Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Tuarascáil an Ombudsman ar an tearnáil sláinte poiblí

Dáta eisiúnta: 05.05.2006

Tá tuarascáil speisialta foilsithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, inniu maidir lena taithí le linn a bheith ag déileáil le gearáin san earnáil sláinte poiblí agus seirbhísí pearsanta sóisialta. Is féidir an tuarascáil a léamh ar láithreán gréasáin an Ombudsman ag www.ombudsman.gov.ie.

Tá an tuarascáil ina cuid de thionscnamh nua ar chuir an tOmbudsman tús leis d’fhonn aiseolas fónta a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a oibríonn in earnálacha éagsúla a thagann faoina cúram. Rinneadh an chéad tuarascáil seo a thíolacadh d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) agus sainaithnítear inti roinnt beart dearfach a chabhróidh leis an HSE. agus leis na gníomhaireachtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí thar a cheann, feabhas a chur ar riaradh na seirbhíse sláinte.

Is é atá sa ghné is tábhachtaí den tuarascáil ná Ráiteas an Ombudsman ar Dhea-Chleachtas don tSeirbhís Sláinte Poiblí le linn a bheith ag déileáil le hOthair (féach Caibidil 8). Tá an ráiteas sin beartaithe chun cabhrú leis na seirbhísí sláinte fócas níos mó a bheith acu ar na hothair. Cuireann sé i gcuntas freisin na treoirlínte eitice atá foilsithe ag Comhairle na nDochtúirí Leighis agus an Cód Cleachtais Ghairmiúil atá foilsithe ag an mBord Altranais. Tá sé beartaithe ag an Ombudsman é a úsáid le linn di scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le cúram sláinte poiblí agus lena chinntiú go dtagann sé chun bheith ina dhoiciméad beo réalaíoch do gach othar.

Níos mó ná riamh, tá gá leis an gcur chuige atá dírithe ar othair, ní amháin i bhfianaise deacrachtaí leanúnacha sna seirbhísí sláinte ach freisin ag féachaint don Acht Sláinte 2004 ar Acht é lena ndéantar socrú, den chéad uair, maidir le nós imeachta reachtúil a bhunú chun gearáin a bhaineann le seirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta sóisialta a láimhseáil.

Le Rialacháin atá le déanamh ag an Aire Sláinte agus Leanaí faoin Acht sin, tabharfar ceart do dhaoine den phobal gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí atá á soláthar acu seo a leanas:

- an HSE

- na hospidéil mhóra i limistéar Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Ospidéil Shaorálacha Phoiblí (e.g. Beaumont, Sráid Shéamuis, N. Uinseann), chomh maith le hospidéil den tsamhail chéanna sa chuid eile den tír (e.g. an Otharlann Theas - Ospidéal Ollscoile Victoria, Corcaigh, agus Ospidéal Eoin, Luimneach),

- institiúidí ar fud na tíre a sholáthraíonn seirbhísí, thar ceann an HSE, do dhaoine ar a bhfuil míchumas intleachta (e.g. St. Michael’s House agus na Bráithreacha Carthanacha) agus

- gníomhaireachtaí a fhaigheann cúnamh ón HSE i gcomhair seirbhísí a sholáthar atá comhchosúil nó foghabhálach le seirbhís a sholáthraíonn an HSE.

Beidh na hospidéil, na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí sin faoi chúram an Ombudsman freisin agus, dá bhrí sin, beidh deis ag gearánaigh mhíshásta athbhreithniú neamhspleách a fháil maidir lena gcás. Ina theannta sin, tá an tuarascáil seo dírithe ar na comhlachtaí seo agus iad i mbun ullmhúcháin le haghaidh tabhairt isteach chóras imscrúdaithe oifig an Ombudsman. Is é is éifeacht do na hathruithe seo ná go mbeidh an córas sláinte poiblí ar fad faoi réim chúram an Ombudsman d’ainneoin nach dtiocfaidh nithe nach mbaineann ach amháin le feidhmiú breithiúnais chliniciúil faoi réim an chórais gearáin ná faoi réim chúram a hOifige.

Déileálann an tuarascáil freisin le hábhar a luann gearánaigh go minic leis an Ombudsman, is é sin le rá, gur ceart do sholáthróirí seirbhíse ceachtanna a fhoghlaim óna gcuid earráidí ionas go gcinntítear nach mbíonn na deacrachtaí céanna ag daoine eile. Áirítear na nithe seo a leanas san fhoghlaim a dtugtar suntas di sa tuarascáil:

- an tábhacht a bhaineann le cleachtais mhaithe maidir le taifid a choimeád, go háirithe taifid altranais agus taifid liachta,

- an tábhacht a bhaineann le dea-chumarsáid (idir foireann liachta, foireann altranais agus foireann riaracháin agus idir daoine d’fhoireann cúraim sláinte agus othair agus a dteaghlaigh),

- an gá lena admháil go dtarlaíonn earráidí agus, nuair a tharlaíonn siad, go bhfuil cumhacht ag daoine den fhoireann an fhadhb a réiteach chomh gar agus is féidir don phointe gearáin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Michael Brophy, Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Chill Mochargáin Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Teil:- (01)6395639, ríomhphost: michael_brophy@ombudsman.gov.ie nó Matt Merrigan, Teil:- (01) 6395635, ríomhphost: matthew_merrigan@ombudsman.gov.ie

Lean an nasc leis seo chun treoir gairid ar ról an Ombudsman a aimsiú - http://www.ombudsman.gov.ie/ga/CeisteannaCoitianta/

Back to contents