Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Cuairteoirí ar m'Oifig

Cuairteoirí ar m'Oifig
I mBealtaine bhuail mo réamhtheachtaí le hOmbudsman nuacheaptha na bPinsean, an tUasal Paul Kenny.

Le linn na bliana fuair m'Oifig cuairteanna ó dhá ghrúpa éagsúla ó Uganda. Is é an cuspóir a bhí leis na cuairteanna ná faisnéisiú a fháil ar obair na hOifige agus ar na cumhachtaí reachtúla atá agam chun gearáin a réiteach. Bhí an chéad chuairt ann i mí an Mheithimh agus áiríodh uirthi toscaireacht ó Stiúrthóireacht Uganda um Eitic agus Macántacht, Foireann Chigireachta an Rialtais agus Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. I mí Mheán Fómhair thug toscaireacht Pharlaimint Uganda cuairt ar an Oifig, a raibh an Rt. Hon. Edward Kiwanuka Ssekandi, Feisire Parlaiminte, Ceann Comhairle Pharlaimint Uganda.

I mí Aibreáin 2003 ceapadh iar-Ombudsman na Gréige, P. Nikiforos Diamandouros, mar Ombudsman na hEorpa agus ba mhór agam bualadh leis i mí Iúil chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna comhleasa. Táim ag súil leis an gcomhoibriú torthúil idir ár dhá n-oifig.

I mí Dheireadh Fómhair 2003, thug Ms Alice Brown, Ombudsman Sheirbhísí Poiblí na hAlban, agus Ms Judie Sadler, ball sinsearach dá foireann, cuairt ar an Oifig. Tionóladh caibidlí i ndáil le saincheisteanna pleanála agus freisin i ndáil le próisis agus nósanna imeachta m'Oifige sa réimse láimhsithe gearán. Thug siad cuairt freisin ar an mBord Pleanála agus ba mhaith liom cúnamh fhoireann an Bhoird Pleanála a aithint as Ombudsman Sheirbhísí Poiblí na hAlban a éascú, go háirithe, Ms Berna Grist, Comhalta den Bhord a thug faisnéis di, ar gearrfhógra, ar chóras pleanála na hÉireann.

Back to contents