- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Preas Ráiteas
Preasráiteas - Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005
Dáta eisiúnta: 19.07.2006
Inniu, d'fhoilsigh An Ombudsman, Emily O'Reilly a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005. Clúdaíonn an tuarascáil seo an dara bhliain aici in oifig ó chuaigh sí i mbun dualgais mar Ombudsman ar 1ú Meitheamh 2003. Tuairiscíonn an Ombudsman gach bliain go dtí an tOireachtas agus go dtí an pobal i gcoitinne ar cheisteanna agus ar chásanna inspéise a tharla i rith na bliana.
De bharr forbairtí sonracha in earnáil na sláinte, tá caibidil faoi leith (caibidil a dó) curtha i leataobh ag Emily O'Reilly don tseirbhís sláinte poiblí. Ar na forbairtí seo tá an t-athstruchtúrú raidiceach a rinneadh ar an seirbhís sláinte, cruthú Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FFS) agus an forleathnú atá le déanamh go luath ar chúram an Ombudsman go dtí na hospidéil deonacha poiblí. Comh maith leis an tuarascáil speisialta a rinne an Ombudsman don FSS go luath sa bhliain, ar an dtaithí a bhí aici go dtí seo ag déileáil le gearáin faoin tseirbhís sláinte, agus na smaointe atá aici faoi conas a d'fhéadfadh an tseirbhís sláinte a bheith dírithe níos fearr ar an othar le linn don tseirbhís a bheith á thabhairt.
Sa chaibidil seo freisin, cuireann an Ombudsman síos ar an bpáirt a imreoidh a hOifig ag déileáil le gearáin maidir leis an scéim chun muirir na dtithe altranais a aisíoc, scéim atá le tabhairt isteach gan mhoill ag an FSS. Cuireann sí síos freisin ar an ról nua atá aici faoin Acht Míchumais 2005, ag láimhseáil gearán ó dhaoine le míchumais maidir le foirgnimh agus seirbhísí poiblí a rochtain.
Tá téacs iomlán na Tuarascála Bliantúla ar fáil anois ar www.ombudsman.ie
Na Príomhghnéithe sa Tuarascáil Bhliantúil:
Caibidil 1 - Réamhfhocal
Sa Réamhfhocal tá an méid seo le rá ag Emily O'Reilly maidir le cur chuige na hOifige agus iad ag déileáil le gearáin faoi earnáil na sláinte:
"I limistéir na sláinte, beidh láimhseáil na ngearán im Oifigse arna threorú ag an Ráiteas um Chleachtas is Fearr i gComhair na Seirbhíse Sláinte a d'fhoilsigh an Oifig le déanaí. Chuireadh é seo le chéile mar chuid de mo thuarascáil go dtí an FSS a foilsíodh le déanaí freisin, ag déanamh achoimriú ar thaithí m'Oifige go dtí seo ar an gcóras sláinte agus ag déanamh moltaí le haghaidh seirbhíse níos fearr a chur ar fáil. Is í mo thuairim go gcaithfidh an t-othar a bheith i gcroí-lár na seirbhíse sin agus go gcaithfear an chéad áit a thabhairt do chúram an othair, do shábháilteacht an othair, do dhínit an othair, do rúndacht an othair agus do shaincheist toile an othair i ndáil le haon tsocruithe le haghaidh cóirithe leighis agus aon ní eile. Beidh tosaíocht á thabhairt feasta freisin do chaighdeán an chúraim mhaolaithigh in institiúidí cúraim sláinte poiblí."
Caibidil a Dó: An Ombudsman agus Earnáil na Seirbhíse Sláinte
Ag cur síos ar an dtuarascáil téamach a rinne sí d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis an dtaithí a fuair sí ag déileáil le gearáin in earnáil na sláinte tá an méid seo le rá ag Emily O'Reilly:
"Téim i mbun an athbhreithnithe seo i gcomhthéacs Ardchaighdeán agus Cothroime, an Straitéis Sláinte Náisiúnta. Aontaím le fís agus le mian na straitéise sin chun córas a chruthú a thacaíonn agus a chumasaíonn an duine aonair a lán-acmhainn sláinte a bhaint amach. Is é sin, córas den sórt atá ar fáil, atá cothrom, agus córas gur féidir muinín a chur ann agus a thógann ceann de thuairimí an duine aonair féin."
Ag cur síos ar an bpáirt dhearfach atá imeartha ag a hOifig ag déileáil le gearáin in earnáil na sláinte agus ag feabhsú chaighdeán chúram na sláinte, téann sí ar aghaidh leis an méid seo a rá:
"I gcaitheamh na mblianta bhí caidreamh idir m'Oifig agus na gníomhaireachtaí sláinte poiblí ag iarraidh caighdeán níos fearr a fhorbairt sna cinntí a dhéantar le linn do sheirbhísí a bheith á gcur ar fáil don phobal. Bhí m'fhoireann i gcaidreamh leis na Boird Sláinte, mar a bhí, agus le grúpaí gairmiúla faoi leith. Seoladh seimineáir agus ceachtanna oiliúna faoi shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le gearáin a fhiosrú, le prionsabail an dea-riaracháin, le dea-chleachtais sa tseirbhís phoiblí, le ceartais úsáideoirí na seirbhíse sláinte agus le bainistiú na ngearán. Bhí béim dheimhneach i gcónaí ag baint leis an idirghníomhú sin .i. an bealach is fearr chun caighdeán na seirbhísí sláinte a fheabhsú. Tugann an ról oideachasúil seo páirt mar "chara léirmheastúil" don Ombudsman agus tá súil agam go ndéanfar an ról seo a fhorbairt níos fearr fós le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le háiseanna eile a sholáthraíonn seirbhísí sláinte poiblí."
Tuairiscíonn sí ar roinnt gearán a bhaineann le hearnáil na sláinte, lena n-áirítear:
Rinne bean gearán faoin chúram iar-obráide a fuair sí san ospidéal, tar éis máinliacht i gcomhair ailse cíche agus faoin dóigh a chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Limistéar an Iarthair, leis an gcás. Níor thug an máinlia ná a fhoireann cuairt uirthi mar othar thar thréimhse chúig lá tar éis na hobráide. Dúirt an máinlia go raibh an gearánaí feicthe gach lá ag an bhfoireann shinsearach a bhí aige agus gur chuireadh in iúl dó faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh aici, a bhí sásúil go leor dar leis.
Fuair sí freagra i scríbhinn ar an ngearán a rinne sí ach bhí sí fós míshásta agus ghearáin sí ansin go dtí Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin (POF) an FSS, Limistéar an Iarthair. Scríobh an FSS chuig an ngearánaí, ag lua arís na pointí a bhí déanta cheana ag an máinlia, mar athrá ar an rud a dúirt an máinlia sa chéad áit. Ní raibh an gearánaí sásta agus rinne sí teagmháil leis an Ombudsman.
Ní raibh an Ombudsman sásta leis an mbealach a rinne an FSS fiosrú faoin scéal. Ní raibh fianaise ar bith sa chéad fhiosrú nó sa dara fhiosrú go ndearnadh scrúdú ar thaifid an othair/ospidéil ná gur chuireadh agallamh ar aon bhall foirne eile a raibh baint acu le cúram iar-obráide an othair. Ba é fírinne an scéil nach ndearnadh taifid an ospidéil a scrúdú go dtí go ndearna sí teagmháil le POF an FSS. Dealraíonn sé go raibh easaontacht dhíreach fianaise ann maidir le tinreamh na foirne máinliachta, nach bhfaighfí a réiteach ach amháin trí fhoireann an FSS ag déanamh fiosrú dá gcuid féin ar an scéal agus agallaimh a chur ar chuid den bhfoireann a bhí i láthair ag an am.
Ghlac an FSS go raibh sé soiléir nach raibh an fiosrú a rinneadh chomh dúthrachtach agus ba chóir dó a bheith. Ghabhadar leithscéal don ghearánaí as an chrá, an cheataí agus an t-anró a fhulaing sí. Dúradar freisin go raibh athbhreithniú déanta acu ar pholasaí na ngearán go háitiúil, agus go raibh na ceachtanna a foghlaimíodh as an eachtra curtha i bhfeidhm.
I measc na gcásanna aonair a tuairiscíodh faoi Chaibidil a Trí bhí:
Státseirbhís
Rinne feirmeoir gearán i gcoinne an Roinn Talmhaíochta agus Bia faoin iarratas a rinne sé chun na blianta tagartha (.i. na blianta ar a bhunófaí leibhéil na n-íocaíochtaí a dhéanfaí leis) le haghaidh an Íocaíocht Aonair Feirme. a bheith athraithe ó 2000-2002 go dtí 1997-1999, bunaithe ar fhorálacha force majeure na scéime. Ba é an bonn a bhí leis an iarratas ná go raibh Galar Hodgkins ag gabháil dó. D'aontaigh an Roinn an bhliain 2001 a bhaint amach .i. an bhliain a rinneadh diagnóis ar an ngalar, ach ní rabhadar sásta na blianta 2000 agus 2002 a fhágáil ar lár.
Labhair Oifig an Ombudsman leis an ngearánaí agus fuair tuarascáil leighis mhionshonraithe faoin mbail a bhí air. Léirigh sin go mbeadh droch-airíonna ag an ngalar ar an othar roimh an diagnóis agus fiú i ndiaidh chóiriú leighis. Bhí sé soiléir go raibh tionchar an-mhór ag an ngalar ar chumas an fheirmeora go ceann tamall fada roimh an diagnóis fhoirmiúil agus go ceann tamall fada ina dhiaidh freisin, de bharr na haicíde agus an dianchóiriú leighis a fuair sé.
Mar thoradh ar idirbheartaíocht an Ombudsman, d'aontaigh an Roinn an bhliain roimh an diagnóis fhoirmiúil a bhaint amach agus freisin an bhliain tar éis dó an cheimiteiripe a fháil. Dá bharr sin rinneadh athrú ar na blianta tagartha a dhéanfadh b'fhéidir athrú €15,000 de dhifir sna híocaíochtaí thar thréimhse na scéime.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Rinne bean gearán i dtaobh iarratas a rinne sí ar Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Tuaisceart, thar cheann a máthar, bean a bhí amach sna blianta, ag lorg cabhrach i gcoinne chostas chúraim na máthar, faoi Rialacháin Fóirdheontais na dTithe Altranais. Diúltaíodh don iarratas ar an mbonn gur úinéir tí ba ea an mháthair, bíodh is go raibh an gearánaí ina cónaí sa teach céanna. D'fhág sin an gearánaí agus a máthair i staid an-deacair ó thaobh airgid de. Bhí an méid go léir a bhí i dtaisce caite ag an seanbhean ar chostais an chúraim agus bhí sí ag smaoineamh ar an teach muintire a dhíol chun íoc as cúram a máthar.
Chun teacht ar acmhainn na máthar d'áirigh an FSS a pinsean Stáit, an pinsean beag oibre a bhí aici agus luach measta an scar a bhí aici sa teach muintire (50%) dá ligfí ar chíos é. Bhí seo de réir rialachán na bhfóirdheontas. Mar sin féir ní raibh an fhoráil seo forordaitheach, agus dáiríre, tá an rogha ag an FSS maoin a mheasúnú nó neamhshuim a chur inti le linn dóibh ceartais iarratasóra a mheas. Mheas an Ombudsman go raibh sé soiléir go raibh cás ann don FSS chun smaoineamh ar an ndiscréid seo a úsáid i bhfabhar an ghearánaí.
Ghéill an FSS don argóint dá leanfaí le measúnú a dhéanamh ar an dteach go mbeadh cruatan airgeadais thar fóir ann don bhean. D'aontaíodh neamhshuim a dhéanamh don teach agus chinneadh ar fhóirdheontas de €203.97 sa tseachtain a thabhairt dí.
Údaráis Áitiúla
Rinne bean, 93 bliana d'aois, a raibh oistéapóróis uirthi, gearán go dtí an Ombudsman faoi dhiúltú a rinne Comhairle Bhaile na hUaimhe ar iarratais uaithi i gcomhair Dheontas do Dhaoine le Míchumas (DDM). Bhí an-deacracht aici ag dul suas staighre agus bhí cabhair uaithi chun é a dhéanamh. De dheasca chomhairle ghairmiúil a tugadh don bhean agus dá clann, chuireadar ardaitheoir staighre isteach, mar chuireadh in iúl dóibh go raibh dainséar sa staighre don bhean agus do na daoine a bhí ag cabhrú léi. Mhaolaigh an t-ardaitheoir an fhaitíos a bhí ar an mbean roimh an staighre agus thug sé sórt neamhspleáchais dí. Chuir an Chomhairle in iúl nár cheart go dtosófaí ar na hoibreacha roimh an ceadú i scríbhinn a fháil, agus, mar sin, nach bhféadfaí an t-iarratas a cheadú.
Tar éis idirbheartaíocht an Ombudsman, rinne an Chomhairle an cás a bhreithniú arís gan mhoill Toisc chomh práinneach is a bhí an cás agus an gá a bhí ag an ngearánaí don áis mar a bhí cruthaithe, agus na cúinsí speisialta a bhí ann, chinn an Chomhairle íocaíocht an DDM a cheadú as an obair a bhí déanta ar son na mná.
Staitisticí: Caibidil 5
Fuair Emily O'Reilly 2,243 gearán bailí i gcaitheamh na bliana 2005 i gcomparáid le 2,046 gearán i 2004, méadú de 9% beagnach. Dhéileáil foireann an Ombudsman le 9,704 fiosrúchán ón bpobal. Idir gearáin bailí agus neamhbhailí rinne 13,000 duine teagmháil le hOifig an Ombudsman i rith 2005.
Má áirítear na gearáin a tugadh chun cinn ó 2004, 788 san iomlán, bhí 3,031 gearán ar láimh ag an Oifig sa bhliain 2005.
As na 2,193 gearán a chríochnaíodh i 2005: réitíodh 343 (15.6%) díobh; chuireadh cúnamh ar fáil do 422 (19%) de na cásanna. Go fírinneach, bhí 35% de na cásanna níos fearr as de bharr teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman. Maidir le dáileadh na ngearán mbailí de réir earnálacha, bhain 42.9% le ranna agus oifigí sa Státseirbhís, bhí 33.3% ag baint le hÚdaráis Áitiúla, bhain 19.9% le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus 3.8% leis an bPost.
Tá Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2005 ar fáil sna formáid pdf agus html.
Láithreán Gréasáin: www.ombudsman.ie
Nóta d'Eagarthóirí:
Tuilleadh Faisnéise: Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674, ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie
Nota d'Eagarthóirí
An Ombudsman - Treoir Ghairid (gafa le seo)
An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005 (gafa le seo)
Liosta na dTuarascálacha Speisialta (gafa le seo)
An tOmbudsman – Treoir Ghairid
Cad é ról an Ombudsman?
Imscrúdaíonn an tOmbudsman gearáin ó dhaoine den phobal a bhraitheann go bhfuiltear tar éis caitheamh go héagóir leo ag comhlachtaí poiblí áirithe. Tá a hOifig neamhchlaon agus iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Má chinneann sí go bhfuil údar maith le gearán féadfaidh sí cúiteamh cuí a mholadh.
Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?
Tá cumhachtaí fairsinge sa dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí aon fhaisnéis, doiciméad nó chomhad a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí ceangal a chur ar ar aon oifigeach faisnéis a thabhairt faoi ghearán. Féadfaidh sí gach gníomh riaracháin a iniúchadh, lena n-áirítear:
- breitheanna
- diúltú nó teip maidir le gníomhú
- nósanna imeachta riaracháin
Cé atá in ann gearán a dhéanamh agus conas?
Féadfaidh aon phearsa aonair, aon ionadaí poiblí, aon chuideachta, nó aon eagraíocht gearán a dhéanamh. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, bealach teileafóin, facs nó ríomhphoist, nó trí bhualadh isteach chuig Oifig an Ombudsman.
Cad iad na Comhlachtaí Poiblí atá faoi réir Imscrúdaithe?
- Ranna agus Oifigí Rialtais
- Údaráis Áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, srl.)
- Boird Sláinte
- An Post
Cathain is ceart duit gearán a dhéanamh?
Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ombudsman is ceart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí iomchuí i dtosach báire. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a réiteach agus má bhraitheann tú nach bhfuil an comhlacht poiblí tar éis caitheamh leat go cóir, déan teagmháil leis an Ombudsman. Agus gearán á dhéanamh déan iarracht a mhéid faisnéise is féidir a thabhairt lena n-áirítear aon chóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha.
Cad a chosnóidh sé?
Faic. Níl aon táille ar an déileáil le gearáin.
Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le do ghearán?
Déanfaidh foireann an Ombudsman an gearán a scagadh chun a fháil amach an bhfuil sé faoina sainchúram agus an bhfuil bunús ann lena ardú leis an gcomhlacht poiblí. Sa chuid is mó cásanna réitítear na gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. Sna cásanna is casta d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le himscrúdú foirmiúil.
Má chinneann an tOmbudsman go bhfuil údar maith le do ghearán go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh sí é sin a thuairisciú don chomhlacht poiblí iomchuí. Féadfaidh sí a mholadh go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a ghníomh, go n-athródh sé a bhreith, nó go n-ofrálfadh sé cineál éigin cúitimh chuí.
An nglacfar le Moladh an Ombudsman?
Níl aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar chomhlacht glacadh lena moladh nó gníomhú dá réir. Mura ndéanann an comhlacht amhlaidh, féadfaidh sí a chinneadh an gnó a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.
An bhfuil réimsí ann nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu?
Tá, ní féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
- gníomhartha cuideachtaí príobháideacha nó pearsan aonair, cleachtóirí príobháideacha, fiaclóirí, radharceolaithe, cógaiseoirí, srl.;
- gníomhartha arna ndéanamh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí;
- "feidhmeanna forchoimeádta Údarás Áitiúil", mar shampla, na feidhmeanna sin arna n-úsáid ag comhaltaí tofa údarás áitiúil;
- gearáin a bhaineann le hearcú, pá agus coinníollacha fostaíochta;
- breitheanna cúirte, nithe atá ina n-ábhar imeachtaí cúirte cheana féin, gníomhartha an Gharda Síochána nó gníomhartha arna ndéanamh chun na príosúin a rith;
- i gcás gur ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó comhlacht achomhairc mar na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim.
An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005
Rinneadh dlí den Acht Míchumais 2005 ar an 8ú Iúl 2005 agus leagann sé oibleagáidí sonracha arRanna Rialtais agus ar Chomhlachtaí Poiblí chun obair idirghníomhach a dhéanamh ar mhaithe le caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais.
Thug an tAcht cumhachtaí nua don Ombudsman chun fiosrú a dhéanamh faoi ghéilliúnacht na gcomhlachtaí poiblí agus eile do Chuid a Trí don Acht (.i. rochtain ar fhoirgnimh, ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí).
Níl aon ról ag an Ombudsman maidir le Codanna eile den Acht Míchumais, 2005 (mar shampla, measúnú riachtanas [Cuid 2] nó fostaíocht sa tseirbhís phoiblí [Cuid 5]). Tá socruithe difriúla gearáin agus/nó faireacháin fúthu seo san Acht.
Liosta de Thuarascálacha Speisialta ar Shaincheisteanna Córasacha arna bhfoilsiú ag Oifig an Ombudsman
Neamhíoc Riaráiste Pinsean Ranníocach Márta 1997
Soláthar Iompair Scoile do Leanbh faoi Mhíchumas Feabhra 1998
Riaráiste Pinsin Caillte Meitheamh 1999
Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil – Ró-Íocaíochtaí Meitheamh 2000
Íoc Fóirdheontas Tí Altranais ag Boird Sláinte Eanáir 2001
Faoiseamh Cánach do Phaisinéirí faoi Mhíchumas Lúnasa 2001
Sásamh d’Íocóirí Cánach Samhain 2002
Cúram Othair in Ospidéal Ginearálta Shligigh Iúl 2005
Gearáin i gCoinne na Seirbhíse Sláinte Poiblí Bealtaine 2006
