- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Conas is Féidir Liom Gearán a Dhénamh?
Is féidir le haon duine, aon chomhlacht, aon eagraíocht nó aon chumann gearán a dhéanamh. Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin thar ceann dhuine eile ach cead a bheith agat i scríbhinn ón duine sin.
Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, ar an teileafón, thrí ghlaoch isteach go hOifig an Ombudsman, trí ríomhphost nó trí fhoirm ghearáin ar-líne a úsáid. Ná déan dearmad gach cáipéis agus comhfhreagras a bhaineann leis atá agat a chur chugainn.
Bíonn an Oifig ar oscailt gach lá idir 9.15 agus 5.30 chomh maith le ham lóin, ó Luan go hAoine, agus tá sí suite in:
18 Sráid Líosáin Íocht. Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 1 6395600
1-890-223030(ó lasmuigh de limistéar 01)
Facs: +353 1 6395674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Déanann foireann an Ombudsman freastal míosúil ar roinnt Ionaid Eolais do Shaoránaigh chun glacadh le gearáin. Ina theannta sin, is ann do chlár bliantúil de Chuairteanna Réigiúnacha mar a nglacann foireann an Ombudsman le gearáin, ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre.
Oibríonn an tOmbudsman seirbhís nua anois dá ngairtear Seirbhís Nasctha an Ombudsman i gcomhar leis na hIonaid Faisnéise do Shaoránaigh, mar a leanas:
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh Chorcaí, 80, An Meal Theas, Corcaigh
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh na Carraige Duibhe, Bóthar an Chlochair, An Charraig Dhubh, Corcaigh,
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh Luimnigh, 54, Sráid Chaitríona, Luimneach,
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh Bhaile an Chailseáin Thiar, Teach Weight, Clós an Mhargaidh, Baile an Chaisleáin Thiar, Co. Luimnigh,
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh na Gaillimhe, Teach Aguistín, Sráid San Aguistín, Gaillimh,
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh an Chlocháin, f/ch CGO, Arásáin Statoil, 4/5, Bóthar na Gaillimhe, An Clochán,
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh an Taoibh ó Thuaidh, Ionad Sibhialta an Taoibh ó Thuaidh, Bóthar Bun Raite, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17.
Is féidir leat glaoch isteach ag aon cheann de na hIonaid seo feasta, i rith na n-uaireanta is gnáth leo a bheith ar oscailt, agus gheobhaidh tú Foirm Ghearáin atá furasta a chómhlánú agus is féidir leat sonraí an ghearáin a bhreacadh innti.
