Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Cúiteamh i leith Caillteanais Cumhachta Ceannaigh do Phinsinéirí i Scéimeanna Aoisliúntais

Cúiteamh i leith Caillteanais Cumhachta Ceannaigh do Phinsinéirí i Scéimeanna Aoisliúntais
Faoin Acht Ombudsman, 1980, cuirtear ó chumas orm imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, nó a dtéann i gcion ar na téarmaí nó coinníollacha sin, lena n-áirítear iad sin faoina bhfuil sochair aoisliúntais iníoctha. Nuair nach mbaineann croí an ghearáin leis na téarmaí nó coinníollacha sin, áfach, ach in áit sin go mbaineann sé le riaradh scéime e.g. diúltú comhlachta phoiblí maidir le tionchar díobhálach dearmaid riaracháin a mhaolú, bíonn feidhm ag mo dhlínse sa ghnáthshlí.

Fuair mé gearáin ó thriúr pinsinéirí a bhí ina bhfostaithe boird sláinte nó a raibh a gcéilí ina bhfostaithe. Ghearán siad go ndearnadh na pinsin nó na cnapshuimeanna a fuair siad ar scor dóibh roinnt blianta roimhe a ríomh go míchruinn. D'aithin na Boird i gceist ina dhiaidh sin na hearráidí a rinneadh, agus d'athraigh siad na híocaíochtaí pinsin agus cnapshuime go dtí an leibhéal ceart. Bhí íocaíocht cnapshuim faighte ag gach duine chun riaráiste iomchuí a chlúdach. Dhiúltaigh na Boird, áfach, cúiteamh a íoc i leith an chaillteanais cumhachta ceannaigh sna hidirthréimhsí. Níor mheas siad go raibh údarás acu cúiteamh dá leithéid a íoc faoin reachtaíocht aoisliúntais iomchuí.

Bhraith mé go raibh sé éagóir pionós a ghearradh ar na pinsinéirí i ngeall ar earráidí a rinne na Boird. Bhraith mé freisin go raibh na cinntí gan na cineálacha seo cásanna a chúiteamh ag teacht salach ar riaradh cóir agus slán. Shaothraigh mé an tsaincheist seo leis an Roinn Sláinte agus Leanaí. De réir phrionsabal an chúitimh mar a cuireadh in iúl ag mo réamhtheachtaí agus ar mhaithe le dea-chleachtas riaracháin, chuir an Roinn scéim i bhfeidhm a lamhálfadh do bhoird sláinte íocaíochtaí cúiteacha a dhéanamh le tagairt don Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, ar bhonn ex gratia, i gcás go bhfuil moill curtha ar aisíocaíochtaí nó íocaíochtaí sochar nó go bhfuil siad siartharraingthe thar thréimhse fhairsing ama mar thoradh ar earráid, ar mhíchiall, ar dhearmad nó ar ghníomh comhchosúil eile, le linn scéimeanna aoisliúntais a oibriú.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun gníomhartha na Roinne a admháil agus a mholadh maidir leis sin. Is mór agam a thabhairt d'aire go bhfuair an triúr pinsinéirí cúiteamh de réir threoirlínte na Roinne a eisíodh chuig gach bord sláinte i mí na Nollag 2003.

Back to contents