Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2003

Caibidil 4 - Fógraí arna n-eisiúint faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980

Fógraí arna n-eisiúint faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980
Nuair a bhíonn moill shuntasach ar thaobh comhlachta phoiblí freagairt do m'Oifig le linn di scrúdú a dhéanamh ar ghearán eisítear fógra reachtúil faoi Alt 7 ina lorgaítear an fhaisnéis riachtanach. Rinneadh miondealú ar an líon fógraí arna n-eisiúint a fhoilsiú den chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil m'Oifige do 1998. Sa bhliain sin eisíodh 45 fhógra san iomlán. I 1999 laghdaíodh an líon sin go 27 bhfógra agus i 2002 laghdaíodh arís é go 14 fhógra. Bhí méadú go 19 bhfógra i 2001 agus eisíodh 16 fhógra san iomlán i 2002.

Comhlacht

Líon Fógraí arna nEisiúint faoi Alt 7

An Státseirbhís

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

3

An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

1

Clár na gCara-Chumann

1

Údaráis Áitiúla

Comhairle Contae Dhún na nGall

1

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

1

Comhairle Contae na Gaillimhe

1

Comhairle Contae Laoise

1

Comhairle Contae Mhaigh Eo

1

Comhairle Baile an Náis

1

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

1

Iomlán

12



Is mór agam a thabhairt d'aire go bhfuil an líon fógraí arna n-eisiúint faoi Alt 7 i 2003 ar an líon is ísle a taifeadadh i m'Oifig ó tosaíodh ar na figiúirí a fhoilsiú. Is ábhar díomá a fheiceáil, áfach, go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar bharr an liosta don cheathrú bliain as a chéile agus gur eisíodh breis is leath na bhfógraí chuig údaráis áitiúla.

Back to contents