Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Dáta eisiúnta: 05.07.2004

D?fhoilsigh an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, a Tuarascáil Bhliantúil do 2004 inniu. Clúdaíonn an tuarascáil sin an chéad bhliain iomlán a bhí ag Emily Ní Raghallaigh in oifig ó ghlac sí lena dualgas mar Ombudsman ar an 1 Meitheamh 2003. Tuairiscíonn an Ombudsman go bliantúil don Oireachtas agus don phobal tríd is tríd faoi obair na hOifige agus faoi shaincheisteanna agus cásanna leasa le linn na bliana. Tá tábhacht go háirithe le tuarascáil 2004 de bhrí gurb é seo an fichiú bliain ag Oifig an Ombudsman in Éirinn agus sa tuarascáil éilíonn sí go dtabharfaí stádas bunreachtúil don oifig.

Is é téama tuarascáil 2004 ná An Ombudsman agus Daoine Aosta agus áirítear ann, i gCaibidil 2, roinnt cásanna inar chabhraigh a hOifig le daoine aosta ina gcuid déileálacha le comhlachtaí poiblí.

Baineann táillí na dtithe altranais leis an téama sin chomh maith agus, ar leathanach 28 den Tuarascáil, cuireann Emily Ní Raghallaigh síos ar conas a chuidigh a hOifig le daoine a bhí faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar chonspóid na dtithe altranais.

D?fhógar Emily Ní Raghallaigh a cuid pleananna chomh maith le aiseolas a thabhairt do chomhlachtaí poiblí faoin slí a láimhseáladh gearáin sna comhlachtaí sin. Clúdóidh a céad tuarascáil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), comhlacht nua le struchtúir nua ach comhlacht a bhfuil seanfhadhbanna fós le réiteach aige, go leor díobh a tháinig faoi bhráid a hOifige thar na mblianta. Cuirfidh sí a tuarascáil i láthair an HSE níos déanaí i mbliana agus clúdófar na réimsí seo a leanas ann:

  • na príomhcheisteanna tinnis sna seirbhísí sláinte ó pheirspictíocht an Ombudsman;

  • ceachtanna atá le foghlaim ó chásanna a láimhseáladh roimhe seo, agus

  • treoir ar phrionsabail deachleachtais ó thaobh gnéithe de riarachán na seirbhíse sláinte.

Príomhghnéithe den Tuarascáil Bhliantúil:

Caibidil 1 - Réamhrá

Ag glacadh leis gurb é 2004 an fichiú bliain ag Oifig an Ombudsman in Éirinn luann Emily Ní Raghallaigh gur mhol tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Bunreachta chomh fada siar le 1996 gur chóir stádas bunreachtúil a thabhairt d?Oifig an Ombudsman. Agus í ag tabhairt tuairime ar mholadh na tuarascála sin dúirt sí:

?Ar an mbealach céanna a dhéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste monatóireacht ar chuntasacht airgeadais, de réir na tuarascála, déanann an Ombudsman monatóireacht ar chuntasacht riaracháin. Ba chóir mar sin an tábhacht bhunreachtúil céanna a thabhairt do chuntasacht riaracháin agus a thugtar do chuntasacht airgeadais. Déanann go leor daonlathas ar fud Iarthar na hEorpa foráil d?Ombudsman ina gcuid bunreachtaí. Cuireann sé iontas mór orm freisin go bhfuil líon mór daonlathas atá ag teacht chun cinn in Lár agus in Oirthear na hEorpa freisin den tuairm gur tomhais ar a ndaonlathas atá ag fás é oifig Ombudsman a chruthú tríd an mBunreacht agus, go minic, ag teacht le reachtaíocht um shaoráil faisnéise a thabhairt isteach.?

Caibidil 2:

Déanann Emily Ní Raghallaigh cur síos níos domhaine ar théama a Tuarascáil Bhliantúil An Ombudsman agus Daoine Aosta mar seo a leanas:

?Mar Ombudsman, níl aon ról agam ó thaobh reachtaíocht a achtú nó tionscnamh polasaí amháin a chur chun cinn thar ceann eile. Ach tá ról agam a chinntiú go gcaitheann an córas riaracháin go cothrom le daoine, agus, chomh fada agus a bhaineann sé le daoine aosta, ciallaíonn go cothrom gan idirdhealú, le haird chuí ar a gcumas fisiciúil nó intinne, agus thar aon ní eile trí dhearcadh a thugann ómós dá maorgacht daonna, do na rudaí dearfacha a bhaineann le dhul in aois, agus don ról a bhí acu cabhrú leis an mborradh eacnamúil a bhfuil a gclann agus a ngarchlann ag baint sásaimh as anois a shlánú.?

Tuariscíonn sí ar roinnt cásanna a bhaineann le daoine aosta, lena n-áirítear:

Dhiúltaigh Bord Sláinte Limistéar an Chósta Thoir fóirdheontas méadaithe a íoc le daoine aosta a bhí ag fanacht i dteach altranais. Cé go raibh a sláinte fisiciúil maith go leor, bhí galar síciatrach ag dul di agus measadh meán-spleáchas míochaine a bheith ag baint léi chun críocha fóirdheontais tí altranais. Ní raibh aon chlann ag an mbean agus chuaigh costas iomlán táillí an tí altranais thar a pinsean comhiomlán agus an leibhéal fóirdheontais tí altranais a bhí sí ag fáil, rud a d'fhág easnamh a bhí ag dul i méid uirthi. Dúirt an Bord gurb é a bpolasaí gan fóirdheontas méadaithe a íoc ach amháin i gcás othar a meastar uas-spleáchas nó ardspleáchas a bheith ag baint léi. (Is é is ciall le ?fóirdheontas méadaithe? íocaíocht bhreise a íoc a d?fhéadfadh an bord sláinte a cheadú chomh maith leis an bhfóirdheontas a bheadh á fháil ag an duine cheana féin).

Dúirt an Bord nach mbreithneofaí fóirdheontas méadaithe i gcás na n-othar sin a measadh meán-spleáchas a bheith acu mura raibh cúinsí sóisialta maolaitheacha i gceist. Iarradh ar an mBord an t-iarratas sin a bhreithniú arís faoin gcatagóir sin de bhrí go raibh an bhean ag cur fúithi sa teach altranais le roinnt blianta, de bharr nach raibh aon chlann aici, agus go mbeadh sé míréasúnach a bheith ag súil go bhfaigheadh sí malairt cúraim mar gheall ar a sláinte.

D?aontaigh an Bord fóirdheontas méadaithe a chur ar fáil, ní hamháin sa chás sin, ach d?aontaigh sé i gcásanna amach anseo go bhféadfaí othair a mheasfar meán-spleáchas a bheith ag baint leo a bhreithniú le haghaidh fóirdheontais méadaithe, ag brath ar a gcuid cúinsí sóisialta maolaitheacha.

I measc na gcásanna aonair a tuairiscíodh orthu i gCaibidil a Trí bhí siad seo a leanas:

An Státseirbhís

Rinne feirmeoir gearán gur diúltaíodh Deontas Feabhsúcháin Feirme de ?19,000 go míchothrom dó a bhí ceadaithe roimhe sin ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia.

Dúirt an Roinn gur ceadaíodh an deontas i dtús báire ar bhunús an eolais a bhí curtha isteach ach go raibh tuilleadh eolais tagtha chun solais agus gur chreid an Roinn nár chóir deontas a íoc i ndáiríre agus mheas sí gur bunús dleathach é sin chun an chéad cheadú a aisiompú. Ó imscrúdú a rinneadh ar chomhaid na Roinne ba léir go raibh an t-eolas i dtús báire ag an Roinn a thabharfadh deis di an t-iarratas a dhiúltú ach mar gheall ar an idirghabháil a rinne an Roinn i dtaobh an iarratais a bhreithniú, ceadaíodh é. Agus an ceadú faighte aige, thosaigh an feirmeoir ag obair ar an tionscadal. Is ag tráth níos déanaí a thuig an Roinn nár chomhlíon sé critéir na scéime agus tharraing sí siar an ceadú.

Níl aon amhras faoi ach gur tháinig tarraingt siar cheadú an deontais aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir de bhrí go raibh sé ceadaithe ar bhunús an eolais a bhí curtha isteach aige. Ach dúirt an Roinn, chomh fada is a bhain sé léi féin, cé go bhféadfaí ionchas dlisteanach a bhunú trí theagmháil idir an feirmeoir agus oifigigh na Roinne, ba é fírinne an scéil nach raibh an feirmeoir cáilithe nuair a rinneadh scrúdú níos mine ar a iarratas.

Ba léir don Ombudsman go raibh ionchas dlisteanach cruthaithe a d?fhág an t-iarratasóir i mbun oibre agus é cinnte go n-íocfaí deontas. D?aontaigh an Roinn deontas de ?19,000 a íoc.

Boird Sláinte (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois)

Dhiúltaigh Bord Sláinte an Oirthuaiscirt fóirdheontas tí altranais do bhean aosta ar na forais nach raibh dóthain maoinithe aige chun an fóirdheontas a íoc. Bhí an bhean aosta, chomh maith le roinnt iarratasóirí aosta eile, curtha ar liosta feithimh an Bhoird, ag fanacht le hacmhainní breise a bheith curtha ar fáil. Is teidlíocht reachtúil é fóirdheontas tí altranais agus bhíothas ag cur cruatan mór airgid ar an mbean seo agus a teaghlach de bharr nach rabhthas á íoc, de bhrí gur chiallaigh sé go raibh orthu costais iomlán tí altranais a íoc iad féin. I ndiaidh idirghabhála ón Ombudsman, chuir an Bord brú chun breis maoinithe a fháil ón Roinn Sláinte agus Leanaí, ach níor thug an maoiniú breise sin (?52,000) ach amháin deis don bhean aosta agus do na hiarratasóirí eile ar an liosta feithimh fóirdheontas tí altranais a fháil ó dháta reatha, gan aon súil acu go bhfaighidís riaráistí.

Forálann Rialacháin Tí Altranais go ?go gcuirfidh an Bord Sláinte in iúl don iarratasóir i scríbhinn laistigh d?ocht seachtaine ó fhaightear an t-iarratas, nó, mura mbíonn an t-eolas ar fad a iarrtar curtha ar fáil leis an iarratas, laistigh d?ocht seachtaine ó iarrtar an t-eolas, a chinneadh ar cibé an íocfadh sé fóirdheontas leis an duine a dtagraíonn an t-iarratas dó nó nach n-íocfadh agus suim aon fhóirdheontais a bheidh le híoc.?

Ghlac roinnt bord sláinte leis an bhforáil seo mar chead chun fóirdheontas tí altranais a choinneáil siar ar feadh tréimhse ocht seachtaine ó fhaightear an t-iarratas. Mar sin féin, is é an chiall a bhaineann an Ombudsman as an reachtaíocht ná go dtugtar fráma-ama ocht seachtaine do bhoird sláinte cinneadh a ghlacadh ar iarratas, agus chomh luath agus a thugtar measúnú chun críche, go mbíonn fóirdheontas tí altranais iníoctha ó dháta an iarratais (nó ón dáta a gcuirtear an duine isteach sa teach altranais, cibé acu is déanaí).

I ndiaidh idirghabhála an Ombudsman d?aontaigh an Bord riaráistí a íoc ní hamháin leis an ngearánaí, ach leis an ocht nduine dhéag iarratasóirí eile ó limistéar an Chábháin/Mhuineacháin a raibh a gcuid riaráistí fóirdheontais coinnithe siar freisin. B?ionann costas na riaráistí ar fad agus ?34,000.

Údaráis Áitiúla

Cuireadh gearán isteach in aghaidh Chomhairle Chontae Loch Garman maidir le chomh hoiriúnach agus a bhí eolas a sholáthair an Chomhairle d?fhear ar mhian leis agóid a chur isteach chuig An Bord Pleanála maidir le cinneadh pleanála a rinne an Chomhairle.

Chuir sé isteach agóid in aghaidh iarratais phleanála agus nuair a bhronn an Chomhairle cead pleanála ar an bhforbairt, chuir sé achomharc isteach chuig An Bord Pleanála (ABP). Diúltaíodh an t-achomharc sin agus dúirt ABP go raibh sé neamhbhailí de bhrí go raibh an admháil a fuair sé ón gComhairle mar chruthúnas gur chuir sé agóid isteach roimhe sin fágtha amach aige. Bhí liosta sna nótaí míniúcháin a chuir an Chomhairle ar fáil dó, nuair a chuir siad é ar an eolas faoina gcinneadh ar an iarratas pleanála, de na rudaí ba chóir a chur isteach le hachomharc chuig ABP, ach níor luadh iontu an riachtanas duillín admhála arna eisiúint ag an gComhairle a chur san áireamh.

Dúirt an Chomhairle gur seoladh litir chuig an agóideoir ag tabhairt admhála dó don agóid agus ag meabhrú dó gur chóir an litir agus an admháil a choinneáil de bhrí go mbeidís ag teastáil sa chás go gcuirfí achomharc chuig ABP. Chuir an Chomhairle an agóideoir ar an eolas ina dhiaidh sin maidir lena cinneadh ar an iarratas pleanála agus bhí sí den tuairim go raibh sé ráite leis cheana féin go dteastódh an nóta admhála agus an admháil ar agóid sa chás go gcuirfeadh sé achomharc isteach chuig ABP.

Bhreithnigh an Ombudsman gur chóir na nótaí míniúcháin a d?eisigh an Chomhairle, ina raibh seicliosta de na rudaí ba chóir a chur san áireamh in achomharc chuig an ABP, tagairt a dhéanamh chomh maith leis sin don admháil buíochais leis an liosta chomh maith. Mar thoradh air sin, leasaigh an Chomhairle a cuid nótaí míniúcháin agus an litir a sheolann sí ag tabhairt eolais faoi chinntí pleanála.

Staitisticí: Caibidil 5

Fuair Emily Ní Raghallaigh 2,064 gearán bailí ar an iomlán le linn 2004 i gcomparáid le 2,213 i 2003. Chomh maith le gearáin iad féin, dhéileáil foireann an Ombudsman chomh maith le 8,774 fiosrúchán ón bpobal. Idir ghearáin a bhí bailí agus cinn nach raibh agus fiosrúcháin, rinne beagnach 11,000 duine teagmháil le Oifig an Ombudsman le linn 2004.

Nuair a chuirtear gearáin a tugadh ar aghaidh ó 2003 leis sin, arbh ionann iad agus 814, bhí 2,878 gearán bailí idir lámha ag an Oifig do 2004.

Amach as an 2,090 gearán a tugadh chun críche i 2004: réitíodh 311 (14.9%); réitíodh i bpáirt 35 (1.7%) agus i 417 cásanna (20%) soláthraíodh cúnamh. Mar sin bhí 37% de na agóideoirí níos fearr as mar gheall ar teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman. Ó thaobh na ngearán bailí a fuarthas a roinnt de réir earnála, bhain 43.3% le ranna agus oifigístátseirbhíse, bhain 36.3% le húdaráis áitiúla, 17.5% le boird sláinte, agus bhain 3% le An Post.

--------------------------------------------------------------------------------------------------

Tá Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman, 2004, le fáil i bhformáidí pdf agus html.

Ríomh-phost: www.gov.ie/ombudsman/

Tuilleadh eolais: Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674, ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie

Nóta d?Eagarthóirí:

An tOmbudsman ? treoir ghairid (i gceangal) Liosta tuarascálacha speisialta (i gceangal)

An tOmbudsman ? Treoir Ghairid

Cad é ról an Ombudsman?

Imscrúdaíonn an tOmbudsman gearáin ó dhaoine den phobal a bhraitheann go bhfuiltear tar éis caitheamh go héagóir leo ag comhlachtaí poiblí áirithe. Tá a hOifig neamhchlaon agus iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Má chinneann sí go bhfuil údar maith le gearán féadfaidh sí cúiteamh cuí a mholadh.

Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Tá cumhachtaí fairsinge sa dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí aon fhaisnéis, doiciméad nó chomhad a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí ceangal a chur ar ar aon oifigeach faisnéis a thabhairt faoi ghearán. Féadfaidh sí gach gníomh riaracháin a iniúchadh, lena n-áirítear:

  • breitheanna

  • diúltú nó teip maidir le gníomhú

  • nósanna imeachta riaracháin

Cé atá in ann gearán a dhéanamh agus conas?

Féadfaidh aon phearsa aonair, aon ionadaí poiblí, aon chuideachta, nó aon eagraíocht gearán a dhéanamh. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, bealach teileafóin, facs nó ríomhphoist, nó trí bhualadh isteach chuig Oifig an Ombudsman.

Cad iad na Comhlachtaí Poiblí atá faoi réir Imscrúdaithe?

  • Ranna agus Oifigí Rialtais

  • Údaráis Áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, srl.)

  • Boird Sláinte

  • An Post

Cathain is ceart duit gearán a dhéanamh?

Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ombudsman is ceart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí iomchuí i dtosach báire. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a réiteach agus má bhraitheann tú nach bhfuil an comhlacht poiblí tar éis caitheamh leat go cóir, déan teagmháil leis an Ombudsman. Agus gearán á dhéanamh déan iarracht a mhéid faisnéise is féidir a thabhairt lena n-áirítear aon chóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha.

Cad a chosnóidh sé?

Faic. Níl aon táille ar an déileáil le gearáin.

Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le do ghearán?

Déanfaidh foireann an Ombudsman an gearán a scagadh chun a fháil amach an bhfuil sé faoina sainchúram agus an bhfuil bunús ann lena ardú leis an gcomhlacht poiblí. Sa chuid is mó cásanna réitítear na gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. Sna cásanna is casta d?fhéadfadh sé go mbeadh gá le himscrúdú foirmiúil.

Má chinneann an tOmbudsman go bhfuil údar maith le do ghearán go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh sí é sin a thuairisciú don chomhlacht poiblí iomchuí. Féadfaidh sí a mholadh go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a ghníomh, go n-athródh sé a bhreith, nó go n-ofrálfadh sé cineál éigin cúitimh chuí.

An nglacfar le Moladh an Ombudsman?

Níl aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar chomhlacht glacadh lena moladh nó gníomhú dá réir. Mura ndéanann an comhlacht amhlaidh, féadfaidh sí a chinneadh an gnó a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.

An bhfuil réimsí ann nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu?

Tá, ní féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • gníomhartha cuideachtaí príobháideacha nó pearsan aonair, cleachtóirí príobháideacha, fiaclóirí, radharceolaithe, cógaiseoirí, srl.;

  • gníomhartha arna ndéanamh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí;

  • ?feidhmeanna forchoimeádta Údarás Áitiúil?, mar shampla, na feidhmeanna sin arna n-úsáid ag comhaltaí tofa údarás áitiúil;

  • gearáin a bhaineann le hearcú, pá agus coinníollacha fostaíochta;

  • breitheanna cúirte, nithe atá ina n-ábhar imeachtaí cúirte cheana féin, gníomhartha an Gharda Síochána nó gníomhartha arna ndéanamh chun na príosúin a rith;

  • i gcás gur ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó comhlacht achomhairc mar na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim.

Liosta de Thuarasc?lacha Speisialta ar Shaincheisteanna C?rasacha arna bhfoilsi? ag Oifig an Ombudsman

Neamhíoc Riaráiste Pinsean Ranníocach Márta 1997

Soláthar Iompair Scoile do Leanbh faoi Mhíchumas Feabhra 1998

Riaráiste Pinsin Caillte Meitheamh 1999

Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil ? Ró-Íocaíochtaí Meitheamh 2000

Íoc Fóirdheontas Tí Altranais ag Boird Sláinte Eanáir 2001

Faoiseamh Cánach do Phaisinéirí faoi Mhíchumas Lúnasa 2001

Sásamh d?Íocóirí Cánach Samhain 2002

Back to contents