Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2006

Caibidil 2 "Do Chur gach Ní ina gCeart

Bíonn breitheanna á dhéanamh ag seirbhísigh poiblí in aghaidh an lae, breitheanna a théann i bhfeidhm a bheag nó a mhór ar ghnáthdhaoine. Mar shampla is féidir iarratas ar theach údaráis áitiúil a cheadú nó a dhiúltú. Is féidir iarratas ar chead pleanála a cheadú nó a dhiúltú. Is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid cánach atá le híoc ag duine nó breith a thabhairt ar theideal duine d’fhóirdheontas thí altranais. Agus iad ag iarraidh teacht ar na breitheanna seo ní cheadmhach do sheirbhísigh poiblí gníomhú i bhfolús nó de réir mar is áil leo féin. Ní mór do na breitheanna a bheith bunaithe ar chineál éigin údaráis, bíodh an t-údarás sin ina údarás reachtúil nó a mhalairt.

Is féidir reachtaíocht phríomha nó reachtaíocht thánaisteach a bheith mar chúltaca ag cinneadh áirithe, agus, is féidir leis sin, i gcásanna ar leith, a bheith bunaithe ar reachtaíocht ón AE. I roinnt cásanna, is féidir le cinneadh a theacht ó imlitir neamh-reachtúil nó as rialacha nó treoirlínte maidir le feidhmiú scéime nó le deonú teidil. Is féidir rialacha nó treoirlínte den chineál sin a bheith curtha le chéile go hinmheánach ag an gcomhlacht poiblí, nó, mar shampla i gcás comhlachtaí poiblí mar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó údaráis áitiúla, tharlódh go mbeidís déanta ag Roinn Rialtais lárnach le cur i bhfeidhm go háitiúil. Sa chás deireanach seo bíonn an baol ann nach é an cur chuige céanna a leanfadh na húdaráis áitiúla difriúla agus iad ag plé leis na rialacha nó leis na treoirlínte céanna. Go háirithe más féidir le seirbhíseach poiblí breithiúnas pearsanta a úsáid faoi na rialacha nó treoirlínte ábhartha, bíonn an baol ann go gcaithfí go míchothrom le cliantaí áirithe de chuid an chomhlachta phoiblí. Tá taithí luachmhar ag m’Oifigse ag déileáil le saincheisteanna coitianta ar feadh raon leathan de chomhlachtaí poiblí, agus is féidir linn iad sin a shonrú ar leibhéal lárnach agus cuidiú mar sin le feabhsuithe sa chóras ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.

Tá ceist bhunúsach a thugtar aghaidh uirthi san Oifig seo maidir le gach gearán a thagann isteach. An ionann an chúis ghearáin (pé gníomh nó easpa ghnímh é) agus drochriarachán? Ní úsáidtear an téarma ‘drochriarachán’ in Acht an Ombudsman 1980 mar is ionann sainmhíniú a dhéanamh ar an téarma agus teorainn a chur leis mar théarma. Mar sin féin tá liostú soiléir déanta faoi Alt 4 den Acht de ghníomhartha nó de neamhghníomhartha áirithe go bhféadfaí iad a mheas mar dhrochriarachán, agus má tá drochthionchar acu ar dhuine éigin is féidir iad a mheas mar dhrochriarachán. Tá sé spéisiúil gurbh é an chéad ghníomh atá ar an liosta ná gníomh "go ndearnadh nó go mb’fhéidir go ndearnadh é gan údarás cuí".

Níos minice ná riamh, is é an chéad rud a dhéantar tar éis gearán a theacht isteach, ná leithead agus nádúr an údaráis atá taobh thiar den ghníomh atáthar ag gearán faoi a chur faoi scrúdú. Má fhaightear gur úsáid an comhlacht poiblí a chuid údaráis go míchuí nó go míchothrom, má tá siad imithe thar teorainn an údaráis a bhí acu, nó go deimhin, mura bhfuil an t-údarás féin acu an rud a ghearánadh faoi a dhéanamh, ansin déanfaidh mé mo mhachnamh faoin gcúiteamh iomchuí dar chóir a iarraidh má tá dochar déanta don ghearánaí. Tá roinnt cásanna inspéise sa chaibidil seo ar dhéileáil mé leo i gcaitheamh na bliana a léiríonn an cur chuige a luaim anseo.

Sa chéad chás seo a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta bhí ciallachas tromchúiseach don ghearánaí sa léirmhíniú a bhaineadh as na téarmaí a bhí in Imlitir de chuid na Roinne. Thángthas ar réiteach sásúil tar éis dom idirghabháil a dhéanamh.

Fuair mé gearán ó mhúinteoir maidir lena cáilitheacht chun dul in iomaíocht le haghaidh poist mar Leas-Phríomh-Oide faoi théarmaí na hImlitre PPT 06/02 a bhain leis an ábhar – "Socruithe Leasuithe um Cháilitheacht le haghaidh Poist Ardaithe Céime i nGairmscoileanna agus i gColáistí Pobail, lena n-áirítear Seirbhís Áirithe Neamhbhuan Múinteoireachta". Tá sé ráite san imlitir (arna aistriú anseo go Gaeilge): ‘Ní mór cúig bhliana de sheirbhís múinteoireachta lánaimseartha nó a chomhionann a bheith ag iarrthóirí le haghaidh ceapacháin do phost mar Phríomh-Oide nó Leas-Phríomh-Oide’.

Nuair a chuir an gearánaí isteach ar an chomórtas measadh í a bheith neamhcháilithe dul san iomaíocht toisc nach raibh na cúig bhliana de sheirbhís "lán-cháilithe" aici. Rinne sí an cheist a bhrú ar an Roinn, agus cé gur admhaigh an Roinn nach raibh tagairt ar leith san imlitir faoi sheirbhís múinteoireachta "lán-cháilithe" bhíodh an chiall sin bainte as i gcónaí ag an Roinn go raibh seirbhís múinteoireachta lán-cháilithe de dhíth. Dá bhrí sin, thug an Roinn le fios, nuair nach raibh ach aon mhúinteoir amháin i gceist, nach raibh cúis ar bith acu le himeacht ón ghnáthchleachtadh.

Ba dhóigh liom go raibh sé míchothrom go measfaí an gearánaí a bheith neamhcháilithe chun dul san iomaíocht ar bhonn coinníollacha nach raibh luaite go beacht san imlitir. Thairis sin rinne mé nóta speisialta, maidir le himlitreacha ón Roinn roimhe sin, gur luadh go speisialta é nuair a bhí "lán-cháilithe" ag teastáil. D’iarr mé ar an Roinn mar sin an cinneadh a athbhreithniú sa chás agus ligean don ghearánaí a bheith páirteach san iomaíocht. Tar éis na hidirghabhála a rinne mé d’aisiompaigh an Roinn a gcinneadh agus measadh an gearánaí a bheith cáilithe le dul san iomaíocht ar an bpost sa scoil. Chuir sí in iúl ina dhiaidh sin gur éirigh léi an post mar Leas-Phríomh-Oide a fháil.

Sa chéad cás eile a bhaineann leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, bhí iarmhairtí móra airgeadais don ghearánaí de bharr athrú a rinneadh ar choinníollacha cáilitheachta le haghaidh Sochair Bhanchéile Thréigthe. Iar sin d’íocadh riaráistí léi mar thoradh ar ghearán a rinne sí chuig m’Oifigse.

Rinne bean teagmháil le m’Oifig maidir leis an gceart a bhí aici do Shochar Bhanchéile Thréigthe (SBT). Chuir sí isteach ar SBT don chéad uair sa bhliain 1988 agus fuair sí an sochar. Lean sí uirthi ag obair i rith na tréimhse sin, mar cheadaigh an reachtaíocht d’éilitheoirí SBT a fháil agus obair a dhéanamh ag an am gcéanna. Sa bhliain 1993 chuir sí na leabhair SBT ar ais chuig an Roinn mar bhí a fear céile tar éis filleadh abhaile chun cónaithe léi go sealadach le linn dó a bheith ag téarnamh ó thimpist bhóthair. Tar éis bisigh dó d’fhág sé arís i gceann cúpla seachtain agus chuir sí isteach arís ar SBT. Bhí sé ar cheann de na coinníollacha chun íocaíocht a fháil ag an am, dá mbeadh an t-iarratasóir faoi bhun daichead bliana d’aois, nárbh mhór do leanbh/leanaí (.i. faoi bhun 18 bliana d’aois) a bheith in aontíos léi. Bhí an bhean faoi bhun an daichid ag an am sin. Ach, cé go raibh an leanbh in aontíos léi nuair a d’fhill an fear céile, ní mar sin a bhí nuair a d’fhág sé arís (bhí aois a hochtdéag scroichte ag an leanbh idir an dá linn). Dá bhrí sin diúltaíodh d’iarratas na mná. Toisc nár bhain coinníoll an linbh cháilithe le hiarratasóirí os cionn daichid bhliana d’aois rinne sí iarratas úr nuair a shroich sí an aois sin sa bhliain 1994. Bhronn an Roinn an SBT ar ais uirthi.

Sa bhliain 1992 cheanglaíodh coinníoll nua le SBT, sa mhéid gur chuireadh teorainn tuillimh airgid i gcoinne gach éilimh a rinneadh ar 31ú Lúnasa 1992 nó ina dhiaidh. Is éard a tharla dáiríre ná gur laghdaíodh an SBT ar scála sleamhnáin má bhí an t-éilitheoir ag obair agus ag tuilleamh os cionn £10,000 (€12,697.38). Nuair a chuaigh tuilleamh an éilitheora os cionn £14,000 (€17,776.33) cealaíodh aon cheart a bhí acu don SBT. Bhí sé tábhachtach maidir le seo nár bhain an coinníoll nua seo le héilimh a lóisteáladh leis an Roinn roimh an 31ú Lúnasa 1992.

Rinne an Roinn athbhreithniú ar thuilleamh na mná sa bhliain 2004, ar bhonn leasuithe sa reachtaíocht, agus ós rud é go raibh a cuid tuillimh imithe os cionn na suime €17,776.33 a bhí leagtha síos, cuireadh deireadh lena SBT. D’achomhairc sí an cinneadh seo chuig Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh, ach chaill sí an t-achomharc. Ina dhíaidh sin rinne sí gearán i scríbhinn chuig m’Oifig faoin gcinneadh seo.

Chuir mé scrúdú ar chomhaid na Roinne agus fuair mé amach gur thug Oifigeach Leasa Shóisialaigh (OLS) cuairt uirthi nuair a rinne sí iarratas athuair ar SBT sa bhliain 1993. Sa tuarascáil a rinne sí bhí an OLS den tuairim go raibh an teacht le chéile gearrthréimhseach agus go raibh an chéad tréigean fós ábhartha. Chuir mé cás faoi bhráid na Roinne, ar bhonn na tuarascála seo ón OLS, gur ceart dóibh a mheas nach raibh athnascadh déanta riamh ar cheangal an phósta agus go mba iomchuí an chéad éileamh ar SBT a rinneadh sa bhliain 1998 a athbhunú. Agus an scéal mar a bhí níor cheart na teorainneacha ioncaim a leagadh síos sa bhliain 1992 a chur i bhfeidhm ar an éileamh uaithi. Ghlac an Roinn le m’argóint agus bhronnadar ar ais SBT na mná le héifeacht ó dháta an athbhreithnithe sa bhliain 2004. D’íocadh thar €25,000 de riaráistí léi de dheasca na hidirghabhála a rinne mé.

Bhain an gearán seo a leanas i gcoinne na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le laghdú i luach an Phinsin Easláine, laghdú a d’éirigh as cur i bhfeidhm rialacháin ón AE a d’oibrigh mar mhíbhuntáiste don ghearánaí. Tar éis na hidirghabhála a rinne mé tugadh an pinsean iomlán ar ais dí agus d’íocadh na riaráistí.

Rinne bean gearán liom maidir le cinneadh a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh chun íocaíocht an Phinsin Easláine (PE) a bhí aici a laghdú nuair a fuair sí pinsean beag scoir ón Ríocht Aontaithe (RA) ag aois a seasca.

Bhíodh an PE ar lán-ráta á fháil ag an ngearánaí, bunaithe ar ranníocaíochta árachais a bhí déanta aici in Éirinn agus sa RA. Tá soláthar i Rialacháin an AE i gcomhair socruithe den sórt sin. Nuair a shroich sí seasca bliana d’aois bhí sí i dteideal Pinsean Scoir a fháil ón RA. Ach de bhrí nach raibh sí ag obair ach ar feadh tamaill ghairid san RA, agus ní raibh an pinsean seo áirithe ach amháin ar luach an árachais a bhí aici sa RA, ní raibh sa phinsean seo ach thart faoi £8 steirling sa tseachtain.

De thoradh ar an bpinsean seo ón RA a bheith faighte aici, bhí sé mar oibleagáid ar an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, faoi alt eile de Rialacháin an AE, ath-áireamh a dhéanamh ar an gceart a bhí aici don PE, ar bhonn pro rata d’iomlán an árachais cnuasaithe a bhí aici in Éirinn agus sa RA le chéile. Ba é an toradh a bhí le sin ná laghdú de €47 sa tseachtain sa mhéid an PE a bhí le teacht chuici agus cailliúint ghlan thart faoi €35 sa tseachtain san ioncam iomlán a bhí aici. Tá foráil i rialacháin na bpinsean sa RA gur féidir le pinsinéirí an ceart i gcomhair pinsin atá acu a chur ar athlá nó é a thabhairt suas ar fad. Dá mbeadh feidhm bainte ag an ngearánaí as an rogha seo ní bheadh aon oibleagáid ag an Roinn an teideal a bhí aici le aghaidh PE a ath-áireamh. Ach mhaígh sí nár chuireadh an rogha seo riamh in iúl dí.

Nuair a chuaigh mé faoi dhéin na Roinne luaigh mé an imní a bhí orm faoi oibriú an Rialacháin ón AE. Cheapadh an Rialachán seo chun an tslándáil shóisialach a chosaint do dhaoine a bhíonn ag imeacht idir thíortha an AE, ach is amhlaidh a d’oibrigh sé mar mhíbhuntáiste don ghearánaí seo. Mar sin féin, chuir an Roinn in iúl dom nach raibh foráil ar bith sa reachtaíocht leasa shóisialaigh in Éirinn chun sochar a fhorluí le sochar i mBaill-Stáit eile an AE. De bhreis ar sin, ní raibh aon fhoráil ann chun an gearánaí a chúiteamh as an laghdú a rinneadh. Tar éis an scrúdú a rinne mé ar an ngnó, thoiligh an Roinn scríobh chuig Roinn na hOibre agus na bPinsean san RA agus a chur faoina mbráid go raibh rogha amháin ann don dá riarachán, is é sin ligean don ghearánaí an ceart a bhí aici don Phinsean RA a chur ar athlá nó a chaitheamh suas ar fad go cúlghabhálach. Chuirfeadh sin ar ais í sa sean-áit ina raibh sí cheana, murab é gur roghnaigh sí an Pinsean RA a éileamh. Chuirfeadh sin ar chumas na Roinne an PE ar an lán-ráta a thabhairt ar ais dí agus aon chuid de phinsean ró-íoctha a íoc ar ais chuig na húdaráis san RA.

D’aontaigh na húdaráis san RA leis an socrú sin agus bronnadh an PE ar ais ar an ngearánaí ar lán-ráta. Fuair sí riaráistí PE freisin de bhreis ar €9,600. Mar aitheantas ar an gcás rinne an Roinn urraíocht ar leasú a dhéanamh ar reachtaíocht na tíre seo. Má tá duine cáilithe anois le haghaidh PE in Éirinn ní fhulaingeoidh an duine sin aon laghdú sa phinsean faoi Rialacháin AE, fiú má tharlaíonn níos deireanaí go mbíonn sé nó sí i dteideal pinsin mharthanóra nó pinsin scoir as Ball-Stát eile den AE.

Bhain an cás seo a leanas le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaiscirt agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt. Fuair m’Oifigse amach go raibh dhá mhodh difriúla ag an dá oifig áitiúla chun an Liúntais um Chúram Baile a íoc le máthair linbh mhíchumasaigh. D’íocadh riaráistí sonracha leis an ngearánaí tar éis don Oifig seo an scéal a iniúchadh.

Tháinig máthair óg scartha faoi dhéin m’Oifige mar gheall ar a mac sinsir a raibh an Siondróm Asberger air. Bhí diúltú faighte ag an mac, ar bhonn míochaine, ar Liúntas um Chúram Baile (LCB) a fháil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS): Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt. Íocaíocht mhíosúil is ea an LCB a dhéantar le páistí incháilithe óna mbreith go dtí aois a sé déag. Ní mór dian-mhíchumas a bheith orthu agus cúram agus aireachas leanúnach de dhíth orthu, go mór de bhreis ar a bheadh ag teastáil de ghnáth ó leanbh den aois chéanna. Thug na tuairiscí míochaine le fios go raibh deacrachtaí ag an leanbh ag idirghníomhú le leanaí eile sa tréimhse réamhscoile. Cé go raibh sé cliste thar an gcoitiantacht bhí tacaíocht ó Chúntóir um Riachtanais Speisialta de dhíth air sa scoil maille le haireachas leanúnach óna mháthair sa bhaile. Nuair a bhog an teaghlach ón teach a bhí acu go dtí ceann nua chuir an gearánaí isteach arís ar LCB dá mac agus fuair sí é ón FSS: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuairscirt. Bhí an fhaisnéis mhíochaine a thug an mháthair go díreach mar an gcéanna lenar thugadh mar chuid den chéad iarratais a chuir sí chuig an FSS: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt. Chomh luath is a tugadh an LCB chuir an gearánaí isteach ar iar-dhátú an liúntais ach dhiúltaigh an FSS: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt é seo, ar an mbonn nár measadh an leanbh a bheith cáilithe de réir míochaine.

Nuair a rinne mé mionscrúdú ar an tslí a láimhsíodh an dá iarratas sa dá limistéir den FSS, thug mé faoi deara go ndearna an fhoireann mhíochaine sa limistéar inar chónaigh an gearánaí i dtús báire díriú ar an bhfaisnéis dheimhneach faoi staid an linbh a bhí sna tuairiscí míochaine. Bhí an leanbh cliste thar an gcoitiantacht de réir na dtuairiscí úd. Bhí tuiscint an-ghéir aige faoi cuid de an deacrachtaí a bhí ag cur as dó. Dhealraigh an scéal gur úsáideadh cuid den eolas seo chun an iarratais a dhiúltú.

I gcodarsnacht le seo, rinne an fhoireann mhíochaine a cheadaigh íocaíocht an LCB díriú ar an bhfíor-iarmhairt a bhí ag an míchumas ar an leanbh agus ar a mháthair, agus cé gur aithníodar tréithe deimhneacha an linbh, ghlacadar go raibh cúram agus aireachas de dhíth air i bhfad níos mó ná a theastódh ó leanbh dá chomhaois de ghnáth.

Scríobh mé chuig an Stiúrthóir um Sheirbhís do Chustaiméirí agus d’iarr mé go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar an gcás. Scríobh mé freisin chuig an Roinn Sláinte agus Leanaí agus d’achoimrigh mé an neamh-ionannas ginearálta a bhí tríd an FSS ag measúnú páistí le haghaidh LCB. Is ionann déileáil go cothrom le daoine is a rá gur cóir dúinn a dheimhniú nuair atá seirbhís bunaithe ar scéim de thosaíochtaí go gcaithfidh an scéim sin a bheith oscailte agus trédhearcach. Ba dheacair don mháthair óg a bhí i lár an ghearáin seo a thuiscint cén chaoi a d’fhéadfadh an FSS an LCB a thabhairt dá mac i limistéar amháin agus é a dhiúltú i limistéar eile. Tar éis an athbhreithnithe, ghlac an Stiúrthóir um Sheirbhís do Chustaiméirí go raibh dhá dhearcadh contrártha ag rialú cáilitheachta sa chás seo, ach bhí sí sásta go bhféadfadh an FSS an rogha ba bhuntáistí a ghlacadh agus an LCB a dhátú aniar ón dáta a cháiligh an leanbh don íocaíocht. Faomhadh riaráistí i gcéaduair don tsuim €3000 nó thart faoi, bunaithe ar an dáta a rinneadh an chéad iarratas i Mí na Samhna 2002. Ach chuir mé i gcuimhne don FSS: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt, gur cheadaigh an Imlitir a bhí ar rialú na scéime riaráistí aniar ón data ar aithníodh gur thosaigh an cúram agus an t-aireachas leanúnach a íoch. B’shin 1999 sa chás seo. Faomhadh riaráistí breise de €8000 ar an mbonn seo agus thug sin riaráistí san iomlán de €11,000 nó thart faoi sin.

De dheasca an ghearáin seo i gcoinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaiscirt, tháinig m’Oifigse ar earráid a bhain le measúnú acmhainne chun críche fóirdheontais thí altranais. Nuair a chuir m’Oifig le fios gur tharla an earráid as cur i bhfeidhm mícheart na rialachán ábhartha, tugadh an fóirdheontas iomlán do mháthair an ghearánaí.

Tháinig fear faoi dhéin m’Oifige mar gheall ar theideal a mháthar d’fhóirdheontas thí altranais. Bhí iarratas déanta ag a mháthair i Mí Lúnasa 2003 ach diúltaíodh é ar bhonn acmhainne toisc go raibh dhá chuntas bainc aici i bpáirtíocht lena mac, an gearánaí. Le linn dóibh an teideal a bhí aici don fhóirdheontas a áireamh, rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse, mar is ceart, leath an iarmhéid a bhí sna cuntais a mheasúnú ina coinne agus dúradar leis an ngearánaí iarratas eile a dhéanamh nuair a bheadh coigilteas na máthar laghdaithe. Ba leis an ngearánaí féin a raibh d’airgead eile sna cuntais.

I Mí Eanáir 2005 rinne an gearánaí iarratas eile toisc go raibh an t-airgead ar fad a bhí sábháilte ag an máthair caite anois ar chúram an tí altranais. De thoradh an dara iarratais tugadh fóirdheontas laghdaithe don mháthair toisc go raibh an FSS ag measúnú fós mar chomh-mhaoin iarmhéid na maoine a bhí fágtha, ach ba leis an ngearánaí an méid a bhí fágtha ó cheart. Tar éis idirghabhála ó m’Oifigse, rinne an FSS athbhreithniú ar theideal na máthar, agus thoilíodar an fóirdheontas tí altranais iomlán a bhronnadh uirthi móide breisiú anuas ar sin, le héifeacht ó Mhí Eanáir 2005. Seo é an dara chás i dhá limistéar difriúil den FSS, a raibh comh-shábháil airgid i gceist, ar dhéileáil m’Oifig leo sa bhliain 2006, agus a raibh measúnú mícheart déanta ar iarratasóir le haghaidh fóirdheontais thí altranais. Cé go soláthraíonn na rialacháin le haghaidh measúnú a dhéanamh ar a leath den choigilteas seo, ní thugann siad cead measúnú leanúnach a dhéanamh ar an leath a bhíonn fágtha.

Sa chéad chás eile, a bhaineann le cinneadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Réigiún an Oirthir, Limistéar an Iar-Dheiscirt maidir le fóirdheontas thí altranais a dhiúltú, rinne mé an breithiúnas gur fulaingíodh dian-anró toisc go ndeachadar thar fóir le cur i bhfeidhm go ró-smachtúil na cumhachtaí discréideacha a bhí acu. D’aisiompaíodh an cinneadh agus d’íocadh riaráistí substaintiúla.

Fuair mé gearán ó fhear ar diúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) fóirdheontas dá mháthair i leith íocaíocht na dtáillí sa teach altranais príobháideach a raibh cónaí uirthi ann. Íocaíocht bunaithe ar thástáil maoine is ea an fóirdheontas a thugtar do dhaoine a théann isteach i dtithe altranais cláraithe príobháideacha in Éirinn.

Bhí máthair an ghearánaí 85 bliana d’aois, ina sealbhóir charta leighis agus bhí cónaí uirthi sa teach altranais ó 2004 i leith. Bhí sraith d’aicídí sean-aoise ag gabháil dí agus bhí aireachas ceithre uaire is fiche de dhíth uirthi. Ba é costas bliantúil a haireachais ná €34,000 agus bhí ioncam de €12,000 sa bhliain aici óna pinsin. D’fhág sin bille de tháillí tí altranais gach mí uirthi de €1,900.

D’íoc muintir a mic iarmhír na dtáillí thí altranais le deacracht an-mhór, ar feadh dhá bhliain as a n-acmhainní féin, ach ar dheireadh ní rabhadar ábalta leanúint ag aghaidh leis. Bhí iarratas tar éis a bheith curtha isteach ag a mac ag lorg fóirdheontais ach diúltaíodh é. Ba í an chúis a tugadh leis an ndiúltú ná gur measadh sócmhainní a bheith ag an máthair a tháinig as díol sealúchais a bhí aici roimhe sin. Díoladh an sealúchas sa bhliain 2004 ar €402,000 agus ba é an scar as an bhfáltas sin ba leis an mháthair ná €267,091. D’úsáideadh an tsuim seo, móide an fáltas ó dhíolachán tí a mic, chun teach eile a cheannach. Ba é a bhí ar intinn ag an mac agus ag a chlann ná aire a thabhairt d’a mháthair sa teach nua. Ach, tar éis tamaill ghairid mheath an tsláinte uirthi chomh dona sin nach raibh dul as ag an gclann ach aireachas lánaimseartha a shocrú dí i dteach altranais príobháideach. In ainneoin nach raibh a scar féin ó dhíol an tí chónaithe ar fáil aici a thuilleadh toisc gur úsáideadh é chun teach nua a cheannach, in ainneoin sin, mheas an FSS mar shócmhainn é agus iad ag tástáil a cuid maoine. De thoradh ar sin, d’áiríodh an t-ioncam os cionn na tairsí a bhí mar theorainn le bheith i dteideal an fhóirdheontais. Dá bhrí sin diúltaíodh an fóirdheontas. Bhí anró thar fóir á fhulaingt ag an gclann ag iarraidh táillí an tí altranais a fhriotháladh. D’achomhairc siad gan toradh don FSS i gcoinne an chinnidh agus ar an bpointe sin scríobhadar chugamsa.

Maidir le seirbhísí a bhíonn á gcur ar fáil ag FSS d’othair cónaitheacha, is é mo thuairimse, agus tuairim mo réamhtheachtaithe romham, go mba chóir na seirbhísí sin a sholáthar do shealbhóirí cártaí leighis, lena n-áirítear cúram fad-chónaitheach do sheanóirí. Ba chóir, dar liom, don FSS féin na seirbhísí seo a sholáthar ina bhforais féin, nó i bhforais eile le maoiniú poiblí nó trí chonarthaí allamuigh idir an FSS agus foras príobháideach. Sa chás seo, sealbhóir de charta leighis ba ea máthair an ghearánaí, agus ba chóir go mbeadh sí, dar liomsa, i dteideal an chúraim, go hiomlán, maoinithe go poiblí, saor in aisce. Ach, toisc an ghanntanais leapacha i dtithe altranais poiblí, nuair a mheath an tsláinte uirthi, ní raibh an dara rogha ag a clann ach aireachas a lorg dí i dteach altranais príobháideach.

De réir na fóirdheontais faoi réir Rialachán a bhí i bhfeidhm ag an am áirithe seo, bhí soláthar iontu don FSS do dhiscréid a úsáid agus b’fhéidir neamh-aird a dhéanamh ar shócmhainní áirithe le linn dóibh a bheith ag measúnú maoine iarratasóirí ar fhóirdheontais. Sa chás seo, dá n-úsáidfí an dhiscréid úd, bheadh an cead ann an fóirdheontas a íoc. Mar sin féin, chinn an FSS gan é seo a dhéanamh agus dá bhrí sin d’fhulaing an chlann anró an-mhór ag iarraidh an bhearna a líonadh i dtáillí an tí altranais. Dhealraigh sé domsa go raibh bonn maith le tuiscint nuair nár úsáid FSS an dhiscréid a bhí ar fáil dóibh, go raibh an cinneadh sin míréasúnta agus contrártha le riarachán cóir agus cothrom. Agus an scéal mar a bhí, d’iarr mé ar an FSS an scéal go léir a athbhreithniú. Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú thoiligh siad fhóirdheontas de €70.86 in aghaidh an lae a íoc ón dáta sin amach, agus riaráistí de €18,000 beagnach anuas ar sin.

Tá feidhmiú na discréide seo srianta cuid mhór anois trí fhorálacha an Achta Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007. De bhreis ar sin tá curtha in iúl ag an Roinn Sláinte agus Leanaí go ndéanfar breis leasuithe ar na forálacha seo sa Scéim Tacaíochta do Chúram i dTithe Altranais atá á beartú le tabhairt isteach sa bhliain 2008.

Fuair mé na gearáin seo a leanas i gcoinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Limistéar an Iartháir Láir, agus Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte: Limistéar an Deiscirt i ndáil le díospóid maidir le teideal seirbhísí sláinte do sheirbhísigh poiblí Éireannacha a bhfuil cónaí orthu thar lear anois. Rachaidh réiteach na gcásanna seo chun sochair ar dhaoine eile san aicme céanna amach anseo nó daoine in aicmí mar é.

Fuair mé gearán ó bheirt, agus ba iar-sheirbhísigh poiblí an bheirt (múinteoir ar scor ba ea duine amháin agus iar-fhostaí den tSeirbhís Sláinte an duine eile). Bhí pinsean ag an mbeirt ón tseanfhostaíocht agus bhí cónaí anois orthu araon taobh amuigh d’Éirinn, ach san AE (sa bhFrainc).

Rinne an bheirt iarratas sa bhFrainc chun clárú leis an soláthraí áitiúil d’fhonn leas a bhaint as seirbhísí cúraim sláinte. Ach dúradh leo, mura mbeidís ábalta foirm E121 a sholáthar nach bhféadfaidís leas a bhaint as na seirbhísí seo. Eisítear an fhoirm E121 faoi fhorálacha an Rialacháin (AE) 1408/71 agus tugann sé ceart de shaoránaigh Éireannacha, a chónaíonn de ghnáth i mBall-Stát den Aontas Eorpach / Limistéar Eacnamaíoch Eorpach nó san Eilbhéis, do shochair comhchineáil sláinte faoi reachtaíocht an Stáit sin. Tá costas na seirbhísí sin maoinithe ag an Stát Éireannach.

Chuir na gearánaithe iarratas chuig an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte (FSS) le haghaidh foirm E121 ach chuireadh in iúl dóibh nach raibh dteideal na foirme sin, E121, a fháil, ach amháin ag daoine a bhí ag fáil pinsin ranníocaigh ón Roinn Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Tugadh le fios dóibh freisin, ar chomhairle ón Roinn Sláinte agus Leanaí, nach raibh foráil ar bith déanta sa Rialachán chun daoine a cháiliú le haghaidh na foirme E121a bhí ag fáil pinsean státseirbhíse nó seirbhíse poiblí. Sa litir ghearáin a chuireadar chugamsa, mhaíodar go raibh seo leatromach. Mar shampla, má théann saoránaigh ón RA, ar sheirbhísigh poiblí iad roimhe sin, chun cónaithe i stáit eile den AE/LEE, cáilíonn siad le haghaidh E121.

Chun a bheith i dteideal pinsin ranníocach a fháil ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ní mór do dhaoine riachtanais íocaiochta áirithe d’árachas shóisialach a chomhlíonadh. Baineann na ranníocaíochtaí seo, ar a dtugtar Aicme A, le daoine i gcineál fostaíochta mar thionscail, tráchtáil nó seirbhís. Áirítear anseo státseirbhísigh a earcaíodh i ndiaidh 6ú Aibreán 1995, ach i gcás seirbhíseach stáit agus poiblí a earcaíodh roimh an dáta sin, tá scéim pinsean gairme dá gcuid féin acu siúd agus íocann siad árachas sóisialach d’aicme eile nach bhfuil aon teideal do phinsean leasa shóisialaigh ann.

Le linn dom a bheith ag scrúdú na ngearán seo fuair mé amach go raibh an Roinn Leasa Shóisialaigh, mar a bhí, tar éis soiléiriú a lorg i Mí na Bealtaine 1998 maidir le leathnú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 1408/71 chun go gclúdódh sé na scéimeanna pinsean de sheirbhísigh poiblí Éireannacha a chuaigh isteach sa tseirbhís roimh Aibreán 1995. Chomhairligh Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh don Roinn an uair úd gurbh é dearcadh an Choimisiúin nár thit na hiar-sheirbhísigh stáit agus na hiar-sheirbhísigh poiblí Éireannacha a thosaigh seirbhís roimh Aibreán 1995 agus atá ag fáil pinsean óna gcuid oibre anois, faoi scóip an Rialacháin (AE) 1408/71. Mar sin féin, nótáil an Coimisiún freisin go bhféadfadh Rialtas na hÉireann ‘dearbhú’ a dhéanamh maidir leis na scéimeanna pinsean sa tseirbhís phoiblí agus ar an mbealach sin go dtabharfaí isteach faoi scóip an Rialacháin (AE) 1408/71 iad.

Maidir le seo, d’iarr mé soiléiriú ón Roinn Sláinte agus Leanaí faoi cheisteanna éagsúla: Cérbh iad na céimeanna a bhí tógtha, má bhí, ó 1998 i leith chun dearbhú den chineál a luaigh an Coimisiún a dhéanamh? Má bhí cinneadh déanta gan dul ar aghaidh le dearbhú dá leithéid, cén chúis a bhí le sin; mura ndearnadh aon ní den sórt an rabhthas chun é dhéanamh anois; agus murab ea, cén fáth? Bhí cruinniú idir m’fhoireann agus oifigigh ón Roinn Sláinte agus Leanaí agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ina dhiaidh sin. Thug an Roinn Sláinte agus Leanaí agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le fios go raibh athbhreithniú déanta acu ar an gcás, go háirithe maidir le teideal daoine do sheirbhís sláinte, daoine a bhí i gcúinsí cosúil leis an mbeirt a chuir na gearáin chugamsa. De thoradh ar an athbhreithniú seo, chinn an Roinn, in ainneoin nach raibh aon bhonn rialála ar leith ann chun an cheist a shoiléiriú, bhraitheadh ó thaobh cothroime de, go raibh na daoine seo i dteideal Foirm 121, toisc go rabhadar go fírinneach ag fáil pinsean stáit. Dá bhrí sin bhí na gearánaithe agus a macasamhla eile d’iar-státseirbhísigh agus de sheirbhísigh poiblí i dteideal an Fhoirm 121 a fháil chomh maith céanna agus ar an mbonn céanna leo siúd a bhí ar phinsin ranníocacha leasa shóisialaigh. Eisíodh foirmeacha E121 dá dheasca sin ar na gearánaithe.

Bhí an gearán seo a leanas i gcoinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Réigiún an Iarthair maidir leis an mbealach a rinneadar táillí na n-othar cónaitheacha a áireamh. Fuair mé amach nach raibh na treoirlínte náisiúnta a chuireadh le chéile ar aon réiteach leis an máthair-reachtaíocht a bhí mar bhonn leo, agus dá bhrí sin, rinneadh na táillí a ríomhadh go mícheart. De thoradh ar an ngearán aonair seo d’íocadh riaráistí le haon teaghlach agus caoga.

Fuair mé gearán ó bhean a mheas go raibh ró-tháillí á ngearradh ar a fear céile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gcomhair seirbhísí cónaitheacha i dteach altranais. De réir dealraimh, agus iad ag ríomhadh na táille don fhear chéile chuir an FSS ioncam na mná céile san áireamh freisin.

Chuir an gearánaí in iúl gurbh é iomlán an ioncaim a bhí ag a fear ná €96.10 sa tseachtain ach go raibh £120 sa tseachtain á ghearradh air i gcomhair seirbhísí cónaithe. B’shin €23.90 os cionn an ioncaim sheachtainiúil a bhí aige. Mheas sí, gur ceart don FSS gan ach ioncam a fir amháin a áireamh le linn dóibh a bheith ag déanamh suas na táille.

Nuair a fuair mé an gearán rinne mé scrúdú ar an reachtaíocht a bhí ag rialú na dtáillí i gcomhair seirbhísí cónaitheacha na n-othar, is é sin An tAcht Sláinte (Leasú) 2005 agus na Rialacháin Sláinte (Muirir ar Sheirbhísí Othar Cónaitheacha) 2005. Scrúdaigh mé freisin na Treoirlínte Náisiúnta faoi Mhuirir ar Chónaí Fadtéarmach a d’eisigh an FSS i Mí Iúil 2005. As an staidéar a rinne mé ar an reachtaíocht bhunaidh agus na rialacháin, bhí mé sásta gurbh é ioncam an té atá ag fáil na seirbhísí a chuirtear i gcuntas chun teacht ar an dtáille chóir sheachtainiúil. Mar achoimre, ní bhfuaireas foráil ar bith sa mháthair-reachtaíocht a cheadaíonn ioncam na mná a chur san áireamh le linn do tháillí don fhear céile a bheith á ríomhadh.

 Mar sin féin, nuair a bhí na Treoirlínte Náisiúnta faoi Mhuirir ar Chónaí Fadtéarmach á gcur le chéile, dar dháta Iúl 2005, dealraíonn sé gur sholáthair an FSS, i gcás lánúineacha pósta, go gcuirfí ioncam an chéile san áireamh le linn do leibhéal na muirear a bheith á ríomhadh. Ní raibh mé sásta gurbh é seo an léirmhíniú dar chóir a bhaint as an máthair-reachtaíocht agus dá bhrí sin d’iarr mé ar an FSS agus an Roinn Sláinte agus Leanaí féachaint arís ar an scéal.

Mar fhreagra, d’aontaigh an Roinn leis an léirmhíniú a rinne mé. Léirigh sé gurbh é ioncam an té atá ag fáil na seirbhísí d’othar cónaitheach dar chóir a bheith á áireamh le linn don táille sheachtainiúil a bheith á mheasúnú. D’admhaigh an Roinn freisin nach raibh na Treoirlínte Náisiúnta faoi Mhuirir ar Chónaí Fadtéarmach, a chuir, i gcás lánúineacha pósta, ioncam an chéile san áireamh le linn do leibhéal na muirear a bheith á ríomhadh, nach rabhadar sin ag teacht le forálacha an Achta Sláinte (Leasú) 2005 ná leis na Rialacháin Sláinte (Muirir ar Sheirbhísí Othar Cónaitheacha) 2005.

Ag freagairt don chúram a rinne mé don ábhar d’ullmhaigh FSS treoirlínte náisiúnta úra, a sholáthair, i gcás lánúine pósta, nach ndéanfaí measúnú ach amháin ar an ioncam darbh fhéidir a chur síos don té a bhí ag fáil na seirbhísí, agus i gcásanna nach féidir ioncam ar bith a chur síos don duine sin, ní chóir aon táille a ghearradh.

Ar an mbonn sin, d’iarr mé ar FSS cás mo ghearánaí a scrúdú arís agus sonraí mar a leanas a thabhairt dom:

  • cathain a mheasadar an ró-íocaíocht a thabhairt ar ais,
  • an tsuim iomlán a bhí i gceist, agus
  • machnamh a dhéanamh faoi leithscéal a ghabháil leis an ngearánaí.

Mhol mé freisin, le linn d’aon chúiteamh a bheith á ríomhadh, agus le cailliúint aon chumais cheannaigh a chur san áireamh, gur ceart don FSS Innéacs Praghsanna na dTomhaltóirí a úsáid chun luacháil reatha a chur le haon aisíoc a bheadh le déanamh. De bharr na saincheiste sistéimí a nochtadh de bharr an ghearáin seo, d’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh freisin ar chásanna a rinneadh measúnú orthu ar an modh céanna agus a rá liom cén toradh ar bhí leis an athbhreithniú sin.

I ndiaidh m’iarrata, d’aisíocadh €1,126 san iomlán don ghearánaí. Chomh maith leis sin, mhínigh FSS an chaoi a rinneadar an aisíocaíocht sin a ríomhadh. Ghabhadar leithscéal don ghearánaí agus dá fear céile as an gceataí a fhulaing siad de thoradh ar an míthuiscint a bhaineadh as an máthair-reachtaíocht agus as na rialacháin.

De bhreis ar seo dheimhnigh an FSS go ndearnadh aisíocaíochtaí de €131,000 san iomlán ar aon teaghleach agus caoga a measadh a ghearradh ró-tháillí orthu sa tréimhse ghairid idir Mí Iúil 2005 agus Mí Iúil 2006. B’ionann sin agus meán-aisíoc de €2,500, nó os a chionn, do gach teaghlach. Bhí an coigeartú le haghaidh athruithe in Innéacs Praghsanna na dTomhaltóirí, san áireamh.

Is éard a tháinig as an ngearán seo ná gur aithníodh teip leanúnach sistéimeach sa riarachán a bhí ag fágáil drochthoradh ó thaobh airgid de ar theaghlaigh leochaileacha ar fud na tíre go léir. Chomh luath is a rith sé chugam gur mar sin a bhí tháinig fonn an-mhór orm dul i ngleic leis an bhfadhb agus a dheimhniú:

  • go ndéanfaí aisíocaí,
  • go n-íocfaí an cúiteamh iomchuí,
  • go n-athrófaí na Treoirlínte Náisiúnta, agus
  • go ndéanfaí leithscéalta a ghabháil.

Faoi dheireadh ba mhaith liom an Roinn Sláinte agus Leanaí agus an FSS a mholadh as an mbealach a bhrostaigh siad chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo chomh luath is a tharraing mé a n-aird air.

Bhí an gearán seo a leanas i gcoinne Comhairle Bhaile Bré as an tslí a rinneadar luacháil ar theach a bhí á cheannach ag tionónta dá gcuid. Fuair mé amach nár chloígh an Chomhairle go dílis leis na modhanna imeachta a bhí leagtha amach in Imlitír ón Roinn. Nuair a chloíodh leis an modh imeachta ceart, de thoradh idirghabhála ó m’Oifige, bhí titim mhór sa phraghas don ghearánaí.

Fuair mé gearán ó bhean a raibh iarratas déanta aici chun a teach cónaithe a cheannach ó Chomhairle Bhaile Bré sa bhliain 2005 faoin Scéim Cheannacháin do Thionóntaí (SCT) 1995. Fuair an Chomhairle beirt cheantálaí difriúla chun an teach a luacháil, agus tar éis lascaine a thabhairt dí as fad na tionóntachta agus as feabhsúcháin a bhí déanta sa teach i gcaitheamh na mblianta, thairgeadar an teach a dhíol léi. Cheistigh sí an luacháil, mar mheas sí go raibh méadú an-mhór i bpraghas na tairisceana ar an bpraghas a tugadh dí nuair a chuaigh sí chun an teach a cheannach roimhe sin sa bhliain 2003.

Labhair an bhean ar an dteileafón le m’Oifig an chéad uair agus dúradh léi iarraidh ar Chomhairle Bhaile Bré an t-ábhar a chur faoi bhráid na hOifige Luachála, áit a mbeadh breithiúnas deifnídeach le fáil ar luach an tí sa mhargadh oscailte. Ach, nuair a chuaigh sí ag triall ar an gComhairle dúradh léi, go mícheart, gur fúithi féin a bhí sé an cheist a chur faoi bhráid na hOifige Luachála.

Nuair a d’fhiosraigh mé féin an scéal ba shoiléir nár lean Comhairle Bhaile Bré mar ba chóir leis na modhanna imeachta chun teach a dhíol faoin Scéim Cheannacháin do Thionóntaí, 1995. Tá na modhanna imeachta céanna leagtha amach in Imlitir HRT 6/95 a d’eisigh an Roinn Comhshaoil ar an 18ú Bealtaine 1995 maidir le luacháil a dhéanamh ar thithe. Tá ráite faoi Mhír 10 den Imlitir (aistrithe go Gaeilge anseo):

"Ní cheart breithniú ar mhaíomh ó iarratasóir go bhfuil luach margaidh a thí/tí níos lú ná an luach atá measta ag an údarás mura bhfuil an maíomh sin á thacú ag teastas luachála ó luachálaí cáilithe. Is faoin údarás go hiomlán an cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé mhéid a choigeartófaí an luacháil bhunaidh, má dhéantar, tar éis dóibh a leithéid de theastas a fháil. Ach, má tá difríocht shonrach idir an luacháil úr agus luacháil an údaráis, ba cheart an cás a chur faoi bhráid An Oifig Luachála, 6, Plás Ely, Baile Átha Cliath, 2, chun luacháil dheifnídeach a fháil." [uaimse an bhéim anseo].

De bhrí go raibh dhá luacháil cheana féin i seilbh na Comhairle agus difir shonrach idir an dá luacháil margaidh (€29,550) chuir mé suas don Chomhairle nach raibh aon ghá le hiarraidh ar an ngearánaí an tríú luacháil a chur ar fáil. D’aontaigh an Chomhairle iar sin go raibh faisnéis neamhchruinn tugtha don ghearánaí maidir leis an modh chun iarraidh ar an Oifig Luachála eadránú a dhéanamh agus bheartaíodar féin an t-ábhar a chur faoi bhráid na hOifige sin le haghaidh cinneadh a dhéanamh. Ba é toradh an scéil, nuair a fuair an Chomhairle an luacháil dheifnídeach ón Oifig Luachála gur bhaineadar €21,700 ó phraghas an dhíolacháin.

Léirigh an cás seo nach raibh an modh ceart á chleachtadh ag Comhairle Bhaile Bré agus iad ag déileáil le hiarratais ceannacháin ó thionóntaí má bhí easaontas faoi luacháil an tsealúchais. Beidh tairbhe le baint as toradh an cháis seo, ní hamháin ag an ngearánaí agamsa, ach ag tionóntaí eile a bhéas ag iarraidh, b’fhéidir, a dtithe a cheannach amach anseo.

Sa chéad chás eile, rinne T.D. gearán nach raibh an modh imeachta cóir á chleachtadh ag Comhairle Chathrach Átha Cliath maidir le taifid scríofa a choimeád i gcomhaid pleanála. Chinn mé nach rabhadar ag cloí leis na modhanna reachtúla ábhartha, agus, de thoradh ar sin, chuir an Chomhairle nósanna nua i bhfeidhm.

Fuair mé gearán ó T.D. thar cheann duine dá thoghthóirí maidir leis an modh a bhí Alt 247(5) den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 á chur i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Átha Cliath. Bhí imní curtha in iúl aici roimhe toisc go raibh teipthe ar an gComhairle an t-alt seo a chur i bhfeidhm .i. taifead scríofa a choimeád d’aon chomhairliúchán maidir le haon fhorbairt a bhí beartaithe, roimh an t-iarratas ar phleanáil a bheith curtha isteach. Tar éis na teagmhála uaimse, d’aontaigh an Chomhairle nach raibh an modh imeachta ceart á chleachtadh, dúradar go raibh socruithe úra curtha in áit acu.

Ach tháinig an T.D. chugam arís agus mhínigh sí, in ainneoin na n-athruithe imeachta a rinneadh, nach raibh an t-alt áirithe fós á chur i bhfeidhm ag an gComhairle. Thagair sí do dhá chás ar leith nuair a tionóladh comhairliúcháin réamhphleanála, ach ní raibh na miontuairiscí le fáil sa chomhad. Thug sí le fios go raibh na miontuairiscí pleanála ar fáil don phobal, go teoiriciúil, faon gcóras nua, ach go gcaithfí iad a iarraidh. Dar léi, bhí seo contrártha le briathar agus le spioraid na reachtaíochta. Má bhí ábharthacht ar bith le bheith ag baint leis, níor mhór cóip ar pháipéar ar bheith curtha ar an gcomhad páipéir agus é seo a bheith ar fáil ag an gcuntar poiblí. Thug sí faoi deara freisin go raibh tús curtha ag an gComhairle le doiciméid a bhaineann le pleanáil a chur ar an láithreán gréasáin atá acu. Mheas sí go mba chóir go mbeadh na miontuairiscí réamhphleanála ar fáil mar seo freisin.

Mhínigh an Chomhairle do m’Oifigse go raibh modhanna úra curtha i bhfeidhm ach go rabhadar faoi athbhreithniú, agus go raibh leasú le déanamh orthu mar gheall ar na deacrachtaí a tháinig sa bhealach. Chuireadar in iúl freisin go raibh taifid d’iarratais réamhphleanála ar fáil ar an láithreán gréasáin, mar chuid den athbhreithniú. Bhí sé beartaithe freisin to mbeadh miontuairiscí ar fáil chomh luath is a lóisteálfaí an t-iarratas pleanála. Iar sin sholáthair an Chomhairle sonraí de na modhanna athbhreithnithe. Bhíos sásta, dá gcloífí leis na prótacail, go mba chóir go mbeadh na miontuairiscí d’aon chomhairliúcháin réamhphleanála ar fáil leis an gcomhad pleanála.

Fuaireas dhá ghearán difriúla i gcoinne Comhairle Chontae Chill Dara faoin mbealach a bhíodar ag tobhach muirear seirbhíse i gcomhair bailiú dramhaíola ó thithe a bhí ar chíos. Réitíodh na gearáin nuair a fuaireas nach raibh an t-údarás reachtúil ag an gComhairle chun na muirir a thobhach sa bhealach a bhíodar á dhéanamh. D’aontaíodar an polasaí a athbhreithniú maidir leis na muirir sin.

Fuair mé gearáin ó bheirt thiarna talún. Sa chéad chás bhí tarscaoileadh siarghabhálach á lorg ag an dtiarna talún ar mhuirir seirbhíse a bhí carntha ag tionóntaí ar a theach. Bhí an teach díolta agus bhí na tionóntaí imithe. Choinnigh a dhlíodóir €766.76 siar as fáltas an dhíolacháin de bharr comhairle a fuair sé ó Chomhairle Chontae Chill Dara. In ainneoin gur tugadh fianaise go raibh na tionóntaí i dteideal tarscaoilte a fháil d’eitigh an Chomhairle é a thabhairt ar an mbonn go gcaitear gach iarratas ar tharscaoileadh a phróiseáil ar an mbliain airgeadais lena mbaineann sé. Ach, tar éis teagmhála le m’Oifigse, dúirt an Chomhairle go smaoineoidís ar na muirir a scaoileadh tharstu an uair sin ar bhonn anró (de réir mar a sholáthraítear sa Scéim Tharscaoilte atá acu) dá ndéanfadh an tionónta foirm iarratais a chomhlánú agus sonraí maidir le hioncam a thabhairt le haghaidh na mblianta ábhartha.

Sa dara chás rinne an tionónta nua a bhí i dteach teagmháil leis an gComhairle d’fhonn socrú a dhéanamh maidir le bailiú dramhaíola. Diúltaíodh an tseirbhís ar an mbonn go raibh riaráistí muirear ar an seoladh sin. Chuir an Chomhairle in iúl gurbh é an tiarna talún a bhí freagrach as na riaráistí. Nuair a chuala an tionónta é sin cheistigh sé/sí an bonn dlíthiúil a bhí le seasamh na Comhairle.

Tá bonn reachtúil na muirear le fáil san Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983. Forálann an tAcht sin go mbíonn an muirear iníoctha ag an duine a thugtar an tseirbhís dó agus in-aisgafa ón duine sin, nó má tá níos mó ná áitreabh cónaithe amháin san bhfoirgneamh, ón té gur leis/léi an foirgneamh. I bhfocail eile, is ar an áitritheoir atá muirear an áitribh, más áitreabh singil é, mar atá sa dá chás a luaitear anseo, ach is ar an úinéir atá an dliteanas má tá tuilleadh agus aonad amháin sa bhfoirgneamh.

Nuair a chuireadh an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle, ba é an freagra a thugadar ná gur in ainneoin nach raibh aon reachtaíocht ar leith ann maidir le dliteanas an dtiarnaí talún, gurbh é polasaí na Comhairle dul sa tóir ar úinéir an tsealúchais chun sásamh a fháil faoi mhuirir seirbhíse a bhí fós amuigh. Tar éis comhráití agus argóintí le m’Oifigse lorgaíodar comhairle dhlíthiúil ar an gceist. Ar bhonn na comhairle sin a fuarthas bhí an Chomhairle sásta nach raibh aon bhonn dlíthiúil acu a bheith ag dul sa tóir ar an úinéir i gceachtar den dá chás.

Cé go raibh na gearánaithe sásta le toradh an cháis, is ábhar imní fós dom go ndéanfadh údarás áitiúil iarracht ar mhuirir a ghabháil ar ais ó dhuine ar bith agus gan aon údarás dlíthiúil acu chun é sin a dhéanamh. Tuigim, b’fhéidir, nach é Comhairle Chontae Chill Dara amháin atá ag gabháil d’obair den chineál sin. Dar ndóigh, thuigfí go mbeadh údarás áitiúil ag iarraidh, mar pholasaí, riaráistí de mhuirir seirbhísí a aisghabháil. Ach ní mór é sin a dhéanamh taobh istigh den dhlí. Ach ar chuma ar bith, de thoradh na gcásanna úd, dúirt Comhairle Chontae Chill Dara go bhféachfaidís arís ar an bpolasaí a bhí acu i ndáil le muirir dramhaíola agus áitribh ar chíos.

Baineann an cás deireanach seo le gearán i gcoinne Comhairle Contae Mhaigh Eo. Maidir le Scéim na nDeontas do Dheisiúcháin Riachtanacha, scéim a chuireadh le chéile go háitiúil, fuair mé go raibh laincisí curtha ag an gComhairle féin ar an ndiscréid a bhí acu, ar mhodh a bhí contrártha leis an reachtaíocht ábhartha a rialaigh scéimeanna dá leithéid. De thoradh idirghabhála ó m’Oifigse beartaíodh deontas níos airde a íoc agus gheall an Chomhairle go ndéanfaidís an scéim a athbhreithniú.

Chuir fear scoth-aosta iarratas chuig Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar Dheontas do Dheisiúchán Riachtanacha chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a theach. Cheadaigh an Chomhairle deontas de €6,350 dó le haghaidh na ndeisiúchán, ag áireamh díon nua a chur suas agus dhá dhoras ón dtaobh amuigh. De réir áirimh na Comhairle ba é chostas iomlán na hoibre sin ná €13,900. Mhaigh an gearánaí nach bhfeádfadh sé an difir idir an deontas agus costas measta na hoibre a dhéanamh suas .i. €7,550. Chun an bhearna a líonadh, thairg an Chomhairle é a mheasúnú le haghaidh iasachta faoi Oibreacha Feabhsúcháin in Ionad Scéim Tithíochta Údaráis Áitiúil. Bhí an gearánaí 70 bliana d’aois beagnach agus thug sé le fios nach raibh sé sásta iasacht de chúig bhliana déag a thógáil mar ualach ar féin mar a bhí á mholadh ag an gComhairle. Mhaígh an Chomhairle, i gcomhfhreagras le m’Oifigse, go raibh a n-oibleagáidí chun cuidithe leis an ngearánaí á gcomhlíonadh acu, toisc go raibh an deontas ba mhó dá bhféadfaí a thabhairt

Back to contents