- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2006
Caibidil 1 Brollach agus Réamhrá
Brollach
Déanaim le seo an ceathrú Tuarascáil Bhliantúil a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid de bhun forálacha Ailt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980. Is í seo an 23ú Tuarascáil Bhliantúil atá curtha faoi bhráid an Oireachtais i ndáil le hobair Oifig an Ombudsman ó bhunaíodh í sa bhliain 1984.
Emily Ní Raghallaigh
Ombudsman
Meitheamh 2007
Réamhrá
Dhéileáil m’Oifigse anuraidh le 2,187 gearán. Astu sin, réitíodh 41% go hiomlán nó go páirteach, nó tugadh cúnamh de chineál éigin don ghearánaí. Chun é a rá ar bhealach eile, bhí 897 gearánaí níos fearr as de bharr na teagmhála a rinneadar le m’Oifig.
Cé gurb é an príomh-aidhm atá le mo chuid oibre ná scrúdú neamhchlaon agus neamhspleách a dhéanamh ar ghearáin, bíonn an-fhonn orm a dheimhniú go mbainfidh comhlachtaí poiblí úsáid as na ceachtanna a fhoghlaimíonn siad as mo chuid fionnachtana, ionas, sa mhéid agus is féidir, nach mbeadh na cúiseanna céanna gearáin ag daoine feasta. Ar an dóigh sin, cé gur crá croí na gearáin ag daoine nuair a mheasann siad gur chaitheadh leo go dona, is féidir fothoradh deimhneach a theacht astu sa mhéid go n-ardaítear an riaradh poiblí go dtí caighdeán níos fearr. D’fhéadfaí a rá go mba chóir go mbeadh ualach na gcásanna a thagann ós comhair an Ombudsman ag dul i gcastacht dó/dí i gcónaí, toisc, go mbíonn na comhlachtaí poiblí tar éis glacadh le fionnachtana as cásanna roimhe sin, agus, ar an dtaobh eile, go mbíonn siad ar a ndícheall ag iarraidh freastail ar éilimh an phobail, éilimh atá ag méadú i gcónaí ar thóir chaighdeán níos éifeachtaí agus níos airde. I bhfocail eile, is rud beo é caighdeán na seirbhíse poiblí. Ní leor dúinn a thuilleadh na caighdeáin ar ghlacadh leo a chúig nó a deich de bhlianta ó shin.
Tá réimse saibhir d’ábhar sna cásanna atá tofa agam le haghaidh na Tuarascála Bliantúla seo agus tá léiriú iontu faoi cad is féidir a tharlú do dhaoine as ranna difriúla de shochaí na hÉireann, má théann cúrsaí as alt. Fuair mé amach sna cásanna seo gur féidir chuid mhór díobh a chur sa rang céanna, viz, nuair a theipeann ar chomhlachtaí poiblí oibriú mar ba chóir de réir an dlí agus de réir rialacha agus rialacháin. Nuair atá cásanna dá leithéid sin fós ag teacht os ár gcomhair, tar éis 23 bliana d’imscrúdú ag m’Oifigse, is séanadh é sin, b’fhéidir, ar a bhfuil ráite agam thuas agus tugann sé abhaile dúinn go bhfuil gá le síor-aireachas agus, go deimhin, le síor-oiliúint a chur ar earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí, le bheith siúráilte go bhfuil sé sáite go domhain ina n-aigne cé chomh tábhachtach atá sé an dlí a fheidhmiú i gceart. Dá bharr sin a rinne mé buntéama den cheist áirithe seo i dTuarascáil na Bliana seo, trí ábhar iomlán a dhéanamh as i gCaibidil 2, faoin dteideal ‘Do Chur gach Ní ina gCeart’.
Ar a laghad, bhí sé d’ádh ag na gearánaithe ar bhaineadh an cor díobh de bharr drochfheidhmiú an dlí, go raibh bealach ann chun achomhairc a dhéanamh. Ach, faraor, ní mar sin atá ag mórchuid den phobal. Luaigh mé cheana go bhfuil an t-éileamh atá ann le haghaidh seirbhíse poiblí d’ardchaighdeán ag síor-athrú, ach tá méid agus comhdhéanamh na seirbhíse poiblí ag síor-athrú freisin. I gcaitheamh na mblianta tá deighilt amach á dhéanamh ar fheidhmeanna a bhí roimhe sin faoi chúram na nAirí agus na Ranna Stáit. Ach, bhí gníomhaireachtaí nua, le cuspóirí áirithe, á gcruthú. Orthu sin, mar shampla, tá FÁS, Gníomhaireacht Chosanta an Chomhshaoil, agus an tÚdarás um Shláinte agus Sábháilteacht. Tá luas breise curtha leis an nós seo na gcomhlachtaí nua a chruthú le tamall de bhlianta anuas.
Tá os cionn 450 comhlacht dá leithéid ar marthain anois, agus níl cúram agamsa ar dornán díobh, cé más aisteach féin é, tá roinnt mhaith díobh faoi scóip an dlí um Shaoráil Faisnéise. Tá gléasanna cuntasachta eile easnamhach freisin sa mhéid gur beag súil pharlaiminteach a chaitear orthu agus tá ídiú déanta ar fhreagracht agus ar rialú na nAirí ar na feidhmeanna a bhí cheana féin mar pháirt den Roinn Rialtais. Tá sé thar a bheith in am an reachtaíocht a thabhairt isteach chun an easnaimh cuntasachta seo a chur ina cheart agus ligean d’úsáideoirí na seirbhísí poiblí a ngearáin a dhéanamh leis an Ombudsman.
Agus mé fós ar phort seo na mbearnaí sna réimsí atá faoi mo chúram, tá ráite agam arís agus arís eile go dtoirmisceann Acht an Ombudsman m’Oifig ó aon ghníomhaíocht a dhéantar ‘.. i bhforfheidhmiú an dlí i ndáil le coimhthígh agus eadóirseacht..’ Táimse ar an bhfíorbheagán d’Ombudsman san Eoraip a bhfuil teorannú den chineál sin déanta ar a ndlínse orthu. Creidim nach bhfuil barántas ar bith leis an srianadh seo agus go mba chóir go mbeadh réimse iomlán an riaracháin i limistéar an inimirce agus áitrithe faoi réir a bheith scrúdaithe ag m’Oifig. Tagann líon beag gearán chugam sa limistéar seo agus tá siad ag méadú de réir a chéile. Déileálaim leo sin ar bhonn neamhfhoirmiúil. Is minic a bhíonn gearán ann de bhrí nár tugadh cúis ar bith le víosa a dhiúltú, nó gur tugadh leathchúis éigin b’fhéidir. Tá an ceart ag na gearánaithe nuair a mhaíonn siad go gcuireann sin isteach go mór ar a gcumas chun achomhairc go héifeachtach in aghaidh an chinnidh. Tá gearáin faighte agam freisin a mhaíonn idirdhealú ar bhonn cine nó ar bhonn aoise. Le fírinne, is cinneadh treallach aontoileach a dhéantar uaireanta. Éilíonn an cleachtas idirnáisiúnta is fearr go ndéanfadh Ombudsman neamhspleách imscrúdú iomlán dlíthiúil sa limistéar seo.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo fhoireann ar fad as a ndílseacht agus a dtacaíocht i gcaitheamh na bliana go léir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo Ard-Stiúrthóir Pat Whelan, le Tom Morgan, Imscrúdaitheoir Sinsir agus le John Doyle ón ár n-Aonad TE de bharr na sár-oibre atá déanta acu ar an dTuarascáil Bhliantúil seo.
