Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005

Caibilid 1 - Brollach agus Réamhrá

Déanaim leis seo an triú Thuarascáil Bhliantúil a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid de bhun forálacha Alt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980. Is í seo an 22ú Tuarascáil Bhliantúil atá curtha faoi bhráid an Oireachtais i ndáil le hobair Oifig an Ombudsman ó bhunaíodh í sa bhliain 1984.

 

Emily Ní Raghallaigh

Iúil 2006

Déanfaidh an fhoireann agus mé féin ár seacht ndícheall sna blianta atá romhainn a bheith inniúil do na freagrachtaí nua atá curtha orainn

Réamhrá

Rinne an chéad Tuarascáil Bhliantúil a rinne mé sa bhliain 2003 cur síos ar ról m’Oifige i ndáil le daoine ar an imeall agus le daoine leochaileacha. Is cuimhin liom ionadh a bheith ar thráchtaire áirithe maidir le sin, ag lua gurb é sin an ról ba shoiléire agus ba threise os cionn aon ról eile a bhí againn. Mar sin féin is iomaí gearán a thagann chugam ó dhaoine seachas daoine atá ar an imeall nó daoine leochaileacha, ach gur daoine iad a chuireadh ar mhíbhuntáiste airgid nó eile de bharr gníomhaíochtaí an Stáit. Ar an dtaobh eile, tá go leor daoine atá ar an imeall agus atá leochaileach, soghonta, trí sheanaois, míchumas nó tinneas nach raibh ar a gcumas tairbhe a bhaint as cumhachtaí m’Oifige, toisc, b’féidir, nár tháinig an comhlacht poiblí a bhí gnó acu leis faoi chúram nó faoi dhlínse Oifig an Ombudsman. É sin, nó, mar atá i gcás daoine le míchumas, nach raibh sainmhíniú soiléir déanta de réir dlí ar na cearta chun seirbhísí áirithe a fháil.

Maidir le cúram, bhain an cás is sonraíche ar fad leis an seirbhís sláinte toisc gurb í fírinne an scéil nár tháinig ospidéil deonacha na tíre faoi chúram na hOifige seo. Tá seo athraithe anois leis an Acht Sláinte 2003. Tagann gach soláthraí seirbhíse d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoi mo chúram anois agus beidh gach duine a úsáideann seirbhísí an FSS i dteideal gearán a dhéanamh faoi na seirbhísí sin chomh luath is a bhíonn na rialacháin faoi mheicníocht reachtúil an Achta um ghearáin a dhéanamh foilsithe ag an Roinn Sláinte agus Leanaí.

Forleathann an tAcht Míchumais 2005 an ról riaracháin phoiblí atá agam freisin. Tá cumhachtaí ag m’Oifigse anois chun déileáil le gearáin i ndáil le daoine le míchumas ionas go mbeidh siad ábalta teacht ar, nó úsáid a bhaint as seirbhísí agus foirgnimh poiblí. Tabharfaidh seo caoi do m’Oifig, maille le cúram forleathnaithe na sláinte, páirt níos mó fós a thógáil ag cuidiú leo siúd atá ar an imeall, na daoine atá leochaileach agus na seandaoine, agus, fós, ag cur feabhais ar an gcóras sláinte agus ar chóras na seirbhíse do dhaoine le míchumas.

I limistéir na sláinte, beidh láimhseáil na ngearán im Oifigse arna threorú ag an Ráiteas um Chleachtas is Fearr i gComhair na Seirbhíse Sláinte a d’fhoilsigh an Oifig le déanaí. Chuireadh é seo le chéile mar chuid de mo thuarascáil go dtí an FSS a foilsíodh le déanaí freisin, ag déanamh achoimriú ar thaithí m’Oifige go dtí seo ar an gcóras sláinte agus ag déanamh moltaí le haghaidh seirbhíse níos fearr a chur ar fáil. Is í mo thuairim go gcaithfidh an t-othar a bheith i gcroí-lár na seirbhíse sin agus go gcaithfear an chéad áit a thabhairt do chúram an othair, do shábháilteacht an othair, do dhínit an othair, do rúndacht an othair agus do shaincheist toile an othair i ndáil le haon tsocruithe le haghaidh cóirithe leighis agus aon ní eile. Beidh tosaíocht á thabhairt feasta freisin do chaighdeán an chúraim mhaolaithigh in institiúidí cúraim sláinte poiblí.

Fáiltím go mór le forleathnú cúraim Oifige an Ombudsman. Déanfaidh an fhoireann agus mé féin ár seacht ndícheall sna blianta atá romhainn a bheith inniúil do na freagrachtaí nua atá curtha orainn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann as ucht a ndúthrachta agus a dtacaíochta i gcaitheamh na bliana. Go háirithe, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’Ard-Stiúrthóir, Pat Whelan agus le Tom Morgan, John Doyle agus le Dave Morrissey as an obair barr feabhais atá déanta acu chun an Tuarascáil Bhliantúil seo a chur le chéile.

Back to contents