Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005

Caibidil 2 - An Ombudsman agus Earnáil ns Seirbhíse Sláinte

Is iomaí gearán a tháinig go dtí m’Oifigse i gcaitheamh na mblianta ó dhaoine nach raibh cearta a bhí dlite dóibh ar eolas acu

Tá sé curtha romham an chaibidil seo a dhíriú ar earnáil na seirbhíse sláinte mar gheall ar an raon mór d’forbairtí sonracha atá tagtha chun cinn le déanaí agus atá chun teacht go luath san earnáil sin. Forbairtí iad sin a bhfuil toradh acu ní hamháin ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí agus sa tseirbhís sláinte ach freisin ar an obair atá ar siúl i m’Oifig féin. Tá sonraí maidir le roinnt cásanna suimiúla curtha isteach agam, cásanna a raibh baint agam leo sa bhliain 2005.

FEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE - TUARASCÁIL TÉAMACH

Sa bhliain 2005 rinneadh, b’fhéidir, an leasú ba bhunúsaí ar sheirbhísí sláinte na hÉireann ó bhunú an Stáit i leith. Cheap mé go mba chóir an fhorbairt seo a mharcáil trí athbhreithniú a dhéanamh ar thaithí m’Oifige ag déileáil le gearáin in earnáil na sláinte poiblí agus na seirbhísí pearsanta sóisialta. Téim i mbun an athbhreithnithe seo i gcomhthéacs Ardchaighdeán agus Cothroime, an Straitéis Sláinte Náisiúnta. Aontaím le fís agus le mian na straitéise sin chun córas a chruthú a thacaíonn agus a chumasáíonn an duine aonair a lánacmhainn sláinte a bhaint amach. Is é sin córas den sórt atá ar fáil, atá cothrom agus córas gur féidir muinín a chur ann agus a thógann ceann de thuairimí an duine aonair féin.

Sonraíonn mo chuid tuarascálacha bliantúla na bealaí éagsúla a d’fhág m’Oifigse toradh ar bheathaí gnáthdhaoine a raibh cúis acu gearáin a dhéanamh faoinár seirbhísí sláinte; teaghlaigh ag lorg freagraí ó ospidéil maidir le cúram a muintire féinig (go háirithe má bhí bás i gceist), seanóirí ar thóir cúraim in-acmhainne atá dlite dóibh, tuismitheoirí ag lorg liúntas do pháistí faoi mhíchumas trom, ag ceistiú an easpa seirbhísí sláinte dá gclann, nó ag cur isteach ar chartaí leighis nó seirbhísí sóisialta a bhaineann le sláinte. Tá iarmhairt dhíobháileach ina chodladh in easpaí seo sna seirbhísí sláinte, rud atá curtha abhaile do chách le hachrann leanúnach seo na dtithe altranais. D’éirigh seo as an loiceadh fadtéarmach gan mídhleathacht na ngníomhartha a chuir muirir ar othair i dtithe altranais poiblí agus institiúidí eile a aithint.

Ní lú tábhacht é ról m’Oifige ag cuidiú leis na soláthraithe seirbhíse céanna chun feabhas a chur ar a gcuid seirbhísí trína n-aird a tharraingt ar dhearmaid agus ar chleachtais míchothroma agus iad a threorú ar bhealach níos fearr chun cúram sláinte poiblí a chur ar fáil. Is minic a deir lucht gearáin liom gur cóir go mbeadh ceacht le foghlaim ag soláthraithe seirbhísí as na dearmaid a dhéantar ionas nach mbeadh na fadhbanna céanna ag daoine eile feasta. I gcaitheamh na mblianta bhí caidreamh idir m’Oifig agus na gníomhaireachtaí sláinte poiblí ag iarraidh caighdeán níos fearr a fhorbairt sna cinní a dhéantar le linn do sheirbhísí a bheith á gcur ar fáil don phobal. Bhí m’fhoireann i gcaidreamh leis na Boird Sláinte, mar a bhí, agus le grúpaí gairmiúla faoi leith. Seoladh seimineáir agus ceachtanna oiliúna faoi shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le gearáin a fhiosrú, le prionsabail an dea-riaracháin, le dea-chleachtais sa tseirbhís phoiblí, le ceartais úsáideoirí na seirbhíse sláinte agus le bainistiú na ngearán. Bhí béim dheimhneach i gcónaí ag baint leis an idirghníomhú sin .i. an bealach is fearr chun caighdeán na seirbhísí sláinte a fheabhsú. Tugann an ról oideachasúil seo páirt mar "chara léirmheastúill" don Ombudsman agus tá súil agam go ndéanfar an ról seo a fhorbairt níos fearr fós le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le háiseanna eile a sholáthraíonn seirbhísí sláinte poiblí.

D’aithin mé go raibh deis ann an gnó seo a fhorbairt níos fearr trí thuarascáil speisialta, bunaithe ar thaithí m’Oifige, a dhéanfadh gearáin i dtaobh na seirbhíse sláinte a fhiosrú agus a tharraingeodh aird an FSS, ar shaincheisteanna ábhartha. Ní chun na teipeanna a aimsiú amháin atá mar chuspóir sa tuarascáil seo, ach, freisin chun díriú ar na ceachtanna a d’fhéadfadh a bheith le foghlaim ag an FSS. Ní mór a thuiscint go díreach cad is mí-riarachán ann, an tábhacht atá le taifid cuí a choimeád, go háirithe taifid leighis agus altranais, an tábhacht atá ag baint le dea-chumarsáid idir na foirne leighis, altranais agus riaracháin agus idir an fhoireann atá i gcúram na sláinte, na hothair agus a gcuid teaghlach. Tá an riachtanas ann freisin a admháil go ndearnadh dearmad, má rinneadh, agus i gcás dá leithéid go mbeidh sé ar chumas na foirne aon fhadhb a réiteach, ag cloí más féidir le bunchúis an ghearáin agus, ag an am céanna ag díriú ar chearta na n-othar, go háirithe ar an gceart chun cóiriú leighis sábháilte a fháil.

Ceann de na gnéithe is tábhachtaí sa Tuarascáil sin is ea Ráiteas faoin Chleachtas is Fearr i gcomhair oibrithe i seirbhís na sláinte nuair atáthar ag déileáil le hothair. Tá seo bunaithe ar thaithí m’Oifige ag déileáil le gearáin i gcoinne na n-ospidéal a bhí faoi riarachán na mBord Sláinte mar a bhíodar. Cuirtear san áireamh sa Ráiteas na treoirlínte eiticiúla a d’fhoilsigh an Chomhairle Leighis, agus Cód an Iompair Ghairmiúil a d’fhoilsigh an Bord Altranais. In éineacht le hAcht an Ombudsman, tá sé d’aidhm agam an Ráiteas seo a úsáid mar fhrámaíocht sa scrúdú a dhéanfaidh mé ar ghearáin i dtaobh chúram na sláinte poiblí. Tá súil agam go nglacfaidh na gníomhaireachtaí sláinte go léir go deimhneach leis an Ráiteas agus go n-iompóidh sé amach ina fhírinne bheo do na hothair go léir.

Foilsíodh an Tuarascáil a rinne mé don FSS i Mí na Bealtaine 2006 agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige [www.ombudsman.ie].

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Limistéir Thiar Thuaidh-Tuarascáil faoin Imscrúdú ar Ospidéal Ginearálta Shligigh

D’fhoilsigh mé tuarascáil i 2005 faoi imscrúdú a rinne mé ag éirí as gearán ó theaghlach, go bhfuair a n-athair bás i Mí Eanáir, 2000, dhá lá tar éis dó a bheith glactha isteach san Ospidéal Ginearálta i Sligeach.

Is féidir an tuarascáil a léamh ar láithreán gréasáin na hOifige [www.ombudsman. ie], agus tá dhá ní tromchúiseach ag baint leis 1) easpaí i gcaighdeán an chúraim agus an aireachais a thug an t-ospidéal don othar, agus 2) an bealach uireasach a láimhseáil an t-ospidéal an gearán a rinne an teaghlach ina dhiaidh sin faoi chaighdeán an chúraim agus an aireachais.

Tá an-fhonn orm a chinntiú go gcaitear le hothair sna hospidéil poiblí le dínit, le hurraim agus le híogaireacht, agus go ndéantar gearáin ó na hothair agus óna ngaolta a láimhseáil ar mhodh cuí, cothrom agus go neamhchlaon. Sa tuarascáil seo cuirtear freagraí ar fáil ar chuid mhór ceisteanna a d’ardaigh an teaghlach tar éis dá n-athair bás a fháil agus é i gcúram an ospidéil, agus tá cáineadh inti faoin mhodh a láimhseáil an t-ospidéal an gearán a rinneadar iar sin.

Tá sraith moltaí sa tuarascáil seo a bhfuil d’aidhm iontu caighdeán an chúraim agus na gnásanna a fheabhsú chun déileáil le gearáin san ospidéal. Ghlac an t-ospidéal agus an Bord Sláinte Thiar Thuaidh, mar a bhí, leis na moltaí seo go léir.

Is minic a deir na gearánaithe gur cóir d’ospidéil ceacht a fhoghlaim as na botúin a rinneadh ionas nach mbeadh na fadhbanna céanna á bhfulaingt ag daoine arís is arís eile. Is sa chomhthéacs seo a chuir mé romham an tuarascáil seo a fhoilsiú ionas go mbeadh sí ar fáil don phobal i gcoitinne agus go háirithe d’Fheidhmeannacht nua na Seirbhíse Sláinte. Bhí mé ag súil go nglacfadh córas na n-ospidéal i gcoitinne leis na ceisteanna a ardaíodh agus leis na ceachtanna a d’fhoghlaimíodh as.

AN tACHT MÍCHUMAIS 2005

I measc rudaí eile, cuireann an tAcht Míchumais 2005 de cheangal ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh teacht ag daoine le míchumas ar fhoirgnimh agus ar sheirbhísí poiblí. Ó 31ú Nollaig, 2005, amach, chuir an tAcht síneadh le mo dhlínse sa mhéad is gur féidir le m’Oifig déileáil anois le gearáin mura bhfuil an rochtain á chur ar fáil de réir na reachtaíochta. Fairis sin, tá sé de cheangal ar roinnt Ranna Rialtais pleananna earnálacha a ullmhú le faisnéis i dtaobh na mbeartanna atá ceaptha chun na seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine le míchumas, laistigh de thréimhsí ama socraithe, faoi mar a shamhlaítear san Acht. Is féidir liom gearáin faoi theipeanna faoi sin a fhiosrú freisin.

Tá acmhainní curtha i leataobh agam mar ullmhúchán i gcoinne gearán faoin Acht seo agus tá gnásanna agus córais á gcur i bhfeidhm le deimhniú go ndéanfar é seo go héifeachtach. Tá mo chuid oifigeach ag teagmháil le sé chinn de Ranna Rialtais a bhfuil de cheangal orthu pleananna earnálacha a ullmhú faoin Acht maidir leis na gnásanna chun gearáin a dhéanamh nach mór a chur sna pleananna. Is iad na sé Ranna atá i gceist ná, an Roinn Sláinte agus Leanaí, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Roinn Iompair, an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Tá sé curtha romham alt a chur isteach ar láithreán gréasáin na hOifige maidir le mo ról féin faoin Acht Míchumais, agus tá bileog faisnéise á ullmhú freisin. Nuair a bheidh an obair ullmhúcháin seo ar fad déanta, déanfaidh mé fógraíocht chun na tuisceana coitianta i dtaobh mo ról faoin Acht Míchumais a chur chun cinn.

AN tACHT SLÁINTE 2004

Cloch mhíle an-tábhachtach i bhforbairt Oifig an Ombudsman ba ea an tAcht Sláinte 2004. Ó 1985 i leith bhí mo dhlínse teoranta do gníomhartha riaracháin na mBord Sláinte agus na nospidéal a bhí go díreach faoina rialú. Tá foráil sa reachtaíocht nua maidir le gnáis reachtúil gearáin a chur ar bun sa tseirbhís sláinte, ní amháin sna seirbhísí a chuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar fáil, ach freisin, le haghaidh na ngníomhaireachtaí a sholáthraíonn seirbhísí sláinte nó seirbhísí sóisialta pearsanta thar cheann an FSS, nó iad siúd a bhfaigheann cúnamh ón FSS chun seirbhísí den chineál céanna nó seirbhís coimhdeach a chur ar fáil.

Is é an toradh glan a bheidh leis an bhforbairt seo ná go dtiocfaidh na mórospidéil i gceantar Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar na hOspidéil Deonacha Poiblí, go dtiocfaidh siad san isteach faoi mo dhlínse. Mar an gcéanna le hospidéil den chineál céanna agus institiúidí ar fud na tíre a sholáthraíonn seirbhísí thar cheann an FSS do dhaoine le míchumas intleachta, chomh maith le raon leathan gníomhaireachtaí a bhfaigheann cúnamh ón FSS chun seirbhís sláinte nó seirbhís shóisialta phearsanta a chur ar fáil. Faoi mar atá le reachtaíocht an mhíchumais, tá acmhainn curtha le chéile agam mar réamh-ullmhúchán chun déileáil le gearáin faoi na Rialacháin nua seo. Tá gnásanna agus córais á gcur in áit i láthair na huaire chun a bheith siúráilte go ndéanfar an gnó seo le héifeacht. Freisin, beidh mo chuid oifigeach ag teagmháil leis na comhlachtaí seo maidir lena gcuid gnásanna i gcomhair gearán. Tá sé romham dul i mbun feachtais phoiblíochta chun na tuisceana coitianta a ghéarú maidir le mó ról faoi na gnásanna reachtúla nua chun gearán a dhéanamh chomh luath is a achtaítear na rialacháin.

MUIRIR NA dTITHE ALTRANAIS

Tá foráil sa Bhille (Scéim Aisíocaíochta) Sláinte atá le bheith achtaithe sa bhliain 2006 le haghaidh scéime chun na muirir sláinte a aisíoc, muirir a ghearradh go mídhleathach ar dhaoine faoi chúram cónaitheach fadtéarmach, maoinithe go poiblí, daoine a bhí i dteideal tairbhe iomlán a fháil gan mhuirear. Rialálann an Bille cuntais maoine príobháideacha na n-othar trí fhrámaíocht reachtúil a thabhairt isteach chun leas na n-othar a chosaint. Tá na socraithe seo tabhachtach mar gheall ar an méad airgid a d’fhéadfaí a chuir sna cuntais seo. Mar atá le gnéithe eile de na seirbhísí sláinte poiblí is é ról an Ombudsman ná daoine a chosaint ó ghníomhartha míchothroma, fabhtacha, éagóracha ó dhaoine a bhfuil de dhualgas orthu na haisíocaíochtaí seo a dhéanamh. Tá sé á thuaradh agam go mbeidh gearáin ag teacht chugam faoi rialachas na scéime, faoi shonraíocht na bhfoirmeacha, faoin tosaíocht a thabharfar d’éilitheoirí beo, faoi thaifid amhrasacha, faoi mhéad na n-aisíocaíochtaí, srl. Bíodh chomh leochaileach is a atá nádúr na ndaoine atá cáilithe chun iarratas a dhéanamh faoin scéim, déanfaidh mé gach dícheall a dheimhniú go dtabharfar an chosaint is fearr atá ar fáil dóibh chomh maith le teacht éasca a bheith ar fáil dóibh ar mheicníocht mhalartach réitithe aighnis, leithéid m’Oifige féin. Agus an ról seo á chur i bhfeidhm agam, déanfaidh mé mo dhícheall a dheimhniú go gcaithfear leis na daoine seo le dínit, urraim agus le híogaireacht, agus go ndéanfar gearáin ó dhaoine aonair nó óna ngaolta a láimhseáil ar mhodh cóir, cothrom agus neamhchlaon.

CÁSANNA SUIMIÚLA SEIRBHÍSÍ SLÁINTE 2005 A RINNEADH CÚRAM DÓIBH

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Limistéir an Iarthair Gearán faoi Chúram Iar-Obráide

Baineann an gearán seo leis an mbealach a láimhseáil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Limistéir an Iarthair, gearán an othair maidir lena cúram iar-obráide san ospidéal tar éis obráide le haghaidh ailse cíche. Bhí an chéad litir a chuir sí chuig an FSS ag cur síos go díreach ar an gcúram san ospidéal agus an cóiriú leighis a fuair sí. Dúirt an gearánaí nár tháinig an máinlia ná a fhoireann shinsearach chun féachaint uirthi go ceann cúig lá tar éis na hobráide. Dúirt an máinlia gur tháinig an fhoireann shinsearach chuici gach lá agus gur tuairiscíodh a staid chuige, staid a bhí sásúil go leor dar leis. Cheap sé go mbeadh sé níos fearr, b’fhéidir, dá gcasfadh sé féin agus Stiúrthóir Altranais an ospidéil uirthi ionas go bhféadfadh sí míniú a thabhairt faoi na cúiseanna nach raibh sí sásta leis an gcúram agus leis an aireachas san ospidéal nuair a bhí sí ann.

Chuireadh in iúl don ghearánaí faoin gcruinniú a bhí á thairiscint chun an cás a phlé agus d’fhiafraíodh dí an mbeadh sí ábalta a bheith i láthair. Dúirt sí mar fhreagra gur theastaigh freagra i scríbhinn uaithi ar na ceisteanna a bhí curtha aici agus go mb’fhéidir go smaoineodh sí ar chruinniú amach anseo nuair a bheadh an freagra úd faighte aici. Tar éis an freagra seo a fháil, d’admhaigh an máinlia gur ndearnadh an obráid ar an Aoine agus nach raibh a fhoireann ag freagairt glaonna ar feadh an deireadh seachtaine dar gcionn. Mar sin féin, d’áitigh sé go raibh orduithe tugtha don bhfoireann a bhí i gcúram glaonna a fháil, gurb é dá dtarlódh fadhbanna, go d’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh lena fhoireann féin le fón póca. Dúirt sé freisin gur théarnaigh an gearánaí go maith agus nach fhulaing sí deacrachtaí ar bith. Thug sé le fios gur thug a fhoireann féin cuairt ar na mbardaí gach maidin, gur thógadar sonraí na nothar agus gur thuairiscíodar dó féin faoi aon fhadhb a chasfaí orthu. Bhí ócáidí ann nuair a bhí sé féin agus a fhoireann broidiúil san obrádlann, i gclinicí na nothar seachtracha nó gafa le coinní eile. Mar sin, dar leis, níorbh aon ionadh nach bhfacthas an gearánaí go ceann roinnt lá tar éis na máinliachta. Mar sin féin, bheadh sé coimeádta ar an eolas faoi dhul chun cinn an othair i gcónaí.

Cuireadh na ráitis seo ar aghaidh chuig an ngearánaí. Bhí sí fós míshásta leis an bhfreagra agus sheol sí gearán ar an ábhar chuig an bPríomh- Oifigeach Feidhmiúcháin (POF) den Fheidhmeannacht Seirbhíse Sláinte (FSS), Limistéir an Iarthair. Lorgaíodh ráiteas eile arís faoin ghearán ar an máinlia. Thagair seisean don mhéid a bhí ráite aige cheana agus dúirt arís go raibh sé fós sásta casadh leis an ngearánaí agus an cás a phlé. Ní raibh an gearánaí sásta leis an bhfreagra seo agus rinne sí teagmháil le m’Oifig.

Chun a bheith éifeachtach dar liomsa, ba cheart don chóras gearáin a bheith neamhchlaon, fuinniúil, críochnúil agus ábalta muinín an ghearánaí agus na bhfoirne is ábhar den ghearáin a choinneáil ar gach chéim den phróiseas. Tar éis dom an gearán seo a fhiosrú dhealraigh sé dom nach bhfaigheadh an gearánaí dearcadh ar an bpróiseas a roghnaíodh, mar cheann a bhí neamhchlaon amach is amach, sé sin an t-achoimriú a rinneadh ar an gcéad fhiosrú agus socrú an chruinnithe gan iarraidh uirthi ná a haontú a lorg. Ní raibh aon fhianaise ann go ndearnadh taifid an ospidéil/an othair a scrúdú ná gur cuireadh agallamh ar aon duine eile a bhí ag baint le cúram iar-obráide an ghearánaí ná gur chuireadh agallamh ar aon bhall foirne eile sa bhfiosrú nó san athfhiosrú a rinneadh. Le fírinne, níor scrúdaíodh na taifid go dtí go rinne sí féin teagmháil le POF na Feidhmeannachta. Scrúdaigh m’fhoireann féin na taifid agus dhealraigh sé go raibh roinnt easaontachta fianaise i ndáil le tinreamh na foirne máinliachta nach bhfaigheadh aoinne ach foireann fiosrúchain an FSS féin a thabhairt le chéile agus iad ag déanamh scrúdaithe dá gcuid féin ar an ábhar. Chuige sin, níor mhór agallaimh leis na baill foirne ábhartha a shocrú.

Scríobh mé go dtí an FSS ag déanamh achoimre ar mo thuairimí faoin gcás. Scríobh an FSS ina dhiaidh sin chuig an ngearánaí ag cur in iúl go raibh athbhreithniú déanta agus go mba léir nach raibh an fiosrú chomh críochnúil ná chomh cuimsitheach agus ba chóir dó a bheith. Ghabh an FSS leithscéal as an gcrá, as an gceataí agus as an anró a d’fhulaing an gearánaí agus as an mbealach a láimhseáladh an gearán agus ghlacadh go hiomlán nach raibh sé ceart ná cóir. Dúirt an FSS freisin gur iomaí ceacht a bhí foghlamtha acu as an ngearán agus go raibh athbhreithniú déanta ar pholasaí idir an dá linn agus go raibh na ceachtanna curtha i ngníomh. Bhí an gearánaí sásta leis an toradh seo.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Limistéir Lár Tíre

Ríaráistí Íocaíochtaí Forlíontacha i gcomhair Aiste Bia a Diúltaíodh

Fuair mé gearán ó fhear a bhí ag freastal ar chlinic dhiaibéitis áitiúil in Ospidéal Ginearálta an Tulaigh Mhóir ó 1993 i leith. Níor chuireadh in iúl don fhear ag an chlinic go mb’fhéidir go mbeadh sé i dteideal íocaíocht fhorlíontach i gcomhair aiste bhia. Íocaíocht is ea an forlíonadh seo atá iníoctha faoi na Rialacháin um Liúntas Leasa Forlíontach (LLF). Is féidir le duine a bheith i dteideal forlíonaidh i gcomhair aiste bhia ar oideas dhochtúra (aiste beagán costais nó ar chostas níos airde) má tá an duine ag fulaingt ó aicíd áirithe éigin. Sa chás seo bhí an gearánaí curtha ar aiste ar bheagán costais ag an ndochtúir.

Ní bhfuair an gearánaí eolas faoin bhforlíonadh seo go dtí 2003 tríd an Oifig Leasa Pobail Áitiúil. Chuir sé isteach ar fhorlíonadh i gcomhair an aiste bhia i Mí Bealtaine 2003 agus fuair sé é le siardhátú trí mhí ar dtúis agus tugadh riaráistí trí mhí eile dó nuair a rinne sé achomharc. Is é an siardhátú sé mhí seo an t-uasmhéad atá ceadaithe go reachtúil, fiú má tá cúis mhaith ann don mhoill ag déanamh an iarratais faoin LLF. Mar sin féin bhraith sé gur ceart dó tuilleadh riaráistí a fháil toisc go raibh sé ag fulaingt ó dhiaibéiteas ó 1992 i leith agus bheadh sé i dteideal an fhorlíonaidh ar bhonn ioncaim dá dtabharfaí comhairle dó an t-iarratas a dhéanamh ag an am sin.

Is iomaí gearán a tháinig go dtí m’Oifigse i gcaitheamh na mblianta ó dhaoine nach raibh cearta a bhí dlite dóibh ar eolas acu, agus murach tríú páirtí éigin ní bhfaighdís an t-eolas ar chaoi ar bith b’fhéidir. Cé gur faomhadh na hiarratais uathu, de réir mar a shásaíodar critéir na cáilíochta, diúltaíodh aon riaráistí a íoc ar an mbonn nár cheadmhach íocadh ach amháin ó dháta an iarratais amach. D’áitigh na gearánaithe nár tugadh leide dá laghad riamh dóibh go raibh a leithéid de liúntas ar fáil in ainneoin na teagmhála a bhí acu leis na húdaráis sláinte. Dá bhrí sin bhí an deis caillte acu cur isteach ar an liúntas ó dháta ní ba thúisce, liúntas a bheidís i dteideal a fháil b’fhéidir.

Ní bhíonn an taithí céanna ag gnáthdhaoine ar scéimeanna agus seirbhísí mar a bhíonn ag foirne sna seirbhísí sláinte. Tá sé tábhachtach mar sin a bheith cinnte go bhfuil na córais faisnéise cóir ag obair chun cearta na ndaoine a chur ar eolas dóibh. Is tábhachtaí fós a leithéid nuair atá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag plé go gairmiúil le daoine le míchumas nó le daoine leochaileacha. Ba chóir go bhfaigheadh daoine mar sin an fhaisnéis go pras is go cuimsitheach maidir le haon liúntais ar leith a d’fhéadfadh a bheith dlite dóibh.

Ba chúis buartha dom, in ainneoin go raibh an gearánaí i dteagmháil go rialta leis an gclinic dhiaibéitis ó 1992 i leith, nár chuireadh in iúl dó go raibh an íocaíocht fhorlíontach seo le haghaidh aiste bhia ar fáil, agus, dá bhrí sin, nach bhfuair sé an deis iarratas a dhéanamh air níos túisce. Ar iarratas uaimse rinne an FSS, Limistéir Lár Tíre, an cás a athbhreithniú agus rinneadh íocaíocht ex gratia de €1,500 don ghearánaí mar chúiteamh. De bhreis ar seo, ionas go bhfaigheadh daoine eolas faoi cad a bhí ar fáil dóibh, foilsíodh bileoga eolais a bhí le scaipeadh go forleathan sna hospidéil, na hionaid sláinte, na clinicí diaibéitis, agus ar lucht gairme ag obair le hothair, daoine mar altraí sláinte poiblí, gnáthdhochtúirí agus altraí cleachtais.

Is é croí lár gnó m’Oifige maidir leis an FSS ná a bheith cinnte go gcaitear le daoine atá ag brath ar sheirbhís sláinte poiblí, go gcaitear leo le dínit, urraim agus le híogaireacht agus go ndéantar gearáin ó dhaoine aonair, nó óna ngaolta a láimhseáil ar mhodh cóir, cothrom agus neamhchlaon. Mar sin féin ní lú an tábhacht atá ag gnó m’Oifige ag cuidiú leis na soláthraithe seirbhíse céanna chun a gcuid seirbhísí a fheabhsú trí aird a tharraingt ar dhearmaid agus ar chleachtais éagothroma agus iad a threorú i dtreo slite níos fearr chun cúram sláinte poiblí a chur ar fáil. Sampla an-mhaith is ea toradh an ghearáin seo den tslí gur féidir le gearán ó dhuine amháin próiseas foghlama a thionscnamh, próiseas as a dtiocfaidh feabhsúcháin a dhéanfaidh fadhbanna den chineál céanna a sheachaint amach anseo. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do ghníomhartha an FSS sa mhéid seo.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéir an Chósta Thoir

Leaba ar Chonradh Aistharraingthe

Rinne bean teagmháil liom mar gheall ar a máthair aosta a raibh pairilis uirthi i gcliatháin amháin, maille le radharc lagaithe agus neamhchoinneálacht. Bhíodh a hathair ag tabhairt aire dá máthair sa bhaile go dtí go bhfuair sé Galar Alzheimer agus chuireadh isteach san ospidéal é. Bhí Carta Leighis ag an mháthair agus bhí cúram thí altranais de dhíth uirthi. Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéir an Chósta Thoir, leaba ar chonradh dí i dteach altranais príobháideach toisc nach raibh leapacha poiblí ar fáil a oirfeadh dí ag an am. Go mífhortúnach, d’éag athair na mná agus, gairid ina dhiaidh sin, chinn an bord sláinte an leaba ar chonradh a bhaint ar ais óna máthair agus measúnú a dhéanamh uirthi le haghaidh fóirdheontais thí altranais. Tháinig sé chun solais as an measúnú seo go raibh acmhainn ag an seanbhean os cionn teorann an fhóirdheontais toisc gurb í úinéir a tí féin í agus chuireadh ioncam barúlach san áireamh bunaithe ar an luach a bhí measta don teach muintire. D’áitigh an gearánaí nach raibh aon airgead i dtaisce ná árachas beatha de chineál ar bith ag a máthair agus níor tógadh ceann ar bith d’iasachtaí a bhí le híoc aici ná do speansais sochraide nuair a rinneadh an cinneadh nach raibh sí cáilithe le haghaidh fóirdheontais. Dá thoradh sin, chuireadh an teaghlach faoi bhrú millteach ag iarraidh costais an tí altranais a íoc.

Tar éis fiosrúcháin ó m’Oifigse, chuir an FSS in iúl go raibh an leaba ar chonradh tugtha dí ar choinníoll go ndéanfaí an measúnú ar a hacmhainní. Tar éis breithniú ar na taifid agus an comhfhreagras idir an FSS agus an teaghlach ní bhfuair mé rian a thabharfadh le fios go raibh an leaba ar chonradh coinníollach ar aon mheasúnú dá shórt. D’iarr mé ar an FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh mar bhrath mé nach raibh sé cóir ná cothrom go mbainfí an leaba ar chonradh ó sheanbhean díreach tar éis dá fear céile bás d’fháil. Agus é sin in ainneoin go raibh tuiscint aici go raibh an leaba ar chonradh tugtha dí ar shocrú buan. D’aontaigh an FSS an leaba ar chonradh a thabhairt ar ais do mháthair an ghearánaí agus costais an tí altranais phríobháidigh a íoc ón dáta a rinneadh an leaba ar chonradh a bhaint uaithi.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéir an Tuaiscirt agus Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh

Líúntas Cíosa a Diúltaíodh

Sa chás seo mac léinn lánaimseartha ba ea mac an ghearánaí. Bhí galar dona néareolaíoch ag gabháil dó agus bhí Liúntas Míchumais á fháil aige. Bhí sé ag freastal ar an gcoláiste agus ina chónaí ar an gcampas. Bhí iarratas curtha isteach ar liúntas cíosa aige, atá iníoctha faoin scéim liúntais chíosa, le cuidiú le costas an chónaithe ar champas nuair a thosaigh sé sa choláiste sa bhliain 1999. Diúltaíodh dá iarratas áfach toisc gur mac léinn lánaimseartha a bhí ann. Bhí seo faoi réir Ailt 127(1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1995 a deir nach bhfuil duine i dteideal liúntais fhorlíontaigh leasa shóisialaigh le linn dó/dí a bheith ag gabháil do chúrsa staidéir lánaimseartha. Chuir sé isteach air arís sa bhliain 2003 ach diúltaíodh dó arís.

Tá scéim an liúntais fhorlíontaigh leasa faoi riarachán na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte (FSS) thar cheann an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Nuair a diúltaíodh an liúntas i 2003 ag Bord Sláinte Limistéir an Tuaiscirt, mar a bhí, rinne sé achomharc go dtí an Oifig Seirbhíse Poiblí, Faisnéise agus Achomharc de chuid an Bhoird Sláinte. Nuair a diúltaíodh an t-achomharc ansiúd rinne sé achomharc chuig Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh. Rinneadh an cás a bhreithniú faoi Alt 172(3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1995 a fhorálann, in ainneoin de théarmaí Ailt172(1), gur féidir liúntas forlíontach a íoc, i gcás má cheaptar go bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist. D’fhreastail sé ar éisteacht béil a bhain leis an achomharc a rinne sé ach diúltaíodh don achomharc ar an mbonn nach raibh an tOifigeach Achomhairc sásta gur taispeánadh go raibh imthosca eisceachtúla ann a bharántódh forlíonadh cíosa a íoc.

Ón scrúdú a rinne mé ar an gcás dhealraigh sé dom go raibh an bonn taobh thiar de chinneadh an Oifigigh Achomhairc ina ábhar amhrais. Bhraith mé go raibh fianaise ann a thabharfadh le fios go raibh imthosca eisceachtúla sa chás seo agus go raibh meath tagtha ar chúinsí pearsanta an iarratasóra ó 1999 i leith. I measc na gcúiseanna a bhí taobh den tuairim seo bhí na nithe seo a leanas:

  • d’fhulaing sé ó galar a bhí ó nádúr forchéimnitheach agus meathlaitheach agus, mar sin, ní fhéadfadh aon ní ach meath a theacht ar a shláinte;
  • bhí fadhbanna eile sláinte tagtha air idir an dá linn; 
  • scor a thuismitheoirí ón obair i Samhradh na bliana 2000 agus bhí orthu iasacht chumann chreidmheasa a ardú chun cuidiú le oideachas a mic.

Scríobh mé mar sin go dtí an Príomh Oifigeach Achomhairc ag fiafraí an raibh ceist ann faoi léirmhíniú an Oifigigh Achomhairc maidir le cad a thuigfí le himthosca eisceachtúla ar bhonn na fianaise atá achoimrithe thuas agus an meath a tháinig ar chúinsí pearsanta an iarratasóra ag an am a thosaigh sé an bhliain deiridh staidéir. D’iarr mé ar an Phríomh-Oifigeach Achomhairc an t-iarratas a bhreithniú arís.

Tar éis dó an t-iarratas a bhreithniú thug an Príomh-Oifigeach Achomhairc le fios go raibh sé socair aige a ghlacadh go raibh dóthain athraithe in imthosca an iarrtasóra sa bhliain dheireanach sa choláiste chun go bhfaighfí foráil na n-imthosca eisceachtúla a fheidhmiú ar an iarratas. Dá bhrí sín, chinn sé, de bharr imthosca neamhghnácha an iarrtasóra, cinneadh an Oifigigh Achomhairc a chealú. Mar thoradh, bhí mac an ghearánaí i dteideal liúntais chíosa ar an ráta iomchuí le haghaidh iostais sa choláiste sa bhliain deireanach.

Back to contents