Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005

Caibidil 4 - An Bhliain faoi Athbhreithniú

"I rith na bliana 2005 lean m’Oifig lena hiarrachtaí chun seirbhísí a thabhairt chuig an bpobal i gcoitinne ar fud na tíre"

An Bhliain faoi Athbhreithniú

PLEANÁIL GNÓ 2005

Bainistíocht na gCásanna

Chríochnaíomar 2,193 cás sa bhliain 2005 agus dhéileálamar le 9704 fiosrúchán. Shocraíomar ar sprioc deiridh bliana nach mó ná 788 i gcomhair cásanna ar láimh. B’shin an uimhir a rugadh anonn ó 2004, agus dheimhníomar san am céanna go dtabharfaí tosaíocht do dhúnadh seanchásanna. Bunaíodh an sprioc ar an dtuiscint go mbeadh líon na gcásanna ag teacht isteach cosúil le teacht isteach na bliana 2004. Déantar faireachán ar ghnóthachan na spriocanna ag na cruinnithe míosúla den Choiste Comhairliúcháin Bainistíochta (CCB). Socraíonn an fhoireann spriocanna a gcuid phleananna féin faoin gCóras Forbartha Bainistiú Feidhmíochta (CFBF), i gcóimheas le spriocanna na heagraíochta.

Ag deireadh 2005 bhí 838 cás ar láimh. Bhí líon na ngearán a fuarthas i 2005 méadaithe beagnach 9% i gcomórtas le 2004. Ag deireadh na bliana bhí 197 cás fágtha a bhí os cionn bliana d’aois. Go hiomlán bhí an toradh i ndáil le spriocanna a shroicheadh sásúil go maith.

I rith na bliana leanamar ag sampláil comhad na ngearán trí thagairt a dhéanamh do shraith táscairí caighdeáin (m.sh. an méid ama a thógfaí chun gearán a admháil, an gearánaí a choimeád ar an eolas faoi dhul chun cinn, an chumarsáid a bheith go soiléir simplí srl.). Tá meitheal de chás-oibrithe le cathaoirleach neamhspleách orthu, ar a dtugtar an Grúpa Athbhreithnithe ar Chaighdeán na gCás. Is iad sin a dhéanann obair na samplála. Tuairiscíonn an Grúpa don CCB faoi cé chomh maith is a réitíonn na táscairí caighdeáin leis na comhaid ar leith a ndéantar sampláil orthu. Sa bhliain 2006 tá sé curtha romhainn obair an Ghrúpa Athbhreithnithe a thabhairt chun míneadais ag teacht le torthaí an tSuirbhé faoi Leibhéil Sástachta na nGearánaithe (féach thíos).

Bainistiú Airgeadais agus Cuntasacht níos Fearr

Ag teacht le riachtanais Chlár Nuachóirithe do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann, tacaíonn córas bainistíochta airgeadais na hOifige le cuntasacht bunaithe ar airgead tirim agus bunaithe ar fhabhrú freisin. Soláthraíonn sé freisin i gcomhair faisnéis bhainistíochta agus bearta aschuir a fhorbairt d’fhonn tacú le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na hacmhainní. Maidir le seo, chruthaíodh raon táscairí gnóthachain i rith 2005 a rinneadh a ailíniú leis na spriocanna arda atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise na hOifige 2004-2006.

Ar an dtráth seo, tá na moltaí ar fad as Tuarascáil na Meithle Oibre ar Chuntasacht Ard-Rúnaithe agus Oifigeach Cuntasaíochta (ar a dtugtar Tuarascáil Mullarkey) curtha i bhfeidhm. Tagann Coiste Iniúchóirí, lena n-áirítear roinnt comhaltaí seachtracha, le chéile go rialta chun tacú leis an Oifigeach Cuntasaíochta (.i. Ard-Stiúrthóir na hOifige), an té atá freagrach as bainistíocht cheart acmhainní na hOifige. Chomh maith le seo, déantar na Clár Riosca Airgeadais agus Neamh-Airgeadais faoi seach a athbhreithniú (agus a leasú nuair is gá) uair sa ráithe.

Cairt Seirbhíse na gCliant

Sa bhliain 2004 rinneadh dréacht-Chairt Sheirbhíse do Chliaint a tharraingt suas - ag leagan amach na caighdeáin a bheifí ag súil leo ag déileáil le daoine a bhaineann úsáid as seirbhísí Oifig an Ombudsman. I gcaitheamh na bliana, tar éis comhráití le cliaint agus leis an bhfoireann, críochnaíodh Cairt Seirbhíse na gCliant agus rinneadh í a fhoilsiú. Tá sí ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige [www.ombudsman.ie].

Suirbhé ar Léibhéil Sástachta na gCliant

Creidim go diongbháilte gur ceart do m’Oifigse cur chuige struchtúrach dealraitheach a chur ar fáil, i gcaidreamh agus i gcomhpháirt leis an bpobal a úsáideann seirbhísí na hOifige, i ndáil le forbairt, seachadadh nó athbhreithniú na seirbhísí céanna. Is trí na tuairimí sin a fháil a thuigfear riachtanais agus mianta na ndaoine agus a dheimhneofar go léiríonn na seirbhísí na riachtanais sin agus go bhfuiltear ag freagairt dóibh.

Achoimríonn Ráiteas Straitéise 2004 - 2006 na hardspriocanna a thiomáineann seachadadh ár gcuid seirbhísí. Orthu sin bheadh seirbhís ar ardchaighdeáin, éifeachtach, éasca le fáil agus a thairgfeadh breitheanna soiléir agus cothrom. I measc na ngníomhaíochtaí ag tacú leis na spriocanna sin tá meicníochtaí chun aiseolais breise a fháil ó chliaint. Is sa chomhthéacs seo a chuaigh m’Oifig i mbun tionscnaimh mhóir sa bhliain 2005 a bhain le haiseolas a fáil ó chustaiméirí.

Mar chuid den tionscnamh seo rinneadh suirbhé tríd an bpost ar na gearánaithe go léir a raibh na cásanna críochnaithe dóibh laistigh d’aon thréimhse dhá mí dhéag. Chuireadh réimse leathan ceisteanna sa tsuirbhé maidir lena dtaithí ar an seirbhís a chuir an Oifig ar fáil dóibh sa tréimhse sin. I ndiaidh an tsuirbhé eagraíodh sraith grúpaí fócais ar fud na tíre chun iniúchadh níos mine fós a dhéanamh ar na saincheisteanna a aimsíodh sa tsuirbhé féin.

Léiríonn na torthaí comhghaol seasmhach idir sástacht agus seirbhís, agus sástacht le toradh an fhiosraithe. Mar shampla, bhí 95% dóibh siúd a bhí sásta le toradh an fhiosraithe sásta freisin le hiomlán seirbhíse na hOifige, i gcomórtas leis an 35% amháin a bhí míshásta le toradh an fhiosraithe a rinneadh ar a son féin. Fuarthas an pátrún seo i láthair nuair a chuireadh na gnéithe go léir den tseirbhís faoi scrúdú. Bhí sé an-tábhachtach ar fad domsa chomh sásta is a bhí daoine le foireann m’Oifige: Cúirtéis 89%, Gairmiúlacht 82%, Cúntacht 75%, Éifeachtacht 73%, Comhbhá 63%. Tháinig trí thuairim lárnach chun cinn as an suirbhé .i. an gá atá le tuilleadh faisnéise a thabhairt ar thosach faoi ról an Ombudsman; níos mó faisnéise faoi phróiseas an fhiosruithe a thabhairt; agus níos mó faisnéise maidir le dul chun cinn agus cén fhaid eile a thógfadh an fiosrú. Tá gá freisin do ghearánaithe páirt níos gníomhaí a ghlacadh i bpróiseas an fhiosraithe, ní mór an leibhéal teagmhála pearsanta le gearánaithe a fheabhsú agus modh mínithe na gcinntí ag an deireadh a fheabhsú freisin. Faoi láthair tá athbhreithniú á dhéanamh ar na cleachtais agus modhanna fiosraithe, agus chomh maith agus atá indéanta, cuirfear na feabhsúcháin atá luaite thuas i bhfeidhm.

Dá thoradh seo tá sé romhainn anois carta le haghaidh tuairimí a eisiúint go dtí na gearánaithe go léir nuair atá an fiosrú críochnaithe ar a son. Lorgófar tuairimí uaithi faoi cé chomh maith is a chruthaíomar i ndáil le seacht gcinn de tháscairí seirbhíse a chruthaíodh as na grúpaí suirbhéireachta agus fócais. Orthu sin tá an chéad theagmháil leis an Oifig, iomláine an mhíniúcháin a rinneadh ar an bpróiseas fiosruithe ar thosach, an chaoi a tugadh dóibh chun a gcás a dhéanamh, méid na faisnéise leanúnaí faoi dhul chun cinn, soiléire na faisnéise, de rá béil nó i scríbhinn, soiléire na gcúiseanna sa litir dheiridh faoina gcás agus faoi mar a chaith an fhoireann leo le linn don fhiosrú a bheith ar siúl. Tá sé i gceist agam toradh an phróisis seo a fhoilsiú i dtuarascálacha bliantúla eile amach anseo.

Seirbhís do Chustaiméirí Inmheánacha

De réir mar a leathnaíonn m’Oifigse agus go dtagann tuilleadh castachta inti, ní hamháin go ndéanaimíd iarracht ar sheirbhís ardchaighdeáin a thabhairt dár gcliaint ach freisin ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfuil cáilíocht na seirbhíse agus na tacaíochta a thugtar dár gcomhghleacaithe ar an dtaobh istigh chomh hard céanna. Ar na tionscadail a rinne na meithleacha oibre as na gráid meánbhainistíochta san Oifig bhí suirbhé ar chaighdeáin na seirbhíse do chustaiméirí inmheánacha. Mar thoradh ar seo bhí prionsabail áirithe molta chun gnóthaí idir na baill foirne féin a rialú – moltaí ag baint le cúirtéis agus tráthúlacht ag plé le comhghleacaithe, bíodh sé ar chruinnithe, ar ghlaonna gutháin, nó trí ríomhphost. Tá an Prótacal Seirbhíse na gCustaiméirí Inmheánacha faofa ag an mbainistíocht agus ag na coistí comhpháirtíochta faoi seach agus tá sé curtha i bhfeidhm anois.

Comhionannas Inscne

Déanann Grúpa Comhionannais Inscne faire a dhéanamh ar spriocanna na hOifige maidir le cothroime inscne agus na nithe a mbeadh tionchar acu ar na spriocanna sin a bhaint amach, mar atá:

  • rannpháirtíocht na foirne i gcomórtais ardaithe céime;
  • tionscnaimh oiliúna agus forbartha; chomhdhéanamh inscne sna boird agallaimh i gcomhair comórtas inmheánacha/ idir-rannacha;
  • an glacadh atá le tionscnaimh ‘teaghlach-chairdiúla’ (Cothroime Obair/Beatha, fleisc-am, obair-roinnt, téarma-am, bristí gairme);
  • cothroime fear agus ban sna rannáin Oifige.

Tuairiscíonn sé faoi na ceisteanna sin don Choiste Chomhairliúcháin Bhainistíochta dhá uair sa bhliain. Déanann an Grúpa profáil inscne freisin ar pholasaithe nua na hOifige más cuí, cothaíonn sé feasacht choiteann ar chomhionannas inscne agus ar chothroime obairbheatha agus faireann sé ar spriocanna inscne ag baint le grád na nOifigeach Feidhmiúcháin agus os a chionn.

Uasghrádú na Láithreán Gréasáin

I Mí na Nollag, 2005, seoladh láithreáin gréasáin deartha as an nua le haghaidh Oifigí an Ombudsman, an Choimisinéara Faisnéise agus Rúnaíochta an Choimisúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. D’fheabhsaíodh an láithreáin d’aon ghnó chun go bhfaigheadh úsáideoirí teacht níos éasca air agus chun seirbhís d’ardchaighdeáin ar líne a sholáthar do na cliaint.

Tá na láithreáin go léir deartha sa chaighdeáin rochtana is airde amuigh (.i. formáid AAA). Nuair is cuí tá láithreáin roghnaithe ann a ofrálann iarratais ar líne agus íocaíochtaí táillí. Chomh maith le seo is féidir na láithreáin a athnuachan go laethúil leis an gcóras oibriúcháin, chun go mbeidh an fhaisnéis reatha ar fáil i gcónaí do chliaint na hOifige go léir.

Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse.

Bunaíodh Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse (GFFS) faoi Ag Coinneáil an Dul chun Cinn (Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialaí 2003-2005) lena fhíorú go raibh dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag Ranna agus ag Oifigí maidir le ceangaltais chun nua-aoiseachais faoin gcomhaontú. I rith na bliana 2005 thuarascáil an Oifig faoi dhó don GFFS ar an ndul chun cinn a rinneadh. Ar gach ócáid d’aontaigh an GFFS gur thuill an dul chun cinn na méadaithe pá a bhí dlite faoin gComhaontú.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá forálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimneach ó Mhí Iúil Lorgaíonn an tAcht seirbhísí poiblí i nGaeilge a bheith ar fáil níos furasta agus ar chaighdeán níos airde.

Faoin Acht seo tá ceangaltas ar chomhlachtaí poiblí scéim a tharraingt suas agus a fhoilsiú a leagann amach sonraí le haghaidh seirbhísí i nGaeilge, chomh maith le tráthchlár chun na seirbhísí a fheabhsú go leanúnach. Ní mór scéimeanna den sórt, a bhfuil foráil déanta dóibh faoi alt 11 den Acht, a bheith faofa ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Bhí Oifig an Ombudsman, mar cheann den chéad ghrúpa de chomhlachtaí poiblí a roghnaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun scéimeanna a dhréachtadh sa chéad bhabhta den phróiseas seo. D’fhaomhaigh an tAire scéim m’Oifige i rith na bliana agus chuireadh tús léi ar 1ú Iúil 2005. Tá an scéim foilsithe ar ár láithreán gréasáin [www.ombudsman.ie].

Seirbhís Nasctha an Ombudsman

Seirbhís nua is ea Seirbhís Nasctha an Ombudsman a thionsnaigh m’Oifigse go luath sa bhliain 2006. Leis an seirbhís nua seo agus le cúnamh ó Sheirbhísí Faisnéise na Saoránach i limistéir áirithe, is féidir le baill den phobail teagmháil níos fusa a dhéanamh le seirbhísí m’Oifige.

Le deich mbliana anuas tá seirbhís lá amháin sa mhí á sholáthar againn ag Ionaid Faisnéise na Saoránach i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh. Nuair a bhí foireann as m’oifig i láthair sna hionaid sin thug sin an deis do mhuintir na háite casadh leo agus sonraí faoina ngearáin a thabhairt dóibh go pearsanta. Ón uair a thosaigh na cuairteanna míosúla sin tá déileáil déanta le tuilleadh agus 5,000 duine sna hionaid sin.

Tógann Seirbhís Nasctha an Ombudsman ar na seirbhísí míosúla atá ann cheana. Is féidir le daoine glaoch isteach ar na hIonaid Faisnéise Saoránach ag am ar bith anois chun gearán a dhéanamh le m’Oifig. I rith 2005 chuir m’Oifigse comharthaíocht, bileoga faisnéise agus foirmeacha iarratais ‘gan dua’ ar fáil do na hionaid a bhí páirteach sa tseirbhís. Tá oiliúint speisialta faighte ag foirne agus deonaigh na n-ionad ionas gur féidir leo cuidiú leis an bpobal chun gearáin a dhéanamh. Cuideoidh an oiliúint chéanna leis na hionaid chun na hábhair a ardaíonn a gcliaint leo a aithint agus na hábhair is féidir a chur chuig an Ombudsman i bhfoirm gearán.

Faoi láthair, tá Seirbhís Nasctha an Ombudsman ar fáil sna hIonaid Faisnéise Saoránach seo a leanas:

Ionad Faisnéise Saoránach Chorcaí, 80, An Meal Theas, Corcaigh.

Ionad Faisnéise Saoránach na Carraige Duibhe, Bóthar an Chlochair, An Charraig Dhubh, Corcaigh.

Ionad Faisnéise Saoránach Luimnigh, 54, Sráid Chaitríona, Luimneach.

Ionad Faisnéise Saoránach Bhaile an Chaisleáin Thiar, Teach Weight, Clós an Mhargaidh, Baile an Chaisleáin Thiar, Contae Luimnigh.

Ionad Faisnéise Saoránach na Gaillimhe, Teach Agaistín, Sráid San Agaistín, Gaillimh.

Ionad Faisnéise Saoránach an Chlócháin, f/ch, CGO, Arasáin Statoil, 4/5 Bóthar na Gaillimhe, An Clochán.

Ionad Faisnéise Saoránách na Taoibhe Thuaidh, Ionad Sibhíalta na Taoibhe Thuaidh, Bóthar Bun Raite, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE

Bille an Ombudsman (Leasú)

Tá na Mírchinn faofa ag an Rialtas le haghaidh Bille an Ombudsman (Leasú). Tá tugtha le fios ag an Rialtas go bhfuil sé i gceist téacs an Bhille a fhoilsiú faoi lár 2006. Is é cuspóir an Bhille seo ná réimse m’Oifige a leathnú go dtí raon comhlachtaí breise. Ina measc siúd bheadh Institiúidí Teicneolaíochta, Ollscoileanna, Coistí Gairmoideachais, FÁS, Boird Iascaigh Réigiúnacha agus feidhmeanna na n-éileamh i nGníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Beidh impleachtaí móra acmhainní do m’Oifigse de bharr na dtograí sin.

Fógraí a eisíodh faoi Alt 7 d’Acht an Ombudsman, 1980

Má tá moill shonrach i gceist nuair atá comhlacht poiblí ag tabhairt freagra ar m’Oifig le linn gearáin a bheith á fhiosrú eisítear fógra reachtúil faoi Alt 7 ag iarraidh na faisnéise atá de dhíth. Foilsíodh miondealú ar líon na bhfógraí a eisíodh don chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil m’Oifige 1998. Ó shin i leith tá pátrún bliantúil na bhfógraí sin mar a leanas: .

Bliain Líon Fógraí faoi Alt 7 Eisithe
1998 45
1999 27
2000 14
2001 19
2002 16
2003 12
2004  6

 

Tá miondealú de na fógraí faoi Alt 7 eisithe sa bhliain 2005 thíos..

Is ábhar dhíomá dom an t-iompú seo a fheiceáil ó threo deimhneach i dtaca leis an méid Fógraí faoi Alt 7 a bhí ar m’Oifig a eisiúint sa bhliain 2005 i gcomparáid le blianta roimhe seo. Is é seo an t-iomlán is airde ó 1998 i leith, an bhliain a fhoilsigh m’Oifig na figiúirí seo don chéad uair. Tá sé tábhachtach go dtugann na comhlachtaí poiblí gach comhoibriú do m’Oifig le linn don phróiseas fiosruithe a bheith ar láimh. Ní chuireann moill thar fóir ach le méid an chrá a fhulaingíonn na gearánaithe.

D’éirigh na fadhbanna maidir le Comhairle Chontae Chill Dara cuid mhór i limistéir na pleanála agus bhain siad le deacrachtaí chun tuarascálacha a fháil maidir le gearáin a chuireadh faoi bhráid na Comhairle. Bhí moilleanna fada gan gá maidir le gearáin a chuireadh chuig an gComhairle. Mar gheall ar sin ní raibh sé indéanta cásanna a phróiseáil laistigh d’achair réasúnta. Cé gur chas m’oifigigh le Bainisteoir an Chontae sa bhliain 2005, agus chuir sé in iúl dóibh go raibh córas nua rianaithe á chur isteach a chabhródh le luas a chur le próiseáil na ngearán, is beag feabhais atá fós le brath sa taobh sin. Creidim go bhfuil athruithe déanta le déanaí i limistéir na pleanála agus deirtear liom go mb’fhéidir go dtiocfaidh feabhas as sin.  

Comhlacht lena Eisíodh Fógraí faoi Alt 7

Eisithe

STÁTSEIRBHÍS

An Post

2
An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha 1
An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil 1
An Roinn Dlí is Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí 1
BOIRD SLÁINTE

FSS - Limistéir an Chósta Thoir

3
FSS - Limistéir Thiar Theas 1
ÚDARÁIS ÁITIÚLA
Comhairle Chontae na Gaillimhe 8
Comhairle Chontae Chill Dara 12
Comhairle Chathrach Luimnigh  2
IOMLÁN 31

Rochtain agus Feasacht an Phobail

I rith na bliana 2005 lean m’Oifig lena hiarrachtaí chun seirbhísí a thabhairt chuig an bpobal i gcoitinne ar fud na tíre agus chun rochtain agus feasacht choiteann faoi na seirbhísí a fheabhsú. Thug an fhoireann cuairteanna míosúla ar roinnt Ionad Faisnéise Saoránach (IFS) agus bhí cuairteanna réigiúnacha aon lá amháin freisin ar cheithre áiteanna eile.

Sa bhliain 2005 bhí cuairteanna ar na hIonaid Faisnéise i gCorcaigh, i nGaillimh agus sa Chúlóg. Fuarthas 276 gearán nua ar fad le linn na gcuairteanna sin. Orthu sin bhí 176 gearán bailí agus 100 (nó 36%) neamhbhailí. Táimíd ag brath ar thacaíocht luachmhar seo na nIonad Faisnéise chun an tseirbhís a chur ar fáil.

Thug foireann as m’Oifig cuairteanna aon lae ar an gCabhán, ar Leitir Cheanainn, ar Thrá Lí agus ar Loch Garman. Chasadar ar 317 duine a ghlaoigh isteach orthu le linn na gcuairteanna sin, agus fuarthas 233 gearán bailí nua. Ba é an t-iomlán le chéile a fuaireadar le linn na gcuairteanna míosúla aon lae ná 499. Tá sonraí maidir le clár na gcuairteanna don bhliain 2006 le fáil ar láithreán gréasáin m’Oifige [www.ombudsman.ie].

 CEISTEANNA A ARDAÍODH AS GEARÁIN ÁIRITHE

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim Diúltiú ar Cháin Iomarcach a Aisíoc

Rinne beirt íocóirí cánach, trína ngníomhaire, gearán gur dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim (na Coimisinéirí) aisíocaíochtaí a dhéanamh de cháin ioncaim iomarcach i gcomhair na mblianta cánach 1998/99 agus 1999/00. Bhí na híocóirí, arbh íocóirí ÍMAT iad go príomha, gníomhach i gcomhpháirtíocht scannán a dhéanamh. Chláraigh siad caillteanais trádála don tionscadal dos na blianta sin agus eisíodh measúnaithe ábhartha i Mí Éanáir 2000 a léirigh na caillteanais a éilíodh. Níor dhéileáil na Coimisinéirí Ioncaim leis na caillteanais a bhain leis an scannánaíocht áfach. Rinne na híocóirí cánach gearán liomsa á rá gurb éagothrom idirdhealaitheach é iompar na gCoimisinéirí i ndáil le cáiníocóirí ÍMAT agus rinneadar agóid faoin mhoill fhada chun soiléiriú a fháil ar an scéal. Rinneadh an t-éileamh seo sa chomhthéacs go bhféadfadh cáiníocóirí féinmheasúnaithe, daoine ag plé le tionscadail den chineál céanna, a gcuid tuairiscáin cánach a déanamh tar éis na ndliteanas a bheith measta agus na caillteanais trádála curtha san áireamh.

D’áitigh the Coimisinéirí nach raibh sa chomhpháirtíocht chéanna ach ceann amháin as grúpa (105) a bhí cumtha ar bhealach ina raibh seachaint fhoghach cánach i gceist agus nárbh féidir glacadh léi. D’eitigh na Coimisinéirí na híocaíochtaí iomarcacha a aisíoc ar an mbonn go rabhthas ag tabhairt dúshláin faoi na socruithe agus nach ndéanfaí aon íocaíochtaí go dtí go mbeifí tagtha ar réiteach faoi na saincheisteanna. Thacaigh na Coimisinéirí Achomhairc agus an Chúirt Dhúiche le cinneadh na gCoimisinéirí agus tá cinneadh na Cúirte Dúiche faoi achomharc go dtí an Ard-Chúirt i láthair na huaire.

Nuair a chuaigh m’Oifig faoi dhéin na gCoimisinéirí dúradar go raibh moill as an ngnáth ag baint le cur chun cinn an dhúshláin de bharr castacht theicniúil na saincheisteanna a bhí faoi chaibidil. Rinne na Coimisinéirí an cás a athbreithniú nuair a chuir mé an gearán faoina mbráid. Tháinigh siad ar an tuairim go mba cheart go mbeadh bealach achomhairc ar fáil do na cáiníocóirí chomh luath is a rinne siad an cinneadh nach rabhadar chun ais-íocaíochtaí a dhéanamh. Níor chuireadh é sin ar fáil. Sna himthosca sin agus bíodh is chomh deacair is a bhí sé a rá cé chomh fada a thógfadh sé chun an cás a réiteach, d’aontaigh na Coimisinéirí an cháin iomarcach a aisíoc agus ús reachtúil a íoc ó dháta sé mhí tar éis don tuairisceán cánach ag éileamh an fhaoisimh a bheith curtha isteach.

Is é an seasamh atá ag na Coimisinéirí fós áfach ná gur seachaint ionsaitheach cánach nach féidir glacadh léi na bearta a ghabhann leis an gcás seo, agus má thacaíonn an Ard-Chúirt le cinneadh na Cúirte Dúiche, gníomhóidh siad chun an méid a aisíocadh a fháil ar ais. Tar éis don chás seo a bheith réitithe tá 27 gearán eile den chineál céanna faighte ag m’Oifig ó cháin-íocóirí. Tá comhairle tugtha dóibh sin teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí sa chéad áit agus iarracht a dhéanamh na deacrachtaí a réiteach. Tá mé sásta, áfach, na gearáin a fhiosrú ar a son, mura bhfaigheann siad sásamh as sin.

Táillí chun Doiciméid Pleanála a Fhótachóipeáil

Mar thoradh ar an imní a bhí orm maidir le méid na dtáillí a ghearrann údaráis áitiúla chun dréachtaí as comhaid pleanála a fhótachóipeáil, mar a achoimrítear ar leathanach 30 de mo Thuarascáil Bhliantúil, 2004, d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, treoirlínte ar an ábhar do na húdaráis pleanála i Mí Lúnasa 2005.

Rinne m’Oifig suirbhé teileafóin le déanaí ar 30 údarás áitiúil ar fud na tíre, féachaint an raibh na muirir athbhreithnithe acu de dheasca na dtreoirlínte seo. Thaispeáin an suirbhé seo go raibh na muirir laghdaithe ag cuid de na húdaráis áitiúla bunaithe ar na treoirlínte seo. Cheap roinnt eile go raibh na muirir a ghearrann siad réasúnta agus ní dhearnadar aon leasú. Is dealraitheach nach raibh a fhios ag a thuilleadh acu faoi threoirlínte na Roinne.

I Mí Lúnasa, 2005, fuair mé gearán i gcoinne Comhairle Chontae Mhaigh Eo maidir le méid na dtáillí ar fhótachóipeáil as na comhaid pleanála. Ghearradh €1 ar mo ghearánaí ar fhótachóip de bhileog A4. D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú ar na muirir. Tharraing mé a n-aird ar na muirir i gContae na Gaillimhe agus i gContae Ros Comáin, áiteanna nach bhfuil ach €0.15 ar bhileog A4. Chuir mé in iúl dóibh freisin nach ghearrann leabharlann phoiblí na Comhairle féin i gCaisleán an Bharraigh ach €0.15 ar fhótachóipeáil A4. Mar fhreagra, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na muirir fótachóipeála agus d’aontaíodar iad a laghdú go dtí €0.10 ar bhileog A4, laghdú de 90% ar na muirir a bhí ann roimhe sin.

Tá súil agam ná beidh orm an scéal seo a athnuachan arís sna Tuarascálacha Bliantúla atá le teacht. Tá roinnt gearán eile faighte agam cheana, áfach, i gcoinne údarás áitiúla eile. In ionad déileáil leo sin i ndiaidh a chéile, b’fhéidir gurb é an rud is fearr a dhéanfainn ná iarraidh ar na húdaráis áitiúla go léir cad iad na táillí a ghearrann siad agus cad iad na critéir a úsáidtear ag áireamh na dtáillí, ionas gur féidir na torthaí a fhoilsiú chomh luath is a bhíonn siad ar fáil.

Back to contents