist agam a chinntiú, i gcomhthéacs gearán a dhéantar liom, go mbeidh m'Oifig réamhghníomhach maidir le muinín an phobail as an gcóras pleanála a chosaint.

Back to contents