- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Preas Ráiteas
Táillí Thithe Altranais
Dáta eisiúnta: 17.02.2005
Ráiteas an Ombudsman, ar Mhuirir Thithe Banaltrais, de dhroim bhreith na Cúirte Uachtaraí ar an 16 Feabhra "MAIDIR LE hAIRTEAGAL 26 DEN BHUNREACHT AGUS MAIDIR LEIS AN mBILLE SLÁINTE (LEASÚ)(UIMH. 2), 2004"
Déanann an tOmbudsman, Emily O'Reilly, aird a tharraingt ar a preasráiteas roimhe seo faoin ábhar seo dar dáta an 20 Nollaig 2004
Tugann an tOmbudsman dá haire, gur chinn an Chúirt Uachtarach, ina breithiúnas ar an 16 Feabhra, go raibh ceangal curtha ag an Oireachtas ar bhoird sláinte, gach tráth roimh an mBille a rith, muirir othar cónaithe a chur ar fáil do gach duine a raibh míchumas fisiciúil nó míchumas meabhrach orthu. Chinn an Chúirt freisin gurbh é a bhí ar intinn an reachtais ar dtús, rud atá le feiceáil in alt 53 d'Acht 1970, ná an ceart chun seirbhísí othar cónaithe a fháil gan mhuirear a thabhairt go sainráite do dhaoine atá láncháilithe faoi na hAchtanna Sláinte. Ina theannta sin, chinn an Chúirt freisin go bhfuil teideal ag othair, de bharr an ceart reachtúil a bheith ann, chun na seirbhísí iomchuí a fháil saor ó mhuirear, agus go maireann an ceart sin fad atá alt 53 (1) d'Acht 1970 gan athrú agus nach raibh aon athrú tagtha air.
Tá sé beartaithe ag an Ombudsman anois roinnt gearán, a bhí coinnithe siar aici fad a bhí breithiúnas na Cúirte Uachtaraí ar feitheamh, a bhreithniú anois. Baineann na gearáin sin le cearta sealbhóirí cártaí liachta chun seirbhísí othar cónaithe a fháil in institiúidí poiblí, seachas tithe banaltrais poiblí. Áirítear i measc na n-institiúidí sin institiúidí do dhaoine a bhfuil galar meabhrach orthu, ospidéil tuaithe nó ospidéil phobail, etc. Saothróidh an tOmbudsman na gearáin ar leithligh, ina cheann agus ina cheann, trí theagmháil a dhéanamh leis an aonad iomchuí d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Sláinte agus Leanaí ar bhonn ginearálta. Is é atá i gceist ná déileáil leis na haicmí seo sealbhóirí cartaí liachta ar an modh céanna leo sin a thagann faoi réim bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí.
Mar fhocal scoir, de réir mar a léiríodh sa phreasraiteas ón Ombudsman ar an 20 Nollaig 2004, bhí an chonspóid reatha dírithe ar staid na n-othar in institiúidí poiblí agus air sin amháin. Ní dhéileáiltear le staid na sealbhóirí cártaí liachta sin nach bhféadfaí leaba a sholáthar dóibh in institiúid phoiblí mar gheall ar ghanntanas leapacha den sórt sin agus ar chuir na boird sláinte iad i dtreo cúraim phríobháidigh gan aitheantas a thabhairt, ar aon slí, dá bhfreagrachtaí féin sa réimse sin. Cé nach ndéileálann an Chúirt Uachtarach go díreach leis an ábhar sin, beidh an tOmbudsman ag iarraidh ar an Roinn Sláinte agus Leanaí an t-ábhar seo a athbhreithniú i bhfianaise an bhreithiúnais.
Chun a thuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: Michael Brophy ,
Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Guthán:- (01)6395639, r-phost: michael_brophy@ombudsman.gov.ie
nó Matthew Merrigan, Guthán:- (01) 6395635, r-phost: matthew_merrigan@ombudsman.gov.ie
