Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

20.07.2010 Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae na Mí

D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, Tuarascáil Fiosraithe inniu faoi fhiosrú a rinne sí ar ghearán a rinne lánúin phósta faoin gcaoi ar chaith Comhairle Contae na Mí leo maidir le forbairt mhórscála neamhúdaraithe seide taobh lena n-áras baile.

15.07.2010 Glas béil a chur ar an Ombudsman?

Tugann an tOmbudsman Tuairisc ar Mar a Chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Léi

01.07.2010 Ombudsman Tuarascáil Bhliantúil 2009

Seo an seachtú Tuarascáil Bhliantúil atá déanta ag Emily O’Reilly mar Ombudsman agus an séú ceann is fiche ó bhunaíodh Oifig an Ombudsman, an chéad Oifig dá shórt sa Stát, sa bhliain 1984. Ag trácht dí ar na cásanna gearáin i 2009, ar tarraingíodh aird orthu, dúirt Emily O’Reilly: “Tá seirbhís ghearáin an Ombudsman ann do gach aoinne atá ina gá, le húsáid saor in aisce. Ó 1984 i leith tá cuidiú tugtha againn do 73,000 duine a raibh gearáin bailí acu – agus tá muid an-mhórálach as sin.

09.03.2010 “Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman”

Thug an tOmbudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O’Reilly aitheasc inniu (9 Márta, 2010) ag Comhdháil an Fhorais Riaracháin/Chartered Institute of Public Finance and Accounting maidir le “Dea-rialachas: Luachanna agus Cultúr nó Rialacha agus Rialacháin”, i mBaile Átha Cliath.

03.02.2010 Fáilte ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, roimh an Díospóireacht Dála ar an Tuarascáil Speisialta maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir

Fáilte ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, roimh an Díospóireacht Dála ar an Tuarascáil Speisialta maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir

Léim go Preas Ráiteas 2008

Preas Ráiteas 2009

14.12.2009 Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman chuig an dá Theach den Oireachtas

Tá Tuarascáil Speisialta foilsithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, agus curtha chuig an dá Theach den Oireachtas aici, mar gheall ar chinneadh na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun diúltú d’fhionnachtana a rinne sí i dtuarascáil imscrúdaithe agus an cinneadh a rinneadar freisin chun diúltú do mholtaí uaithi maidir le cúiteamh airgid a íoc le gearánaí.

22.09.2009 Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu

Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu

13.07.2009 Preas Eisiúint - Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála

Cuireann an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, tuarascáil faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid faoi mhuirir iomarcacha a ghearrann údaráis áitiúla ar dhaoine as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.

01.07.2009 Preas Ráiteas - Tuarascáil Bhliantúil an tOmbudsman 2008

Foilsíonn an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2008. Rinneadh 2,787 gearán lena hOifig sa bhliain 2008 – ardú 8% ar an mbliain roimhe sin agus an líon ab airde le 10 mbliana anuas.

27.01.2009 Ceathrú Céid curtha di ag Oifig an Ombudsman

Buaileann an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa i gcomóradh na gcúig bliana fichead a bhfuil Oifig an Ombudsman ar an bhfód.

Preas Ráiteas 2008

15.12.2008 Tuarascáil ar imfhiosrú an Ombudsman ar cúram agus cóireála do bhean chnagaosta a tógadh isteach do chúram faoisimh i dteach altranais poiblí FSS sa Mhuileann gCearr

Tuarascáil ar imfhiosrú an Ombudsman faoi chaighdeán doghlachta cúraim agus cóireála ar bhean chnagaosta i dteach altranais poiblí

20.10.2008 Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla.

Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla, á foilsiú ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh. Deir sí, “Níl ord ná eagar ar iomadúlacht ná ar éagsúlacht na scéimeanna agus ní cóir go mbraithfeadh tarscaoileadh a bheith le fáil ag daoine nó an tsuim a bhainfí den mhuirear ar cibé áit ina mbeadh daoine ina gcónaí nó ar cibé duine a bhaileodh a mbruscar”.

22.10.2008 Díolaim Imscrúduithe maidir le Gearáin arna gcur ag Ionadaithe Poiblí faoi bhráid an Ombudsman

Tuarascáil ar dhíolaim maidir le gearáin á foilsiú ag an Ombudsman Emily Ó Raghallaigh torthaí suntasacha ag eascairt as dhá ghearán déag curtha faoina bráid ag Ionadaithe poiblí.

18.08.2008 Cásanna Samplacha Lúnasa 2008

Foilsíonn an Ombudsman, Emily O’Reilly 4 Tuarascálacha faoi ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu:

10.01.2008 Tuarascálacha faoi Chásanna, 2008

D' Fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly sonraí inniu maidir le trí ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu.