Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Foilsíonn an tOmbudsman Tuarascálacha faoi Chásanna ar an Láithreán Gréasáin atá aici.

Dáta eisiúnta: 19.09.2007

Foilsíonn an tOmbudsman Tuarascálacha faoi Chásanna ar an Láithreán Gréasáin atá aici.

Inniu, tá na sonraí foilsithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly maidir le trí ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu. Faoi Alt 6(7) d’Acht an Ombudsmain, 1980 tá oibleagáid ar an Ombudsman tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Tugann gach Tuarascáil Bhliantúil sonraí faoi roghnú as cásanna inspéise nó d’ábhar buartha a thagann chun cinn i rith na bliana ach ní bheadh orthu sin ach scar an-bheag de na cásanna a rachadh trína hOifig in aon bhliain amháin. Faoi dheireadh na bliana 2006 bhí thart faoi 66,000 cás bailí curtha faoi láimh na hOifige ó chuaigh an tOmbudsman i mbun oibre sa bhliain 1984. Níl sa Tuarascáil Bhliantúil ach léargas an-bheag ar obair na hOifige in aon tréimhse dhá mhí dhéag amháin.

Mar chomhlánú ar an Tuarascáil Bhliantúil tá cinneadh déanta ag an Ombudsman tuilleadh tuairiscí faoi chásanna a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin. Tá méid áirithe de chásanna mar sin foilsithe cheana ar láithreán na hOifige, ach déanfar foilsiú níos minice ar a thuilleadh díobh feasta. Mar sin tabharfar léargas níos iomláine ar an obair atá ar siúl ag an Oifig. Cuirfidh sé freisin leis an eolas faoin Oifig atá ar aigne an phobail i gcoitinne. Freisin, tá an Ombudsman ag súil go mbeidh na cásanna seo ina n-ábhar spéise ag ionadaithe an phobail agus ag eagraíochtaí a thugann comhairle agus tacaíocht don mhuintir i gcoitinne agus go ngríosófaí iad chun seirbhísí an Ombudsmain a thabhairt chun aire na ndaoine atá ina bpráinn. Mar fhocal scoir, is féidir le comhlachtaí poiblí tairbhe a bhaint as na ceachtanna riaracháin atá le foghlaim as réitigh a fuair an Ombudsman ar na cásanna áirithe seo, agus go dtiocfaidh feabhas ginearálta dá bharr ar riarachán poiblí na hÉireann.

Baineann na trí chás atá á bhfoilsiú le seo a leanas:

Rinne iarbhall ar scor den Gharda Síochána ó Chontae Chorcaí teagmháil leis an Ombudsman le gearán go bhfuair sé faisnéis neamhchruinn ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh maidir lena chearta i gcomhair pinsin. Bhreithnigh an tOmbudsman go raibh faisnéis neamhchruinn faighte aige faoi dhó ón Roinn, faisnéis a thug le tuiscint dó, go dlisteanach, go raibh sé i dteideal phinsin d’árachas measctha speisialta pro rata a fháil. Dhiúltaigh an Roinn an pinsean sin a thabhairt dó. Tar éis don Ombudsman idirghabháil a dhéanamh rinne an Roinn a scéal a athbhreithniú agus d’aontaíodar an pinsean cóir a íoc in éineacht le riaráistí os cionn €32,000.

Rinne fear ó Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí ar scor gearán chuig an Ombudsman maidir le ceartas a bhean ar fhóirdheontas thí altranais, rud a bhí diúltaithe uirthi ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Réigiún an Oirthir, Limistéar an Chósta Thoir. Fuair an Ombudsman amach gurb é rud a tharla nuair a rinne FSS acmhainn na lánúine a mheas go ndearnadar comhmheasúnú ar an mbeirt le chéile ach nach de réir na Rialachán ábhartha a rinneadh é sin. Nuair a tugadh é sin le fios do FSS, d’íocadar riaráistí fóirdheontais de €5,506 do bhean an ghearánaí agus tugadh leaba chonartha dí sa teach altranais.

Rinne bean a chónaigh i mBaile Átha Cliath, agus a raibh agóid déanta aici i gcoinne iarratais phleanála, gearán don Ombudsman toisc gur loic Comhairle Cathrach Átha Cliath an cinneadh faoin iarratas a chur in iúl dí laistigh den sprioc ama áirithe mar a bhí leagtha síos sa reacht. De thoradh ar sin chaill sí an deis chun achomhairc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. De dheasca idirghabhála an Ombudsmain thoiligh an Chomhairle €1,000 a íoc léi mar chúiteamh agus rinneadar athbhreithniú ar na gnásanna le bheith cinnte nach dtarlódh a leithéid arís amach anseo.

Tá téacs iomlán na dtrí cásanna seo ar fáil. Cliceáil ar Cásanna Samplacha.

Tuilleadh Eolais: Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674, r-phost:

tom_morgan@ombudsman.gov.ie

Nóta d'Eagarthóirí:

An Ombudsman - Treoir Ghairid (gafa le seo)

An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005 (gafa le seo)

Liosta na dTuarascálacha Speisialta (gafa le seo)

An Ombudsman – Treoir Ghairid

Cad é ról an Ombudsman?

Imscrúdaíonn an Ombudsman gearáin ó dhaoine den phobal a bhraitheann go bhfuiltear tar éis caitheamh go héagóir leo ag comhlachtaí poiblí áirithe. Tá a hOifig neamhchlaon agus iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Má chinneann sí go bhfuil údar maith le gearán féadfaidh sí cúiteamh cuí a mholadh.

Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Tá cumhachtaí fairsinge sa dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí aon fhaisnéis, doiciméad nó chomhad a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí ceangal a chur ar ar aon oifigeach faisnéis a thabhairt faoi ghearán. Féadfaidh sí gach gníomh riaracháin a iniúchadh, lena n-áirítear:

  • breitheanna
  • diúltú nó teip maidir le gníomhú
  • nósanna imeachta riaracháin

Cé atá in ann gearán a dhéanamh agus conas?

Féadfaidh aon phearsa aonair, aon ionadaí poiblí, aon chuideachta, nó aon eagraíocht gearán a dhéanamh. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, bealach teileafóin, facs nó ríomhphoist, nó trí bhualadh isteach chuig Oifig an Ombudsman.

Cad iad na Comhlachtaí Poiblí atá faoi réir Imscrúdaithe?

  • Ranna agus Oifigí Rialtais
  • Údaráis Áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, srl.)
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • An Post

Cathain is ceart duit gearán a dhéanamh?

Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ombudsman is ceart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí iomchuí i dtosach báire. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a réiteach agus má bhraitheann tú nach bhfuil an comhlacht poiblí tar éis caitheamh leat go cóir, déan teagmháil leis an Ombudsman. Agus gearán á dhéanamh déan iarracht a mhéid faisnéise is féidir a thabhairt lena n-áirítear aon chóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha.

Cad a chosnóidh sé?

Faic. Níl aon táille ar an déileáil le gearáin.

Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le do ghearán?

Déanfaidh foireann an Ombudsman an gearán a scagadh chun a fháil amach an bhfuil sé faoina sainchúram agus an bhfuil bunús ann lena ardú leis an gcomhlacht poiblí. Sa chuid is mó cásanna réitítear na gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. Sna cásanna is casta d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le himscrúdú foirmiúil.

Má chinneann an Ombudsman go bhfuil údar maith le do ghearán go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh sí é sin a thuairisciú don chomhlacht poiblí iomchuí. Féadfaidh sí a mholadh go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a ghníomh, go n-athródh sé a bhreith, nó go n-ofrálfadh sé cineál éigin cúitimh chuí.

An nglacfar le Moladh an Ombudsman?

Níl aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar chomhlacht glacadh lena moladh nó gníomhú dá réir. Mura ndéanann an comhlacht amhlaidh, féadfaidh sí a chinneadh an gnó a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.

An bhfuil réimsí ann nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu?

Tá, ní féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • gníomhartha cuideachtaí príobháideacha nó pearsan aonair, cleachtóirí príobháideacha, fiaclóirí, radharceolaithe, cógaiseoirí, srl.;
  • gníomhartha arna ndéanamh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí;
  • "feidhmeanna forchoimeádta Údarás Áitiúil", mar shampla, na feidhmeanna sin arna n-úsáid ag comhaltaí tofa údarás áitiúil;
  • gearáin a bhaineann le hearcú, pá agus coinníollacha fostaíochta;
  • breitheanna cúirte, nithe atá ina n-ábhar imeachtaí cúirte cheana féin, gníomhartha an Gharda Síochána nó gníomhartha arna ndéanamh chun na príosúin a rith;
  • i gcás gur ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó comhlacht achomhairc mar na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim.

 An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005

 Rinneadh dlí den Acht Míchumais 2005 ar an 8ú Iúl 2005 agus leagann sé oibleagáidí sonracha arRanna Rialtais agus ar Chomhlachtaí Poiblí chun obair idirghníomhach a dhéanamh ar mhaithe le caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais.

Thug an tAcht cumhachtaí nua don Ombudsman chun fiosrú a dhéanamh faoi ghéilliúnacht na gcomhlachtaí poiblí agus eile do Chuid a Trí don Acht (.i. rochtain ar fhoirgnimh, ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí).

Níl aon ról ag an Ombudsman maidir le Codanna eile den Acht Míchumais, 2005 (mar shampla, measúnú riachtanas [Cuid 2] nó fostaíocht sa tseirbhís phoiblí [Cuid 5]). Tá socruithe difriúla gearáin agus/nó faireacháin fúthu seo san Acht.

 

Liosta de Thuarascálacha Speisialta ar Shaincheisteanna Córasacha arna bhfoilsiú ag Oifig an Ombudsman

Neamhíoc Riaráiste Pinsean Ranníocach Márta 1997

Soláthar Iompair Scoile do Leanbh faoi Mhíchumas Feabhra 1998

Riaráiste Pinsin Caillte Meitheamh 1999

Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil – Ró-Íocaíochtaí Meitheamh 2000

Íoc Fóirdheontas Tí Altranais ag Boird Sláinte Eanáir 2001

Faoiseamh Cánach do Phaisinéirí faoi Mhíchumas Lúnasa 2001

Sásamh d’Íocóirí Cánach Samhain 2002

Cúram Othair in Ospidéal Ginearálta Shligigh Iúl 2005

An Mhoill a rinne sean-Bhord Sláinte ag Áireamh Feabhra 2006

Ranníocaíochtaí Aoisliúntais

Gearáin i gCoinne na Seirbhíse Sláinte Poiblí Bealtaine 2006

Gearán faoi Iarratas chun Triúr Pháiste ón gClann Meitheamh 2007

Chéannaa Altramú

Láimhsiú Gearán i gComhairle Chontae Chill Dara Meitheamh 2007

 

Back to contents