Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Táillí Thithe Altranais

Dáta eisiúnta: 20.12.2005

Ráiteas an Ombudsman ar an gceist reatha de Tháillí Thithe Altranais:

Inniu rinne an Ombudsman, Emily O'Reilly Uasal, a stádas a léiriú i leith táillí thithe altranais do shealbhóirí de chártaí leighis, agus an seasamh atá ar intinn aici a thógaint i leith gearáin faoi na cúrsaí seo sa todhchaí.

Le linn a théarma in Oifig fuair mo réamhtheachtaí mar Ombudsman, an tUasal Kevin Murphy, roinnt mhaith ghearáin faoin gceist de tháillí agus dheontais thithe altranais. Sa bhliain 2001 d'fhoilsigh sé Tuarascáil de fhiosrú isteach sna cheisteanna a tháinig chun cinn de bharr na ngearán seo darbh ainm Deontais Thithe Altranais. Ceann de na príomh bharúil a tharraing sé as ná go raibh gach duine cónaitheach sa Stáit i dteideal seirbhísí d'othair chónaitheacha, mar is cuí, ón mBord Sláinte coibhneasach.. D'fhéadfaí na seirbhísí a sholáthar go díreach ón mbord sláinte i gceann dá ospidéil féin, nó in ospidéal eile atá faoi mhaoinú poiblí (m.sh. na hospidéil ar a nglaotaí "deonach"), nó trí shocrú conraithe idir bord sláinte agus institiúid phríobháideach. Déantar foráil dá leithéid de shocruithe ag Alt 26 den Acht Sláinte, 1970 agus caithfidh siad a bheith i gcomhréir le a leithéid de choinníollacha agus a shaineodh an t-Aire Sláinte agus Leanaí.

Nuair atá an t-othar clúdaithe faoi chárta leighis tá na seirbhísí seo saor in aisce. Clúdaíonn an sainmhíniú de "seirbhísí d'othair chónaitheacha" mar atá soláthartha in Alt 51 den Acht Sláinte, 1970 fanacht géarmhíochaine in ospidéal, ach clúdaíonn sé catagóirí níos leithne de sheirbhíse ar nós fanacht fadtéarmach de sheandaoine i gcúram. Ar an méid sin, tá an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil de ghnáth do sheandaoine i dtithe altranais san áireamh faoin dtéarma "seirbhísí d'othair chónaitheacha" chomh maith. Dá bharr sin, tá aon sheanduine le riachtanas do chúram fadtéarmach i dteach altranais - ina bhfuil iad seo a leanas san áireamh de ghnáth; cúram altranais, feitheoireacht, cabhair le gníomhaíochtaí laethúla ar nós ithe agus gléasadh agus ina d'fhéadfadh seirbhísí ar nós fisiteiripe nó teiripe shaothair a bheith san áireamh chomh maith ? i dteideal na seirbhísí seo a bheith soláthartha dóibh ón mbord sláinte feiliúnach mar chuid de sheirbhísí d'othair chónaitheacha.

Rinne an Roinn Sláinte agus Leanaí agróint láidir nach dtugann na hAchtanna Sláinte teideal dlíthiúil do sheirbhísí ospidéil d'othair chónaitheacha. Rinne an Roinn argóint go raibh an dlí neamhléir i leith ceart dlíthiúil a bheith ag duine chun cúram de chineál teach altranais a fháil ó bhord sláinte. Dúirt sé go rinne an t-Acht Sláinte, 1970 idirdhealú idir na téarmaí "cáilitheacht" agus "teidlíocht" agus go soláthraíonn an chéad cheann, i gcomhthéacs an Achta Sláinte, do dhaoine atá i dteideal leas a bhaint as na seirbhísí. I dtuairim na Roinne, ní fhéadfaí othair atá á choimeád i gcúram fadtéarmach a ghlacadh mar bheith ag comhlíonadh na critéir do theidlíocht iomlán mar tá seirbhísí máinliacha agus leighis ghinearálta á sholáthar dóibh. Tá sé den tuairim nach bhféadfaí sealbhóir de chárta leighis, go nglactar leis/léi mar bheith i dteideal go hiomlán fad agus atá sé/sí ag soláthar dó/di f(h)éin ina t(h)each féin, a ghlacadh mar bheith laistigh den shainmhíniú nuair atá sé/sí á choinneáil in institiúid ina bhfuil seirbhísí leighis agus máinliacha san áireamh sna seirbhísí atá á sholáthar dóibh. Go héifeachtach, baineadh na cártaí leighis de a leithéid de dhuine agus iad ag dul isteach san institiúid.

Ó fhoilsíodh Tuarascáil an Ombudsman i 2001 d'éirigh an scéal níos casta fós le síneadh de theidlíocht iomláin do chartá leighis go daoine a chónaíonn sa Stáit de ghnáth agus atá seachtó bliana d'aois. Mar thoradh ar seo tá 67,000 duine sa bhreis i dteideal. Fuair mo oifig ansin roinnt bheag ghearáin ó, agus ar son, dhaoine níos sine ná seachtó bliana d'aois agus i gcúram fadtéarmach in institiúidí na mbord sláinte. Dúirt siad go raibh a dteidlíocht don chárta leighis bunaithe ar a n-aoiseanna agus mar sin nach bhféadfaí iad a bhaint dóibh. Ba é freagra Bord Sláinte an Oir-Dheiscirt i gcás áirithe ná, de réir comhairle dleathach soláthartha don Roinn Sláinte agus Leanaí agus curtha ar fáil don Bhord, d'ainneoin a (h)aois níl ceart dleathach feidhmiúil ag duine chun seirbhísí a fháil saor in aisce agus, trí shíneadh, dúirt an Roinn nach raibh sé de dhualgas ar an mBord a leithéid de sheirbhísí a sholáthar saor in aisce.

D'iarr an Board a chuid comhairle dleathach fhéin ar an gceist ina dhiaidh sin, a bhí, mar a thuigim, i gcómhréir leis an argóint a chur mo oifig i láthair, agus níor chúisigh siad mo éilitheoir a thuilleadh. Ghlac Bord Sláinte Limistéar an Chósta Thoir seasamh comhchosúil i leith gearáin a thagair mé dóibh.

Thar na blianta tá mo réamhtheachtaithe tar éis a thuairimí a chur in iúl don Roinn i leith an stadas dlíthiúil sa limistéar seo go háirithe; go bhfuil seirbhísí d'othair chónaitheacha mar pháirt de chúram fadtéarmach agus nach chomhair go mbeadh táille ar shealbhóirí de chártaí leighis do shéirbhísí dá leithéid. Chomh maith leis sin, cuireadh an tuairim seo in iúl go minic ag cruinnithe le hoifigigh de na boird sláinte agus den Roinn thar na blianta. Rinneadh tuairisciú ar na ceisteanna seo go mion ina dtuarascálacha bliantúla m.sh. 1989 agus 1992, agus sa tuarascáil speisialta i 2001. Agus mé ag tógaint suas Oifige i 2003 lean na gearáin ag teacht isteach faoi a leithéid de tháillí agus tá samplaí ina leith i mo chéad Thuarascáil Bhliantúil. Lean an scéal ar aghaidh le linn 2004 I mí na Samhna 2001 d'fhoilsigh an Roinn Cáil agus Cothroime ? Córas Sláinte Duitse, an straitéis sláinte náisiúnta nua. Faoi Sprioc Náisiúnta na Straitéise do Rochtain Chothrom, tá foráil déanta do shimpliú agus shoiléiriú de theidlíocht do chártaí leighis. Sa chomhthéacs seo thug an Straitéis breathnóireacht an Ombudsman faoin deara i leith teidlíocht seandaoine do chúram fadtéarmach cónaitheach agus dhearbhaigh siad go dtabharfaí aire speisialta don bhreathnóireacht seo in athbhreithniú ginearálta molta den reachtaíocht ar theidlíocht. Dúirt an Straitéis go gcuirfí reachtaíocht nua i bhfeidhm chun soláthar a dhéanamh d'fhorálacha reachtúla ar a leithéid de theidlíocht agus gheall sé go dtabharfaí isteach Bille nua i 2002. Níor tháinig aon reachtaíocht, áfach, go dtí gur fhoilsíodh an Bille Sláinte (Léasú) (Uimh. 2) 2004, le déanaí.

Dealraíonn an tuairim curtha chuig an Roinn Sláinte agus Leanaí ag an Ard-Aighne, gur sholáthair an chomhairle forleata ag an Roinn "bunús fabhtach" ar a rinneadar cártaí leighis a tharraingt siar. I bhfocail eile, bhí sé lochtach go dlíthiúil. De réir na tuairime seo i leith údarás dleathach na mbord sláinte éagsúla sa cheist, agus an cinneadh riarthach ag an Aire Sláinte agus Leanaí chun íocaíochtaí ex-gratia de ?2,000 a dhéanamh ar an gceist. Réamhghabhaim go bhfaighidh mé a thuilleadh gearáin i leith na ceisteanna seo. Tá sé ar intinn agam na gearáin seo a scrúdú faoi théarmaí an Achta Ombudsman 1980, mar atá leasaithe. Agus é seo á dhéanamh, tabharfaidh mé faoi deara cúinsí an ghearáin ar leith, an duine aonair agus gníomhartha riarthacha na mBord agus na Roinne sa cheist agus aon aighneas a d'fhéadfaidís a dhéanamh i leith aon ghearáin, reachtaíocht choibhneasach agus aon fhoirceannadh de cheisteanna ag na cúirteanmna. In aon chás ar leith ina fhaighim go bhfuil droch riaracháin tar éis teagmháil a dhéanamh ar éilitheoir déanfaidh mé moltaí do leasú chuig na gníomhaireachtaí sláinte feiliúnacha nó chuig an Roinn Sláinte agus Leanaí, mar is cuí. Ba mhaith liom a aibhsiú, agus an gníomh seo á thógaint agam, nílim ag ceistiú dlíthiúlacht nó bunreachtúlacht an Bhille Sláinte (Leasú) (Uimh. 2), 2004 agus ní theastaíonn uaim a leithéid a dhéanamh. Mar a bhí cheana, beidh mé dírithe ar ghníomhartha riarthacha na Roinne agus na ngíomhaireachtaí sláinte.

Tá an conspóid reatha dírithe ar an gceist faoi othair in institiúidí poiblí amháin. Ní dhéanann sé déileáil leis an gceist de othair, sealbhóirí de chártaí leighis agus neamh-shealbhóirí araon, a fuair treoir ó na boird sláinte i leith cúram príobháideach, gan a bhfreagrachtaí féin a aithint in aon slí. Táim de thuairim comhchosúil le mo réamhtheachtaithe i leith an stádas dlíthiúil sa chás seo, gach duine cónaitheach sa Stáit i dteideal bheith soláthartha le seirbhísí d'othair chónaitheacha, nuair is cuí, ó na boird sláinte feiliúnacha. D'fhéadfaí na seirbhísí a sholáthar go díreach ón mbord sláinte i gceann dá ospidéil féin, nó in ospidéal eile atá faoi mhaoinú poiblí (m.sh. na hospidéil ar a nglaotaí "deonach"), nó trí shocrú conraithe idir bord sláinte agus institiúid phríobháideach. Ní bhaineann an reachtaíocht reatha leis an gceist seo. 20 Nollaig 2004

Chun a thuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: Michael Brophy , Oifig an Ombudsman,18 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Guthán:- (01)6395639, r-phost: michael_brophy@ombudsman.gov.ie
nó Matthew Merrigan, Guthán:- (01) 6395635, r-phost: matthew_merrigan@ombudsman.gov.ie

Back to contents