- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003
Caibidil 4 - Rochtain agus Feasacht Phoiblí
Rochtain agus Feasacht Phoiblí
Le linn na bliana lean m'Oifig den obair thábhachtach maidir lenár
seirbhísí a thabhairt chuig limistéir áitiúla ar fud na tíre agus i
mBaile átha Cliath d'fhonn rochtain agus feasacht i measc an phobail i
gcoitinne a mhéadú. Thug m'fhoireann cuairteanna míosúla ar roinnt
Ionad Eolais do Shaoránaigh (IESanna) agus tugadh cuairteanna
réigiúnacha lae ar dhá shuíomh.
Is iad Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus an Chúlóg na IESanna
ar tugadh cuairt orthu i 2003. Fuarthas 263 ghearán nua san iomlán le
linn na gcuairteanna sin, a raibh 182 díobh bailí agus 81 (31%) díobh
neamhbhailí. Arís eile táimid faoi chomaoin na IESanna as a dtacaíocht
chun an tseirbhís seo a thabhairt.
Thug baill foirne ó m'Oifig cuairteanna lae ar Ghaillimh agus ar Phort Láirge freisin. Fuarthas 135 ghearán nua san iomlán mar thoradh ar na cuairteanna sin, a raibh 113 díobh bailí agus 22 (16%) díobh neamhbhailí. Is é a bhí in iomlán na ngearán bailí nua a fuarthas mar thoradh ar na cuairteanna míosúla agus lae ná 295 ghearán. Tá sonraí faoi chlár cuairteanna 2004 le fáil ó láithreán gréasáin m'Oifige ag www.ombudsman.ie
