Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005

Caibidil 3 - Cásanna Roghnaithe

"Tá riamh áitithe agam go bhfuil cearta bunúsacha ag daoine a úsáideann seirbhísí poiblí."

Cásanna Roghnaithe

AN STÁTSHEIRBHÍS

An Roinn Talmhaíochta agus Bia - Aighneas maidir le Modh Áirimh na hÍocaíochta Aonair Feirme

I rith na bliana fuair mé cuid mhór gearán faoi scéim na nÍocaíochtaí Aonair Feirme. Níorbh aon ionadh a leithéid is dócha mar bhí athrú mór sa scéim seo sa bhealach ina raibh íocaíochtaí feirme á riaradh in Éirinn. Bhí chuid mhór de na gearáin ag baint leis na forálacha sa scéim ar a dtugtar force majeure. Chuireadh na forálacha seo i bhfeidhm ionas go bhfaighfí cúinsí eisceachtúla áirithe a chur san áireamh a mbeadh toradh éigin acu, b’fhéidir, ar tháirgeadh an feirmeora sa tréimhse thagartha 2002-2003, an tréimhse a bhí roghnaithe i gcomhair íocaíochtaí a áireamh faoin scéim nua. Cé gur glacadh gur tháinig cúinsí force majeure chun cinn i gcaitheamh na mblianta tagartha seo go léir, bhí rogha ag an Roinn tréimhse thagartha eile a úsáid, is é sin 1997-1999.

Fuair mé gearán ó fheirmeoir a chuir iarratas isteach go ndéanfaí na blianta tagartha don Íocaíocht Aonair Feirme a athrú ó 2000-2002 go dtí 1997-1999 ar bhonn forálacha force majeure na scéime. Ba é an bonn an bhí aige leis an iarratas ná go raibh sé ag fulaingt ó Ghalar Hodgkins. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gcás ar thosach, d’aontaigh an Roinn an bhliain 2001 a fhágáil as, an bhliain a rinneadh diagnóis ar an ngalar, ach níor ghéilleadh go bhféadfaí na blianta 2000 agus 2002 a fhágáil as an áireamh.

Nuair a fuair an fhoireann agamsa an gearán rinneadar taighde faoin ngalar, ar an idirlín cuid mhór, chun a fháil amach cérbh iad na hairíonna a bhain le Galar Hodgkins. Thacaigh formhór na faisnéise a bhí ar fáil leis an dtuairim gur aicíd a bhí inti a léireodh airíonna troma ar fad, ní hamháin roimh diagnóis ach freisin tar éis don chóiriú leighis a bheith déanta. Rinne an fhoireann an cheist a phlé leis an bhfeirmeoir, agus, dá thoradh sin, iarradh air tuilleadh fianaise tacaíochta a sholáthar ón dochtúir a bhí ag tabhairt aire dó. Chuaigh an feirmeoir ar ais chuig an ndochtúir, Ollamh agus speisialtóir i nGalar Hodgkins, agus chuir seisean tuarascáil mhionshonraithe ar fáil do m’Oifigse. Bhí sé soiléir ón dtuarascáil sin go raibh an-iarmhairt ag staid na haicíde ar chumas feidhmithe an ghearánaí ar feadh tréimhse fada roimh an diagnóis fhoirmiúil agus freisin ar feadh tréimhse fada tar éis na diagnóise. Bhí sin de thoradh na haicíde agus an dianchóirithe a fuair sé.

Mheas mé go raibh an tuarascáil chomh tábhachtach sin gur chuir mé cóip ar aghaidh chuig an Roinn agus d’iarr mé orthu an cás a bhreithniú athuair ar bhonn na faisnéise nua. Tar éis dóibh an fhianaise a bhreithniú, d’aontaigh an Roinn an dhá bhliain a fhágáil amach, an bhliain sula rinneadh diagnóis ar an bhfeirmeoir go hoifigiúil agus an bhliain i ndiaidh dó an cheimiteiripe a fháil. Bhí de thoradh ar seo gur athraíodh na blianta tagartha ar bhealach go bhféadfaí difríocht de €15,000 ar fad a bheith i gceist thar tréimhse na scéime.

Bhí mé an-bhuíoch as torthaí an cháis seo agus is dóigh liom gur léirigh sé an luach breise is féidir le m’Oifigse a chur le cás, chomh fada is a bhaineann le aird an fheirmeora a dhíriú ar an riachtanas chun an fhaisnéis a chur ar fáil mar thacaíocht don chás a bhí aige. Ar an dtaobh eile thug seo deis don Roinn an cás a scrúdú arís, nuair ba léir go m’fhiú é sin a dhéanamh. Ba chóir dom a rá freisin go bhfuil moladh tuillte ag an Roinn as déileáil chomh mear is chomh tuisceanach leis an ngearán, chomh luath is a chuireadh an fhaisnéis nua ó dhochtúir an ghearánaí in iúl dóibh.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil - Modhanna Imeachta Fabhtacha maidir le Sainiú Cheantair Speisialta Cosanta

Fuair an Ombudsman romhamsa, Kevin Murphy, gearán sa bhliain 2000 ó dhuine amháin, gur fhoilsigh Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna agus na Fiabheatha de chuid Dúchas agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (atá anois mar chuid den An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil) léarscáil ag leagan amach an limistéar a bhí molta mar leathnú ar an gCeantar Speisialta Cosanta (CSC) i mBaile Átha Cliath i nDumhach Trá/Inbhear na Tolca faoi Threoir na nÉan bh- Fiáine 79/409/Comhphobal Eorpach.

Dhealraigh sé ón léarscáil seo gur áiríodh an limistéar a bhí ceaptha i gcomhair forbartha ag Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, tar éis a bheith i dteagmháil leis an gCuideachta Poirt, rinne Dúchas an limistéar a bhí le áireamh faoin CSC a laghdú, agus baineadh amach as an limistéar a shíl an Chuideachta Poirt a fhorbairt. Níor foilsíodh an léarscáil nua go dtí gur shainigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an limistéar ar 25ú Samhain, 1999 i Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Caomhantas na nÉan bhFiáine) (Leasú), 1999 (I.R.367 de 1999).

Mhaígh an gearánaí gur athraíodh an CSC mar oiriúint don Chuideachta Poirt agus nár chuir an Chuideachta Poirt aon fhianaise eolaíoch ar fáil chun eisiamh an láithreáin forbartha a chosaint ar bhonn na córa, de réir mar a bhí de cheangal faoi na Rialacháin.

Rinne mé réamhscrúdú an-leathan agus thug mé faoi deara go sainiúil:

  • gur fhoilsigh an Roinn fógrán nuachtáin le léarscáil a leasaíodh i ndiaidh comhráití,
  • nár chuireadh i scríbhinn, leis an gCuideachta Poirt; n nár fhoilsigh an Roinn léarscáil leasaithe go dtí gur sainíodh an CSC;
  • gur iarr an Roinn tuairimí, ar bhonn faisnéise míchruinne, ó pháirtithe a raibh spéis ar leith acu ann;
  • nár chuir an Roinn an fhianaise eolaíoch ar fáil ar a bhunaíodh an leasú.

Is í an bhreith a rinne mé sa deireadh go mba léir gur síníodh na Rialacháin ag sainiú an CSC, gan an fhianaise eolaíoch a bheith ar fáil a dhéanfadh an t-eisiamh a rinneadh, i ndiaidh na gcomhráití le Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, a chosaint ar bhonn na córa. Ba í mo thuairim freisin nach raibh sé cuí aighneachtaí a lorg ó pháirtithe le spéis san ábhar gan an t-eolas iomlán a thabhairt dóibh i dtaobh na bhfíricí taobh thiar de na haighneachtaí céanna a bheith á lorg. Dá mbeadh fios faoin leasú a rinneadh ar an limistéar tugtha don ghearánaí, nó do pháirtithe ar bith eile le spéis ann, bheadh an deis tugtha dóibh ansin fianaise eolaíoch ábhartha a chur isteach a d’fhéadfaí a mheas ansin, sa bhreith a rinneadh chun an CSC a shainiú.

D’iarr mé ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil (a bhí faoin am sin freagrach as) an scéal a athbhreithniú le hintinn na Rialacháin ábhartha a aisghairm agus na modhanna imeachta cóir a leanúint maidir le sainithe ar bith a bheadh le déanamh feasta.

D’aontaigh an Roinn le mórchuid de mo thuarascáil agus, cé gur admhaíodar go raibh máchailí i gcleachtais riaracháin, níor aontaíodh leis an mbreith iomlán a rinne mé.

Dúirt an Roinn mar fhreagra:

  • nach raibh seasamh dlithiúil ag an ngearánaí ná ag an eagraíocht a raibh sé ina bhall de (Dublin Bay Watch) mar pháirtithe le spéis san ábhar, i ndáil le próiseas an tsainithe;
  • cé go raibh sé de cheangal ar an Aire, le linn dó na Rialacháin a dhéanamh, aon agóidí a bhreithniú agus eolas a thabhairt do pháirtithe le spéis san ábhar, ní raibh ceangal ar bith ar an Roinn aon phróiseas comhairliúcháin a dhéanamh athuair leis na páirtithe céanna;
  • nár aontaíodar le mo bhreith gur leanadh modhanna imeachta mícheart nuair a rinneadh an sainiú gan an léarscáil leasaithe a fhoilsiú nó gan tuairimí breise a lorg ar bhonn an leasaithe;
  • nach raibh aon cheangaltas rialacháin ann sa chás seo léarscáileanna a chur le fógráin nuachtáin agus gur cleachtas riarachán é léarscáileanna taispeántacha a chur sna fógráin sin díreach mar chuidiú leis an bpróiseas.

Léirigh an Roinn na toscaí inar thug an t-oifigeach cuí an chomhairle eolaíoch a bhí riachtanach, de rá béil, tráth an tsainithe agus a bhreac ar chomhad í tráth níos déanaí ná sin. Ghlac an Roinn go hiomlán leis an gcáineadh a rinneadh ar chuid de na modhanna riaracháin ag an am, go háirithe i ndáil le taifeadadh comhaimseartha an phróisis. Ag cur le sin dúirt an Roinn gur chuireadh an-chuid feabhsúcháin a bhí riachtanach in áit ina dhiaidh sin agus go raibh an gearán a rinneadh ina chabhair anmhór ina thaobh sin.

D’áitigh an gearánaí go láidir go mba pháirtí le spéis san ábhar í an eagraíocht a raibh sé mar bhall di agus gur bhaineadh mí-bhuntáiste aisti de bharr na breithe a rinne an Roinn agus gur tháinig drochiarsmaí as modhanna imeachta fabhtacha na Roinne.

Tar éis dom na hargóintí breise seo a athbhreithniú go cúramach bhí mé den tuairim go raibh na breitheanna a achoimríodh sa tuarascáil a rinne mé de bharr an chéad scrúdaithe bailí fós. Cé gur ghlac mé le dearbhuithe na Roinne maidir leis na feabhsúcháin a bhí geallta feasta i ndáil le sainithe, bhí mé den tuairim go mba chóir don Roinn dul i mbun oibre agus an scéal maidir leis an CSC a chun ina cheart. Lean mé ag faire ar na cúrsaí faoi mar a bhíodar ag dul ar aghaidh.

Ba mhór an sásamh é nuair a chuala mé ón Roinn i Mí Dheireadh Fómhair, 2005, gur aontaigh Éire, mar thoradh ar chomhráití leis an gCoimisiún Eorpach, athshainiú a dhéanamh ar na Ceantair Speisialta Cosanta a bhí sainithe cheana, le bheith cinnte go raibh cosaint bhreise á thabhairt dóibh agus le cur san áireamh freisin gur sainaíodh cuid mhaith de na Ceantair sin sula raibh glactha eis na Rialacháin (Gnáthóga Nádúrtha) 1997. Tugann na Rialacháin sin an bonn dlíthiúil don chosaint sin. Tá an Roinn tar éis a thabhairt le fios go dtiocfaidh CSC Chuain Bhaile Átha Cliath faoin bpróiseas athshainithe seo agus go bhfuil sé i gceist moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir le seo i rith 2006 chun go mbeidh Cuan Bhaile Átha Cliath athshainithe mar Cheantar Speisialta Cosanta faoi Ionstraim Reachtúil nua.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncam - Míbhainistíocht ar Achomharc chuig na Coimisinéirí Achomhairc

Rinne íocóir cánach (ar chomhairleoir cánach é féin) gearán liom faoin mbealach a rinne na Coimisinéirí Ioncaim (na Coimisinéirí) agus na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a rinne sé i gcoinne Measúnaithe Leasaithe a bhainistiú. Mhaígh an t-íocóir cánach: n go raibh moill curtha ag na Coimisinéirí ag admháil agus ag freagairt a chuid litreacha;

  • go raibh a chuid litreacha i nGaeilge, ach aon uair a fuair sé freagraí is i mBéarla a bhíodar;
  • go raibh moill chúig bliana beagnach curtha idir dáta a achomhairc chuig na Coimisinéirí Achomhairc agus an dáta a socraíodh i gcomhair na héisteachta;
  • go raibh atráth comhaontaithe curtha leis an éisteacht agus ina dhiaidh sin gur theip ar na Coimisinéirí agus ar na Coimisinéirí Achomhairc freagra a thabhairt ar iarrataí uaidh i scríbhinn ag lorg soiléiriú ar rialú eatramhach na gCoimisinéirí Achomhairc, agus gur fágadh dall é faoin saincheist a bhí faoi dhíospóid agus faoin mbealach réitithe a bhí ceaptha;
  • go raibh Fógra Rabhaidh eisithe ina choinne ag an Ard-Bhailitheoir maidir leis na dliteanais faoi dhíospóid, a cheap seisean, an t-íocóir cánach, a bheith faoi achomharc, sin sular thugadh an deis dó, de réir a chirt, achomharc a dhéanamh. Mhaígh sé gur chuireadh an dara fógra chuige ag bagairt go ndéanfadh an Sirriam an dliteanais a fhorfheidhmiú in ainneoin gur chuir sé in iúl don Ard-Bhailitheoir nach raibh réiteach aimsithe ar an scéal.

Bhí an cheist ina ábhar aighnis ar feadh sé bliana sular chuir an t-íocóir cánach faoi bhráid m’oifige í.

D’éirigh an dhíospóid as breith a rinne na Coimisinéirí faoiseamh a aistharraingt ó infheistíocht i léiriúchán scannáin áirithe a bhí faofa roimhe sin le haghaidh Faoisimh Scannáin. B’fhiú €12,600 an faoiseamh sin don ghearánaí. Thángthas ar aontú idir na Coimisinéirí agus infheisteoirí áirithe eile faoin bhfaoiseamh a bheith á aistharraingt. Roghnaigh an gearánaí ina ionad sin cloí leis na bealaí achomhairc seanbhunaithe a bhí ar fáil dó.

Bhunaigh an tAire Airgeadais na Coimisinéirí Achomhairc chun dul i mbun dualgais áirithe faoi na hAchtanna Cánach, lena n-áirítear cásanna áirithe achomhairc d’éisteacht ó cháiníocóirí le gearáin i gcoinne cinntí na gCoimisinéirí. Déanann Acht an Ombudsman 1980 na Coimisinéirí Achomhairc a eisiamh go sonrach as mo dhlínse agus ní féidir liom gníomhaíochtaí riaracháin nó breitheanna na hOifige sin a fhiosrú.

Nuair a scrúdaigh mé gníomhaíochtaí na gCoimisinéirí sa chás seo, dúradh liom go tharla an mhoill i dtosach de bharr castacht theicniúil an ábhair agus gur eisíodh na Fógraí Rabhaidh de dheasca earráide riaracháin. Ghabh na Coimisinéirí leithscéal as an moill, as gan an t-íocóir cánach a choimeád ar an eolas agus as gan freagraí ar chomhfhreagras a bheith tugtha i nGaeilge. Thairgeadar dáta úr don éisteacht a shocrú.

Nuair a rinne mé tóraíocht breise ar an scéal leis na Coimisinéirí tháinig sé chun solais nach raibh a fhios acu go raibh comhfhreagras áirithe ar siúl idir an t-íocóir cánach agus na Coimisinéirí Achomhairc. De thoradh ar an bhfaisnéis seo, d’aontaigh na Coimisinéirí tarraingt siar as an bpróiseas achomhairc agus an bunliúntas a ghéilleadh don cháin-íocóir ina iomláine. Tá iarrtha agam ar na Coimisinéirí athbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna imeachta a bhaineann le hachomhairc chuig na Coimisinéirí Achomhairc d’fhonn aon mhoill a ghiorrú síos ar fad agus d’fhonn an chumarsáid le hOifig na gCoimisinéirí Achomhairc a fheabhsú.

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Modhanna Imeachta Riaracháin Fabhtacha

Fuair bean, a raibh Pinsean Easláine á fháil aici cuairt gan coinne ó Chigire Leasa Shóisialta mar thoradh ar líomhaintí a bheith faighte go raibh an bhean ag obair agus ag tarraingt an phinsin ag an am gcéanna. Bhí an bhean faoi anbhroid tar éis dí an cuairt úd a fháil. I ndiaidh comhfhreagrais leis an ngearánaí d’iarr mé tuarascáil ó Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh faoin scéal.

Ghlac an Roinn go raibh na líomhaintí faoin mbean gan aon bhunús. Mar sin féin, chinn ar an Roinn scéala a chur chuici faoin dtoradh a bhí le himscrúdú an Chigire nó míniú soiléir ar na cúrsaí a dhéanamh nuair a bhí an fiosrú críochnaithe.

Tá riamh áitithe agam go bhfuil cearta bunúsacha ag daoine a úsáideann seirbhísí poiblí. Ina measc siúd tá an ceart le héisteacht agus ceart na cúiseanna atá taobh thiar de chinní a bhaineann leo a fháil. Ba cheart aon scrúdú a dhéanfaí ar ábhar chomh tromchúiseach sin a dhéanamh ar mhodh cothrom trédhearcach. De bharr tromchúise na líomhaintí, d’fhéadfaí loiceadh na Roinne chun a cuid déileálacha ar fad leis an ngearánaí ag an am a mhíniú agus a thaifeadadh go sásúil a bheith áirithe mar chleachtas riaracháin éagothrom. Mar an gcéanna, ba chúis imní freisin gan cinneadh foirmiúil a bheith curtha go dtí an gearánaí ag deireadh an fhiosrúcháin.Tharraing mé aird na Roinne ar na nithe sin chun deimhin a dhéanamh de nach dtarlódh teipeanna den chineál feasta.

Mar fhreagra, gabh an Roinn leithscéal díreach leis an ngearánaí agus dhearbhaigh dom gur chuir an taithí a bhaineadh as an ngearán seo ar a gcumas cleachtais feabhsaithe riaracháin a thionscnamh maille le modhanna imeachta a dheimhneodh go dtabharfaí aird níos fearr feasta ar chinntí dá leithéid a chur in iúl agus ar na dtaifead a ghabhann leo a choinneáil.

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh - Iarratas ar Íocaíochta Teaghlaigh an Tuiste Aonair ar Diúltaíodh dó

Rinne tuiste aonair gearán maidir le diúltú a hiarratais le haghaidh Íocaíochta Teaghlaigh an Tuiste Aonair (ÍTTA). Rinne Oifigeach Cinnidh ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an t-éileamh uaithi a dhiúltú agus rinne an gearánaí an cinneadh a achomharc chuig Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh. I ndiaidh fiosrúcháin eile ag an Roinn, ar iarratas ón Oifigigh Achomhairc, diúltaíodh don achomharc ar an mbonn gur theip ar an ngearánaí a chruthú gur shásaigh sí na coinníollacha reachtúla maidir le hacmhainní. Bhí amhras nach beag ar an Oifigeach Achomhairc maidir le fírinne a cuid ráiteas agus a cuid aighneachtaí, agus níor chreid sé go raibh cuntas iomlán, neamhbhalbh, oscailte, macánta déanta aici den ghléas beatha agus na hacmhainní a bhí aici.

Ina dhiaidh sin scríobh an bhean go dtí an Oifigeach Achomhairc ag lorg léiriúcháin ar cérbh iad na coinníollacha reachtúla ar theip uirthi a shásamh maidir lena hacmhainní. D’iarr sí freisin ar an Oifigeach Achomhairc cén fhianaise bhreise a bheadh uirthi a chur ar fáil chun go mbeadh níos lú doiléire agus neamh-iomláine ag baint lena cuid aighneachtaí. Tar éis tuilleadh machnaimh a dhéanamh d’athluaigh an tOifigeach na tuairimí ag bhí aige arís maidir le cás an ghearánaí, agus thug le fios gur sheas an cinneadh a rinne sé cheana. Níor mheas sé go raibh an cinneadh earráideach de bharr botún éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó na fíricí. Níor thug sé freagra ar na cheisteanna áirithe a chuir an bhean.

Le linn dom fiosrúcháin a dhéanamh fuair mé amach go raibh an fhianaise chéanna a thug an bhean don Oifigeach Achomhairc tar éis a bheith glactha ag an Oifigeach Leasa Pobail (OLP) áitiúil le bheith dóthanach chun an Liúntas Forlíontach Leasa agus an Liúntas Cíosa a íoc (tá tástáil acmhainne ag baint le ceachtar acu). Tharla sin tar éis cinneadh an Oifigigh Achomhairc. Bhí an OLP sásta, tar éis roinnt agallamh pearsanta leis an mbean, go raibh na liúntais sin dlite di mar gheall ar a hacmhainní agus a gléas beatha.

Chuir an fhoireann agamsa agallamh ar an ngearánaí ina dhiaidh sin le fonn soiléiriú sonrach a fháil uaithi maidir leis na fadhbanna a luaigh an tOifigeach Achomhairc. As sin tháinig mé ar an tuairim, cé go raibh sé intuigthe go mbeadh amhras éigin cinnte ar an ar an Oifigeach Achomhairc faoin bhfírinne a bhí i ráitis agus in aighneachtaí na mná, ní dheachthas i mbun aon fhiosrúcháin le dealramh a rachadh, b’fhéidir, cuid den tslí chun an amhrais sin a dhíbirt. Is é is dóchúla go bhféadfaí machnamh níos doimhne a dhéanamh ar na gnéithe sin dá dtugadh an tOifigeach Achomhairc an bhreith ar an achomharc de thoradh éisteachta béil. Thabharfadh sin an deis dó an imní a bhí air faoi fhírinne ráiteas agus aighneachtaí an achomharcóra a thaighde níos fearr. D’fhéadfadh sé freisin fianaise i scríbhinn a lorg dá gceapfadh sé go raibh call leis. Thabharfadh sin an deis don achomharcóir fianaise a thabhairt a rachadh i dtreo, b’fhéidir, cuid den amhras a shásamh. Bíodh gur mar sin a bhí, d’iarr mé ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc (POA) in Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh, féachaint lena chumhachtaí a fheidhmiú faoi fhorálacha Ailt 263 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhtháthú), 1993 chun go ndéanfaí athbhreithniú ar an achomharc.

Mar fhreagra, dúirt an POA gur thuig sé cur chuige an Oifigigh Achomhairc gan éisteacht béil a eagrú, ach cheap sé go go cothrom mbeadh nithe le foghlaim, b’fhéidir, as ligean don achomharcóir a scéal féin d’insint. Thug sé faoi deara go raibh tréithe sa chás nach raibh in iarratais eile den chineál mar shampla athrú ainm/sloinne faoi dhó trí ghníomhas aon pháirtí, agus áitriú ag cúig chinn déag de sheoltaí difriúla. Dá bharr sin, agus easpa sainithe agus comhthacaíochta áirithe bhí deacrachtaí áirithe ann chun teacht i gceann ar chúinsí maireachtála na mná. In ainneoin na gnéithe sin rinne an POA cinneadh an Oifigigh Achomhairc a athbhreithniú ar an mbonn go raibh dearmad déanta maidir leis na fíricí. Thug sé an bhreith, mar sin, go raibh an bhean i dteideal an ÍTTA ón dáta a chuir sí an t-iarratas isteach a chéaduair.

FEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaiscirt Fóirdheontas Tí Altranais a Diúltaíodh

Rinne bean gearán liom thar cheann a máthar aosta a bhí mar othar i dteach altranais príobháideach. Bhí iarratas curtha isteach ag an ngearánaí d’Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaiscirt i gcomhair cabhrach i leith costais cúraim a máthar faoi Rialacháin Fóirdheontais na dTithe Altranais. Diúltaíodh don iarratas ar an mbonn go mba úinéir tí a máthair, bíodh is gur sa teach céanna a bhí cónaí ag an ngearánaí freisin. D’fhág diúltú na cabhrach, maille le nádúr neamhshocair na fostaíochta a bhí ag an ngearánaí, an bhean agus a máthair i ndrochstaid ó thaobh airgid de. Bhí an méid a bhí i dtaisce ag an seanbhean ar fad caite ar a cúram, rud a d’fhág an iníon sa chás go raibh uirthi smaoineamh ar an teach muintire a dhíol chun íoc as cúram a máthar.

Nuair a bhí an FSS ag áireamh teidlíochta na máthar, chuireadar i gcuntas an pinsean Stáit a bhí aici, a pinsean beag oibre agus luach measta cíosa as an scar a bhí aici sa teach muintire (50%). Bhí seo de réir rialachán na bhfóirdheontas. Mar sin féin, níorbh fhoráil docht daingin í seo, agus, go fírinneach, bhí discréid ag an FSS maoin a mheasúnú nó ceachtar acu neamh-aird a dhéanamh air le linn dóibh ceartas iarratasóra a ríomhadh. Bhraith mé go raibh bunús sna cúinsí seo chun go n-oibreodh an FSS an dhiscréid seo agus d’iarr mé go ndéanfaí an scéal a athbhreithniú.

Bíodh is go raibh an scéal mar a dúradh, ghlac an FSS go mbeadh anró thar fóir ó thaobh airgid i gceist, dá leanfaí ag measúnú an tí mhuintire. Thug an FSS le fios go raibh cinneadh déanta acu neamh-aird a thabhairt ar an teach agus fóirdheontas de €203.97 a cheadú.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar Chósta an Oirthir - Deontas Barrlíontach a Díultaíodh

Tháinig iníon de bhean scoth-aosta go dtí m’Oifig tar éis ardaitheoir staighre a bheith curtha isteach i dteach a máthar. Bhí deontas de 90% den chostas curtha ar fáil cheana ag an gComhairle áitiúil agus bhí iarratas déanta aici ar an iarmhír trí mheán "Deontais Bharrlíontaigh" ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Chósta Thoir. Tá seo iníoctha más sealbhóir charta leighis beag-acmhainneach an t-iarratasóir. Díoltaíodh don "Bharrlíonadh" ar an mbonn nár measadh an t-ardaitheoir staighre riachtanach toisc go raibh áiseanna ionlainne thíos staighre ag an mbean. Níor dhóigh leis an FSS go gcuirfeadh íoc na hiarmhíre (€830) as a póca féin an oiread sin anró airgid uirthi. Ina fhochair sin bhí an t-ardaitheoir staighre curtha isteach roimh próiseáil an iarratais i gcomhair an "Bharrlíonadh".

Thug mé faoi deara go mba shealbhóir chárta leighis í an t-iarratasóir agus gan de theacht isteach aici ach an Pinsean Seanaoise. Bhí a fear céile i dteach altranais príobháideach agus a chostas sin le híoc aici as an dá phinsean le chéile. Bhí teiripeoir gairme i ndiaidh ardaitheoir staighre a mholadh don bhean tar éis measúnú a dhéanamh uirthi agus bhí an deontas a bhí riachtanach faighte aici ón gComhairle. Níor thug an FSS ceann den mhéid sin nuair a bhí an t-iarratas á dhiúltú acu agus ní dhearnadar teagmháil leis an gComhairle chun an scéil a phlé. D’iarr mé ar an FSS an gearán a athbhreithniú de bhrí go mba ghá don bhean an stór uachtarach den teach a shroicheadh, agus, mar gheall ar a laghad is a bhí an teacht isteach aici, go gcuirfí anró thar fóir uirthi dá gcoimeádfaí siar an deontas. Cheadaigh an FSS an Deontas "Barrlíontach" ina dhiaidh sin.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar Chósta an Oirthir Aighneas faoi Chostais Thí Altranais

Rinne bean teagmháil liom i ndáil lena deirfiúr céile, nach maireann, a bhí ina sealbhóir chárta leighis. Scaoileadh isteach mar othar í in Ospidéal Colm Cille, Baile Uí Lochlainn i Mí na Samhna 2003. D’fhan an bhean seo (deirfiúr céile an ghearánaí) mar othar san ospidéal go dtí gur measadh í a bheith oiriúnach le haghaidh cúraim i dteach altranais. Chuireadh a hainm ar liosta feithimh le haghaidh cúraim i dteach altranais phoiblí. I Mí na Márta 2004 bhí géarchéim leapacha in Ospidéal Bhaile Uí Lochlainn agus d’iarradh ar an bhfoireann othair scoth-aosta a ainmniú a bheadh oiriúnach le bogadh amach chuig tithe altranais príobháideacha, bunaithe ar a gcuid riachtanas ó thaobh cúraim de. Bhí an bhean seo ar dhuine de sheachtar othar a aistríodh isteach i dtithe altranais príobháideacha i Mí Aibreáin 2004, toisc gan aon leapacha altranais phoiblí a bheith ar fáil ag an am. Bhí urrús tugtha dí go n-íocfadh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Chósta as costais an chúraim sa teach altranais príobháideach. Dhearbhaigh an Príomh-Oibrí Sóisialta agus Bainisteoir an Ospidéil freisin gur mar sin a bhí.

Mar sin féin, go gairid tar éis an aistrithe dúirt an FSS leis an mbean fóirdheontas a lorg. Ina dhiaidh sin scríobh an FSS chuig an ngearánaí i Mí Lúnasa 2004 á rá go mbainfí an leaba ar chonradh dá deirfiúr céile ó lár Mí Dheireadh Fómhair, agus lorgaíodh faisnéis i ndáil le húinéireacht agus luach na sócmhainní a bhí ag an mbean. D’eitigh an deirfiúr céile an fhaisnéis seo a sholáthar toisc gur thuig sí nuair a d’aontaigh sí don aistriú isteach i gcúram thí altranais phríobháidigh, go seasódh an FSS an costas go dtí go mbeadh leaba phoiblí ar fáil. Níor tharla sin go deireadh Eanáir, 2005, agus faoin am sin bhí costas trí mhí de churam thí altranais phríobháidigh rite i bhfiach ag an mbean, €13,000 beagnach, rud nach raibh ar a hacmhainn. Fuair an othair fhéin bás cupla seachtaine i ndiaidh di aistriú isteach i dteach altranais poiblí agus na fiacha ann fós. D’iarr mé ar an FSS an cás a bhreithniú arís mar shíl mé nach raibh sé cothrom an t-aontú maidir leis an leaba ar chonradh a tharraingt siar beagnach chomh luath is a bhí an bhean bogtha isteach i gcúram thí altranais phríobháidigh.

Rinne an FSS an scéal a mheas arís agus d’aontaigh siad méid na gcostas tí altranais a bhí curtha i bhfiach ag an mbean a aisíoc.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Réigiún an Oirthir, Limistéir an Tuaiscirt - Cárta Leighis a Diúltaíodh

Fuair mé gearán ó TD thar cheann fhir óig, 18 bliana d’aois, a raibh cárta leighis diúltaithe dhó ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaiscirt. Bhí an fear óg ag fulaingt le fadhbanna ainsealacha croí a raibh máinliacht croí-oscailte curtha air le deireanas dá bharr. Go mí-ámharach, braitheann cáilitheacht le haghaidh charta leighis do dhaoine idir 18 agus 25 ar cháilitheacht nó ar shealbhú charta leighis a dtuismitheoirí. Sa chás seo ní raibh na tuismitheoirí i dteideal carta leighis de bharr leibhéil an ioncaim a bhí acu. Tar éis dom comhad an FSS a scrúdú d’iarr mé orthu féachaint ar an gcinneadh arís, bunaithe ar fhaisnéis bhreise a fuair mé maidir le maoin saolta na dtuismitheoirí. Bhí faisnéis reatha agam faoi íocaíochtaí morgáiste, sonraí maidir le hiasachtaí agus slipeanna pá. Go hámharach d’iarr mé an t-athbhreithniú díreach ag an am céanna le rialacha nua a theacht i bhfeidhm a bhain le measúnú airgeadais mar bhonn cáilithe i gcomhair carta leighis. Thug na hathruithe sin an deis don FSS neamhshuim a chur sa cháin a íocann iarratasóir, costais réasúnta taistil (go dtí obair agus ar ais) agus costais réasúnta cúram leanaí. Bunaithe ar an bhfaisnéis úr a sholáthraigh mé agus an hathruithe sa mheasúnú airgeadais, cheadaigh an FSS carta leighis sa chás seo.

ÚDARÁIS ÁITIÚLA

Comhairle Bhaile Chloich na Coillte - Cúiteamh mar gheall ar Dhrochbhail Láithreáin

Fuair mé gearán ó fhear i ndáil le láithreán tógála a dhíol Comhairle Bhaile Chloich na Coillte leis faoi Scéim na nDeontas chun Láithreán a Cheannach. Cheannaigh sé an láithreán ón gComhairle agus chuir sé isteach ar chead pleanála chun teach a thógáil. Fuair sé an cead, ach nuair a thosaigh an tógáil fuarthas amach nach bhféadfaí fotha caighdeánach a chur síos de bharr líonadh isteach a rinneadh roimhe sin ar an láithreán. Mhaígh sé go mba chóir go mbeadh a fhios sin ag an gComhairle. Tar éis comhráití leis an gComhairle ba é an t-aon réiteach a bhí ar an bhfadhb ná fotha de phílí sáite a chur síos, rud bhí ní ba chostasaí ná an ghnáthfhotha. Fuair sé meastacháin ar an bhfotha stiallach traidisiúnta (caighdeánach) agus ar an bhfotha pílí. Chosnóidís €8,886 agus €24,704 faoi seach. Níor tháinig aon réiteach as comhfhreagras a rinne sé leis an gComhairle faoin scéal agus rinne sé teagmháil le mo Oifig i Mí Feabhra, 2004.

Nuair a chuaigh mé i dteagmháil leis an gComhairle dúradh liom go raibh tairiscint déanta ag an ngéaránaí, trína dhlíodóir, €10,000 a íoc i gcoinne costais an fhotha mar iarracht chun an fhadhb a réiteach. Bheartaigh an Chomhairle ansin go n-íocfaidís an difir idir costas an fhotha phílí agus an gnáthfhotha stiallach (€15,000) lúide €10,000 an ghearánaí. Ar an mbonn sin rinneadar tairiscint thart faoi €5,800 don ghearánaí i Mí na Bealtaine, 2004. Dhiúltaigh an gearánaí don tairiscint sin.

D’iarr m’Oifigse ansin cead féachana ar chomhfhreagras na Comhairle agus ar dhoiciméid a bhain leis an gcás. Dhealraigh sé, de bharr deacrachtaí gan coinne leis an láithreán, go mbeadh an gearánaí as póca de shuim thar €15,000 dá m’áil leis glacadh le tairiscint na Comhairle. Toisc nár léir go raibh sin de réir na córa ná réasúnta ag an am, d’iarradh ar an gComhairle i Mí Iúil 2004 an tairiscint a mhíniú.

Sna sála ar iliomad iarrataí, sholáthraigh an Chomhairle cóip den chomhad i Mí Dheireadh Fómhair 2004 agus chuireadar in iúl dom Oifig go rabhadar réidh leis in difir idir costas an ghnáthfhotha agus costas an fhotha phílí .i. €15,818 a íoc. Ghlac an gearánaí leis an dtairiscint sin.

Tar éis scrúdú mion a dhéanamh ar pháipéir na Comhairle agus an comhfhreagras idir an ngearánaí agus a dhlíodóirí, bhíos sásta gur chuir tairiscint na Comhairle chun costas breise an fhotha a mhaoiniú críoch réasúnta agus cothrom leis an scéal. Mar sin féin, ní raibh mé sásta leis an méid ama a thóg sé don Chomhairle an cheist a réiteach agus na costais breise a chuir sin ar an ngearánaí maidir le táillí dlíodóra, costais innealtóra srl. Bhí aird agam ar an méid ama agus trioblóide a chaith an gearánaí i ndiaidh a ghearáin. Scríobh mé go dtí an Chomhairle i Mí na Samhna 2004 ag tarraingt a n-aird ar na treoirlínte faoin dteideal "Sásamh - Botúin a dhéanamh agus rudaí a cheartú" a bhí foilsithe roimhe sin ag m’Oifig maidir le leigheas a sholáthar ar dhíobháil nó mí-chothroime. Tá ráite ansin:

"Nuair is léir go bhfuil iarrachtaí as an ngnáth déanta ag an ngearánaí nó go bhfuil anró fulaingthe aige/aici ag iarraidh cás a chur chin cinn, ba cheart go mbeadh sé mar chuid den leigheas a mholfaí go dtabharfaí cúiteamh bhfoirm íocaíochtaí i leith ama agus trioblóide a chaitheadh go réasúnta ag plé leis an ngearán mar aon le cúiteamh i leith na gcostas dearbhaithe a bhí ag gabháil leis."

D’aontaigh an Chomhairle an gearánaí a chúiteamh ar an mbonn seo, agus rinneadh íocaíocht eile de €2,000. Cé go molaim Comhairle Bhaile Chloich na Coillte as an gcás a réiteach i ndiaidh teagmháil a bheith déanta leo ag m’Oifigse, dealraíonn sé dá n-aontófaí costais breise an fhotha a íoc in am tráth ná beadh ceist ar bith ann maidir le cúiteamh os a chionn sin a íoc.

Comhairle Chontae na Gaillimhe Aighneas faoi Cheannachán Tionónta

Theip ar bhean a teach a dhíol de deasca moille ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

I Mí Iúil 2001 dhíol fear teach le Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus dhíol an Chomhairle an teach leis an mbean faoi Scéim na hÚinéireachta Comhroinnte. Ghabh sí seilbh ar an dteach sa bhliain 2001. Ina dhiaidh sin chuaigh sí chun an teach a dhíol i Mí Dheireadh Fómhair, 2003, agus fuair sí amach nach raibh aistriú na húinéireachta ón gcéad úinéir chuig an gComhairle curtha i gcrích go hiomlán. Dá bharr sin thit an beart díolacháin ar lár.

Nuair a rinne an bhean gearán le m’Oifig i Mí Dheireadh Fómhair, 2004, ní raibh an teach fós cláraithe faoi ainm na Comhairle in ainneoin gur cheannaíodh é trí bliana roimhe sin. Dá bhrí sin ní raibh an bhean i n-ann a teach a dhíol.

Dealraíonn sé nuair an bhí na doiciméid á n-ullmhú i gcomhair lóisteála i gClárlann na Talún go ndeachaigh an Gníomhas Aistrithe ón gcéad úinéir go dtí Comhairle Chontae na Gaillimhe amú sa bhealach go dtí an tAonad Tithíochta. D’ullmhaíodh Gníomhas Aistrithe nua i Mí na Nollag 2003 agus cuireadh chuig dlíodóir an bhun-úinéara é le haghaidh a shínithe. Ina dhiaidh sin, i Mí na Márta, 2004, lóisteáladh na doiciméid ábhartha i gClárlann na Talún.

Mar sin féin, i Mí Bealtaine, 2004, thug Clárlann na Talún le fios don Chomhairle go raibh doiciméid eile de dhíth, de bhun ordaithe ón gCúirt Teaghlaigh, chun go bhfaighfí an clárú a chur i gcrích. Ní raibh an gnó sin críochnaithe nuair a chuaigh an gearánaí ag triall ar m’Oifig.

Bhí mé den tuairim go raibh moill mhíréasúnta i gceist má chaith sé ceithre bliana chun an teach a chlárú in ainm na Comhairle agus d’iarr mé orthu athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a rinneadh an cás a láimhseáil.

Mar fhreagra, dúirt an Chomhairle go rabhadar sásta an teach a cheannach ón ngearánaí ar mhaithe le críoch sásúil a chur ar na cúrsaí go léir. Bhí an gearánaí sásta leis an socrú sin. D’fhág ceannach an tí ag an gComhairle an gearánaí ar ais sa riocht ina mbeadh sí dá mbeadh an Chomhairle tar éis an rud ceart a dhéanamh sa chéad áit. Ba mhaith liom tréaslú leis an gComhairle as an mbealach ar éirigh leo an fhadhb sách deacair seo a réiteach.

Comhairle Chontae Lú agus Comhairle Bhaile na hUaimhe - Aighnis maidir le Scéim na nDeontas do Dhaoine le Mhíchumais

I rith na bliana fuair mé roinnt gearán maidir le hiarratais faoi Scéim na nDeontas do Dhaoine le Míchumas.

I gcás amháin ag baint le Comhairle Chontae Lú, cheap bean a bhí gonta i dtionóisc oibreacha áirithe a dhéanamh ina teach chun freastail ar na riachtanais a bhí aici. Bhí aontú tugtha ag an gComhairle deontas a thabhairt chun folcadán a chur isteach nach raibh ach bealach leibhéalta amháin isteach ar an gcith a bhí ag ghabháil leis. Bhí an gearánaí míshásta le cinneadh na Comhairle agus rinne sí gearán le m’Oifig, á rá gur theip ar an gComhairle gníomhú de réir mholtaí Teiripeora Ghairme neamhspleách agus an tSuirbhéara Tógála chun bealach amach eile a dhéanamh mar shásamh ar na rialacháin sábháilteachta.

Is iad na Rialacháin ábhartha ná na Rialacháin Tithíochta (Deontais do Dhaoine le Míchumas agus Deisiúcháin Riachanacha) 2001, a sholáthraíonn mar a leanas:

"Is féidir le húdarás tithíochta deontas a íoc le duine chun spáis chónaithe breise a sholáthar nó chun oibreacha athchóirithe a chur i gcrích, atá, i dtuairim an údaráis, réasúnta agus riachtanach chun an teach a dhéanamh ní ba oiriúnaí mar áit chónaithe do bhall den teaghlach atá:

(a) faoi mhíchumas fisiciúil agus go bhfuil na hoibreacha riachtanach chun cónaí iomchuí a chur ar fáil dó/dí, nó.."

Nuair a chuaigh mé go dtí an Chomhairle leis an scéal chuireadar in iúl dom go ndearna an gearánaí iarratas a chur isteach chun seomra folctha a bhí ann a leagan agus fadú úr a chur leis an teach, fadú ina mbeadh seomra leapa agus seomra folctha. Ba é tuairim na Comhairle go bhféadfaí freastal ar riachtanais an ghearánaí trí athruithe a dhéanamh laistigh de bhallaí an tí mar a bhí sé, rud nach mbeadh chomh costasach céanna le fadú úr a thógáil. Dúirt an Chomhairle go nglacadar leis an dtuairim sin trí chomhairle a fuaireadar ón Oibrí Sóisialta agus Teiripeoir Gairme a bhí acu féin, agus nach raibh dualgas ar bith orthu géilleadh do mholtaí Theiripeora Ghairme ón dtaobh amuigh. Dúradar, mar sin féin, go rabhadar sásta an cás faoi dhoras breise ag dul amach a scrúdú, ach é bheith i gcomhthéacs struchtúir an tí mar a bhí sé, in áit mar chuid d’fhadú nua, mar a bhí á iarraidh ag an ngearánaí.

Bhuail foireann as m’Oifig leis an ngearánaí agus leis an gComhairle chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun a fháil amach conas mar a bhí ag an dá thaobh. As seo, bhí sé soiléir go raibh an gearánaí imníoch faoina riachtanais fadtéarmacha agus ag iarraidh soláthar a dhéanamh ar eagla go rachadh an bhail a bhí uirthi in olcas (go háirithe ó thaobh gluaiseachta de). Bhí fonn uirthi dul ar aghaidh leis an obair thógála a bhí molta aici. Bhí imní uirthi nach mbeadh an obair a bhí an Chomhairle sásta a cheadú dóthanach chun freastail ar a cuid riachtanas fadtéarmacha.

Thug an Chomhairle le fios go mbeidís sásta breithniú ar dheontas a cheadú maidir le hoibreacha sonraithe áirithe a d’fhéadfaí a chur mar chuid de na hoibreacha a bhí molta ag an ngearánaí. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an iarratas agus ina dhiaidh sin leithdháileadar deontas de €10,273 le haghaidh oibreacha sonraithe áirithe. Cheadaíodar an tsuim seo i gcoinne costais na n-oibreacha a bhí le déanamh ag an ngearánaí. Bhí an gearánaí sásta go gcuideodh an deontas chun costais iomlán na n-oibreacha a bhí beartaithe aici a ghlanadh. Bhí mé féin sásta freisin go raibh réasún le freagra na Comhairle. Toisc gur bhuail na páirtithe le chéile sa chás seo d’éirigh leo an seasamh a bhí ag an dá thaobh a shoiléiriú agus tuilleadh taighde a dhéanamh faoi. Ar an dóigh seo d’éirigh leo teacht ar an réiteach.

I gcás eile fuair mé gearán i gcoinne Comhairle Bhaile na hUaimhe thar cheann mná d’aois trí bhliana déag is ceithre fichid a raibh an oisteapóróis uirthi. Bhí an-deacracht aici ag dul suas staighre agus níor mhór dí cúnamh a fháil chun é seo a dhéanamh. De bhun comhairle gairmiúla a tugadh don ghearánaí agus dá teaghlach, chuireadar ardaitheoir staighre isteach, mar chuireadh le fios dóibh go raibh dainséar ann don ghearánaí agus don lucht cúnta. Mhaolaigh an t-ardaitheoir staighre ar fhaitíos na seanmhná roimh an staighre agus thug sé ábhar éigin neamhspleáchais dhí. Chuireadh iarratas isteach chuig Comhairle Bhaile na hUaimhe le haghaidh Deontais do Dhuine le Míchumas (DDM) i gcomhair an ardaitheora staighre. Chuir an Chomhairle in iúl don ghearánaí nach ceadmhach tús a chur le hoibreacha roimh cead a fháil i scríbhinn agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí an t-iarratas a fhaomhadh sa chás sin.

Tar éis teagmhála le m’Oifig rinne an Chomhairle an cás a athscrúdú gan mhoill. Thug an Chomhairle ceann de phráinn an cháis agus don chruthú go raibh gá ag an ngearánaí don áis a soláthraíodh, agus do na cúinsí speisialta a bhain leis an gcás. De thoradh ar sin chinneadar an DDM a íoc ar son na hoibre a rinneadh thar cheann na mná.

Déanaim tagairt don dhá chás seo mar shamplaí do Chomhairlí a bheith so-lúbtha agus ag gníomhú ar mhodh deimhneach chun deacrachtaí na ngearánaithe a réiteach. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tréaslú le Comhairle Chontae Lú agus le Comhairle Bhaile na hUaimhe, agus lena bhfoirne, as an mbealach a láimhseáladar na gearáin seo agus ba mhaith liom a mholadh do Chomhairlí eile an deashampla so-lúbtha seo a leanúint.

Comhairle Chontae Maigh Eo - Aighneas faoi Phraghas Ceannacháin Tionóntaí

Rinne Comhairle Chontae Maigh Eo teach a thógáil agus ligeadar ar chíos é go dtí lánú pósta sa bhliain 1995. Ba í máthair an fhir chéile a sholáthraigh an láithreán don Chomhairle. I Mi Meán Fómhair, 2003, chuir na gearánaíthe iarratas isteach chun an tí a cheannach faoi Scéim Ceannacháin Tionóntaí na Comhairle ar phraghas ceannacháin glan de €42,110. Bhí an luacháil sin le seasamh go ceann sé mhí ón dáta sin.

Cheadaigh an banc morgáiste do na gearánaithe. Mar sin féin, i Mí Mheithimh, 2004, chuir an Chomhairle in iúl do na gearánaithe nach raibh an Chomhairle inniúil ar an teach a dhíol ag an am sin. Faoi seo, bhí na gearánaithe ag íoc cíosa don Chomhairle agus ús don bhanc ar an iasacht.

I Mí Dheireadh Fómhair, 2004 d’athluacháil an Chomhairle an teach agus thairgeadar do na gearánaithe é ar phraghas glan athbhreithnithe de €49,390, méadú de €7,280 ar an gcéad praghas a thairgeadh é. Freisin, bhí an praghas seo le seasamh go ceann sé mhí. Chuaigh na gearánaithe faoi dhéin m’Oifig, ach, gairid ina dhiaidh sin, cheannaíodar an teach ar €49,390, mar bhí faitíos orthu go mb’fhéidir go rachadh an praghas suas arís chomh luath is a bhí an sé mhí istigh.

Bíodh is gur cás mar sin a bhí ann, d’iarr mé na comhaid uile ón gComhairle ar an ábhar. Tháinig sé chun solais go raibh moill an-mhór ar fad ann ag clárú an láithreáin ó mháthair an fhir chéile go dtí an Chomhairle. Tar éis dom na comhaid a athbhreithniú, tháinig mé ar an tuairim go raibh na gearánaithe féin freagrach as cuid de na deacrachtaí a bhí timpeall orthu.

Fuair mé amach go raibh an Chomhairle tar éis a bheith ag tathant ar na gearánaithe, chomh fada siar le Mí Feabhra, 1995, sonraí a chur isteach maidir le teideal an láithreáin. Chuireadar in iúl do na gearánaithe go raibh sé thar a bheith tábhachtach go gcaithfeadh an láithreán a bheith aistrithe chuig an gComhairle, má bhí tógáil an tí le dul ar aghaidh i 1995. Mar sin féin, de bharr práinn na ngearánaithe i gcomhair tís, rinne an Chomhairle an teach a thógáil dóibh gan an teideal a bheith cláraithe i dtosach faoin an n-ainm féin.

Mar sin, i 1995, de bharr

  • a bheith ag iarraidh gar a dhéanamh do na gearánaithe,
  • a bheith ag tógáil aicearra, n an bealach docht dlíthiúil a thréigean, agus
  • a bheith ag deimhniú go mbeadh teach nua ag na gearánaíthe

ina dhiaidh sin, i 2003, fuair an Chomhairle iad féin sa staid go raibh na gearánaithe faoi mhíbhuntáiste nuair a chuadar ag ceannach an tí. Mar sin féin, ag admháil an mhéid sin, bhraith mé go raibh scóip ann go dtabharfadh an Chomhairle athchuairt ar ghnéithe den chás agus ceist chúitimh éigin a bhreithniú.

Tharraing mé aird na Comhairle ar an moill cheithre bhliana a tharla idir 1995 agus 1999, a raibh Rannáin Innealtóireachta agus Tithíochta na Comhairle ina n-údair air. Mheas mé, dá n-éireodh leis an gComhairle fadhb aistrithe an teidil a réiteach sa tréimhse sin, go mb’fhéidir go seachnófaí na fadhbanna go léir a tháinig chun cinn tar éis do na gearánaithe iarracht a dhéanamh ar an teach a cheannach i 2003. B’fhéidir go mbeidís inniúil an teach a cheannach i 2003 ar an bpraghas glan ceannacháin de €42,110 faoi mar a tairgeadh dóibh é a chéaduair.

Dá réir sin, cé gur fíor go raibh lochtanna ar an dá thaobh, d’iarr mé ar an gComhairle an láimhseáil a rinneadar ar an gcás a athbhreithniú, go háirithe stair na n-eachtraí a tharla idir 1995 agus 1999. D’aontaigh an Chomhairle aisíoc de €3,640 a thabhairt do na gearánaithe as an bpraghas ceannacháin glan de €49,390 a bhí íoctha acu i Mí Aibreáin 2005. Is éard a bhí san aisíoc seo ná 50% den mhéadú do €7,280 ar an gcéad thairiscint cheannacháin.

Rinne mé tairiscint na Comhairle a bhreithniú de réir staire an aighnis, agus, go cothrom, mheas mé gur socrú réasúnta a bhí ann. Bhí sé bunaithe ar bhotúin a rinneadh ar an dá thaobh, agus, curtha le chéile, ba iad na botúin sin a bhí cionnsiocair le moill agus deacrachtaí a chruthaíodh sa bhealach ar an ngnó a thabhairt chun críche. Bhí na gearánaithe sásta glacadh leis an aisíocaíocht.

Back to contents