Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Preas Ráiteas

Tuarascálacha faoi Chásanna, 2008

Dáta eisiúnta: 10.01.2008

D' Fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly sonraí inniu maidir le trí ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu. Ó am go ham foilsíonn an Ombudsman tuairiscí faoi chásanna ar an láithreán ghréasáin agus seo iad na cásanna is deireannaí. Táthar ag súil go mbeidh na cásanna seo ina n-ábhar spéise ag ionadaithe an phobail agus ag eagraíochtaí a thugann comhairle agus tacaíocht don mhuintir i gcoitinne agus go ngríosófaí iad chun seirbhísí an Ombudsman a thabhairt chun aire na ndaoine atá ina bpráinn

Baineann na trí chás atá á bhfoilsiú le seo a leanas:

Tugadh riaráistí phinsin de bhreis ar €18,000 do phinsinéir ó Chontae na Mí, tar éis do gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Rinne an fear gearán maidir le cinneadh a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaighpinsean laghdaithe a thabhairt dó (ar ráta 75%) ar an gcúis go raibh fiachas d’árachais féinfhostaíochta gan íoc ina choinne idir an bhliain 1988 agus an dáta a cháiligh sé le haghaidh Pinsin Stáit (Ranníocach). Tar éis don Ombudsman an chomhad a scrúdú, chinn sí nach bonn aici dul in aghaidh chinnidh na Roinne sa chás. Nótáil sí, áfach, go raibh bearnaí ina chuid taifead árachais shóisialta ag deireadh na 1960í. Fuair sí tuille eolais ón Roinn maidir le taifead fostaíochta an ghearánaigh ag an am sin agus d’iarr sí ar an Roinn fiosrú a dhéanamh féachaint an raibh ranníocaíochtaí ionadacha dlite dó. Ag éirí as an bhfiosrú sin chinn an Roinn go raibh ranníocaíochtaí ionadacha a bhí gan taifead cheana dlite dó, agus dá bharr fuair an fear riaráistí de bhreis ar €18,000.

Beidh bunáiste airgeadais, ar luach €60,000 é, ag dul d'fheirmeoir ó Chontae na Mí de bharr idirghabhála an Ombudsman ina chás. Rinne an fear gearán i dtaobh an Roinn Talmhaíochta and Bia, maidir le iarratas a chuir sé isteach go nglacfaí leis mar Iontralaí Nua sa scéim Íocaíochtaí Aonair Feirme. Sin a dhéanamh aige, d'iarr sé ar an Roinn na blianta tagartha 2000 agus 2001 a eisiamh mar go mbeadh buntáiste airgeadais ann dó dá mba rud é nach n-úsáidfí na blianta sin chun a theidil a ríomh.

Dhúiltaigh an Roinn na blianta tagartha áirithe a eisiamh, mar gur measadh go raibh an t-iarratasóir gafa le "ghníomhaíocht feirmeoireachta" an tráth sin, ach chinn an Ombudsman go raibh botún déanta ag an Roinn sa chás. Ba é ba thoradh ar an scéal ná gur ghlac an Roinn leis mar Iontralaí Nua agus rinneadh na blianta tagartha 2000-2001 a eisiadh. Bhí difríocht an -suntasach airgeadais ann. Deonaíodh teideal bliantúil €10,000 dó ar feadh ré na scéime (2005-2112). Ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith ag gabháil d’fheirmeoireacht, is ionann idirghabháil m’Oifige agus difríocht ioncaim tuairim is €60,000 dó sa tréimhse lena mbaineann.

Sneachta ba chúis le chinneadh an Ombudsman narbh chóir fíneál páirceála a ghearradh ar ghearánnach agus í loctha ar bhosca buí i gcarrchlós. Cuireadh ticéad ar ghluaisteán an ghearánaigh agus í gcarrchlós de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. Rinne sí achomharc faoin ábhar chuig an gComhairle ach diúltaíodh dá hachomharc. D’admhaigh an gearánach go mb’fhéidir nach raibh sí loctha in áit loctha ainmnithe ach d’áitigh sí go raibh sé ag cur sneachta an lá a bhí i gceist, go raibh an talamh clúdaithe le sneachta nuair a chuaigh sí isteach sa charrchlós agus nach raibh aon slí ann chun go mbeadh a fhios aici cén ait go díreach a bhí na spásanna loctha ainmnithe. Tar éis don Ombudsman an chás a scrúdú chinn sí go mba chóir aisíocaíocht a dhéanamh leis an ngearánach agus ghlac an Chomhairle leis an mbreithiúnas sin

Tá téacs iomlán na dtrí cásanna ar fáil anseo 

Tuilleadh Eolais: Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674, r-phost:

tom_morgan@ombudsman.gov.ie

Nóta d'Eagarthóirí:

An Ombudsman – Treoir Ghairid

Cad é ról an Ombudsman?

Imscrúdaíonn an Ombudsman gearáin ó dhaoine den phobal a bhraitheann go bhfuiltear tar éis caitheamh go héagóir leo ag comhlachtaí poiblí áirithe. Tá a hOifig neamhchlaon agus iomlán neamhspleách ar an Rialtas. Má chinneann sí go bhfuil údar maith le gearán féadfaidh sí cúiteamh cuí a mholadh.

Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Tá cumhachtaí fairsinge sa dlí ag an Ombudsman. Féadfaidh sí aon fhaisnéis, doiciméad nó chomhad a éileamh ar chomhlacht a ndéantar gearán ina leith agus féadfaidh sí ceangal a chur ar ar aon oifigeach faisnéis a thabhairt faoi ghearán. Féadfaidh sí gach gníomh riaracháin a iniúchadh, lena n-áirítear:

  • breitheanna
  • diúltú nó teip maidir le gníomhú
  • nósanna imeachta riaracháin

Cé atá in ann gearán a dhéanamh agus conas?

Féadfaidh aon phearsa aonair, aon ionadaí poiblí, aon chuideachta, nó aon eagraíocht gearán a dhéanamh. Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, bealach teileafóin, facs nó ríomhphoist, nó trí bhualadh isteach chuig Oifig an Ombudsman.

Cad iad na Comhlachtaí Poiblí atá faoi réir Imscrúdaithe?

  • Ranna agus Oifigí Rialtais
  • Údaráis Áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach, srl.)
  • Boird Sláinte
  • An Post

Cathain is ceart duit gearán a dhéanamh?

Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an Ombudsman is ceart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí iomchuí i dtosach báire. Mura n-éiríonn leat an fhadhb a réiteach agus má bhraitheann tú nach bhfuil an comhlacht poiblí tar éis caitheamh leat go cóir, déan teagmháil leis an Ombudsman. Agus gearán á dhéanamh déan iarracht a mhéid faisnéise is féidir a thabhairt lena n-áirítear aon chóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha.

Cad a chosnóidh sé?

Faic. Níl aon táille ar an déileáil le gearáin.

Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le do ghearán?

Déanfaidh foireann an Ombudsman an gearán a scagadh chun a fháil amach an bhfuil sé faoina sainchúram agus an bhfuil bunús ann lena ardú leis an gcomhlacht poiblí. Sa chuid is mó cásanna réitítear na gearáin go sásúil ar bhealach an-neamhfhoirmiúil, mar shampla, tríd an bhfadhb a phlé leis an gcomhlacht poiblí nó trí na comhaid iomchuí a scrúdú. Sna cásanna is casta d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le himscrúdú foirmiúil.

Má chinneann an Ombudsman go bhfuil údar maith le do ghearán go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh sí é sin a thuairisciú don chomhlacht poiblí iomchuí. Féadfaidh sí a mholadh go ndéanfadh sé athbhreithniú ar a ghníomh, go n-athródh sé a bhreith, nó go n-ofrálfadh sé cineál éigin cúitimh chuí.

An nglacfar le Moladh an Ombudsman?

Níl aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar chomhlacht glacadh lena moladh nó gníomhú dá réir. Mura ndéanann an comhlacht amhlaidh, féadfaidh sí a chinneadh an gnó a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.

An bhfuil réimsí ann nach féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh orthu?

Tá, ní féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • gníomhartha cuideachtaí príobháideacha nó pearsan aonair, cleachtóirí príobháideacha, fiaclóirí, radharceolaithe, cógaiseoirí, srl.;
  • gníomhartha arna ndéanamh maidir le breithiúnas cliniciúil ag dochtúirí;
  • "feidhmeanna forchoimeádta Údarás Áitiúil", mar shampla, na feidhmeanna sin arna n-úsáid ag comhaltaí tofa údarás áitiúil;
  • gearáin a bhaineann le hearcú, pá agus coinníollacha fostaíochta;
  • breitheanna cúirte, nithe atá ina n-ábhar imeachtaí cúirte cheana féin, gníomhartha an Gharda Síochána nó gníomhartha arna ndéanamh chun na príosúin a rith;
  • i gcás gur ann do cheart achomhairc le binse neamhspleách nó comhlacht achomhairc mar na Coimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim.

An Ombudsman agus An tAcht Míchumais 2005

Rinneadh dlí den Acht Míchumais 2005 ar an 8ú Iúl 2005 agus leagann sé oibleagáidí sonracha arRanna Rialtais agus ar Chomhlachtaí Poiblí chun obair idirghníomhach a dhéanamh ar mhaithe le caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais.

Thug an tAcht cumhachtaí nua don Ombudsman chun fiosrú a dhéanamh faoi ghéilliúnacht na gcomhlachtaí poiblí agus eile do Chuid a Trí don Acht (.i. rochtain ar fhoirgnimh, ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí).

Níl aon ról ag an Ombudsman maidir le Codanna eile den Acht Míchumais, 2005 (mar shampla, measúnú riachtanas [Cuid 2] nó fostaíocht sa tseirbhís phoiblí [Cuid 5]). Tá socruithe difriúla gearáin agus/nó faireacháin fúthu seo san Acht.

 Liosta de Thuarascálacha Speisialta ar Shaincheisteanna Córasacha arna bhfoilsiú ag Oifig an Ombudsman

Neamhíoc Riaráiste Pinsean Ranníocach Márta 1997

Soláthar Iompair Scoile do Leanbh faoi Mhíchumas Feabhra 1998

Riaráiste Pinsin Caillte Meitheamh 1999

Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil – Ró-Íocaíochtaí Meitheamh 2000

Íoc Fóirdheontas Tí Altranais ag Boird Sláinte Eanáir 2001

Faoiseamh Cánach do Phaisinéirí faoi Mhíchumas Lúnasa 2001

Sásamh d’Íocóirí Cánach Samhain 2002

Cúram Othair in Ospidéal Ginearálta Shligigh Iúl 2005

An Mhoill a rinne sean-Bhord Sláinte ag Áireamh Ranníocaíochtaí Aoisliúntais Feabhra 2006

Gearáin i gCoinne na Seirbhíse Sláinte Poiblí Bealtaine 2006

Gearán faoi Iarratas chun Triúr Pháiste ón gClann Chéannaa Altramú Meitheamh 2007

Láimhsiú Gearán i gComhairle Chontae Chill Dara Meitheamh 2007

Gearáin i dtaobh Oifig an Ard-Chláraitheora - Tuairisc ón Ombudsman Meán Fómhair 2007

 

Back to contents