- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - An tOmbudsman agus Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil
An tOmbudsman agus Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil
Faoin Acht Ombudsman, 1980, tugtar an cumhacht dom an fhaisnéis go léir
a fheiceáil a measaim í a bheith bainteach le hábhar le linn cás a
scrúdú. Mar shampla, foráiltear go sainiúil faoin Acht nach féidir le
Ranna pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil a éileamh d'fhonn rochtain ar a
gcomhairle dhlíthiúil a shéanadh orm. Feictear dom go bhféadfadh sé go
bhfuil mearbhall éigin i dtaobh an phointe seo i roinnt Rann.
Le linn na bliana d'iarr mé cóip de chomhairle dhlíthiúil a
fuair an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i ndáil le
gearán a rinneadh in aghaidh na Roinne sin. Dhiúltaigh an Roinn i
dtosach báire an chomhairle sin a sholáthar ar an mbonn go raibh tugtha
le fios ag an gcomhairleoir dlí go raibh sí i dteideal m'iarraidh a
dhiúltú. D'éiligh an comhairleoir dlí, ainneoin théarmaí an Achta
Ombudsman, 1980, go raibh an chomhairle dhlíthiúil sin faoi réir
pribhléide dlíthiúla. Sa chás seo, cuireadh an chomhairle ar fáil do
m'Oifig ar deireadh ach sin ar an mbonn go raibh comhairle roimhe ar an
ngearán ar leith soláthairte cheana féin. Bhí an Roinn mar sin féin den
tuairim nár fasach é, díreach toisc gur sholáthair siad an chomhairle
an turas sin.
Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirtear i gcuimhne na
Rann go bhfuil téarmaí an Achta Ombudsman, 1980, réasúnta sainiúil agus
glan soiléir nuair a luaitear:
�Aon oibleagáid rúndacht a choimeád nó aon srian eile ar eolas a
nochtadh a fuair Roinn Stáit nó státseirbhíseach a fhorchuirtear leis
an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963, ní bhainfidh sin le scrúdú ná le
himscrúdú ag an Ombudsman faoin Acht seo, [agus] ní bheidh ag an Stát,
i ndáil le haon scrúdú nó imscrúdú den sórt sin, teideal chun aon
phribhléide i leith doiciméid a thabhairt ar aird nó fianaise a
thabhairt den sórt a cheadaítear le dlí in imeachtai dlí.�
Faoi Alt 7(1)(a) den Acht foráiltear freisin:
�Féadfaidh an tOmbudsman, chun críocha réamhscrúdaithe nó
imscrúdaithe aige faoin Acht seo, a cheangal ar aon phearsa a bhfuil, i
dtuairim an Ombudsman, eolas ina sheilbh aige, nó a bhfuil doiciméad nó
ní faoina chumhacht nó faoina rialú, a bhaineann leis an scrúdú nó leis
an imscrúdú an t-eolas, an doiciméad nó an ní sin a thabhairt don
Ombudsman agus, i gcás ar iomchuí sin, a cheangal ar an bpearsa
láithriú os a chomhair chun na críche sin agus déanfaidh an phearsa de
réir na gceanglas.�
Sa chás sainiúil seo is ábhar imní dom é nár aithin an Roinn agus a comhairleoir dlí go dtugann forálacha an Achta Ombudsman dom an ceart soiléir chun comhairle dhlíthiúil a lorg chun gur féidir liom scrúdú iomlán a dhéanamh ar ghearán.
