Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2006

Caibidil 4: An Bhliain faoi Athbhreithniú (ii)

CEISTEANNA A THÁINIG CHUN CINN AS GEARÁIN ÁIRITHE

Iarthorthaí ó Thuarascáil an Imscrúdaithe a rinneadh ar Ospidéal Ginearálta Shligigh

I dTuarascáil Bhliantúil na bliana 2005 (leathanach 8) thuairiscigh mé faoi thoradh imscrúdaithe a rinneadh ar ghearán i gcoinne Ospidéil Ghinearálta Shligigh. Ba mhaith liom anois an deis seo a thapú chun na céimeanna cuimsitheacha atá tógtha i Sligeach a aithint, chun nach dtarlódh arís aon chliseadh ar sholáthar an chúraim dos na hothair, faoi mar a tharla cheana, agus mar a léiríodh i dTuarascáil m’Oifige.

Tháinig an gearán ó chlann a bhfuair a n-athair bás i Mí Eanáir 2000, dhá lá i ndiaidh dó a bheith glactha isteach in Ospidéal Ginearálta Shligigh. Bhí dhá shaincheisteanna ag baint leis an imscrúdú a rinneamar 1) easnaimh í gcaighdeán an chúraim agus an aireachais a thug an t-ospidéal don othar, agus 2) an bealach easnamhach a dhéileáil an t-ospidéal iar sin le gearán na clainne maidir le caighdeán an chúraim agus an aireachais.

Tá Fealsúnacht Chúraim curtha le chéile ag na haltraí atá ag obair sa bharda inar tugadh cóireáil don othar a bhí i lár an ghearáin. Tá uchtach thar chuimse bainte agam as na coincheapa atá taobh thiar den bhFealsúnacht seo, agus tuigim go bhfuil na coincheapa seo glactha chucu féin ag an bhfoireann go léir. Tá na focail "ag obair i gcomhpháirtíocht leis an othar" agus "indibhidiúlacht an chúraim" mar eochracha lena dheimhniú, in aon tsoláthar de chúram ardchaighdeáin, gur ar an othar féin a bheifear ag díriú go príomha.

Tá sé gairid do mo chroí go mbeadh daoine i n-ann bás a fháil faoi dhínit agus sin í an chúis a mhol mé sa tuarascáil go mba chóir go gceapfaí prótacail d’fhoirne i ndáil le comhbhá agus tuiscint a thaispeáint do dhaoine atá go deireanach faoi mhéala bháis. Tuigim gur iarr an fhoireann altranais cabhair ó Fhondúireacht Ospíse na hÉireann agus go bhfuaireadar í, toisc gurbh é an ní a chuireadar rompu go príomha ná cultúr an chúraim maidir le daoine ag fáil bháis, faoin mbás féin agus faoi mhéala an bháis a athrú go bunúsach in Ospidéal Ginearálta Shligigh. Tá caighdeáin agus polasaithe forbartha as sin anois maidir leis an mbás, le bheith ag fáil bháis agus le méala an bháis. Tuigim freisin gur chuidigh Ospís an Iar-Thuaiscirt le hOspidéal Ginearálta Shligigh sna hiarrachtaí a rinneadar chun éiteas an chúraim ospíse a thabhairt chuig an Ospidéal sin. Trí ghabháil i mbun comhairle le clár náisiúnta Fhondúireacht na hOspíse tá an fhoireann in Ospidéal Ginearálta Shligigh ag cuidiú lena dheimhniú go mbeidh córais, polasaithe agus cleachtais acu a chuirfidh ar a gcumas an cúram is fearr a thabhairt chun freastail ar riachtanais indibhidiúla na n-othar agus a gclann.

Bhí mé thar a bheith sásta a fháil amach go bhfuil Coiste Stiúrtha bunaithe anois chun tionscnaimh úra a threorú i ndáil le neamhspleáchas na n-othar, cúram comhtháite, scileanna cumarsáide agus dínit i dtaca leis an bhás. Níos tábhachtaí fós b’fhéidir, déanfaidh an Coiste seo deimhin de go ndéanfar beart de réir na dtionscnamh seo agus go ndéanfar measúnú leanúnach orthu laistigh den Ospidéal féin.

Tá prótacal cumarsáide forbartha freisin a léiríonn an cleachtadh is fearr maidir le faisnéis a chur ar fáil d’othair agus dá dteaghlaigh. Tá oibleagáid freisin ar an mbainisteoir líne i ngach speisialtóireacht a dheimhniú go bhfuil na treoirlínte atá á n-oibriú léite agus tuigthe go soiléir ag gach duine den bhfoireann atá ag obair sna limistéir fúthu. Sa chomhthéacs seo tugaim faoi deara go n-éilíonn an prótacal nach mór don bhfoireann altranais oibriú go gníomhach leis an othar agus lena dteaghlaigh agus fiú a bheith rompu i bpróiseas na cumarsáide. Bhí sé curtha in iúl dom ag clann an othair a fuair bás gur fágadh fúthu féin teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann altranais, agus is minic a chuireann an díth cumarsáide seo mí-mhuinín agus éiginnteacht ar na gaolta. D’ardaíodh an cheist freisin faoin gcúis gur fágadh faoi intéirneach óg bail mhíochaine a n-athar a chur in iúl don chlann. Is ábhar misnigh dom a thabhairt faoi deara go bhfuil freastal déanta sa phrótacal ar an gceist seo agus tá sé leagtha síos anois nach mbeidh baint feasta ag Oifigigh Tí Sinsearacha ná ag Intéirnigh Míochaine le faisnéis a thabhairt do ghaolta.

Tá aghaidh tugtha go cuimsitheach freisin ar shaincheisteanna tábhachtacha eile faoi chúrsaí altranais a tháinig chun cinn de bharr an ghearáin seo, cur i gcás fógra faoi shrianadh sreabháin a bheith á chur os cionn leapa an othair agus faoi sholáthar ocsaigine d’othair. Tugaim faoi deara go bhfuil Coiste bunaithe freisin chun díriú a dhéanamh ar aon cheann déag de chaighdeáin riachtanacha an chúraim altranais.

Maidir leis na polasaithe um chleachtais agus gnásanna den scoth atá glactha agus curtha i bhfeidhm anois ag an bhfoireann in Ospidéal Ginearálta Shligigh, is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go ndéanfaí iad seo a leathnú amach go dtí soláthraithe eile seirbhíse faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, iad siúd nach mbeadh prótacail den chineál á gcleachtadh acu cheana féin.

Faoi mar a chaitear le Lánúnacha atá in Aontíos Céileachais

I gcaitheamh na mblianta tá aird tarraingthe i dTuarascálacha Bliantúla ag mo réamhtheachtaithe ar na deacrachtaí a thagann de bharr na reachtaíochta cánach agus leasa shóisialaigh, a chaitheann ar mhodh difriúil le lánúnacha atá in aontíos céileachais. Tagann gearáin i gcónaí chuig m’Oifigse faoin ábhar seo agus fuair mé trí ghearán mar iad sa bhliain 2006.

Go bunúsach, foláireann an dlí go gcaitheann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh déileáil le lánúin in aontíos céileachais amhail agus dá mba lánúin pósta iad. Ní foláir glacadh leis an bpáirtí in aontíos mar chleithiúnach agus an dá ioncam a ghabháil le chéile i ndáil le measúnú a dhéanamh ar mhaoin agus ar cháilitheacht i gcomhair íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ar an dtaobh eile, is é an toradh atá leis an reachtaíocht i gcúrsaí cánach ná go gcaitheann na Coimisinéirí Ioncaim le lánúnacha in aontíos céileachais mar bheirt neamhspleách óna chéile. Faoin gcód a rialaíonn íocaíocht cánach ioncaim is féidir creidmheasanna cánach a cheadú i gcás cleithiúnach gaolmhara. Ach tagraíonn an reachtaíocht ábhartha go speisialta le daoine atá pósta nó i ngaol fola le chéile. Faoin reachtaíocht cánach atá ann anois bíonn rogha ag lánúnacha pósta a bheith measta neamhspleách dá chéile agus creidmheasanna cánach dá gcuid féin ag gach duine den mbeirt nó is féidir le duine amháin acu an t-iomlán de chreidmheasanna na beirte a thógáil. Níl an rogha sin ag lánúnacha in aontíos céileachais agus mar sin tá siad toirmiscthe ó chreidmheasanna a mhalartú agus ó éilimh le chéile a dhéanamh ar shochair atá ar fáil do lánúnacha pósta.

Léiríonn na gearáin a fuair mé sa bhliain 2006 faoi mar atá na lánúnacha in aontíos céileachais faoi mhíbhuntáiste. I ngearán a fuaireas ó bhean amháin, dúirt sí go bhfaigheann an páirtí atá in aontíos léi creidmheasanna cánach mar dhuine singil, ach dá gcuirfeadh sise isteach ar chúnamh dífhostaíochta go ndéanfaí measúnú uirthi féin de réir acmhainn an fhir agus nach mbeadh sí de facto i dteideal íocaíocht ar bith ar an mbonn sin. I gcás eile, bhí an lánúin seo in aontíos céileachais agus chuireadar costas mór a chur orthu féin chun cóireáil IVF a fháil. Rinneadar gearán go raibh an reachtaíocht á mbacadh i gcoinne leas a bhaint as an laghdú cánach a gheobhadh lánúin pósta don chóireáil chéanna. Sa chás seo bhí an faoiseamh cánach ioncaim a bhí ar fáil don bhean dearbhaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim roimh ré, agus, toisc go raibh cáin gearrtha uirthi ar an ráta íseal, bhí an faoiseamh ní ba lú ná mar a bheadh acu dá bhféadfaí iad a mheasúnú go comhpháirteach. D’iarr mé ar na Coimisinéirí Ioncaim féachaint arís ar an gcás féachaint arbh fhéadfaí aon chuid de na speansais mhíochaine a chur i leith an fhir, ionas go bhféadfadh seisean, mar an cáiníocóir a b’airde, sochar a bhaint as an bhfaoiseamh ab airde. D’aontaigh na Coimisinéirí é sin a dhéanamh don chás áirithe sin.

Mar sin féin, tá an aimhrialtacht bhunúsach ann i gcónaí agus tá acmhainn inti a bheith ina cúis mhearbhaill agus faltanais i dteaghlaigh na lánúnacha aontís. Nuair atá na comhlachtaí poiblí ag gníomhú de réir an dlí ní féidir liom ach aird a tharraingt ar na haimhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith idir na cóid éagsúla agus ar an ngá atá leis an bpolasaí poiblí a shoiléiriú sa chás. Is gnó don Oireachtas féachaint i ndiaidh aon athruithe atá le déanamh sa reachtaíocht ábhartha.

Athbhreithniú ar Scéim na nDeontas don Lucht Míchumais (DLM)

Sa bhliain 2002 scríobh an Oifig seo chuig an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, anois an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, maidir le deacrachtaí ag údaráis áitiúla a bhain le híoc na ndeontas faoin Scéim DLM. Bhain na deacrachtaí seo le hairgead. Bhí cuid de na húdaráis áitiúla ag cur in iúl do m’Oifig nach raibh a ndóthain airgid acu ar láimh chun freastal ar a raibh d’iarratais istigh ag iarraidh deontas.

Scéim reachtúil is ea an scéim DLM a bhfuil soláthar déanta dó sna Rialacháin (Daoine le Míchumas agus Deisiúcháin Riachtanacha) 2001 (S.I. 607/01). Le cáiliú le haghaidh deontais, níl de choinníollacha leagtha síos sna Rialacháin ach iad seo leanas (arna aistriú go Gaeilge anseo):

  • go gcaithfidh na hoibreacha atá mar ábhar don iarratas a bheith ‘go réasúnach riachtanach chun an teach a dhéanamh níos oiriúnaí mar áitreabh do dhuine den teaghlach’ atá míchumasach i gcorp nó i meabhair nó atá tinn;
  • ní mór don duine sin a bheith ina ghnáth-áitritheoir den teach freisin.

Aithníonn m’Oifig, mura bhfuil dóthain maoinithe ar fáil, go mb’fhéidir go gcaithfidh údarás áitiúil córas a cheapadh a thabharfaidh tosaíocht d’iarratasóirí ar dheontais dá leithéid sin. Ní bheadh aon dheacracht ag m’Oifig le córas tosaíochta den sórt sin, ach amháin é a bheith oscailte agus trédhearcach, na hiarratasóirí a bheith curtha ar an eolas faoi na critéir cáilitheoireachta, agus na cúiseanna taobh thiar de na bhreitheanna a thugtar agus na bealaí chun achomhairc a bheith curtha in iúl dóibh. Is eol do m’Oifigse go mbíonn dhá tháscaire tosaíochta coitianta á n-úsáid ag roinnt údarás áitiúil .i. an riachtanas míochaine agus na hoibreacha atá le déanamh. Ach tá an tríú táscaire curtha leo ag roinnt údarás eile. Is é sin an tástáil maoine. Mar thoradh ar sin bíonn neamh-ionannas le brath i gcur i bhfeidhm na scéime tríd an tír go léir.

Thug m’Oifig faoi deara nach bhfuil aon fhoráil i rialacháin DLM chun tástáil maoine a leagan ar iarratasóir agus chuir mé in iúl don Roinn nach bhfuil, i mo thuairim, aon fhoráil shoiléir sa reachtaíocht ach oiread chun tástáil maoine a dhéanamh.

Mar fhreagra chuir an Roinn in iúl do m’Oifig go rabhadar ag athbhreithniú na scéime. Chaitheadh roinnt blianta á dhéanamh sin. Sa bhliain 2006 dúirt an Roinn go raibh an scéim á athbhreithniú acu le fonn sraith de fhreagraí gan uaim gan roc a fhorbairt i gcomhair riachtanas na seanóirí agus lucht an mhíchumais. Bhíothas chun é sin a dhéanamh trí cibé mhaoiniú a bheadh ar fáil a dhíriú ar na daoine ba mhó a bheadh i bpráinn an chúnaimh, tríd an comhionannas agus an chomhsheasmhacht a fheabhsú, agus trí na gnásanna riaracháin agus oibriúcháin a chur ar shruth imeachta réidh cothrom. Dúirt an Roinn go raibh breithniú déanta acu ar ghnéithe riaracháin na scéime d’fhonn an trédhearcacht a chur ar bhuaic éifeachta agus chun eire an riaracháin a laghdú síos go bun ó thaobh an iarratasóra de.

I Mí na Márta 2007 chuir an Roinn in iúl do m’Oifig go mbéarfar trí scéimeanna nua isteach i gcaitheamh na bliana sin: Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine le Míchumas, Scéim Deontais d’Áiseanna Gluaiseachta agus scéim Chúnaimh Tithíochta do Sheanóirí. Tabharfaidh na scéimeanna athbhreithnithe seo aghaidh ar na ceisteanna a d’ardaigh m’Oifigse maidir le hOibriú na Scéime DLM atá ann faoi láthair. Déanfar na scéimeanna nua a oibriú ar mhodh cothrom trí na húdaráis áitiúla go léir agus cuirfear tástáil maoine i bhfeidhm go reachtúil. Ní bheidh aon éagsúlacht sa tástáil maoine a chuirfear ar iarratasóirí ná ar leibhéal na ndeontas a bhéas ar fáil. Tá Bille Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) á dhréachtú i láthair na huaire agus táthar ag súil go bhfoilseofar é go luath i Samhradh na bliana seo. Tá foráil ann d’athbhreithnithe inmheánacha sna húdaráis áitiúla ar bhreitheanna tithíochta a bheadh leagtha síos agus a bhaineann le teaghlaigh indibhidiúla. Chuirfeadh an fhoráil seo bealach chun achomhairc ar fáil do dhaoine a bhíonn ag cur isteach ar na deontais Tithíochta nua do Sheanóirí agus do Dhaoine le Míchumas.

Cé gur fada atá muid ag feitheamh lena leithéid is sonrach an fhorbairt í agus cuirim fáilte roimh scéim choiteann chomhchothrom deontas mar é a bheith á thionscnamh ag an Roinn i gcomhair seanóirí agus lucht míchumais. Ba chráite an gnó é i gcaitheamh na mblianta a bheith ag déileáil le gearáin ó dhaoine ar leagadh critéir difriúla anuas orthu ag brath ar a n-áit chónaithe faoi údaráis áitiúla difriúla, agus torthaí contrártha dá chéile ag teacht chun cinn dá bharr sin. Tá súil dóchasach agam anois go mbeidh córas deontas níos trédhearcaí agus níos cothroime againn sa tír go léir le haghaidh cuid den mhuintir is leochailí atá inti, agus tá súil agam go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm.

Muirir na dTithe Altranais

Tá soláthar déanta san Acht Sláinte (Scéim Aisíocaíochta) 2006 le haghaidh scéime chun na muirir sláinte a aisíoc, muirir a ghearradh go mídhleathach ar dhaoine a bhí láncháilithe do chúram fadtéarmach cónaitheach maoinithe go poiblí a fháil. Rialálann an t-Acht seo na cuntais de mhaoin phríobháideach na n-othar freisin trí fhrámaíocht reachtúil a chruthú mar chosaint ar leas na n-othar. Faoi mar atá an scéal maidir le gnéithe eile de na seirbhísí sláinte poiblí, is í an pháirt a ghlacaimse i ndáil leis na breitheanna a dhéantar faoi na haisíocaíochtaí seo, ná na hothair a chosaint ó aon ghníomh míchothrom, mícheart nó éagórach a dhéanfadh daoine a bhfuil cúram na n-aisíocaíochtaí seo orthu. Tá roinnt gearán faighte cheana agam maidir le seo, mar shampla, ó dhaoine ar diúltaíodh cead isteach faoin scéim dóibh, tuismitheoirí le clann fásta a bhfuil míchumas meabhrach orthu agus céilí pósta i gcúinsí áirithe ar diúltaíodh cead isteach dóibh mar "dhaoine bainteacha" faoin Acht. Duine bainteach is ea duine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhuirear sláinte is féidir a aisghabháil faoin Acht. Braithim go mbeidh cuid mhór gearán mar sin ag teacht isteach chugam sa bhliain 2007.

Ag Gríosú Athraithe chun Reachtaíocht faoi Riaradh Pleanála a Fheabhsú

Scríobh an Oifig seo chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil i Mi Lúnasa 2005 maidir le lochtaí áirithe, mar a thuigeamar, sa reachtaíocht phleanála. I measc na gceisteanna a luamar bhí an easpa forála sa reachtaíocht chun botúin a cheartú i mbreitheanna pleanála má bhí na breitheanna céanna míshoiléir nó earráideach ó thaobh riaracháin de, mar shampla focail ar lár a athraíonn an chiall, botúin cló agus a leithéid. Dhealraigh sé don Oifig seo, i gcás breitheanna ag teacht ón mBord Pleanála nach raibh an Bord ábalta aon bhreith a cheartú, a neamhní nó a tharraingt siar ón uair a bhí an bhreith eisithe acu chuig an údarás pleanála. Chun an ní seo a chur ina cheart níor mhór imeachtaí a bheith tionscanta san Ard-Chúirt ag duine den phobal a raibh toradh diúltach éigin ag cinneadh an Bhoird ar an duine sin. Is dóigh liom go mbeadh sé éagothrom agus míréasúnata i gcásanna áirithe, go bhféadfadh, mar shampla, agóidí tríú páirtí i gcoinne cinnidh phleanála, a bheith fágtha, de bharr earráide, le cinneadh pleanála nach bhféadfaí a fhorfheidhmiú, agus gurb é an t-aon leigheas a bheadh aige/aice ar an scéal ná athbhreithniú breithiúnach a lorg san Ard-Chúirt.

Achtaíodh reachtaíocht nua faoi phleanáil sa bhliain 2006 agus bhí mé an-shásta go raibh foráil ann go bhféadfadh údarás pleanála (údarás áitiúil) nó an Bord Pleanála cinneadh pleanála a leasú i gcúinsí áirithe. Déanann Alt 30 den Acht Pleanála agus Forbartha (Bonneagar Straitéiseach) 2006 údarás pleanála nó an Bord Pleanála a údarú chun cead pleanála a bheadh tugtha a leasú d’fhonn (i) botún cléireachais a cheartú, (ii) rud éigin a bhí i gceist a chur ann ach nach ndearnadh foráil shoiléir dó sa chead nó sa chinneadh (iii) éascú a dhéanamh ar oibriú an cheada ar bhealach éigin eile.

Faoi mar a Chruthaigh Comhairle Chontae Chill Dara

Léirigh suirbhé a rinneadh ar ghearáin chuig m’Oifigse i gcoinne Comhairle Chontae Chill Dara (CCCD) ó 2003 i leith gur fadhb an-mhór san Oifig i bpróiseáil na ngearán ba ea méid na moille a rinne an Chomhairle chéanna. Baineann an mhoilleadóireacht seo cuid mhór le tuairiscí agus freagraí a chur ar fáil chuig m’Oifig maidir le gearáin a chuirtear ar aghaidh chuig an gComhairle. Sa bhliain 2005 amháin ba ghá fógra Ailt 7 a eisiúint ar dhá ócáid dhéag. (De ghnáth cuireann fógra Ailt 7 iallach ar dhuine ainmnithe an tuairisc atá á iarraidh a sholáthar faoi dháta sonraithe, nó go gcuirfí de cheangal ar an duine a bheith i láthair i m’Oifig agus an fhaisnéis nó an tuairisc a sholáthar). Ba cheart dearcadh ar an dá cheann déag d’fhógraí Ailt 7 i gcomhthéacs an iomláin de 27 gearán a fuarthas i gcoinne na Comhairle sa bhliain sin. Sa bhliain 2006 seirbheáladh cúig chinn d’fhógraí Ailt 7 i gcomhthéacs 28 gearán a tháinig.

Ní bhíonn cur chuige stóinsithe ag m’Oifigse maidir le deacrachtaí maidir le hacmhainní nó le foireann a bheadh ó am go céile ag comhlachtaí a thiteann faoi réimse mo chúraim. I gcaitheamh na gcúrsaí agus na seimineáir a ritheadh d’údaráis éagsúla le blianta beaga anuas, tá ráite riamh go diongbháilte leis na húdaráis gur ceart dóibh, má tá aon chosúlacht ann go mbeidh deacracht agus/nó moill acu i ndáil le hiarraidh nó tuarascáil maidir le gearán áirithe é sin a chur in iúl do m’Oifigse. Ní chuireann an Oifig agamsa fógraí Ailt 7 amach gan ábhar, nó, trí ghlaonna gutháin agus litreacha, gan deis a ndóthain a thabhairt don chomhlacht áirithe chun déileáil leis an

ngnó. Is feasach don Oifig seo freisin go ndéantar uimhir na bhfógraí Ailt 7 a eisítear a fhoilsiú i mo Thuarascáil Bhliantúil (féach leathanach 34).

Leagtar amach sa tábla thíos faoi mar atá an scéal le blianta anuas maidir le heisiúint iomlán na bhfógraí Ailt 7, go ginearálta, agus chuig údaráis áitiúil, lena n-áirítear CCCD.

Cé nach bhfuil aon fhógraí Ailt 7 thíos i gcoinne CCCD sa bhliain 2003 agus 2004, ní hionann é sin agus rá go raibh mé sásta le luas ná le leibhéal na bhfreagraí a fuair mé ón gComhairle ar na gearáin a bhí á bpróiseáil sna blianta úd. Is leibhéal nár sroicheadh riamh roimhe ag aon chomhlacht amháin an líon d’fhógraí Ailt 7 a seirbheáladh ar CCCD (12) sa bhliain 2005, má thógtar é seo i gcomhthéacs leis an méid iomlán de ghearáin a fuarthas i gcoinne na Comhairle sa bhliain sin (27).

Ní dheachaigh an tuarascáil speisialta a rinne m’Oifig i gcionn anailís a dhéanamh ar na cúiseanna a bhí taobh thiar de chaighdeán na seirbhíse a fuair an Ombudsman ó Chomhairle Chontae Chill Dara a bheith níos ísle ná mar ba chóir. B’fhéidir gur fadhb a bhí ann maidir le cumarsáid inmheánach ba chiontach leis seachas aon leisce ghinearálta sa chóras chun déileáil le comhfhreagras ón Oifig seo. Cibé cúis a bhí leis is faoin gComhairle atá sé dul i ngleic leis an bhfadhb agus a chinntiú go bhfuil na gnásanna caidrimh aibí go leor chun faisnéis/tuarascálacha a sheachadadh chuig m’Oifigse ar bhealach cóir agus tráthúil.

Níl aon dul as ach beidh iallach ar CCCD feabhsú ar an gcóras atá acu sa bhliain 2007 agus ina dhiaidh sin. Caithfidh siad a chruthú go nglacann siad dáiríre le gearáin a thagann as m’Oifigse, faoi mar a dhéanann formhór mhór na n-údarás áitiúla, agus go bhfuil siad réidh chun an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil ar mhodh cuí agus tráthúil. Níor mhaith liom a bheith sa riocht go gcaithfidh mé tuarascálacha breise a dhéanamh feasta maidir le cruthúnas na Comhairle seo.

Bliain

Iomlán Fógraí Ailt 7 a eiseoídh - comhlachtaí go léir faoi mo chúram

Iomlán Fógraí Ailt 7 a eiseoídh - údarais áitiúla Iomlán Fógraí Ailt 7 a eiseoídh - CCCD
2003 12 7 nil
2004 6 3 nil
2005 31 22 12
2006 20 12 5

 

Back to contents