- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2006
Caibidil 4: An Bhliain faoi Athbreithniú (i)
PLEANÁIL GNÓ 2006
Bainistiú na gCásanna
Chríochnaíomar 2,187 cás sa bhliain 2006 agus dhéileálamar le 8,103 fiosrúchán. Shocraíomar ar sprioc nach mó ná 784 le haghaidh cásanna a bheadh fós ar láimh ag deireadh na bliana, agus ag an am céanna thugamar an tosaíocht do sheanchásanna le haghaidh a ndúnta. Déantar faireachán ar an ndul chun cinn maidir le spriocanna a shroicheadh ar chruinnithe míosúla den Choiste Comhairle Bainistíochta (CCB) agus tá a spriocanna féin le leagan ag na baill foirne aonair faoina gcuid pleananna CFBF (Córas Forbartha Bainistiú Feidhmíochta), spriocanna a thagann leis na spriocanna a shocraítear ar leibhéal na heagraíochta.
Ar dheireadh na bliana 2006 bhí 896 cás ar láimh agus as an méid sin bhí 194 díobh os cionn bliain amháin d’aois. Cé nach raibh aon mhéadú os cionn an fhigiúir don bhliain 2005 ar líon na ngearán mbailí a fuarthas sa bhliain 2006 (2,245), mar sin féin bhí an méid a tháinig isteach thart faoi 100 níos mó ná a raibh measta chun críocha na spriocanna a leagan síos. Má cuirtear seo san áireamh, bhí toradh an-sásúil againn i ndáil lenár spriocanna a shroicheadh.
Táimíd riamh cúramach le deimhniú nach ar chostas seirbhíse ardchaighdeáin a thabhairt dár ngearánaithe a dhéantar bainistiú éifeachtach ar na cásanna. Bainimíd úsáid as na sonraí a bhailíodh sna suirbhéanna um shásamh na ngearánaithe (féach thíos) chun ár seirbhís a dhéanamh níos freagraí do riachtanais na gcliant.
Ráiteas Straitéise 2007-2009
Ag deireadh na bliana 2006, i gcomhar le m’Fhoireann Shinsearach Bainistíochta, rinne mé imlíniú ar ráiteas leathan straitéise na hOifige don tréimhse 2007-2009. Beidh raon de phleananna gníomhaíochta agus tionscadail le cur i gcrích i gcaitheamh na tréimhse céanna ag éirí ag an bpróiseas seo. Lárnach ina measc siúd beidh cuid mhór tuarascálacha le foilsiú a bhaineann le cásanna faoi leith agus le ceisteanna faoi ionramháil a éiríonn as an scrúdú a dhéantar ar ghearáin aonair. De bharr an leathnú a rinneadh le déanaí ar shainchúraim na hOifige seo go dtí na hospidéil deonacha agus limistéir eile a thagann faoi scóip an Achta Mhíchumais 2005, tá aird tarraingthe freisin ar cheisteanna sainiúla eile ar cheart cúram a dhéanamh dóibh. Ina measc atá an gá le scrúdú a dhéanamh ar struchtúr oibre inmheánaí na hOifige le deimhniú go bhfuil sé i gcóir agus i bhfearas chun freastail ar na héilimh breise a dhéanfar orainn de bharr an leathnú ar raon agus ar mhéid na ngearán a thiocfaidh as an síneadh seo atá déanta ar ár gcúram. Anuas ar seo, ní foláir straitéisí a cheapadh a chinnteoidh go ndéanfar an ról leathnaithe seo atá againn a chur in iúl d’earnálacha an phobail a mbeadh gá acu b’fhéidir le seirbhísí uainn sna limistéir úra seo. Aithnítear go forleathan gur pobal éagsúil ilghnéitheach atá againn in Éirinn sa lá inniu agus tá an gá ann eolas i dtaobh na hOifige seo a chur chun cinn i measc craobhacha difriúla an phobail sin.
Suirbhé ar Shásamh na nGearánaíthe
Thuairiscigh mé anuraidh ar mhór-shuirbhé a rinneadh ar na gearánaithe go léir ar chríochnaíodh a gcásanna dóibh laistigh de thréimhse bliana áirithe. Rinneadh an suirbhé ar raon leathan de shaincheisteanna a bhain leis an dtaithí a fuaireadar ón tseirbhís a thug an Oifig seo dóibh le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar na gearáin. I ndiaidh an tsuirbhé chuireadh grúpaí staidéir le chéile ar fud na tíre agus rinneadh scagadh níos mine fós ar na freagraí a tugadh sa tsuirbhé.
I measc na bpríomh-mholtaí a tháinig as an suirbhé aithníodh an riachtanas le breis faisnéise a thabhairt i dtús báire maidir le ról an Ombudsman; faoi phróiseas scrúdaithe na ngearán; agus faoi dhul chun cinn an cháis agus tuairim faoin bhfad eile a thógfadh sé. I measc na ngnéithe den tseirbhís ba ghá a fheabhsú ba ea baint níos dlúithe a bheith á thabhairt do na gearánaithe féin i bpróiseas scrúdaithe na ngearán; an leibhéal de theagmháil phearsanta le gearánaithe; agus caighdeán an mhíniúcháin a dhéanfaí ar na cinntí deireanacha. Rinne mé athbhreithniú ar na cleachtais scrúdaithe gearán agus ar na modhanna imeachta agus tá sraith tionscnamh curtha ar bun agam a dhéanann iarracht ar na moltaí sin i gcomhair feabhsúchán a chur ag obair.
Is é an príomh-thionscnamh atá tosaithe agam ná próiseas de shuirbhéanna leanúnacha a dhéantar uair sa ráithe ar leibhéil sásaimh na ngearánaithe nuair a bhíonn clabhsúr curtha lena gcásanna. Faoi sheacht gcinn de phríomh-tháscairí seirbhísí a forbraíodh as an mór-shuirbhé agus trí na grúpaí staidéir iarrann na suirbhéanna dearcadh uathu maidir le conas mar chruthaíomar ó thaobh seirbhíse de.
Ina measc siúd atá:
- an chéad teagmháil leis an Oifig;
- méid an mhíniúcháin a rinneadh i dtús báire ar phróiseas scrúdaithe na ngearán;
- an deis a tugadh dóibh a gcás féin a mhíniú;
- méid an eolais a thug an Oifig dóibh faoi dhul chun cinn an cháis;
- soiléire na faisnéise a tugadh dóibh, i mbéal agus i scríbhinn i gcaitheamh an scrúdaithe;
- soiléire na gcúiseanna a tugadh sa litir faoin gcinneadh deireanach a rinneadh ar a gcás; agus
- an tslí a dhéileáil na baill foirne ar leith leo i gcaitheamh tréimhse scrúdaithe an ghearáin.
Léiríonn torthaí na suirbhéanna atá ar fáil le linn don Tuarascáil seo a bheith á scríobh na rátaí sástachta mar a leanas:
- 83 % i ndáil leis an gcéad teagmháil;
- 76% i ndáil leis an míniúchán a thugamar ar phróiseas an scrúdaithe;
- 76% i ndáil leis an deis a tugadh dóibh a gcás féin a mhíniú;
- 61% i ndáil le heolas leanúnach faoi dhul chun cinn;
- 67 % i ndáil le soiléire na faisnéise;
- 62 % i ndáil le cúiseanna taobh thiar de chinntí, agus
- 79% i ndáil le hiompar na mball foirne.
Beidh mo dhícheall á dhéanamh agam lena dheimhniú go bhfeabhsóidh na leibhéil sásaimh san Oifig le himeacht ama. Tá sraith de ghléasanna a mbunú chun é seo a thabhairt chun críche. Áirítear anseo, ar leibhéal na heagraíochta, breis ábhair faisnéise a bheith á chur ar fáil ó thús do gach ghearánaí maidir leis an mbealach a oibríonn próiseas na ngearán. Tá úsáid á bhaint as an gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta ag baill den bhfoireann chun treoir agus tacaíocht a thabhairt dóibh le seirbhís níos fearr fós a sholáthar dár ngearánaithe.
Suirbhé ar Bhaill an Oireachtais
I gcaitheamh na bliana rinne m’Oifigse suirbhé ar bhaill an Oireachtais chun leibhéal an tsásaimh a bhfaigheann siad as seirbhís na hOifige seo a thomhas, i ndáil le láimhseáil na ngearán a chuireann siad ar aghaidh chugainn. B’ábhar misnigh an ráta freagartha (58.9%) a fuarthas.
Léirigh an suirbhé gurbh iad an dá thréith ba thábhachtaí chun sásamh a thabhairt ná éifeacht na hOifige chun gearán a réiteach agus a fhusacht agus a bhí sé do bhaill an Oireachtais teacht ar sheirbhís na hOifige. De réir na dtorthaí, dá airde a bhíonn leibhéal na gabhála leis an Oifig is ea is airde a bhíonn leibhéal an tsásaimh leis an tseirbhís. Tugann sin le fios go n-aithníonn na baill láithreach an t-ardchaighdeán seirbhíse atá le fáil chomh luath is a chromann siad ag déileáil leis an Oifig.
Thug na torthaí le fios freisin nach ró-mhinic a úsáideann na baill seirbhísí na hOifige go ginearálta. Mar shampla, níor chuir 30% de na Teachtaí Dála nó 52% de na Seanadóirí gearán ar bith ar aghaidh go dtí m’Oifig i gcaitheamh na 12 mhí roimhe sin. Tugadh easpa taithí ar ról an Ombudsman agus ar na gnásanna chun gearán a scrúdú mar chuid de na cúiseanna nach ndearnadh teagmháil ar bith.
Thaispeáin an suirbhé go mba mhaith leis na baill go ndéanfadh an Oifig tuilleadh sonraí maidir le torthaí na gcásanna a fhoilsiú, maille le faisnéis ar na cineálacha fadhbanna atá ar chumas na hOifige déileáil leo agus na cineálacha nach féidir leis an Oifig déileáil leo. Freisin, bhí fonn ar na baill tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas gearán a dhéanamh, faoi na pointí teagmhála agus réimse an tsainchúraim, agus bheadh spéis acu i seisiún faisnéisithe ar ról an Ombudsmain. Tá sé curtha romham anois roinnt tionscnamh, bunaithe ar an suirbhé, a fhorbairt d’fhonn éifeacht choitianta na seirbhíse i gcomhair ionadaithe poiblí a fheabhsú. I ndiaidh an Olltoghcháin beidh mé i dteagmháil leis na baill maidir le feidhmiú praiticiúil na dtíonscnamh sin.
Comhionannas Inscne
Déanann Grúpa Comhionannais Inscne faire ar spriocanna na hOifige i leith cothroime inscne agus ar na nithe a rachadh i bhfeidhm ar na spriocanna sin, mar a bheadh:
- rannpháirtíocht na foirne i gcomórtais ardaithe céime;
- tionscnaimh oiliúna agus forbartha;comhdhéanamh inscne sna boird agallaimh i gcomhair comórtas inmheánacha/idir-rannacha;
- an glacadh atá le tionscnaimh ‘teaghlach-chairdiúla’ (Cothroime Obair/Beatha, fleisc-am, obair-roinnt, téarma-am, bristí gairme);
- dáileadh cothrom idir fir agus mná sna rannáin Oifige.
Tuairiscíonn an Grúpa don Choiste Comhairliúcháin Bainistíochta dhá uair sa bhliain agus déanann siad profáil inscne ar pholasaithe nua Oifige agus ar doiciméid. Baineann spriocanna inscne na hOifige le gráid ar leibhéal na nOifigeach bhFeidhmiúcháin agus os a gcionn in Oifig an Ombudsman, in Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus leis an Rúnaíocht sa Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse
Bunaíodh Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse (GFFS) faoi Ag Coinneáil an Dul chun Cinn (Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialaí 2003-2005) lena fhíorú go raibh dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag Ranna agus ag Oifigí maidir lena dtiomantas chun nua-aoiseachais faoin gcomhaontú a bhaint amach. I rith na bliana 2006 thuarascáil an Oifig faoi dhó don GFFS ar an ndul chun cinn a rinneadh. Ar gach ócáid d’aontaigh an GFFS gur thuill an dul chun cinn na méaduithe pá a bhí dlite faoin gComhaontú.
IMEACHTAÍ EILE
An Bille Ombudsman (Leasú)
Thuairiscigh mé anuraidh go raibh Ceannmhíreanna an Bhille Ombudsman (Leasú) faofa ag an Rialtas agus go raibh spriocdháta socair le haghaidh an téacs a fhoilsiú i lár na bliana 2006. Caithfidh mé a rá arís i mbliana, díreach mar a tharla le blianta anuas, nár comhlíonadh an gealltanas sin. Cé go bhfuil an Bille ar liosta an chláir reachtaíochta don bhliain 2007, le linn dom bheith á scríobh seo, is léir nach foilseofar an Bille le linn ré bheatha an Rialtais atá ann faoi láthair. Is í an aidhm atá leis an mBille ná sainchúram m’Oifige a leathnú thar raon breise de chomhlachtaí. Ina measc atá na hInstitiúidí Teicneolaíochta, Ollscoileanna, Coistí Gairmoideachais, FÁS, Boird Iascaigh Réigiúnacha agus na feidhmeanna um éileamh atá ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Lúb rí-thábhachtach is ea achtú an Bhille seo i slabhra na cuntasachta i riarachán poiblí in Éirinn. Is ábhar mór dhíomá dom go gcaithfidh mé a rá arís go bhfuil moill fós á chur ar achtú na reachtaíochta seo.
An tAcht Sláinte 2004
Chuireadh an modh imeachta reachtúil chun gearán a dhéanamh i bhfeidhm ar an 1ú Eanáir 2007, agus leis sin tá tugtha isteach faoi mo dhlínse na príomh-ospidéil i mBaile Átha Cliath, ar a dtugtar na hOspidéil Deonacha Poiblí, mar aon le hospidéil cosúil leo ar fud na tíre agus forais eile ar fud an náisiúin a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine le míchumas meabhrach, thar cheann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Níl aon taithí ag cuid de na forais seo ar conas a oibríonn an Oifig seo, agus, dá bhrí sin bhunaigh mé sraith tionscnamh chun feasacht na n-eagras úd a ardú maidir lena bhfreagrachtaí faoi na gnásanna nua imeachta. Tá na tionscnaimh seo ag díriú ar an ‘Ráiteas don tSeirbhís Sláinte Poiblí um Dhea-Chleachtas ag Déileáil le hOthair’ a d’fhorbair mé féin, as taithí a bheith ag déileáil le gearáin i gcoinne na n-ospidéal a bhí faoi riaradh na sean-Bhord Sláinte. Áirítear na treoirlínte eitice a d’fhoilsigh an Chomhairle Leighis sa Ráiteas seo agus an Cód Iompair Gairmiúil a d’fhoilsigh An Bord Altranais. Dearcaim ar an Ráiteas seo mar chód dea-chleachtais don tseirbhís sláinte chun déileáil le hothair, agus tá sé romham é a úsáid, i dteannta an Acht Ombudsman, mar fhrámaíocht chun gearáin faoin seirbhís sláinte a scrúdú. Déanaim é seo lena dheimhniú go mbeidh sé mar acmhainn bheo do gach othar. Is féidir breathnú ar an Ráiteas um Dhea-Chleachtas i gCaibidil 8 den fhoilseachán dar dteideal Complaints Against the Public Health Service ar láithreán gréasáin na hOifige seo [www.ombudsman.ie].
Seirbhís Nasctha an Ombudsman á Leathnú Amach
Thuairiscigh mé anuraidh (Tuarascáil Bhliantúil 2005, leathanach 27) ar Sheirbhís Nasctha an Ombudsman. Is seirbhís nua í seo a chuireann ar chumas an phobail teagmháil a dhéanamh níos furasta le seirbhísí m’Oifige agus atá á cur ar fáil trí Sheirbhísí Faisnéise na Saoránach (SFS) i limistéir áirithe. Cuidíonn an tseirbhís le foireann SFS chun ábhair gearán a shainaithint agus chur ar aghaidh chugainn, ionas gur féidir linn déileáil leo thar chionn an phobail. Tá sé d’aidhm agam, le himeacht ama, an tionscnamh seo a fhorbairt agus é a shíneadh amach i dtreo na ndaoine a bhfuil ábhar gearáin acu b’fhéidir, agus san am céanna an fheasacht choiteann faoi sheirbhísí m’Oifige a fheabhsú.
I Mí an Mheithimh 2006 labhair mé ag seoladh páipéir pholasaí faoi athaontú teaghlach a d’fhoilsigh Comhairle Inimirceach na hÉireann (CIÉ). I gcaitheamh na hóráide thug mé gealltanas go rachadh m’Oifigse i gcomhráití leis an CIÉ le fonn Sheirbhís Nasctha an Ombudsman a thionscnamh tríd an CIÉ. Tionóladh roinnt cruinnithe ina dhiaidh sin i rith 2004 idir an CIÉ agus m’fhoireann agus tá muid ag súil go mbeidh an tionscadal treorach seo faoi lán seol sa bhliain 2007.
Bhí mé i dteagmháil freisin le Cumann Naomh Uinseann de Pól maidir leis an líonra de chomhdhálacha áitiúla atá acu. Tá muid ag súil go mb’fhéidir go bhféadfaí an tSeirbhís Nasctha atá againn a fhorbairt tríothu siúd freisin. Agus rinneamar teagmháil Comhairle an Chumainn sin i ndáil leis an seirbhís abhcóideachta náisiúnta atá forbartha acu sa chomhthéacs céanna. Tá súil agam na tionscadail seo a fhorbairt sa bhliain 2007.
Cruinniú Bliantúil de Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann
Tá m’Oifig ar cheann de chomhaltaí Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann (COBÉ) agus tionóladh Cruinniú Bliantúil an Chumainn sin i mBaile Átha Cliath i Mí na Bealtaine. Ba é téama an chruinnithe ná ‘Ombudsmen-Léargas ó Oileán na hÉireann’. Ar an 22ú Bealtaine tionóladh sraith ceardlanna agus seimineáir i gColáiste Ríoga na Lia maidir le ceisteanna agus fadhbanna ar fud na tíre go léir ar gach taobh den teorainn. Bhí an Dr Tom Frawley sa chathaoir don ócáid. Is é atá mar Ombudsman don Chomhthionól agus ina Choimisinéir um Ghearáin i dTuaisceart Éireann. Nuair a bhí fáilte curtha agam roimh na rannpháirtithe agus an príomh-aitheasc tugtha agam rinne na haoi-chainteoirí a gcion féin. Ba hiad na daoine a labhair ná an Dr Maurice Manning, Uachtarán, Coimisiún na hÉireann um Chearta Daonna, an tUas Bob Collins, Príomh-Choimisinéir ar Choimisiún um Chomhionannas i dTuaisceart Éireann, an tUas Joe Meade, Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus Nuala O’Loan, Ombudsman na bPóilíní i dTuaisceart Éireann.
Tráthnóna an lae sin, 22ú Bealtaine, thionóil Roinn an Taoisigh fáiltiú i dTithe an Rialtais do chomhaltaí COBÉ agus dá gcuid aíonna. Ba é an tUas. Tom Kitt, TD, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh a bhí mar óstóir ar an ócáid sin.
Ar an 23ú Bealtaine tionóladh cruinniú sa Lárionad Comhdhála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa chathair bhí Ann Abraham, Ombudsman Parlaiminteach na Ríochta Aontaithe (RA), Ombudsman Seirbhíse Sláinte do Shasana agus Cathaoirleach COBÉ. Ba iad na cainteoirí eile a bhí ann ná an tUas Dermot Ahern TD, Aire Gnóthaí Eachtracha agus an Dr Tom Frawley, Ombudsman don Chomhthionól agus ina Choimisinéir um Ghearáin i dTuaisceart Éireann, a thug óráid thar cheann an tUas David Hanson MP, Aire Stáit na RA do Thuaisceart Éireann, nach raibh ábalta a bheith i láthair de bharr cúraimí práinneacha eile.
Prionsabail um Dhea-Láimhseáil Gearán
Sa bhliain 2005, ghlac m’Oifig le cuireadh ó Chathaoirleach Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann (COBÉ) chun a bheith páirteach i meitheal oibre a dhéanfadh ‘Treoir i gcomhair na bPrionsabal um Dhea-Láimhseáil Gearán’ a fhorbairt. Seoladh an Treoir ar Chomhdháil Dhébhliantúil COBÉ i Mí an Aibreáin 2007. Is éard atá sna prionsabail seo ná samhlacha den chleachtas is fearr. Beidh siad mar chabhair ag na comhlachtaí a dhéanann gearáin a láimhseáil sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Níos déanaí i mbliana tionólfar ceardlanna oiliúna i Londain agus i mBaile Átha Cliath a thabharfaidh deis d’eagraíochtaí COBÉ, iad siúd a bhfuil spéis acu ann, measúnú a dhéanamh ar an gcumas atá acu maidir le gearáin a láimhseáil.
I gcaitheamh na bliana 2006 ghlac m’Oifig freisin le cuireadh ó Ombudsman Parlaiminteach na Ríochta Aontaithe, Ann Abraham, chun a bheith páirteach i meitheal oibre chun ‘Prionsabail um Dhea-Riarachán’ a fhorbairt. Bhí forbairt na bprionsabal ag brath roinnt as obair a bhí déanta cheana sa limistéar céanna ag oifigí ombudsman eile, lena n-áirítear saothar m’Oifige féin ar an ábhar ‘Treoir do Sheirbhísigh Poiblí don Chaighdeán Cleachtais is Fearr’. Seoladh na prionsabail seo le déanaí, tar éis caidrimh fhorleathain phoiblí a dhéanamh, agus is éard atá iontu ná ráitis ginearálta faoi cad is ceart do chomhlachtaí poiblí, laistigh de dhlínse na Ríochta Aontaithe, a dhéanamh chun dea-riarachán agus dea-sheirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil. Tugann siad míniú soiléir do chomhlachtaí poiblí agus do na gearánaíthe féin ar an mbealach a théann Oifig Ms Abraham i mbun gearán a láimhseáil. Tá an mheitheal bogtha chun cinn anois chun treoir maidir le sásamh a fhorbairt agus tá páirt ag m’Oifigse san obair seo freisin. Tá an obair seo ag imeacht sa treo céanna le tionscadal eile cosúil leis atá ar siúl in Éirinn le tamall anuas faoi choimirce meithle idir-rannaí ardleibhéil, atá comhordaithe faoi Roinn an Taoisigh.
Comhdháil faoi Nua-Aoisiú na hEarnála Poiblí
Ar an 25ú Bealtaine thug mé caint ag chomhdháil mhór ar théama an Nua-Aoisithe san Earnáil Phoiblí - Athruithe agus Dúshláin ón dTionscnamh Straitéiseach Bainistíochta (TSB) go dtí Tagarmharcáil. Ba hiad Gnóthaí Poiblí Éireann a d’eagraigh an chomhdháil agus i measc na gcainteoirí eile bhí An Taoiseach, Bertie Ahern TD, an tUas Dermot McCarthy, Ard-Rúnaí, Roinn an Taoisigh agus an tUas Nick Manning, Ceann Rannáin, Bainistíocht agus Feidhmíocht san Earnáil Phoiblí san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).
Ba é ábhar an teidil ar bhí ar m’aitheasc ná ‘Ag Seirbheáil an Phobail: an bhfuil éirithe leis an gClár Nua-Aoisithe?’ I gcaitheamh na hóráide seo faoi cheist na freagrachta i seirbhís phoiblí na hÉireann, dúirt mé, inter alia:
"Go mba cheart go gcoinneofaí na comhlachtaí gur cuid den tseirbhís phoiblí iad freagrach tríd an bpobal a chumasú agus a spreagadh chun a bheith san airdeall ar na trí bhealaí seo a leanas:
- Sa chéad áit, ba cheart trédhearcacht a bheith i bpróiseas na mbreitheanna laistigh de na comhlachtaí poiblí. Ní féidir leis an bpobal tuiscint agus muinín a chur sna comhlachtaí poiblí murar féidir leo a ngníomhartha a ríomhadh agus a ndoiciméid a rochtain.
- Sa dara háit, ba chóir go mbeadh critéir nó prionsabail de dhea-riarachán scríofa síos ag comhlachtaí poiblí chun treoir a thabhairt dóibh chun a gcuid oibre a dhéanamh i gceart. Ní féidir leis an bpobal a thosú ar ghníomhartha na gcomhlachtaí a cheistiú mura mbíonn "rialacha na himeartha" beachtaithe go soiléir.
- Sa tríú háit, chun aighneas a réiteach, ba chóir go mbeadh sé de chumas ag an bpobal dúshlán a thabhairt faoi bhreitheanna na gcomhlachtaí trí na cúirteanna ní trí ghléasanna nach iad."
Tá téacs iomlán an aithisc ar láithreán gréasáin m’Oifige.
Cairt um Chearta Teanga
Rinneadh dlí d’fhorálacha uile Acht na dTeangacha Oifigiúla ar 14ú Iúl 2006. Roimhe sin, agus mar cheiliúradh ar an ócáid, d’fhoilsigh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, an chéad Chairt um Chearta Teanga a foilsíodh riamh sa tír seo. Sa Chairt dhátheangach seo leagtar amach, de réir dlí, deich gcinn de chearta bunúsacha Gaeilgeoirí a bhíonn ag déileáil le heagraíochtaí stáit. Ina measc siúd atá an ceart chun na Gaeilge a úsáid in imeachtaí agus i ndoiciméid cúirte, i dTithe an Oireachtais, i gcomhfhreagras, in eochair-doiciméid áirithe agus i gciorcláin poist a chuireann eagraíochtaí stáit amach. Léiríonn an Chairt na cearta atá fréamhaithe cheana féin sa dlí agus ní chruthaítear aon chearta nua inti.
Ar 28ú Meitheamh thug an Coimisinéir Teanga cuireadh do bhaill Chomhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Gaeilge, maille le líon beag de chomhlachtaí poiblí agus de Ranna Stáit, teacht chuig ócáid a tionóladh ina Oifig sa Spidéal, Co. na Gaillimhe mar cheiliúradh ar fhoilsiú na Cairte. Bhronn Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cóipeanna i bhfrámaí den Chairt nua ar ionadaithe na gcomhlachtaí seo a leanas (agus an Oifig agamsa ina measc): Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Garda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, agus ar roinnt údarás áitiúla. Rinneadh an bronnadh freisin ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta mar aitheantas ar mhéid an dul chun cinn a bhí déanta cheana féin ag cur an Achta i bhfeidhm. Ghabh An Coimisinéir Teanga buíochas speisialta freisin le hOifigí an Ombudsman agus an Choimisinéara Faisnéise as an gcomhairle agus an cúnamh a fuair sé uathu le linn dó a bheith ag cur a Oifige i gcóir.
An Bhliain Eorpach um Chomhdheiseanna do Chách
Bhí mé an-sásta leis an gcuireadh a thug Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Comhionannais go dtí m’Oifig chun páirt a ghlacadh sa Bhliain Eorpach um Chomhdheiseanna do Chách i gcaitheamh 2007. In Éirinn beidh an Bhliain Eorpach seo mar bhliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ndul chun cinn atá déanta ag cothú comhdheiseanna do chách, chun idirdhealú a chomhrac agus chun na mí-ionannais sonracha atá fós inár measc a admháil, chomh maith le gealltanas a dhéanamh athuair chun sochaí níos cothroime a chruthú don am atá romhainn.
Agus an méid seo ar aigne againn, tháinig an tÚdarás Comhionannais, Bord Faisnéise na Saoránach (ar a dtugtaí roimhe seo ‘Chomhairle’) agus m’Oifigse le chéile chun tionscadal a choimisiúnú a dhéanfadh taighde ar an gcaoi a théann comhlachtaí reachtúla in Éirinn agus i ndlínsí eile i mbun faisnéis faoi chearta a sholáthar, agus, go háirithe, na modúil cleachtais is fearr i ndáil le heolas a chur ar fáil faoi chórais chun sásaimh a bhaint amach do dhaoine a cheapann go bhfuil a gcearta sáraithe ar bhealach éigin. Tá an tionscadal maoinithe ag an AE agus tá dóchas agam go dtiocfaidh machnamh úr straitéiseach as na torthaí a thabharfaidh smaointe praiticiúla do na comhlachtaí reachtúla atá ag plé le heolas a sholáthar faoi chearta na ndaoine.
Fógraí eisithe faoi Alt 7 den Acht Ombudsman, 1980
Má bhíonn moill thar chuimse ag comhlacht poiblí ag tabhairt freagra ar m’Oifig le linn do ghearán a bheith á scrúdú, eisítear fógra reachtúil Ailt 7 ag lorg na faisnéise atá á iarraidh. Foilsíodh miondealú ar líon na bhfógraí a eisíodh don chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil m’Oifige sa bhliain 1998. Is mar seo a leanas a bhí pátrún na bhfógraí úd ó shin i leith:
| Bliain | Líon d’fhógraí Ailt 7 a eisíodh |
| 1998 | 45 |
| 1999 | 27 |
| 2000 | 14 |
| 2001 | 19 |
| 2002 | 16 |
| 2003 | 12 |
| 2004 | 6 |
| 2005 | 31 |
| 2006 | 18 |
Ag seo a leanas miondealú na bhfógraí Ailt 7 a eisíodh sa bhliain 2006.
| Comhlacht | Líon na bhFógraí Ailt 7 a eisíodh |
| STÁTSEIRBHÍS | |
| Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha | 2 |
| FEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE | |
| Réigiún an Oirthir, Limistéir an Iar-Dheiscirt | 3 |
Réigiún an Oirthir, Réigúin an Tuaiscirt |
1 |
ÚDARÁIS ÁITIÚLA |
|
| Comhairle Chontae Chill Dara | 5 |
| Comhairle Chontae Átha Cliath | 3 |
| Comhairle Chontae na Gaillimhe | 2 |
| Comhairle Chontae Uí bhFáilghe | 1 |
| Comhairle Bhaile an Tulaigh Mhór | 1 |
| IOMLÁN | 18 |
Thug mé faoi deara anuraidh go raibh ar m’Oifig oiread fógraí Ailt 7 a eisiúint a bhí as comparáid ar fad le blianta roimhe sin. Cé go raibh feabhas áirithe sa bhliain 2006, bhí díomá orainn gur eisíodh an líon ba mhó díobh ar Chomhairle Chontae Chill Dara - an seanscéal céanna mar a bhí anuraidh i 2005, nuair thug mé dímholadh ar leith dóibh as an moill a rinneadar ag freagairt iarrataí m’Oifige uair i ndiaidh a chéile (féach freisin leathanach 38)
Rochtain agus Feasacht an Phobail
I gcaitheamh 2006 lean m’Oifig ar na hiarrachtaí a bhí á dhéanamh chun an tseirbhís atá á tairiscint againn a leathadh ar fud na tíre, d’fhonn an rochtain agus an fheasacht a fheabhsú i measc an phobail. Rinne m’fhoireann cuairteanna míosúla ar roinnt Lárionad Faisnéise na Saoránach (LFS) agus bhí cuairteanna aon lae freisin ar sheacht láthair eile.
Sa bhliain 2006 tugadh cuairteanna ar Chorcaigh, ar Ghaillimh, ar Luimneach agus ar an gCúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Fuarthas 194 gearán san iomlán as na cuairteanna sin agus bhí 124 gearán bailí orthu sin agus 70 (36%) a bhí neamhbhailí. Tá muid an-bhuíoch as an dtacaíocht a thug na hionaid sin dúinn chun an tseirbhís seo a chur ar fáil.
Rinne foireann as m’Oifig cuairteanna aon-lae ar Chora Droma Rúisc, ar Ros Comáin, ar Dhroichead Átha, ar Dhún Dealgan, ar Chaisleán an Bharraigh, ar Chill Chainnigh agus ar Cheatharlach. Chasadh 264 duine orthu a bhuail isteach le linn na gcuairteanna agus fuaireadar 190 gearán bailí. Ba é iomlán na ngearán mbailí a fuaireamar de dheasca na gcuairteanna míosúla agus aon-lae le chéile ná 314. Tá na sonraí faoi chlár na gcuairteanna atá beartaithe i gcomhair 2007 ar fáil ar láithreán gréasáin m’Oifige [www.ombudsman.ie].
Cuairteoirí ag teacht go dtí m’Oifig
I Mí na Bealtaine, 2006, fuair mé cuairt ó Ms Alison Hirschel, Aturnae Dlí do Chlár Dlí na Bochtaineachta i Michigan, SAM. In éineacht léi bhí Ms Maureen Mickus, seaneolaí agus taighdeoir dáimhe i gColáiste na Míochaine Daonna in Ollscoil Mhichigan. Ba é cuspóir na cuairte ná an taithí a roinnt eadrainn faoin mbealach is fearr chun cabhrú le daoine atá faoi chúram fadtéarmach. Le linn na gcomhráití d’achoimrigh mé dóibh faoi mar is féidir leis an Oifig seo cúnamh a thabhairt do dhaoine atá faoi chúram fadtéarmach agus faoi mar is féidir linn feabhas a chur le córais riartha mar thoradh ar ghearáin áirithe a réiteach.
I Mí na Bealtaine freisin, bhuail mé le hOmbudsman Proibhinseach Ontario, M. André Marin chun é chur ar an eolas faoi shaothar na hOifige seo. In éineacht leis bhí Mr Gareth Jones, Stiúrthóir ar Fhoireann Fhreagartha Speisialta an Ombudsman in Oifig Ontario.
I Mí Iúil 2006 bhuail mé le toscaireacht chúigear oifigeach ó Oifig an Ombudsman um Chearta Daonna i bPoblacht na Slóvéine agus d’achoimrigh mé ról agus feidhmeanna na hOifige seo dóibh.
