Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Preasráiteas - Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2006

Dáta eisiúnta: 20.06.2007

Inniu d’fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil don bhlian 2006. Clúdaíonn an Tuarascáil seo an tríú bhliain atá caite aici in oifig ó chuaigh sí i mbun dualgais mar Ombudsman ar 1 Meitheamh 2003. Tuairiscíonn an Ombudsman don Oireachtas agus don phobal gach bliain ar obair na hOifige agus faoi shaincheisteanna agus faoi chásanna a thagann chun cinn i gcaitheamh na bliana.

I gcaitheamh na bliana d’aithin Emily O’Reilly go bhféadfaí céatadán mór de chásanna a aicmiú faoi aon fhadhb amháin, viz., an chúis go dteipeann ar chomhlachtaí poiblí gníomhú de réir an dlí nó de réir rialacha agus rialacháin eile atá leagtha síos. Tugann sí Caibidil 2 den tuarascáil chun déileáil go mion leis an gceist seo agus tugann sí sonraí faoi roinnt de na chásanna ábhartha sin faoin dteideal "Do chur gach ní ina Cheart".

Tá téacs iomlán na Tuarascála Bliantúla ar fáil faoi www.ombudsman.gov.ie

Na Príomhghnéithe sa Tuarascáil Bhliantúil:Sa Réamhfhocal cuireann an Ombudsman síos mar a leanas faoin mbealach nár éirigh leis an ndlínse atá fúithi a choimeád céim ar chéim leis na hathruithe atá tagtha chun cinn sa tseirbhís phoiblí in Éirinn le blianta anuas.

Caibidil 1 – Réamhfhocal

"I gcaitheamh na mblianta tá deighilt amach á dhéanamh ar fheidhmeanna a bhí roimhe sin faoi chúram na nAirí agus na Ranna Stáit. Ach, bhí gníomhaireachtaí nua, le cuspóirí áirithe, á gcruthú. Orthu sin, mar shampla, tá FÁS, Gníomhaireacht Chosanta an Chomhshaoil, agus an tÚdarás um Shláinte agus Sábháilteacht. Tá luas breise curtha leis an nós seo na gcomhlachtaí nua a chruthú le tamall de bhlianta anuas. Tá os cionn 450 comhlacht dá leithéid ar marthain anois, agus níl cúram agamsa ar dornán díobh, cé más aisteach féin é, tá roinnt mhaith díobh faoi scóip an dlí um Shaoráil Faisnéise. Tá gléasanna cuntasachta eile easnamhach freisin sa mhéid gur beag súil pharlaiminteach a chaitear orthu agus tá ídiú déanta ar fhreagracht agus ar rialú na nAirí ar na feidhmeanna a bhí cheana féin mar pháirt den Roinn Rialtais. Tá sé thar a bheith in am an reachtaíocht a thabhairt isteach chun an easnaimh cuntasachta seo a chur ina cheart agus ligean d’úsáideoirí na seirbhísí poiblí a ngearáin a dhéanamh leis an Ombudsman."

 

Caibidil 2: "Do Chur gach Ní ina Cheart".

Ag cur síos dí ar théama na Tuarascála tá an méad seo a leanas le rá ag an Ombudsman:

"Níos minice ná riamh, is é an chéad rud a dhéantar tar éis gearáin a theacht isteach, ná leithead agus nádúr an údaráis atá taobh thiar den ghníomh atáthar ag gearán faoi a chur faoi scrúdú. Má fhaightear gur úsáid an comhlacht poiblí a chuid údaráis go míchuí nó go míchothrom, má tá siad imithe thar teorainn an údaráis a bhí acu, nó go deimhin, mura bhfuil t-údarás féin acu an rud a ghearánadh faoi a dhéanamh, ansin déanfaidh mé mo mhachnamh faoin gcúiteamh iomchuí dar chóir a iarraidh má tá dochar déanta don ghearánaí."

Tuairiscíonn sí ar roinnt gearán a léiríonn téama na Tuarascála agus an cás seo ina measc:

Bhraith bean áirithe go raibh ró-mhuirear curtha ar a fear céile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS): Limistéar an Iarthair as seirbhíse cónaitheacha i dteach altranais. De réir gach dealraimh, le linn dóibh a bheith ag áireamh na táille, chuir FSS ioncam na mná i gcuntas freisin. Ní raibh de theacht isteach ag an bhfear ach €96.10 sa tseachtain ach bhí €120 sa tseachtain á ghearradh air as na seirbhísí conaitheacha. Bhí an méid sin €23.90 os cionn an ioncaim sheachtaine a bhí aige. Shíl sí go mba chóir don FSS gan ach ioncam an fhir a áireamh agus gan a hioncam féin a chur san áireamh.

Is í an reachtaíocht atá ábhartha sa chás ná an tAcht Sláinte (Leasú), 2005 agus na Rialacháin Sláinte (Muirir ar Sheirbhísí d’Othair Cónaitheacha), 2005. Scrúdaigh an Ombudsman na Treoirlínte Náisiúnta um Mhuirir ar Chónaí Fadtéarmach a d’eisigh FSS i Mí Iúil 2005. Bhí an Ombudsman sásta gurb é ioncom an té atá ag fáil na seirbhísí conaitheacha ba cheart a chur san áireamh le linn do mhuirear na seachtaine a bheith á ríomhadh. Ní raibh foráil ar bith sa mháthair-reachtaíocht a lamhálann ioncam na mná céile a chur i gcuntas chun teacht ar na táillí don fhear céile.

Ach, mar sin féin, nuair a chum FSS na dTreoirlínte Náisiúnta um Mhuirir ar Chónaí Fadtéarmach, chuireadar foráil iontu go bhféadfaí, maidir le lánúnacha, ioncam an chéile phósta a áireamh chun na muirir a ríomhadh. Ní raibh an fhoráil seo ag teacht leis an reachtaíocht bhunaigh. D’iarr an Ombudsman ar FSS agus ar an Roinn Sláinte agus Leanaí an cheist a athbhreithniú.

D’aontaigh an Roinn gurb é ioncam an té atá ag fáil na seirbhísí cónaitheacha ar cheart a mheas le linn don mhuirear seachtaine a bheith á áireamh. D’admhaigh an Roinn freisin nach raibh na Treoirlínte Náisiúnta um Mhuirir Fadtéarmacha, mar a chumadh, agus a d’áirigh ioncam an chéile phósta chun na táillí cuí a ríomhadh, ag teacht le forálacha an Achta Sláinte (Leasú), 2005, ná leis na Rialacháin Sláinte (Muirir ar Sheirbhísí d’Othair Cónaitheacha), 2005.

Ag teacht as an ngearán seo d’ullmhaigh FSS treoirlínte úra náisiúnta, a sholáthraigh, i gcás lánúnacha pósta, nach n-áireofaí ach amháin an t-ioncam a bheadh ag faighteoir na seirbhísí, agus mura raibh ioncam ar bith ag an duine sin nár cheart táillí ar bith a ghearradh.

Shíl an tOmbudsman freisin go mba chóir leithscéil a ghabháil agus cúiteamh a thabhairt sa chás seo. Mhol sí, le linn d’aon chúiteamh a bheith á áireamh, go mba cheart Innéacs na bPraghasanna do Thomhaltóirí a úsáid chun aon aisíoc a thabhairt suas go dtí an luach reatha. Mar gheall ar an lúb ar lár sa chóras a d’fhoilsigh an gearán seo d’iarr sí ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar na daoine eile ar fad a ndearnadh an measúnú céanna orthu.

D’aisíocadh €1,126 san iomlán don ghearánaí. Ghabhadh leithscéal don ghearánaí agus dá fear céile as an gceataí a chuireadh orthu de bharr na míchéille a bhaineadh as an reachtaíocht bhunaigh agus as na rialacháin. De bhreis ar sin dheimhnigh FSS gur tugadh aisíocaíochtaí de €131,000 san iomlán do 51 teaghlach a measadh a bheith muirithe go hiomarcach sa ghearrthréimhse ó Iúl 2005 go dtí Iúl 2006. B’shin meán-aisíoc os cionn €2,500 a tugadh do gach teaghlach.I measc na gcásanna faoi leith ar tuairiscíodh orthu i gCaibidil a Trí bhí:

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus TeaghlaighGhearáin fear gur dhiúltaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh riaráistí de Shochar Míthreorach a íoc leis. Is sochar é seo a íoctar le daoine a fhulaingíonn cailliúint cumais chorpartha nó mheabhraigh de bharr timpiste ag an áit oibre nó galar de raon aicmithe áirithe a fuarthas ag an obair.

Bhí timpist ag an bhfear san áit oibre sa bhliain 1979 agus ghortaigh sé a dhroim go dona. Ina dhiaidh sin d’iocadh Sochar Míchumais leis, sin íocaíocht gearrthréimhseach a thugtar do dhaoine nach bhfuil ábalta obair a dhéanamh. Dúirt sé gur chuireadh faoi scrúdú é tamall de mhíonna iar sin ag duine de Mholtóirí Míochaine na Roinne. (Déantar scrúduithe tréimhsiúla a chur ar fhaighteoirí de Shochar Míchumais d’fhonn a gcearta leanúnacha chun na híocaíochta a dheimhniú). Leanadh leis an íocaíocht a thabhairt dó. Sa bhliain 1982, le cabhair ó ionadaí áitiúil poiblí, d’éirigh le hiarratas a rinne sé ar Phinsean Easláine. Is íocaíocht í seo a thugtar do dhaoine a bhfuil neamhábaltacht oibre go buan orthu de bharr tinnis nó míchumais, más féidir leo coinníollacha áirithe maidir le ranníocaíochtaí ÁSPC a shásamh.

Bhí an fear i dteagmháil leis an Roinn roinnt uaireanta ó 1982 i leith faoi nithe a bhain leis an éileamh. Ar a shon sin, nuair a rinne sé glaoch teileafóin ar an Roinn i Mí na Feabhra 2003 d’fhiafraigh oifigeach de cén chúis nach raibh Sochar Míthreorach á fháil aige. Thug sé le fios nach raibh aon eolas aige faoin íocaíocht seo agus chuaigh sé i mbun iarratais a chur isteach láithreach. Fuair sé fianaise chomhthacaíochta ó iar-chomhghleacaí a chonnaic an timpist i 1970. Chuir duine de Mheastóirí Míochaine na Roinne scrúdú air iar sin agus tugadh an bhreith go raibh suas go dtí 80% den chumas caillte aige de dheasca na timpiste le linn oibre. Fuair sé íocaíocht de Shochar Míthreorach aniar ó thrí mhí roimh an iarratas, de réir mar a fhoráiltear i rialacháin na scéime.

Chuir sé isteach ansin ar riaráistí den tSochar Míthreorach ar an mbonn nár tugadh riamh le fios dó go raibh a leithéid de scéim ann; bhí roinnt teagmhálacha aige leis an Roinn idir an t-am a chuir sé isteach ar Shochair Míchumais don chéad uair i 1979 agus an t-am a fuair sé fios ar an scéim eile sa bhliain 2003. Dhiúltaigh Oifig Breithnithe na Roinne dá iarratas ar an mbonn go raibh an t-éileamh ró-dhéanach agus go raibh na riaráistí cuí (trí mhí) faighte aige de réir mar a sholáthraítear i Rialacháin um Éilimh agus Íocaíochtaí na Roinne a rialaíonn éilimh déanacha.

D’achomhairc sé an cás chuig Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh. Tionóladh éisteacht béil agus ina dhiaidh sin thug Oifigeach na nAchomharc an tuairim go raibh sé thar a bheith aisteach nár aithníodh teideal an fhir do Shochar Míthreorach, go háirithe nuair a bhí na héilimh uaidh le haghaidh Sochair Mhíchumais agus an Phinsin Easláine á bpróiseáil chomh fada sin gan an chúis bhunaigh taobh thiar den ghortú a theacht chun solais. Chas an tOifigeach an cás ar ais chuig an Roinn i gcomhair athbhreithnithe. Ach chuir an Roinn in iúl nach raibh taifid ar fáil ach ó 1996 i leith. Thuairimigh Oifigeach na nAchomharc gur dóichí go mbeadh cabhair le fáil i bpáipéir níos luaithe dá mbeidís ar fáil, lena dheimhniú an raibh ceisteanna curtha ag an bhfear faoina cheartais nó an raibh fios tugtha dó fúthu. Ach, mar sin féin, thug sí an bhreith, ar bhonn a raibh d’fhianaise ar fáil, nach bhfeádfadh sí a mholadh go n-iocfaí a thuilleadh riaráistí agus d’eitigh sí an t-achomharc.

Chuir an Ombudsman an cás os comhair na Roinne go mba shoiléir go raibh an duine seo faoi mhíbhuntáiste trí chailliúint an chirt a bhí aige do Shochar Míthreorach thar tréimhse ceithre bhliana agus fiche ó 1997 go dtí 2003. Bhí sé soiléir nár chuir an Roinn in iúl dó go mb’fhéidir go mbeadh sé i dteideal an tsochair sin. Murach é sin is cinnte go mbeadh an t-éileamh déanta aige in am tráth. Bhí an deis ag an Roinn an cás a mheas agus a athbhreithniú freisin roinnt uaireanta nuair a rinne sé teagmháil le hoifigigh.

Ag deireadh thiar d’aontaigh an Roinn an Sochair Míthreorach a íoc aniar ón gcéad lá a thuill sé é sa bhliain 1979 agus fuair sé €92,213 de riaráistí.Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Ghearáin máthair chailín óig faoi dhiúltú de Liúntas um Chúram Baile (LCB) don leanbh ag an mBord Sláinte Lár Tíre (anois Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS): Limistéar Lár Tíre). Bhí an ghearrchaile, naoi mbliana d’aois, i dtimpist bhóthair agus tugadh isteach san ospidéal í le ceann gortaithe agus le fadhbanna anála. D’aistríodh ina dhiaidh sin í go dtí an tOspidéal Athshlánaithe Náisiúnta (OAN) i nDún Laoghaire chun chúnamh a fháil lena hurlabhra agus a lena gluaiseacht. Bhí measúnú déanta freisin go raibh iarracht bheag de mhíchumas éadroim foghlama ag gabháil dí. De réir na gcritéar chun LCB a fháil níor mhór don leanbh a bheith ag fulaingt míchumais intinne nó coirp chomh dona sin go mbeadh cúram nó maoirseacht bhuan uaithi i bhfad thar mar a theastódh de ghnáth ó leanbh den aois chéanna. Toisc go ndearnadh measúnú ar an ngearrchaile a bheith ag feidhmiú laistigh de réimse imeallach cumais diúltaíodh don iarratas ar LCB agus bhí an t-achomharc a rinne a máthair i ndiaidh a bheith diúltaithe freisin ar bhonn míochaine.

Thug an Ombudsman faoi deara, nuair a d’fhill an ghearrchaile ar an scoil tar éis na timpiste go raibh cúnamh á fháil aici ó chúntóir riachtanas speisialta, agus ó mhúinteoir acmhainne agus leasúcháin a d’eagraigh an OAN dí. Freisin, bhí uirthi freastal go rialta ar fhisiteiripe agus ar theiripe urlabhra agus teanga. Bhí deacrachtaí leanúnacha ag an leanbh le scileanna sóisialta, le haireachas, le díriú a haigne, le taghdáil agus le fadhbanna iompair agus codlata. Bhí sé ag luí le réasúin má bhí an oiread sin cúnaimh de dhíth uirthi ar scoil go raibh an oiread céanna de chúnamh breise de dhíth uirthi sa bhaile.

Bhí an mháthair scartha óna fear céile agus bhí triúr páistí eile faoina cúram aici. D’iarr sí cúnamh praiticiúil ó FSS tríd "An tSeirbhís um Chúnamh sa Bhaile", agus thacaigh an OAN leis an iarraidh seo. In a ainneoin seo ní raibh rud ar bith déanta chun tacaíocht agus cúnamh praiticiúil a sholáthar don teaghlach.

D’iarr an Ombudsman ar FSS féachaint arís ar an gcás le súil go mbeadh tacaíocht le fáil don pháiste agus dá máthair agus d’iarr sí orthu cáilíocht an pháiste i gcomhair LCB a athscrúdú freisin. Chuireadh isteach lia-tuairiscí reatha ón Siceolaí Cliniciúil Sinsearach a bhí i mbun cúraim an pháiste san OAN. Dúirt na tuairiscí go raibh fadhbanna ollmhóra iompair á fhulaingt aici agus gur dóchúla go mbeadh iarsmaí an damáiste dá hinchinn de bharr na timpiste mar bhunús le fadhbanna aici feasta i ngach gné dá saol. Tar éis dóibh athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar lia-tuairiscí an pháiste chinn FSS go raibh sí i dteideal LCB a fháil agus thoilíodar an liúntas a íoc aniar ó Mhí na Feabhra, 2002. Thoiligh FSS freisin cúnamh baile agus comhairle teaghlaigh a chur ar fáil. Bheadh tairbhe mhór le baint aici as an dtacaíocht phraiticiúil seo, nuair a bheadh on cailín óg sa bhliain dheireanach den bhunscoil, ach go háirithe.

 Údaráis Áitiúla

Rinne bean gearán go dtí an Ombudsman i Mí na Márta, 2006, á rá nár cheart do Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas an teach muintire a dhíol lena deartháir faoin Scéim Cheannacháin do Thionóntaí (SCT), toisc go raibh ceart cónaithe aici féin sa teach. Tugadh tionóntacht an tí don dheartháir sa bhliain 1996 agus shínigh sé comhaontú ag an am ag dearbhú go mbeadh ceart cónaithe ag a mháthair agus ag a deirfiúr go buan sa teach. Tar éis dó an teach a cheannach ón gComhairle, dhíol an deartháir go príobháideach é agus d’iarr sé ar a dheirfiúr, a raibh leanbh aici, an teach a fhágáil. Mhaígh sí go raibh a fhios ag an gComhairle go raibh ceart cónaithe aici sa teach agus gur dhíoladar an teach lena deartháir gan comhairle a chur uirthi nó fiú gan é a rá léi. Chuir sí iarratas isteach ar thithíocht chuig an gComhairle i Mí na Samhna, 2003, ach fuair sí litir i Mí Eanáir 2004 á rá léi go raibh ceart cónaithe aici, agus dá bhrí sin, nárbh fhéidir glacadh léi le haghaidh tithíochta. Scríobh an bhean cuid mhór litreacha chuig an gComhairle agus, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, chuireadar ar liosta tithíochta í agus thugadar lán-shochar pointí tithíochta dí aniar ón gcéad iarratas a chuir sí isteach i Mí na Samhna 2003.

 

Dúirt an Chomhairle go raibh an fhaisnéis maidir le ceart cónaithe ag Brainse na Leithdháiltí agus nach raibh baint ar bith ag Brainse na Leithdháiltí le díol tithe. Dúirt an Rannóg Dhíolacháin Tithíochta go rabhadar aineolach faoin gceart cónaithe go dtí tar éis an dhíolacháin. De thoradh na droch-chumarsáide sa Chomhairle níor tógadh aon cheann de cheart cónaithe an ghearánaí agus mar gheall ar sin bhí uirthi féin agus an leanbh teach na muintire a thréigean. Anuas ar sin d’úsáid an Chomhairle an t-aontú faoi cheart cónaithe mar chúis chun í a choimeád as an liosta tithíochta.

 

De deasca na hidirghabhála a rinne an Ombudsman d’aontaigh an Chomhairle árasán dhá sheomra leapa, sa chomharsanacht ba rogha léi féin, a thairiscint don ghearánaí mar réiteach ar an bhfadhb. Bhí sí sásta leis seo mar réiteach. D’iarr an tOmbudsman ar an gComhairle nósanna nua imeachta a tionscnamh ionas nach dtarlódh a leithéid arís feasta.Staitisticí: Caibidil 5

Fuair Emily O'Reilly 2,245 gearán bailí i gcaitheamh na bliana 2006 i gcomparáid le 2,243 gearán i 2005. De bhreis an na gearáin sin, dhéileáil foireann an Ombudsmain le fiosrúcháin ón bpobal. Idir fiosrúcháin agus gearáin, bailí agus neamhbhailí, rinne 11,400 duine teagmháil le hOifig an Ombudsmain i gcaitheamh 2006.

Agus na gearáin a tugadh ar aghaidh ó 2005 (838 san iomlán), a chur san áireamh bhí 3,083 gearán bailí ar láimh ag an Oifig don bhliain 2006.

As na 2,187 gearán a chríochnaíodh i 2006: réitíodh 370 (17%) díobh go hiomlán nó go páirteach; agus maidir le 526 (24% de chásanna) chuireadh cúnamh ar fáil. Go éifeachtúil, bhí 41% de na gearánaithe níos fearr as de bharr teagmháil leis an Ombudsman. Maidir le dealú na ngearán mbailí de réir an n-earnálacha, bhain 39.6% le ranna agus oifigí sa Státseirbhís, 37.6% le húdaráis áitiúla, 17.7% le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus 5.1% leis An Post.

 

--------------------

Tuilleadh Faisnéise: Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674, ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie

Nóta d'Eagarthóirí:

 

An tOmbudsman – Treoir Ghairid

Cad é ról an Ombudsman?

Imscrúdaíonn an tOmbudsman gearáin ó dhaoine den phobal a bhraitheann go bhfuiltear tar éis caitheamh go héagóir leo ag comhlachtaí poiblí áirithe. Tá a hOifig neamhchlaon agus iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Má chinneann sí go bhfuil údar maith le gearán féadfaidh sí cúiteamh cuí a mholadh.

Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Tá cumhachtaí fairsinge sa dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí aon fhaisnéis, doiciméad nó chomhad a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí ceangal a chur ar ar aon oifigeach faisnéis a thabhairt faoi ghearán. Féadfaidh sí gach gníomh riaracháin a iniúchadh, lena n-áirítear:

  • breitheanna
  • diúltú nó teip maidir le gníomhú
  • nósanna imeachta riaracháin

Cé atá in ann gearán a dhéanamh agus conas?

Féadfaidh aon phearsa aonair, aon ionadaí poiblí, aon chuideachta, nó aon eagraíocht gearán a dhéanamh. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, bealach teileafóin, facs nó ríomhphoist, nó trí bhualadh isteach chuig Oifig an Ombudsman.

Cad iad na Comhlachtaí Poiblí atá faoi réir Imscrúdaithe?

  • Ranna agus Oifigí Rialtais
  • Údaráis Áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, srl.)
  • Boird Sláinte
  • An Post

  Cathain is ceart duit gearán a dhéanamh?

Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ombudsman is ceart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí iomchuí i dtosach báire. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a réiteach agus má bhraitheann tú nach bhfuil an comhlacht poiblí tar éis caitheamh leat go cóir, déan teagmháil leis an Ombudsman. Agus gearán á dhéanamh déan iarracht a mhéid faisnéise is féidir a thabhairt lena n-áirítear aon chóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha.

Cad a chosnóidh sé?

Faic. Níl aon táille ar an déileáil le gearáin.

Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le do ghearán?

Déanfaidh foireann an Ombudsman an gearán a scagadh chun a fháil amach an bhfuil sé faoina sainchúram agus an bhfuil bunús ann lena ardú leis an gcomhlacht poiblí. Sa chuid is mó cásanna réitítear na gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. Sna cásanna is casta d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le himscrúdú foirmiúil.

Má chinneann an tOmbudsman go bhfuil údar maith le do ghearán go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh sí é sin a thuairisciú don chomhlacht poiblí iomchuí. Féadfaidh sí a mholadh go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a ghníomh, go n-athródh sé a bhreith, nó go n-ofrálfadh sé cineál éigin cúitimh chuí.

An nglacfar le Moladh an Ombudsman?

Níl aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar chomhlacht glacadh lena moladh nó gníomhú dá réir. Mura ndéanann an comhlacht amhlaidh, féadfaidh sí a chinneadh an gnó a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.

An bhfuil réimsí ann nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu?

Tá, ní féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • gníomhartha cuideachtaí príobháideacha nó pearsan aonair, cleachtóirí príobháideacha, fiaclóirí, radharceolaithe, cógaiseoirí, srl.;
  • gníomhartha arna ndéanamh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí;
  • "feidhmeanna forchoimeádta Údarás Áitiúil", mar shampla, na feidhmeanna sin arna n-úsáid ag comhaltaí tofa údarás áitiúil;
  • gearáin a bhaineann le hearcú, pá agus coinníollacha fostaíochta;
  • breitheanna cúirte, nithe atá ina n-ábhar imeachtaí cúirte cheana féin, gníomhartha an Gharda Síochána nó gníomhartha arna ndéanamh chun na príosúin a rith;
  • i gcás gur ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó comhlacht achomhairc mar na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim.

       

      An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005

    Rinneadh dlí den Acht Míchumais 2005 ar an 8ú Iúl 2005 agus leagann sé oibleagáidí sonracha arRanna Rialtais agus ar Chomhlachtaí Poiblí chun obair idirghníomhach a dhéanamh ar mhaithe le caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais.

    Thug an tAcht cumhachtaí nua don Ombudsman chun fiosrú a dhéanamh faoi ghéilliúnacht na gcomhlachtaí poiblí agus eile do Chuid a Trí don Acht (.i. rochtain ar fhoirgnimh, ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí).

    Níl aon ról ag an Ombudsman maidir le Codanna eile den Acht Míchumais, 2005 (mar shampla, measúnú riachtanas [Cuid 2] nó fostaíocht sa tseirbhís phoiblí [Cuid 5]). Tá socruithe difriúla gearáin agus/nó faireacháin fúthu seo san Acht.

     Liosta de Thuarascálacha Speisialta ar Shaincheisteanna Córasacha arna bhfoilsiú ag Oifig an Ombudsman

    Neamhíoc Riaráiste Pinsean Ranníocach Márta 1997

    Soláthar Iompair Scoile do Leanbh faoi Mhíchumas Feabhra 1998

    Riaráiste Pinsin Caillte Meitheamh 1999

    Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil – Ró-Íocaíochtaí Meitheamh 2000

    Íoc Fóirdheontas Tí Altranais ag Boird Sláinte Eanáir 2001

    Faoiseamh Cánach do Phaisinéirí faoi Mhíchumas Lúnasa 2001

    Sásamh d’Íocóirí Cánach Samhain 2002

    Cúram Othair in Ospidéal Ginearálta Shligigh Iúl 2005

    An Mhoill a rinne sean-Bhord Sláinte ag Áireamh Feabhra 2006

    Ranníocaíochtaí Aoisliúntais

    Gearáin i gCoinne na Seirbhíse Sláinte Poiblí Bealtaine 2006

    Gearán faoi Iarratas chun Triúr Pháiste ón gClann Meitheamh 2007

    Chéannaa Altramú

Back to contents