Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Tuarascáil ar Imscrúdú - Riaráiste Aoisliúntais

Dáta eisiúnta: 16.02.2006

Inniu d'fhoilsigh an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, tuarascáil ar a cuid imscrúdaithe ar ghearáin a fuair sí ó bheirt Altra Sláinte Phoiblí a bhí fostaithe le Bord Sláinte an Mheán-Iarthair (Feidhmheannas na Seirbhíse Sláinte, Ceantar an Mheán-Iarthair anois). Geall le trí bliana i ndiaidh a gceaptha fuair siad éilimh ón mBord Sláine ar riaráiste aoisliúntais dlite ar sheirbhís sealadach ináirithe altrachta roimhe sin. I ngach cás ríomhadh an riaráiste ar bhonn mórthuarastal a bhí níos airde ná iad sin a bhí i bhfeidhm ar dháta na gceapachán. Dá ndéanfaí an tsuim a ríomh ag tráth a gceapachán bheadh an riaráiste dlite cuid mhór níos lú. Ní raibh aon smacht ag na gearánaithe ar an moill a bhí ar ríomh an riaráiste ag an mBord Sláinte agus bhí pionós airgid ar ar an mbeirt acu dá dheasca.

Mar thoradh ar a cuid imscrúdaithe chinn an Ombudsman gur fheidhmigh Bord Sláinte an Mheán-Iarthair ar bhealach a raibh éifeacht dochrach aige ar na gearánaithe agus a bhí in aghaidh na dea-bhainistíochta. Chinn sí chomh maith gurbh é toradh gníomhaíochtaí an Bhoird gur caitheadh leis an mbeirt gearánaí ar bhealach a bhí éagórach agus míréasúnta agus dá dheasca sin gur fhulaing an bheirt cailliúint suntasach airgeadais agus gur cheart sin a chúiteamh leo. Ghlac Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le moladh an Ombudsman go n-íocfaí cnapshuimeanna de €2,500 agus €5,000, leis na gearánaithe faoi seach le cúiteamh a dhéanamh leo as an mhoill a bhain le ríomh a gcuid rannaíocaíochtaí don scéim phinsin.

Is é dearcadh an Ombudsman é, nuair a dhéantar éagóir ar dhuine trí ghníomhaíocht comhlachta poiblí, gur chóir go soláthródh an comhlacht sin cúiteamh cuí. Nuair a bhíonn cailliúint airgeadais ar dhuine de dheasca gníomhaíochta ag comhlacht poiblí, ba chóir go ndéanfaí íocaíocht chúitimh le cabhrú chun an duine sin a thabhairt ar an staid ina mbeadh sé/sí dá mbeadh an comhlacht poiblí tar éis gníomhú i gceart.

Tá mionsonraí ar thoscaí na ngearán agus ar an bhfoirmle a úsáideadh do íocaíocht an chúitimh sa tuarascáil, atá le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.

Tá gearáin agus aighnis maidir le scéimeanna pinsin ceirde faoi réir ag imscrúdú Ombudsman na bPinsean anois Tuigtear go bhfuil gearáin den chineál céanna faighte aige sin agus nuair is cuí, go bhfeidhmíonn sé an fhoirmle cúitimh a mholtar sa tuarascáil imscrúdaithe seo.

Déan teagmháil chun a thuilleadh eolais le: Michael Brophy, Oifig na Ombudsman, 18 Sráid Líosáin Íocht., Baile Átha Cliath 2. Teil. (01) 6395639, r-phost: michael_brophy@ombudsman.gov.ie nó Matt Merrigan, Teil:- (01) 6395635, r-phost: matthew_merrigan@ombudsman.gov.ie

Back to contents