- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - Sainchúram an Ombudsman
Sainchúram an Ombudsman
Tá roinnt píosaí nua reachtaíochta ann a rachaidh i gcion ar ualach
oibre agus ar shainchúram m'Oifige. Is mór agam a thabhairt faoi deara
go bhfuil tiomantas tugtha ag an rialtas i leith an Bille Ombudsman
(Leasú) a fhoilsiú go déanach i 2004 agus tá súil agam go ndéanfar é a
achtú go pras. I measc nithe eile déanfar sa Bhille seo socrú i dtaobh
fairsingiú mór ar an raon comhlachtaí poiblí a thiocfaidh faoi mo
shainchúram.
Forchuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, oibleagáidí
reachtúla nua ar líon mór comhlachtaí poiblí maidir le caighdeán níos
airde seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cé go bhfuil Coimisinéir,
Séan Ó Cuirreáin ceaptha le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an
Achta agus le himscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi theip chun
oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh beidh an cumhacht agam i gcónaí
imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le gníomhartha riaracháin
na gcomhlachtaí poiblí faoi mo shainchúram i ndáil le cúrsaí Gaeilge.
Táim ag súil le méadú ar an líon gearán sa réimse seo ag éirí as an
Acht nua.
Tugann an Bille Míchumais beartaithe ról don Ombudsman chun
scrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le neamhchomhlíonadh pleananna
earnálacha atá le dréachtú chun a thaispeáint conas a chomhlíonfaidh
comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí maidir le seirbhísí a chur ar
fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá an dóchúlacht ann go mbeidh tionchar
mór aige seo ar ualach oibre m'Oifige agus, sa mhéid go mbaineann sé le
mo ról faoin mBille Míchumais, fairsingeoidh sé go mór an líon
comhlachtaí a bheidh faoi mo shainchúram.
Leis an Acht um Ombudsman do Leanaí leasaíodh Alt 5 den Acht Ombudsman, 1980, chun scrúdú ar ghearán ag an Ombudsman a eisiamh i gcás go bhfuil an gnó cuí don Ombudsman do Leanaí. Folóidh feidhmeanna an Ombudsman do Leanaí imscrúdú ar ghearáin i gcás go bhfuil tionchar díobhálach imeartha ar leanbh ag gníomh a d'fhéadfadh a thuairisciú mar mhíriaradh. Beidh m'Oifig ag déanamh idirchaidrimh leis an Ombudsman do Leanaí, Ms Emily Logan, chun déileáil le haon saincheisteanna dlínse a d'fhéadfadh teacht chun solais mar thoradh ar an reachtaíocht.
