- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Cad Faoi is Féidir Liom Gearán a Dheánamh?
Go ginearálta is féidir leat gearán a dhéanamh faoi ghníomhaíochtaí riaracháin na gcomhlachtaí poiblí ar cheadmhach don Ombudsman iad a imfhiosrú.
Seo a leanas samplaí tipiciúla de na gearáin is féidir le daoine a dhéanamh:
- teidlíochtaí pinsin agus scoir faoi réir An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh;
- conspóidí faoi chreidmheasa cánach ioncaim a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim;
- teidlíocht ar dheontais ardoideachais faoi réir An Roinn Oideachais agus Eolaíochta;
- teidlíocht ar dheontais bheostoic faoi réir An Roinn Talmhaíochta agus Bia;
- teidlíocht ar thithíocht údaráis áitiúil;
- conspóidí faoi scéim na gcártaí leighis faoi réir Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte.
Má léann tú Tuarascálacha Bliantúla an Ombudsman nó na Cásanna Samplacha atá foilsithe in áit eile ar an suíomh gréasáin seo feicfidh tú conas a chabhraigh an tOmbudsman le daoine ó chúlraí éagsúla a ngearán a réiteach.
Más amhlaidh nach féidir leis an Ombudsman déileáil leis an ngearán ar leith atá agatsa cuirimid Nascanna ar fáil do chomhlachtaí eile déileála gearán a fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.
