- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - Comhlachtaí Poiblí agus Rochtain ar Fhaisnéis
Comhlachtaí Poiblí agus Rochtain ar Fhaisnéis
Le linn an scrúdaithe ar chás forfheidhmithe pleanála in aghaidh
Chomhairle Contae Lú, atá ar siúl i gcónaí, thiomsaigh an Chomhairle
tuarascáil ar a cuid imscrúduithe ar líomhaintí i leith truaillithe
comhshaoil agus diúscartha dramhaíola mídhleathaí. Nuair a lorg an
gearánaí cóip den tuarascáil scríobh an Chomhairle chuici agus chuir in
iúl di go mbeadh uirthi iarraidh Saorála Faisnéise a chur isteach. Ní
fhaca mé aon chúis bhailí nach bhféadfaí an doiciméad a thabhairt don
ghearánaí lasmuigh de raon an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus
ní raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go raibh breithniú
déanta ag an gComhairle ar an rogha sin. Nuair a chuir m'fhoireann mo
chúis imní in iúl don Chomhairle scaoileadh an doiciméad, saor in
aisce, don ghearánaí.
Tuigim freisin, ó fhreagra a thug an tAire Dlí agus Cirt,
Comhionannais agus Athchóirithe Dlí sa Dáil i mí na Samhna 2003 go
raibh polasaí ag a Roinn gan cúiseanna le diúltú deimhnithe
éadóirseachta do phearsa aonair a nochtadh. Cuireadh in iúl
d'iarratasóirí neamhrathúla cur isteach ar rochtain ar a dtaifid trí
mheán iarrata Saorála Faisnéise. Thug freagra an Aire le fios go raibh
éirithe as an bpolasaí sin agus go dtugtar cúiseanna le diúltuithe de
ghnáth anois.
Mar Ombudsman creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach gur
ceart go ndéileálfadh comhlachtaí poiblí go hoscailte le daoine trí
fhaisnéis atá ar fáil dóibh a nochtadh don phobal leis an íosmhéid
sriantachtaí agus ar bhealach pras, mura bhfuil foras reachtúil bailí
nó forais eile ann chun an fhaisnéis a shrianadh nó a dhiúltú. Bheinn
an-bhuartha dá dtiocfadh patrún chun cinn nach raibh comhlachtaí poiblí
chomh hoscailte trína iarraidh ar dhaoine den phobal úsáid a bhaint as
iarrataí Saorála Faisnéise chun faisnéis a fháil is ceart a bheith ar
fáil gan dul i muinín an Achta um Shaoráil Faisnéise. Gabhann tábhacht
níos mó leis seo sa mhéid gur cumasaíodh faoin Acht um Shaoráil
Faisnéise (Leasú), 2003, táillí a thabhairt isteach le haghaidh
faisnéise neamhphearsanta arna hiarraidh faoin Acht.
Beidh mé ag faire amach go mór chun a chinntiú go dtugtar don phobal rochtain iomlán agus phras ar fhaisnéis dá bhfuil siad i dteideal sa ghnáthshlí gan iallach a chur orthu dul i muinín ghnáis an Achta um Shaoráil Faisnéise. Déanfaidh mé aon bheart riachtanach in aghaidh comhlachtaí poiblí faoi mo shainchúram nach n-urramaíonn an teidlíocht sin. Tuairisceoidh mé freisin ar aon chásanna comhchosúla a dtagaim orthu i dtuarascálacha bliantúla amach anseo.
